Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lá níos faide anonn in the future
" B'fhéidir lá níos faide anonn? An Ghaeilge go brách, a chairde!
an tseilf is faide suas the highest shelf
" "Cuir na dioscaí ar an tríú seilf anuas, an ceann a bhfuil na dioscaí eile air, agus cuir an MP3 ar an tseilf is faide suas, sa bhosca dearg sin," arsa Fiachra.
is faide soir most easterly
" Is é an t-oileán is faide soir é de na trí cinn, mar is léir ón seanleagan den ainm Inis Oirthir.
níos faide ar an eite dheas further to the right
" Beidh cainteanna chomh luath agus is féidir ag an "New UUP", atá níos faide ar an eite dheas ná mar a bhí le fada, le Tony Blair.
níos faide any more
" "Is iomaí uair a smaointím air sin ach ansin tógann mo chroí ná tá mo chlann féin ag éirí aníos agus níl mé i m'Oisín níos faide.
i bhfad níb fhaide ná sin much longer than that
" Bhí na scéaltaí i gcónaí i bhfad níb fhaide ná sin.
níos faide soir fosta further east also
" Ach tá a leithéid scaipthe fud fad iarthar na hEorpa, agus níos faide soir fosta, mar shampla in aice leis an Mhuir Dhubh, san Iordáin, agus fiú sa Chóiré.
céim níos faide a step further
" Ach i Sasana tá an saghas seo cluiche tógtha céim níos faide ag an stáisiún teilifíse Avago.
níos faide siar farther west
" Bhí na hOllannaigh i mbun na Indinéise fosta, atá níos faide siar ó Phapua Thiar.
an rinn is faide siar the westernmost point
" Tá cogadh saoirse ag dul ar aghaidh ó 1976 in Aceh, áit ar an rinn is faide siar d'oileán Sumatra.
is faide ó dheas furthest south
" Is é Cléire - nó Cape Clear Island sa Bhéarla - an pointe is faide ó dheas in Éirinn.
an áit is faide ó thuaidh the furthest point north
" " Lean muid ar aghaidh go Cionn Mhálanna, an áit is faide ó thuaidh in Éirinn, ansin go Cúil Dabhcha, a bhfuil teach tábhairne agus bia maith ann in aice leis an trá.
níos faide ar shiúl ón lámh láidir further away from violence
" Má thig le hAdams agus a chairde bogadh níos faide ar shiúl ón lámh láidir, tá *vista* an-phléisiúrtha rompu, ainneoin iarrachtaí Michael McDowell.
ag breathnú níos faide ná sin looking further than that
" Tá TG4 tábhachtach dúinn mar is craoltóir an-tábhachtach in Éirinn iad, ach tá muid ag breathnú níos faide ná sin, chun nach mbeimid ag brath céad faoin gcéad ar TG4 ná ar aon stáisiún amháin.
an óráid ab fhaide the longest speech
" Ach cá háit a dtéann amhraí eile na hÉireann lena scíth a ligean agus le teacht chucu féin arís i ndiaidh bliain mhór oibre a chur isteach? Tá Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, ag dul ar ais go dtí Féile na nGael i Milwaukee Cois Locha, ach tá ár sáith ráite faoi Joe Mac Dunno agus é féin agus a gcuid eachtraí ann anuraidh - an bheirt acu in iomaíocht lena chéile ag iarraidh an óráid ab fhaide a thabhairt agus an líon ba mhó daoine a chur ina gcodladh.
gur ghá dom fanacht níb fhaide in áiteanna that I had to stay longer in places
" Tar éis bheith ag taisteal mar sin, bheadh neart grianghraf agam - ach bhí mé ag iarraidh eolas níos doimhne a fháil agus, dá bhrí sin, thuig mé gur ghá dom fanacht níb fhaide in áiteanna, gan bheith ag rith i gciorcail.
níos faide anonn in the future
" Lá éigin níos faide anonn, má bhím i gceann de na postanna sin nach mbaineann mórán struis leis, abair post an bhitheolaí nó an innealtóra bogearraí, agus má theastaíonn rud éigin uaim chun mo lá a dhéanamh níos suimiúla, b’fhéidir ansin go bhféachainn ar an mhéid atá ráite fúm féin.
