Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an buille fill the treacherous blow
" Is ansin a bhuail sé an buille fill: "Ó, agus ar chuidigh an t-ól leat an stádas a bhaint amach?" Seanchoncas faisisteach.
feall treachery
" Is é an feall é nach gcaithfidh na scórtha míle duine óg a vóta ar an 17 Bealtaine.
fheall deceit
" Cé go gcreidim go bhfaighfear an tUasal Lowry ciontach in 2003, ar bhealach éigin - fiú más amhlaidh go raibh caimiléireacht i gceist, agus níl aon dabht ach go bhfuil rian na caimléireachta ar an ghnó uilig - ní shamhlaím go gcruthófar aon fheall ina choinne maidir le bronnadh an chonartha teileachumarsáide ar an Uasal Denis O'Brien.
nuair a d'fhill a mheabhair when he regained consciousness
" Á ardú ar shínteán a bhí siad nuair a d'fhill a mheabhair, cuid dá chiall is a spiorad chuige.
feall foul
" Ní hé sin an cineál iompair a chleachtaítear sa ghalf de ghnáth agus cuireadh i leith fhoireann na Stát Aontaithe ina dhiaidh sin nach rabhadar spórtúil agus gur léirigh siad drochmheas ar a gcéilí comhraic agus ar chluiche an ghailf, cluiche a éilíonn ardchaighdeán ionracais - is minic imreoir ag admháil, cuir i gcás, go ndearna sé feall cé nach bhfaca éinne eile é.
feall gairmiúil professional foul
" Feicimid uaireanta foirne agus imreoirí ag imirt go mímhacánta agus ag baint úsáide as imirt gharbh chun stop a chur leis an bhfoireann eile i slite nach bhfuil ceadaithe de réir rialacha nó go ndéantar "feall gairmiúil" d'aon turas ar imreoir eile sa chás go bhfuil baol ann go scóralfadh sé cúl.
feall "gairmiúil" 'professional' foul
" An teoiric atá aige ná go bhfuil tréimhse ama ar an taobhlíne níos fearr mar bhagairt in aghaidh mí-iompair ná cárta buí leis féin toisc go dtéann pionós láithreach ar an imreoir a dhéanann feall "gairmiúil" cuir i gcás.
feall i ndiaidh fill foul after foul
" Ach ina áit sin rinne siad feall i ndiaidh fill agus iad faoi bhrú sa tréimhse dheireanach, agus bhronnadar deiseanna scórála ó phocanna saora ar Loch Garman.
feall foul
" Mholfainn gan an cárta dearg a úsáid ach go hannamh, is é sin nuair a dhéanann imreoir feall chomh dona sin go gcuireann sé imreoir eile as an imirt ar fad.
líon na bhfeall a dhéanfar the number of fouls that will be made
" Scríobhas i bhfábhar an athraithe seo cheana agus beidh sé suimiúil a thionchar a fheiceáil maidir le líon na bhfeall a dhéanfar agus líon na gcártaí buí a bhronnfaidh na réiteoirí.
a d’imreodh feall ar a bhean who would cheat on his wife
" Dúradh i gcás Bill Clinton, mar shampla, go mbeadh an té a d’imreodh feall ar a bhean sásta feall a imirt ar a thír chomh maith céanna! Bhíodh dearcadh ceartaiseach againne sa tír seo faoi scéalta dá gcineál.
dá n-imreodh na Sasanaigh feall eile ar Éirinn if the English played false with Ireland again
" Dúirt Pádraig Mac Piarais i 1912 dá n-imreodh na Sasanaigh feall eile ar Éirinn, “there is a band in Ireland, and I am one of them, who will advise the Irish people never again to consult with the Gall, but to answer them with violence and the edge of the sword.
d’fhill sí le cur fúithi she returned to settle down
" D’imigh mo chara ansin ar feadh seachtaine saoire agus, mí ina dhiaidh sin, d’fhill sí le cur fúithi sa chathair.
