Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leas fadtéarmach long-term well-being
" Ach ní hé an straitéis is fearr do leas fadtéarmach an pháirtí.
fhadtéarmach long-term
" Pleanáil fhadtéarmach - Is deacair seo a dhéanamh gan deontas cinnte leanúnach.
tionchar fadtéarmach longterm effect
" Tá an dá thaobh den argóint ann: iadsan a deir gur deis atá ann níos mó bia a chur ar fáil ar chostas níos lú, agus iadsan a deir go bhfuil sé contúirteach GMOs a scaoileadh amach sa timpeallacht ag an bpointe seo toisc nach bhfuil a fhios againn fós cén tionchar fadtéarmach a bheas acu ar an saol.
himpleachtaí fadtéarmacha long-term implications
" Seans nach bhfuil i roinnt den chaint seo ach ráflaí gan bhunús (cé go bhfuil an-phlé á dhéanamh ar na cúrsaí seo sna hirisí ríomhaireachta faoi láthair), ach is fiú a bheith ar an airdeall faoi na himpleachtaí fadtéarmacha a bheidh ag aon chaighdeán slándála nua.
cruthaítear fadhbanna fadtéarmacha comhshaoil long-term environmental problems are created
" Tá ábhair dhainséaracha ar nós luaidhe agus mearcair in a lán ríomhairí agus má fhágtar an saghas sin trealaimh i láithreáin dramhaíola cruthaítear fadhbanna fadtéarmacha comhshaoil.
todhchaí fhadtéarmach a dtrealaimh the long-term future of their equipment
" Chun a chinntiú go dtugann déantúsóirí todhchaí fhadtéarmach a dtrealaimh san áireamh, tá sé á mholadh ag an Aontas Eorpach go mbeadh orthu féin íoc as athchúrsáil an trealaimh nuair atá deireadh tagtha lena shaolré.
dochar fadtéarmach long-term harm
" Tá na moltaí sin bunaithe ar mheastachán eolaíoch ar an méid is mó éisc ba chóir a mharú gan dochar fadtéarmach a dhéanamh do na stocanna.
go fadtéarmach on a long-term basis
" Bhí spreagadh mór ag baint leo, agus téann daoine mar sin i bhfeidhm ort go fadtéarmach.
athruithe fadtéarmacha long-term changes
" Dar le roinnt de na saineolaithe atá ag forbairt na ngléasanna seo, d'fhéadfaí rudaí ar nós theocht agus luas na gaoithe a thomhas go leanúnach le clib bheag agus anailís a dhéanamh ar aon athruithe fadtéarmacha a bhí le feiceáil tar éis do léitheoir an t-eolas a bhailiú.
go fadtéarmach on a long-term basis
" " Admhaíonn an Niallach go bhfuil comhlachtaí eile ann atá beagáinín níos saoire ná Rua ach deir sé go bhfuil sé i gceist ag an gcomhlacht Gaelach a bpraghsanna a choinneáil íseal go fadtéarmach.
phleanáil fhadtéarmach na heagraíochta the organization's long-term planning
" Is iad na stiúrthóirí atá i mbun bhainistiú Áras agus Mhuintir Chrónáin agus phleanáil fhadtéarmach na heagraíochta.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
go fadtéarmach on a longterm basis
" Ar dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach is mó a dhíríonn an dlí nua.
réiteach fadtéarmach long-term solution
" Ba mhaith liom dá dtiocfaidh na daoine as na mionlaigh eitneacha le chéile le réiteach fadtéarmach a aimsiú.
dearcadh i bhfad níos fadtéarmaí a much more longterm viewpoint
" Nárbh fhearr i bhfad go mbeadh na páirtithe sinsearacha seo ina bhfreasúra do chúis i bhfad níos tábhachtaí, go mbeadh dearcadh i bhfad níos fadtéarmaí acu agus go mbeadh siad ar a ndícheall ar son a muintire uile? Go mbeadh na focail "frith-Chomhaontú" agus "frith-Aontacht" curtha sa bhosca bruscair agus go mbeadh an pholaitíocht bunaithe ar fhealsúnacht na heite clé nó deise chun leas achan bhall den tsochaí? Tuigtear cén fáth ar cuireadh ailtireacht Chomhaontú Aoine an Chéasta le chéile.