lá níos faide anonn some time in the future
" Ar deireadh, is é an bainisteoir a chaill an cluiche agus ní na himreoirí ar an bpáirc! In ainneoin sin ar fad, fós glacfaidh daoine leis an bpost agus tabharfaidh siad a gcuid ama agus dúthrachta go fial agus fios maith acu gur dóigh go mbeidh fonn ar dhaoine iad a chrochadh ó chrann ard lá níos faide anonn.
an teorainn ab fhaide ó thuaidh the most northerly border
" Ba é seo an teorainn ab fhaide ó thuaidh a bhí ag na Rómhánaigh – bhí na Ceiltigh i gceannas ar an taobh eile.
níos faide i gcéin further away
" Níl sé rófhada siar i stair na tíre seo ó bhí pictiúir le feiceáil ar an teilifís go rialta de dhaoine ag caoineadh agus iad ag dul ar eitleáin, ó Aerfort Chnoc Mhuire go Londain, cuir i gcás, agus níos faide i gcéin.
an teorainn ab fhaide ó thuaidh the most northerly border
" Ba é seo an teorainn ab fhaide ó thuaidh a bhí ag na Rómhánaigh – bhí na Ceiltigh i gceannas ar an taobh eile.
níb fhaide longer
" Bhí a lán poblachtánach sa phríosún i Sasana ag an am sin, agus bhí Ronnie i ngéibheann níb fhaide ná príosúnach ar bith eile.
an baile is faide áitrithe the longest settled town
" Scrios spéirling ollmhór Pensacola ina iomláine i 1561, ach cuireadh bunús maith faoi St Augustine (nó San Agustín, mar ab fhearr aithne ar an áit ag an am) agus is í an chathair sin anois an baile is faide áitrithe sna Stáit Aontaithe.
dhíreodh muid ar thailte níos faide i gcéin we would concentrate on lands further away
" Nuair a bheadh dreach Pharthais scriosta as éadan againn dhíreodh muid ar thailte níos faide i gcéin mar Phurgadóir nó Liombó agus bheadh ag na milliúin peacaí ag díol cíosa linn.
fostaí is faide seirbhíse the longest-serving employee
" Is é Ó Ciardha an fostaí is faide seirbhíse i TG4 agus is é a smaoinigh ar an mhana “Súil eile” atá in úsáid ón tús.
taistealaíonn muid níos faide ó thuaidh we travel further north
" Ashikawa Ar maidin, taistealaíonn muid níos faide ó thuaidh le seinnt in iarsmalann Ainu agus chun lá a chaitheamh i measc mhuintir Oki.
níos faide chun tosaigh further ahead
" Níor mhór dóibh amharc níos faide chun tosaigh ná an chéad olltoghchán eile.
tamaillín níos faide a little longer
" Mar shampla, ceann de na scéalta cáiliúla faoi Sheán Óg ná go ndeachaigh sé ag traenáil ina aonar an lá i ndiaidh cluiche ceannais na hÉireann cúpla bliain ó shin in áit fanacht sa leaba tamaillín níos faide ar maidin.
stair níos faide a longer history
" Bunaíodh na Colts i 1953, ach tá stair níos faide ag na Bears, a bunaíodh i 1920.
níos faide i gcéin, farther away,
" Tá an áit lán *multinationals* anois – ón Áis agus ón Rúis agus ón Afraic, agus fiú ó áiteanna níos faide i gcéin, ar nós na hEastóine agus na Polainne, *so it is*.
a fhanann sa chóras oideachais níos faide, who stay longer in the education system,
" Daoine a fhanann sa chóras oideachais níos faide, is minic a fhanann siad gníomhach i gcúrsaí spóirt agus imríonn siad níos mó ná spórt amháin de gnáth.
níos faide ó thuaidh ná further north than
" Ní shílfeá go mbeadh a leithéid i nGarbhchríocha na hAlban, níos faide ó thuaidh ná Inbhir Nis! Sa ré Victeoiriach bhí neart spánna mar seo le fáil ar fud na hEorpa, ina raibh uisce mianrach agus folcadáin chlábair le fáil.