fheall treachery
" “Cad é atá ar siúl agatsa anseo, a Mháire Uí Ruairc? Nach cóir duit bheith sa bhaile ag ceiliúradh do bhua san ainmniúchán a fuair tú don chéad olltoghchán eile?” “B’fheidir gur chóir,” arsa an seanseanadóir scagbhéalach, “ach ní dhéanfaidh mé riamh dearmad ar an fheall a imríodh orm san olltoghchán deiridh.
d’fhill sí le cur fúithi she returned to settle down
" D’imigh mo chara ansin ar feadh seachtaine saoire agus, mí ina dhiaidh sin, d’fhill sí le cur fúithi sa chathair.
feall foul
" Trí lá roimh an phionós ó UEFA, fuair Fowler moladh ó cheannaire FIFA, Sepp Blatter, as cothrom na Féinne a léiriú i gcluiche in aghaidh Arsenal nuair a chuir sé in iúl don mholtóir, Gerald Ashby, nach ndearna cúl báire Arsenal, David Seaman, feall air, rud a shíl an Ashby.
gur fhill an feall ar an fheallaire that treachery returned to the betrayer
" An amhlaidh an cás sna ranna eile? Más ea, níl ann ach gur fhill an feall ar an fheallaire.
ó bhuillí fill from low blows
" Gan dabht, dhéanadh na smísteoirí leathanghuailleacha ar a fhoireann arbh é a bpríomhdhualgas é Gretzky a chosaint ó bhuillí fill, agus lucht stiúrtha an NHL a thuig gurbh earra luachmhar é, dhéanaidís cinnte de nach ndéantaí mórán dochair dó i gcluiche atá contúirteach go leor.
a d’fheall orthu which failed them
" Anois siúlaim leat i gcaorán na bhfuiseog is éistim le monabhar abhna do bhriathra ó Bhéal an Áthaagus cuirim mo bheola le do chneas atá cumhra, a ghrá, le sméara dubha Ghleann an Átha …i dtobainne, tá mé lán díot, a mhian, is níl a dhath le déanamh agam ach luí síos leat go dianar leaba seo an dáin agus tú a bhriatharú chun beatha … Gluais • Glossary glao coiligh a póigethe rooster call of her kiss mullaightop of house buí-ómrayellow-amber bruth análahot breathing múr teasabank of heat cága callánachanoisy jackdaws á ngríosúinciting them a ngiúmaráilhumouring them go breabhsántasprightly meall gréineorb cabhail chathrachcity body spréite go hanástaspread awkwardly tnáitejaded basár a brollaighthe bazaar of her bosom ag borradhswelling dlaoithe casacurly tresses cabhsaí dúshlánachachallenging lanes á gclutharú féinhiding themselves méalasorrow buairtvexation cruachásdistress ag déanamh tochtagrieving silently an tréanthe strong ag tromaíocht ar an truadenigrating the wretch meannánkid méileachbleating scrínteshrines bean feasa na gclós ársawise woman of the ancient yards dhorchaigh spéir a súlthe sky of her eyes darkened ceannaircrevolt a d’fheall orthuwhich failed them boige paidrethe softness of prayer le báinífurious bhruth bréan bildeálathe foul heat of the building site ag déanamh angaidhfestering i bhforógraí bagracha lucht léirsithein the threatening proclamations of the demonstrators bhachlógachindistinct siogairlínípendants glémhaiseachexquisitely beautiful go ríogúilregally teanga túisetongue of incense ag clingireachtringing bantracht bheoshúileachthe quickeyed women le coim na hoícheat nightfall ag spréamh cheannbhrat glé an dorchadaisspreading the bright canopy of darkness bioráinpins ag lonrúshining clóca sróilcloak of satin aigeantaspirited buimefoster-mother deoch shuainsleeping-draft spréachspark súgachmerry ag glinniúintsparkling tú a mhuirniúto caress you linntepools cumhaloneliness le tú a aoibhnniúto make you blissful ionúinbeloved másaíthighs a niamhraigh mo dhánwho made resplendent my poem i gcaorán na bhfuiseogin the bog of the larks monabharmurmur chneasskin cumhrafragrant miandesire
go ndearnadh feall orthu that they were let down
" Feictear do Pholannaigh gur caitheadh go mífhéaráilte leo, go ndearnadh feall orthu sa 20ú haois agus go bhfuil siad fós ag fulaingt de dheasca an fhill seo.
