Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cuma fhadfhulangach a long-suffering/hang-dog expression
" Bhí a fear céile léi, píle fada a raibh cuma fhadfhulangach air.
Dílseacht a mhná fadfhulangaí the loyalty of his long-suffering wife
" Dílseacht a mhná fadfhulangaí.
go fadfhulangach, long-sufferingly,
" “An bhfuil tú sásta éisteacht liom, a húir?” “Tá, a Aire,” arsa Balor go fadfhulangach, agus é ag iarraidh é féin a tharraingt aniar arís ón áit ar chuir sí é, ar chúl na pluaise.
bunadh fadfhulangach na Sé Chontae the long-suffering people of the Six Counties
"bunadh fadfhulangach na Sé Chontae ag dúil le go bhfaighidh siad rialtas a bheas lena leas.
ár Laoch Fadfhulangach a bhréagnú, to contradict the Long-Suffering Hero,
" Díreach chun ár Laoch Fadfhulangach a bhréagnú, beidh athruithe móra ar Erectus Chathair na Mart, de réir réamhfhógra don phreas a d’eisigh an Coiste Náisiúnta ar na mallaibh, i gcomhair leis an Choiste Áitiúil, le caoinchead ón Bhuanchoiste, faoi scáth an Choiste Riartha agus le beannacht an Choiste Gnó.
a bhean fhadfhulangach his long-suffering wife
" Ar fháil amach dó go bhfuil Gaeltacht ann, bailíonn sé leis go hÉirinn agus ansin chuig na hOileáin Árann, ‘pampútaí faoina chosa agus culaith de bhréid na n-oileán ar a dhroim’, a bhean fhadfhulangach fágtha ina dhiaidh aige.
fadfhulangach long suffering
" Tá sise ciardhubh, sláintiúil, fuinniúil, oscailte, cuideachtúil, fadfhulangach.
cosmhuintir bhocht fhadfhulangach poor ordinary longsuffering people
" Fad is atá rialtas éillitheach Karzai i gcumhacht, áfach, nílim dóchasach go mbainfidh cosmhuintir bhocht fhadfhulangach na hAfganastáine an tairbhe chuí as an gcúnamh seo.
fhadfhulangach longsuffering
" Má tá taithí dhearfach acu, táim ag súil go rachaidh an chathair i gcion orthu agus go mbeidh na hAstrálaigh sin ar a laghad bródúil as a bpríomhchathair fhadfhulangach.
go fadfhulangach patiently
" Sin Séamus bocht Heaney ag éisteacht go fadfhulangach le Lou Reed atá ag geabadh gan scíth faoi Taobh Fiáin den saol atá le teacht – nó an saol in bhfuil muid anois, a Mhaggie.