an ceantar ab fhaide ó thuaidh the most northernly area
" Nuair a chuaigh an traein faoi thalamh chomh fada leis an áit sin, an ceantar ab fhaide ó thuaidh ar oileán Manhattan, bhog cuid mhaith Éireannach a bhí ag obair sa chóras traenach ansin.
is faide siar i mo chuimhne-se furtherest back in my own mind
" Is é an t-éacht nó mórghníomh spóirt is faide siar i mo chuimhne-se ná an t-am a bhuaigh Ronnie Delaney an bonn óir sa rás 1,500 méadar ag na Cluichí Oilimpeacha in Melbourne sa bhliain 1956.
níos faide ar aghaidh further on
" An tseanchathairÓs ag caint ar shoithigh muid, ní mór áit a lua atá dhá mhíle níos faide ar aghaidh ar an Greenway – an South Street Seaport.
an fad ab fhaide the longest length
" Chaitheadh siad cloch mar chaitheamh aimsire agus ba é Seosamh i gcónaí a chaitheadh an fad ab fhaide í.
ar an phointe is faide soir on the most easternly point
" Is sráidbhaile an-tarraingteach é Cromba, atá ar an phointe is faide soir d'Eilean Dubh, ó thuaidh ó Inbhir Nis in Albain.
níos faide ó thuaidh further north
" Cape Reinga Ní féidir dul níos faide ó thuaidh in Aotearoa ná Cape Reinga, nó Te Rerenga Wairua.
is faide soir most easterly
" Tá Cape Byron ar an bpointe is faide soir den mhórthír.
níos faide soir further east
" Tá siad uilig imithe anois, agus tá Inbhir Greinnde, atá níos faide soir ag tús Linn Giùdain, ar an phort coimeádán is mó in Albain.
Níor fhéad sí dul níb fhaide ná an chéad fhoirgneamh she couldn't go any further than the first building
" Níor fhéad sí dul níb fhaide ná an chéad fhoirgneamh agus rinne cara léi í a thabhairt ar ais go dtí an chathair.
liostaí feithimh níos faide longer waiting lists
" Tá fuarchúis an rialtais i leith na gceantar “BMW”, mar a thugtar orthu sa Bhéala, léirithe arís agus arís le blianta anois – moill ar dhílárú, easpa gnímh maidir le forbairt an bhonneagair, liostaí feithimh níos faide sna hospidéil, má bhíonn ospidéal ann – téann an liosta ar aghaidh is ar aghaidh.
Ba é an tréimhse ab fhaide a bhí sé ar láthair chogaíochta faoi leith the longest period that he was in a specific conflict zone
" Ba é an tréimhse ab fhaide a bhí sé ar láthair chogaíochta faoi leith ná na blianta a chaith sé i mBéal Feirste, 1971 go 1978, agus tuairisciú á déanamh aige ar na Trioblóidí mar iriseoir de chuid RTÉ i dtosach, agus ní ba dhéanaí mar fhostaí de chuid an *Observer* agus NBC.
Ní raibh uchtach agam a dhul a dhath níos faide. I didn't have the spirit to go any further.
" Ní raibh uchtach agam a dhul a dhath níos faide.
Dá fhaide a leanann an feachtas ar aghaidh, the longer the campaign goes on
" Dá fhaide a leanann an feachtas ar aghaidh, is mó is cúis leis an marbhántacht i leith Thoghchán 2008, is dócha.
níos faide ná fad an chláir longer than the duration of the programme
" Agus cionn is go dtéann an clár amach beo ar TG4, caithfear réamhchomórtas a reáchtáil sa dóigh is nach maireann an comórtas níos faide ná fad an chláir féin!Léiríonn seo ar fad an oiread suime is atá ag daoine sa cheird anois – rud atá go hiontach nó níl sé i bhfad ó shin ó bhí an t-iomrá ag dul thart go gcuirfí deireadh leis an chomórtas mar go raibh laghdú chomh mór sin tagtha i líon na rannpháirtithe.
a dhath níos faide, any further,
" Ach cad é má tá an clár dírithe ar an aos óg? (Sula dtéim a dhath níos faide, caithfidh mé a rá, agus béim a chur air seo, nach bhfuil anseo ach dearcadh.