dochar fadtéarmach longterm damage
" Sa chás seo, tá fear óg i mbaol - i mbaol gortaithe agus i mbaol dochar fadtéarmach a fhulaingt.
i mbaol dochar fadtéarmach a fhulaingt in danger of suffering long-term harm
" Sa chás seo, tá fear óg i mbaol - i mbaol gortaithe agus i mbaol dochar fadtéarmach a fhulaingt.
i gcaidreamh fadtéarmach in a long-term relationship
" ” Trí mheán an idirlín, bhí Darling ábalta eolas a thabhairt faoi na riachtanais a bhí aici; chuir sí in iúl, mar shampla, go raibh suim aici i gcaidreamh fadtéarmach, agus gur mhaith léi páistí a bheith aici san am atá romhainn – is cinnte nach seo an cineál eolais a roinnfeá le duine a raibh tú díreach tar éis bualadh leis i mbeár.
chomhoiriúnacht fhadtéarmach long-term compatibility
" De bhrí go gcuirtear an bhéim ar an suíomh ar chomhoiriúnacht fhadtéarmach, ní hionann eHarmony agus go leor de na suímh eile a mbíonn sé mar sprioc acu caidreamh a aimsiú do dhaoine láithreach.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
fadtéarmach long-term
" “Tá an oifig ag déanamh difríocht áirithe faoi láthair, ar bhonn an-teoranta, ach mar a dúirt mé i dtús aimsire, sílim go gcaithfear breathnú air seo mar rud fadtéarmach.
níos fadtéarmaí more long-term
" Hidrigin ======= Mar “réiteach” níos fadtéarmaí, áfach, tá beagnach gach comhlacht mór gluaisteáin ag cur airgid i dtaighde faoi hidrigin (in áit peitril).
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
aidhm fhadtéarmach longterm aim
" “Sa cheathrú bliain b’éigean dúinn plean gnó a chur le chéile, so bhí sé mar aidhm fhadtéarmach ag an gcúrsa go mbunódh muid ár ngnólachtaí féin agus is dócha gur sin an ghné is mó a thaitin liom agus a mheall mé chuig an gcúrsa sin, agus toisc go raibh sé trí mheán na Gaeilge.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
níos fadtéarmaí more long-term
" Iompar cabhrach go tíortha na hÁise Thoir Theas tar éis an súnámaí, mar shampla, nó (cás níos fadtéarmaí, is dócha) iompar innealra agus trealamh tógála go dtí an Iaráic.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
tacaíocht fhadtéarmach long-term support
" Is tacaíocht fhadtéarmach í, chun go mbeidh an lucht gnó sásta a gcuid airgid féin a chur isteach freisin.
Fadhb fhadtéarmach long-term problem
" Fadhb fhadtéarmach don Eoraip é seo, dar leis.
sprioc fhadtéarmach long-term aim
" Is é sprioc fhadtéarmach na Comhairle athbheochan na Gaeilge a spreagadh agus an ghaelscolaíocht a bheith mar dhúshraith na hathbheochana sin, agus í tógtha ar oideachas den chéad scoth.
an leibhéal is airde dífhostaíochta fadtéarmaí the highest level of long-term unemployment
"an leibhéal is airde dífhostaíochta fadtéarmaí sa Ríocht Aontaithe ó thuaidh agus tá an leibhéal is airde dífhostaíochta i measc daoine óga ó thuaidh fosta.
straitéis fhadtéarmach longterm strategy
" Ba chuid den straitéis fhadtéarmach riamh é agus murar thuig na daoine atá ag tréigbheáil an pháirtí faoi láthair gur cuid den loighic a bhí taobh thiar de Chomhaontú Aoine an Chéasta é go nglacfadh Sinn Féin leis an chóras cirt ó thuaidh, thuig an cheannaireacht é.