de dheasca an fhill seo because of this let-down
" Feictear do Pholannaigh gur caitheadh go mífhéaráilte leo, go ndearnadh feall orthu sa 20ú haois agus go bhfuil siad fós ag fulaingt de dheasca an fhill seo.
ní fheallfaidh an Pholainn ar chomhghuaillí dá cuid Poland will not let down an ally of hers
" Rinne an tAire Gnóthaí Eachtracha, Włodzimierz Cimoszewicz, an scéal a bhréagnú, ag rá “ní fheallfaidh an Pholainn ar chomhghuaillí dá cuid den chéad uair, cé gur minic atá feall imeartha ar an bPolainn ag a comhghuaillithe san am atá caite”.
Feall, a réiteoir? Fou, referee?
"Feall, a réiteoir? Cad é atá i gceist agat? Ní dhéanfainn riamh a leithéid.
feall i ndiaidh fill let-down after let-down
" Bhí an rialtas anseo i ndiaidh feall i ndiaidh fill a dhéanamh orthu.
feall betrayal
" Príomhghiúróir an ghiúiré a ghearr an téarma príosúnachta orm, fíu amháin - tháinig seisean chugam le pictiúr a cheannach uaim!” I ndeireadh na dála, b’fhéidir nach léiriú é an scéal seo ar ghliceas beirt rógairí, ach léiriú ar chomh réidh - ní deirim toilteanach - is atá saol na healaíne le déileáil leo siúd a d’imreodh feall orthu.
feall mharfach deadly treachery
" Tuigim go ndearnadh feall mharfach ar an gcine daonna ar an láthair seo ach is beag a ghoilleann an t-eolas agus an tuiscint seo orm.
nuair a d'fhill a lán imreoirí ar Éirinn when a lot of players returned to Ireland
" "Tháinig deireadh leis an chlub John Mitchels nuair a d'fhill a lán imreoirí ar Éirinn ag tús na mílaoise le postanna a fháil,” a deir Conal.
feall na haicme liteartha the treachery of the literary class
" Tugann Ní Dhuibhne spíd, uaillmhian agus feall na haicme liteartha chun solais le línte beaga a ghearrann go croí: “*Now she found herself facing Carl Thompson, one of the Irish writers whom she would rather not meet, ever.
feall betrayal
" Ach tá go leor daoine sa tír fós den tuairim go ndearna sé feall ar rialtas Whitlam.
sular fhill before returning
" ” Rith mé ó shiopa go siopa sna laethanta deiridh sular fhill mé abhaile, agus mé ag ceannach éadaí, coinnle, seodra, dlúthdhioscaí agus cibé rud eile a bheadh oiriúnach do ghirseach seacht mbliana déag d’aois.
feall foul
" Ní bhíonn gá le réiteoir dáiríre mar ní dhéantar calaois ná feall ná ní bhíonn argóint ná troid idir imreoirí.
d'fhill returned
" Is as An Chéinia í Ambreena agus bhí an-suim aici sa Ghaeilge nuair a chuala sí na páistí i gCiarraí á labhairt agus thosaigh sí féin ag freastal ar ranganna i Learpholl nuair a d'fhill sí ansin.
D'fhill returned
" D'fhill muid ar ais go Hayfield sa dorchadas, sona sásta.
d'fhill returned
" Bhog sé go dtí An Spáinn ar feadh seala chun an giotár clasaiceach a fhoghlaim agus nuair a d'fhill sé ar Learpholl, mhúin sé an uirlis do dhaoine eile.
d'fhill returned
" Bhog sé go dtí An Spáinn ar feadh seala chun an giotár clasaiceach a fhoghlaim agus nuair a d'fhill sé ar Learpholl, mhúin sé an uirlis do dhaoine eile.
feall evil deed
" Cead a gCinn do na feallairí “*Scratch a counterintelligence officer in the U.
bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire what goes around comes around
" ” Ach má fhaigheann muintir Mheiriceá amach an fhírinne maidir lena “chairde” Iosraelacha riamh, seans go bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire.