i bhfad níos faide ar dheis a lot further to the right
" Madadh de shórt eile ar fad atá sa Wallace seo a bhfuil an zheimers úr air – cineál de mhadadh faire de chuid na bhfíor-fhíor-fhíor-fhíor-Phrotastúnach é Wallace Thompson – é i bhfad níos faide ar dheis ná Ian Mór, Ian Beag agus Roaring Hannah i bhfochair a chéile.
conradh níos faide a longer contract
" ” Sa bhliain tar éis na céime i 1985 bhí Carrie ag obair i gcúpla scoil ach ansin d’éirigh léi conradh níos faide a fháil i mbunscoil i nDún Mór i bPort Láirge.
níos faide longer
" Mar a deirim, fáilteoidh mé roimh dheireadh an réamhbhabhta seo, a mhair ar feadh trí nó ceithre mhí níos faide ná mar a shíl aon duine go leanfaí de, ach ní hionann sin is a rá nach raibh sé corraitheach.
níos faide ar aghaidh further on
" D'éirigh mé bréan de bheith ag míniú do dhaoine go bhfuil Cosán an Aon Fhír i bhfad níos faide ar aghaidh agus gurbh fhearr dóibh filleadh ar ais.
ag amharc níos faide looking further
" Tá daoine ag amharc níos faide as baile go dtí an Astráil, tír ina bhfuil siad ag súil le fás eacnamúil de 4% inti i mbliana.
lá níos faide anonn further down the line
" Is suarach an mhaise é seo do stát a bhíonn de shíor ag maíomh faoi ‘gheilleagar eolasbhunaithe na hÉireann’ agus is cinneadh é a íocfar go daor as lá níos faide anonn.
níos faide ar shiúl further on
" Caithfidh siad fanacht go dtí go dtiocfaidh siad chuig an gcéad sortie eile, nó ‘slí éalaithe’- nach oiriúnach an téarma é - 50 cileaméadar níos faide ar shiúl agus iad ag iarraidh i rith an ama teagmháil a dhéanamh leis an gendarmerie nationale chun teacht i gcabhair ar an bpáiste.
níos faide further
" Inár dteannta bhí Dee Armstrong (a bhíonn ag seinnt liom i Kíla), Eoin O Brien, Martin Brunsden agus Robbie Perry – triúir eile atá gar go leor do chlann Kíla! Ansin ag deireadh na míosa seo chaite, rinne Robbie Perry an próiseas a thógaint níos faide nuair a d’éirigh leis é a chur in oiriúint do chóras midi.
is faide ó dheas furthest south
" Má thosaíonn tú amach ag an phointe is faide ó dheas ar an oileán agus gluaiseacht ó thuaidh fríd an cheantar airgeadais, tiocfaidh tú chuig *Tribeca, Chinatown, Soho*, an Iodáil Bheag, ansin an *Lower East Side*.
céim níos faide a step further
" Chuaigh Thomas Sotinel agus Jacques Mandelbaum, criticeoirí scannáin, céim níos faide i Le Monde ag deireadh mí Márta agus iad ag scríobh faoin inimireach neamhdhleathach mar phearsa i scannáin an lae inniu: Is é an fáth go bhfuil na scannáin ‘*Welcome*’ agus ‘*The Visitor*’ (scannán de chuid Tom McCarthy a tháinig amach in Éirinn le linn an tsamhraidh 2008) chomh éifeachtach sin ná go gcuirtear saol corrach cumhach an inimircigh os comhair gnáthdhuine, garda tarrthála i linn snámha nó múinteoir ollscoile i gcás an dá scannán thuas.
níos faide anonn later on
" Cén tionchar oideachais is mó a chuaigh i bhfeidhm ort? Is tábhachtaí, dar liom, an tionchar a imreofar ort le linn d’óige ná níos faide anonn sa saol.
níos faide anonn later on
" Thuig mé go maith cad a bhí ar siúl aige deich mbliana níos faide anonn.