an réiteach fadtéarmach the long-term solution
" Cad é an réiteach fadtéarmach atá ar an cheist seo? Is fiú díospóireacht a thionscain mar gheall uirthi.
ar bhonn fadtéarmach on a long-term basis
" Dála a gcomharsana i Newcastle, a ghléas "Angel of the North", saothar eile de chuid Gormley, i ngeansaí peile Newcastle United, ghlac roinnt Scousers an deis lena mbarúil féin a chur in iúl trí bhreágfholt feamainn a chur ar na figiúirí, agus aisteach go leor, péint bhuí a chur ar a gcuid magairlí! Ní raibh i gceist ag an tús go mbeadh na figiúirí suite ar an trá ar bhonn fadtéarmach ach nuair a tháinig deireadh leis an chonradh le Gormley le déanaí, thosaigh feachtas áitiúil le iad a choinneáil ann go buan.
go fadtéarmach on a long-term basis
" Ach is féidir leis an angar tionchar dearfach a imirt ort go fadtéarmach fosta.
aidhm fhadtéarmach long-term aim
" Is é an aidhm fhadtéarmach atá ag Peter don Choimisiún ná nach mbeadh gá leis sa todhchaí, agus tá sé ag súil go bhfuil go leor forbartha déanta chun an aidhm sin a bhaint amach.
ar bhonn níos fadtéarmaí on the more long-term basis
" Chinn mé ar iarracht a dhéanamh teacht ar ais anseo ar bhonn níos fadtéarmaí agus d’éirigh liom post (gan íocaíocht, ach nach cuma!) a fháil le comhlacht a eagraíonn *safaris* ar dhroim capall ar an Nyika Plateau, i dtuaisceart na tíre.
ba í an dífhostaíocht fhadtéarmach a bhí i ndán dóibh. long-term unemployment was what was in store for them.
" Agus mar thoradh ar dhúnadh na monarchana ar eastáit thionsclaíocha in áiteanna mar Croxteth, ba í an dífhostaíocht fhadtéarmach a bhí i ndán dóibh.
go fadtéarmach in the long-term
" Murar féidir *Lá Nua* a sholáthar go laethúil go fadtéarmach leis an hacmhainní atá ar fáil dó, ní hionann éirí as an iarracht sin agus géilleadh don éadóchas: b’fhéidir gurbh fhearr an freastal a dhéanamh ar sciar áirithe de phobal na Gaeilge agus gur nuachtán ar chaighdeán níos airde a bheadh ann sa deireadh.
dea-thoradh fadtéarmach a good long-term result
" Agus é ag obair leis an Roinn Airgeadais, cuireadh cláracha eacnamaíocha i bhfeidhm faoina chúram a raibh dea-thoradh fadtéarmach acu ar chúrsaí sóisialta agus ar gheilleagar na tíre.
fís fhadtéarmach long term vision
" Ach léiríonn sé go soiléir go bhfuil foinsí eile de dhíth chun fís fhadtéarmach a thabhairt i gcrích.
fís fhadtéarmach a longterm view
"fís fhadtéarmach acu – taighde a chothú, infheistíocht Mheiriceánach a mhealladh, ardléann a chur ar dhaoine óga agus bonneagar den scoth a thógáil.
fadtéarmach long term
" Tá a lán fianaise againn a thugann le fios, má chruthaíonn tú na gnéithe sóisialta, timpeallachta, cultúrtha maraon leis an ngeilleagar, ag an am céanna, eascróidh forbairt fadtéarmach agus nuálaíocht amach as.
folláine fhadtéarmach longterm health
" Tugtar tús áite d’airgead sa chóras oibriúcháin domhandaithe seo, a mhíníonn Gates, agus déantar neamhaird ar na luachanna atá riachtanach i gcomhair folláine fhadtéarmach an phobail: fadbhreathnaitheacht fhioscach, comhtháthú sóisialta agus inmharthanacht an chomhshaoil.