an dual is faide siar ar a gcoigeal the least of their worries
" Ach is dócha gurb é an dual is faide siar ar a gcoigeal é an tséimeantaic, agus a gcás ag dul chun donais ó bhliain go bliain.
níos faide further
" Bhí mé féin i nGleann Cholm Cille ar lá vótaíochta, mar shampla, agus is deacair a shamhlú aon áit atá níos faide i gcéin ón Astráil ná an gleann álainn iargúlta sin, ach fuair mé vóta poist ann.
níos faide anonn down below
" Tá na gasúir ar ais ar scoil, tá claochlú ar an aimsir, tá coiscéim coiligh ag an oíche ar an lá agus táim féin ar ais ag obair tar éis briseadh máithreachais, ach tuilleadh faoi sin níos faide anonn.
is faide furthest
" Fiú iontaisí ar de dhéantús an duine iad – an t-ilstórach is airde, nó an taiscéalaí spáis is faide in imigéin uainn, is matamaitic bhreá ghalánta a dhéanann cur síos orthu, agus déarfadh matamaiticeoir leat go bhfuil a áilleacht féin ag baint le gach aon cheann acu.
níos faide further
" Ar an láimh eile, an chuiteog, is beag siúl a dhéanfaidh sise, ach síos níos faide faoin talamh a rachaidh sí le teacht ar an teas agus ar an gcosaint.
cogadh is faide longest war
" Cé gur seo an cogadh is faide a raibh Na Stáit Aontaithe ann riamh, níos faide ná an cogadh i Vítneam, fiú, agus cosnaíonn sé 10 billiún dollar gach bliain, tá Obama agus an Ginearál Petraeus ag leanúint dá seandúnghaois: bua ar an ármhá roimh chainteanna leis na Talaban.
níos faide longer
" Cé gur seo an cogadh is faide a raibh Na Stáit Aontaithe ann riamh, níos faide ná an cogadh i Vítneam, fiú, agus cosnaíonn sé 10 billiún dollar gach bliain, tá Obama agus an Ginearál Petraeus ag leanúint dá seandúnghaois: bua ar an ármhá roimh chainteanna leis na Talaban.
Maireann bia níos faide food survives longer
" Cloistear gach leithscéal, “Níl an t-am ag daoine”, “Tá sé níos áisiúla leis an gcarr”, “Tá branda ar leith uaim”, “Maireann bia níos faide, ní gá dom bia úr a cheannach chuile lá”, “Tá neart sa reoiteoir” agus neart fáthanna eile.
níos faide further
" Tógadh ardaitheoir sciála idir an baile atá sé chéad méadar os cionn chothrom na farraige agus Méribel atá míle méadar níos faide thuas, turas ar féidir a dhéanamh taobh istigh de fiche nóiméad.
níos faide anonn sa lá later in the day
" Nach mé a bhí sásta! Ar theacht go crosbhóthar Scríb dom níos faide anonn sa lá, chas mé siar i dtreo Ros Muc mar a mhol an comhartha bóthair dom a dhéanamh.
níos faide further
" Ó thuaidh, deirtear go raibh rialtais Aontachtacha sna 50 bliain ina mhair a réimeas níos faide ar an eite dheas ná Atilla the Hun, agus tá an fhianaise ann.
lá éigin is faide anonn at some later date
" Tá sí dóchasach go mbeidh siopa bláthanna aici lá éigin is faide anonn.
níos faide anonn further on
" Deich mbliana níos faide anonn, tá sé suimiúil anois, i bhfianaise bua iontach Átha Cliath ar Chill Chainnigh i gcluiche ceannais an tSraith Iomána ag tús na Bealtaine seo caite, a teacht chun tosaigh ar Thiobraid Árann le gairid arís, sracfhéachaint a thabhairt arís ar an treoirphlean úd agus ar a bhfuil bainte amach san idirlinn.
níos faide i gcéin further afield
" Bhí George Best ar na peileadóirí ab fhearr ar domhan agus ba laoch é do na milliúin ar fud na Breataine agus na hÉireann agus níos faide i gcéin.
chuirfeas an scéal ní ba fhaide shall pursue the matter further
" An bhfuil aon cheannaire in Éirinn a ghlacfas an seasamh sin agus a chuirfeas an scéal ní ba fhaide? Ní leithscéal ar bith an tíreolaíocht.
ag baint faide as extending
" Ní go hannamh a cheapann daoine go bhfuil an dlíodóir ag baint faide as an chás ar mhaithe le tuilleadh airgid a shaothrú.
is faide ar dheis furthest to the right
" Tá Sinn Féin srianta ag dá rud: an bagáiste atá á iompar ag an bpáirtí ón gcogadh tubaisteach ó thuaidh, agus an seasamh frith-Eorpach a chuireann sa champa céanna iad leis na Tóraithe is faide ar dheis i Westminister.
an ball foirne is faide the longest (serving) member of staff
céim níos faide ná seo a step further than this
" ”* Téann Donal Flynn céim níos faide ná seo sa mhéid is nach measann sé go bhféadfadh beartais feidhmiúla eile lasmuigh den chóras oideachais an uaillmhian seo a bhaint amach ach an oiread: *“There can be no pragmatic steps for a project that is not itself pragmatic.
scarúint níos faide to separate further
" Is dócha gur ag trácht ar an Anti-Partition League agus an feachtas idirnáisiúnta a bhí ar bun ag Seán Mc Bride, mar Aire Gnothaí Eachtracha, a bhí de Blaghd nuair a scríobh sé i 1955 go mbíonn ‘ár gcuid Frith-Chríchdeighilteoirí de shíor ag déanamh a ndíchill go neamh-choinfheasach chun na hAondachtóirí agus na Náisiúntaigh a scarúint níos faide óna chéile agus chun an críchdheighilt a fhágaint tríd is tríd, níos doimhne agus níos daingne ná mar a bhí riamh!’ I bhfocla eile chuile uair a ardaíonn náisiúntóirí an cheist faoi Éire a athaontú, daingnítear i measc na bProtastúnach ó thuaidh an meon faoi léigear is cúis lena bhformhór mór a gcuid Éireannachais a shéanadh, amhail is gur cosaint é sin ar a dtraidisiúin mar Phrotastúnaigh, de shliocht na gcóilíneach.
céim níos faide a step further
" I mbliana, tá an eagraíocht ag iarraidh an smaoineamh seo a thógáil céim níos faide.
tráth is faide anonn at a later stage
" ) Pé scéal é, mhol na saineolaithe go ndíreodh rogha amháin ar scileanna teanga ardleibhéil, idir scileanna cainte agus scileanna scríofa, agus ar staidéar ar an litríocht sa Ghaeilge, agus “bheifí dírithe ar mhic léinn a bheartaíonn staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ag an tríú leibhéal agus/nó a d’fhéadfadh an teanga a úsáid ar mhodh gairmiúil tráth is faide anonn.
cadás níos faide siar agus ó thuaidh cotton further west and north
" Cuireadh cána i gceantar na Cairibe agus cadás níos faide siar agus ó thuaidh.
Mairimid níos faide we live longer
" Mairimid níos faide, ithimid ár sáith, agus don chuid is mó, tá dídean den scoth againn.
an bainisteoir is faide i bhfeighil the manager longest in charge
" Spéis na nÉireannach ========= I dteannta na mbuanna sin uile, bhain Alex Ferguson go leor gradam eile: an bainisteoir is faide i bhfeighil Manchester United (26 bliain), an bainisteoir is faide ag saothrú sa Phríomhroinn agus ‘Bainisteoir na Bliana’ gnóthaithe níos minice ná aon duine eile.
is faide ag saothrú sa Phríomhroinn longest working the premier division
" Spéis na nÉireannach ========= I dteannta na mbuanna sin uile, bhain Alex Ferguson go leor gradam eile: an bainisteoir is faide i bhfeighil Manchester United (26 bliain), an bainisteoir is faide ag saothrú sa Phríomhroinn agus ‘Bainisteoir na Bliana’ gnóthaithe níos minice ná aon duine eile.
an tréimhse is faide amuigh as an chathair the longest period out of the city
" Cé go bhfuil mé i mo chónaí i mBéal Feirste i rith mo shaoil - chaith mé seal i Meiricea 30 bliain ó shin, an tréimhse is faide amuigh as an chathair - tá dhá dtrian de ar a laghad nach bhfuil aithne ar bith agam uirthi.