fhadtéarmach long-term
" ” Luaigh sé an obair cheannrodaíochta a bhí déanta ag An Ghaeláras sa chathair le seirbhísí agus áiseanna teanga a thairiscint go háitiúil agus gurb é an spiorad fiontraíochta seo agus an fhís fhadtéarmach a chuidigh go mór le suim agus le páirtíocht sa Ghaeilge sa chathair a mhéadú.
fhadtéarmach longterm
" Bhí sé mar aidhm ag an tionscadal seo, a bhí maoinithe ag Horizon agus Údarás na Gaeltachta, ná fostaíocht inbhuanaithe fhadtéarmach a chur ar fáil sa phobal trí scileanna traidisiúnta tógála cloiche a athbheochan.
fadtéarmach long-term
" D’éirigh le Fianna Fáil a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann arís is arís eile go mba é an t-aon pháirtí polaitíochta as a bhféadfaí a bheith muiníneach le bheith i rialtas agus go mba páirtí é a chuir leas fadtéarmach na tíre roimh aon ní eile.
bhonn fadtéarmach longterm basis
" Scaiptear na seoltáin shóisialta seo nuair a fhilleann inimircigh ar a n-áiteanna dúchais, pé acu é ar cuairt nó ar bhonn fadtéarmach, trí ghlaonna gutháin, ríomhphoist, litreacha is blaganna agus nuair a thugann muintir is cairde inimirceach cuairt orthu.
fhadtéarmach long term
" Luaigh an bheirt acu ina ráitis gur chuir siad an-bhéim ar shocracht pholaitiúil fhadtéarmach agus iad ag déanamh cinnidh.
fadtéarmach longterm
" Is léir freisin nach mbeidh aon chomhréiteach buan fadtéarmach muna mbíonn na Talaban – an namhaid faoi láthair – istigh leis.
go fadtéarmach long-term
" Ba dhream fánaíochta iad an Masai go traidisiúnta, treibh nár chuir fúthu in aon cheantar ar leith go fadtéarmach.
fhadtéarmach long-term
" Agus Fianna Fáil ag tabhairt tacaíochta do Brian Cowen (roimh dóibh é a aistarraingt go gairid ina dhiaidh), nocht Eagras Mheitéareolaíochta an Domhain gurbh é 2010 an bhliain ba theo dár taifeadadh riamh, agus go bhfuil treocht fhadtéarmach shoiléir le feiceáil, agus teocht an domhain ag dul in airde an t-am ar fad.
fadtéarmach long term
" Tar éis nach n-athraíonn aon cheann acu seo staid na Gaeilge thar oíche, níl aon cheist ach go bhfuil tionchar fadtéarmach acu ar leas na teanga.
fadtéarmacha long term
" Áirítear an eachtra seo ar cheann de na timpistí timpeallachta is measa riamh agus de réir saineolaithe ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, tá impleachtaí fadtéarmacha ann don timpeallacht agus do phobail chósta áit ar bith a dtarlaíonn doirteadh ola san fharraige.
ar bhonn fadtéarmach on a long term basis
" Chuaigh sé fein chun cónaithe sna Stáit Aontaithe ar bhonn fadtéarmach.
thairngreachtaí fadtéarmacha long term forecasts
" Insan aiste shíoraí seo, cháin Nietzsche na staraithe a leag an iomad béime ar thairngreachtaí fadtéarmacha agus a rinne iarracht na mílte bliain a achoimriú le halt aonaránach.
ar bhonn fadtéarmach on a long term basis
" Bheifí ag súil, mar sin, go mbeifear in ann go leor tacaíochta a chruinniú i dTithe na Comhdhála chun athchóiriú cuimsitheach a dhéanamh ar chóras inimirce na Stát i ndiaidh na dtoghchán i mbliana, athchóiriú a réiteoidh ar bhonn fadtéarmach cás na n-inimirceach go léir atá lasmuigh den dlí, ní hamháin cás na *Dreamers*.