níos faide leis longer as well
" Bhí sí níos troime chomh maith – agus níos faide leis.
níos faide anall from further afield
" Iasachtaí Fáin agus Gaeilge na hÁite =========== Sa dara haois déag, le linn do Gruffydd ap Cynan a bhí ina thaoiseach i Gwynedd, bhí trácht lucht éigse agus lucht ceoil anall ó chúige Laighean, agus níos faide anall, aimsir an Drochshaoil casadh Gaeilgeoirí ar an bhfear siúil George Borrow sna sléibhte.
an ceann ab fhaide suas faoi ghleann na habhann the one furthest up the river valley
" An chloch oghaim i séipéal Llanwenog an ceann ab fhaide suas faoi ghleann na habhann, í fiche míle ón bhfarraige.
a fhaide is chuamar chun cinn how far we'd progressed
" Léirigh cuairt na Banríona sa bhliain 2011 a fhaide is chuamar chun cinn, agus thuig muintir na tíre seo gur stairiúil an ócáid í.
síneann sé níos faide amach it stretches further afield
" Cuireann an Nollaig i gcuimhne duinn áfach, gur rud buanseasmhach í an fháilte dáiríre agus go síneann sé níos faide amach ná daoine muinteartha, ná ár bpobail féin amháin, agus go sroicheann sé go chomh fada leis an stróinséar, leis an duine nua sa phobal agus leis an duine atá scoite amach.
tamall níos faide longer (period)
" An tsráid lán le páistí agus comharthaí acu: "Ar Aghaidh Leat, a Dhaidí!"; "Táimid Bródúil Asat, a Mhichíl!" Mall ag Tosnú, Mall ag Rathú =========== An chéad mhíle éasca go leor, ach m'anam thóg an dara míle sin tamall níos faide.
ní gá breathnú níos faide ná ár n-ardchathair féin one needs to look no further than our own capitol
" Béile Saor in Aisce ======== Ach chun samplaí dearfacha a fháil d’úsáid haischlibe, i gcomhtheacs gnó, ní gá breathnú níos faide ná ár n-ardchathair féin.
stair níos faide a longer history
" Cé go bhfuil stair níos faide ag an haischlib i stair na ríomhaireachta is ar Twitter a chuaigh sé ó neart go neart.
ag titim níos faide ar gcúl ar falling further behind
" Is é a mhalairt atá fíor san Astráil, ar an drochuair, agus earnáil na déantúsaíochta ag titim níos faide ar gcúl ar thíortha forbartha agus ar thíortha i mbéal forbartha araon le blianta anuas.
Is faide cabhair Dé ná an doras help isn’t near at hand
" Is faide cabhair Dé ná an doras don mbeirt sin, shílfeá.
a imeallú níos faide uainn to ostracise (them) further
" Mar a mhínigh Panti dúinn go snoite snasta ní haon ionadh é go bhfuil gach mac máthair homafóbach go pointe áirithe agus go mbíonn sé ionainn go léir daoine ón imeall a cháineadh agus a imeallú níos faide uainn.
i bhfad níos faide a lot further
" ' Bean Inste Scéil ===== Bhí an méid sin thuas sa gcaint againn féin i nGaillimh le mo linnse, ach téann an míniú a bhí ag Mícheál Ó Coincheanainn i bhfad níos faide leis an scéal.
céim níos faide ar aghaidh a step further on
" ” Táimid Strunkaithe le Dearcadh Nua ============== Ait go leor, beagnach céad bliain i ndiaidh do Strunk an méid sin a rá, tá gluaiseacht nua de shaghas éigin ag teacht chun cinn sna Stáit Aontaithe a ghlacann leis an dearcadh saoil seo agus a thugann rudaí céim níos faide ar aghaidh.
dtíortha níos faide i gcéin countries further afield
" B'anseo a d'fhág an t-aos óg slán ag cairde is ag gaolta sular imigh siad siad chun na héiginnteachta san Oileáin Úr nó i Sasana nó i dtíortha níos faide i gcéin.