fanacht ar bhonn fadtéarmach to stay on a long term basis
" Ach fiú dá ligfí do gach íospartach ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach fanacht ar bhonn fadtéarmach, rud a thabharfadh uchtach dóibh comhoibriú leis na húdaráis i gcoinne na ndaoine a thagann i dtír orthu, ní réiteofaí an fhadhb.
i gcúram fadtéarmach institiúide riamh longterm institutional care ever
" Í anois i gcathaoir rotha, cuireann Anne Georges faoi gheasa gan í a ligint isteach i gcúram fadtéarmach institiúide riamh.
go fadtéarmach long term
" Agus tá sé fíor, ní féidir leat dul ar stailc nuair nach bhfuil post ar bith agat, ach tá sé fíor fosta go gcosnaíonn sé a lán airgid ceithre mhilliún duine a choinneáil dífhostaithe go fadtéarmach, gan trácht ar chostas na mílte a choinneáil faoi ghlas nuair a théann siad i dtreo na coiriúlachta le hairgead a fháil.
impleachtaí fadtéarmacha longterm implications
" B’iad údaráis na Breataine agus an tIRA an dá chéile chomhraic sa chogadh nua seo agus bheadh impleachtaí fadtéarmacha ag baint leis sin, impleachtaí atá cíortha go mion agus go cuimsitheach ag údar an leabhair seo – Ruan O Donnell.
ba do bhuíonta beaga coirpeach fadtéarmach was for small groups of longterm criminals
" Bailithe ar Troigh gan Tuairisc ============ An Córas Scaipthe a bhí ann roimhe sin, ba do bhuíonta beaga coirpeach fadtéarmach a cuireadh ar bun an chéad lá riamh é, rud a chiallaigh go raibh na húdaráis Bhriotanacha trína chéile ar dtús faoi conas déileáil leis na cimí nua sin, cimí a raibh córas ceannaireachta docht acu féin, laistigh den charcair agus ar an taobh amuigh freisin, cimí a raibh bá an phobail agus dreamanna cearta sibhialta leo go minic freisin.
ar bhonn dleathach agus fadtéarmach on a long term and legal basis
" Tá comhrialacha i bhfeidhm san AE anois a phléann le cearta náisiúnach tríú tíortha atá san Aontas ar bhonn dleathach agus fadtéarmach, agus tá rialacha Eorpacha, leis, maidir leis an gcóir is gá a chur ar dhaoine a theitheann chun na hEorpa ón ngéarleanúint.
beaga fadtéarmacha small long term
" Is iad na ciorraithe beaga fadtéarmacha, cuid acu folaithe nach mór, a chuirfidh isteach ar dhaoine áirithe sna míonna atá amach romhainn: athruithe ar scéim na gcártaí liachta, an forlíonadh ús morgáiste, táillí na n-oideas leighis, na harduithe ar tháillí ollscoile, agus mar sin de.
go fadtéarmach, malltriallach slow and long term
" Ach go hiondúil imríonn an tAE go fadtéarmach, malltriallach.
pleanáil fhadtéarmach long-term planning
" Tá rath ar roinnt foirne i Sraith Eircom ó thaobh airgid de ach tá gá go fóill le pleanáil fhadtéarmach, dar le hEmmet Ó Riain.
na himpleachtaí fadtéarmacha the long-term implications
" Léiriú eile é seo, dar leis, ar an tslí a bhfuil na hÉireannaigh ag dul thar fóir ag caitheamh airgid gan smaoineamh ar na himpleachtaí fadtéarmacha.
go fadtéarmach on a long-term basis
" Cuirfidh moltaí Státrúnaí Thuaisceart Éireann maidir leis an chóras rialtais áitiúil iachall ar pholaiteoirí ón dá thaobh bheith ag obair as lámh a chéile agus tá Robert McMillen dóchasach go mbeidh tionchar dearfach aige seo ar chúrsaí polaitíochta go fadtéarmach.