nár fhill didn't return
" Deir sé liom gur chaith sé deich lá i Londain uair amháin, nuair a bhí sé seacht déag, gan pingin, gan dídean agus nár fhill sé ó shoin.
feall evil deed
" Bhí an baol ann go n-imreoidís feall ar an phobal Moslamach agus go leathnódh an deighilt idir an dá phobal.
fhill dirty deed, foul
" com/watch?v=juYmKSYQiy0) Chríochnaigh an cluiche go gairid i ndiaidh an fhill agus de réir na n-údar agus lucht saineolais, chaill an fhoireann ab fhearr.
fhill returned
" Idir an dá linn, d’fhill an Gulfstream go Baile Dhónaill, d’fhan sé díomhaoin ar feadh dhá lá sular fhill sé go Bordeaux leis an cheathrar a thabhairt abhaile.
feall wrong
" Tá a fhios againn go rímhaith go bhfuil feall á dhéanamh ar phobal na hÉireann, go ndearna an Dáil feall orthu nuair a thug siad uathu ar fad agus ar ndóigh, thar oíche, tá siad ag déanamh an rud ceannann céanna.
gníomhartha fill foul deeds
" Meas tú céard a cheapfadh an gnáth-Mheiriceánach faoi leithéidí Lieberman, a mhaíonn gurb é an stát Giúdach an comhghuaillí is fearr atá acu, dá mbeadh a fhios aige gur chuir gníomhairí Iosraelacha buamaí loiscneacha i saoráidí Meiriceánacha san Éigipt i 1954 le heasaontas a chothú idir Nasser agus SAM; gur mharaigh Iosrael 34 Meiriceánach nuair a d’ionsaigh siad an USS Liberty d’aon ghnó ar 8 Meitheamh, 1967; go ndearna spiaireacht na nIosraelach, go háirithe spiaireacht Jonathan Pollard, an-dochar go deo do SAM; go raibh cúigear gníomhairí Mossad ag scannánaíocht agus ag ceiliúradh ionsaithe 9/11; gurb é Iosrael agus a gcairde i Meiriceá foinse na faisnéise bréagaí i dtaobh na hIaráice; agus faoi go leor gníomhartha fill eile nach iad? Lena iarracht seo an t-idirlíon a mhúchadh, an é muintir Mheiriceá atá á chosaint ag Lieberman ó sceimhlitheoirí? Sin, nó an iad a leathbhádóirí fealltacha atá á chosaint aige ó mhuintir Mheiriceá?
ghníomhartha fill fould deeds
" Agus neamhaird á déanamh acu ar an bhfianaise maidir le réamhfhios na nIosraelach, cuireann Snopes ceist reitriciúil: *“Why would Israel follow such a course of action, betray its staunchest ally, and doom thousands of innocent Americans to death?”* D’fhéadfaí fiafraí chomh maith cad chuige ar chuir gníomhairí Iosraelacha buamaí loiscneacha i saoráidí Meiriceánacha san Éigipt i 1954? Nó cad chuige ar ionsaigh Iosrael an USS Liberty d’aon ghnó ar 8 Meitheamh, 1967 nuair a mharaigh siad 34 Meiriceánach? Nó cad chuige nár thug Mossad rabhadh do SAM faoin ionsaí ar dhún na Muirshaighdiúirí i mBéiriút ar 23 Deireadh Fómhair, 1983 nuair a maraíodh 241 Meiriceánach? Nó cad chuige ar chuir Oibríocht na Traí de chuid Mossad ina luí ar Washington go raibh an Libia freagrach as an mbuamáil dioscó i mBeirlín ar 5 Aibreán, 1986 nuair a maraíodh beirt shaighdiúirí de chuid SAM? Go dtí seo, níl aon imscrúdú déanta ag Snopes faoi ghníomhartha fill seo na n-Iosraelach ar a “chomhghuaillí daingean.
feall foul
" Is annamh a fheictear maoir ag cur ina luí ar réiteoir go bhfuil feall déanta.
d’fhill returned
" Mar chuid de chlár úr raidio, d’fhill an tAthair Mallin ar an gcillín céanna.
feall deceit
" 'Daoine a Itheann Daoine' le Mícheál Ó Ruairc ==================== Bailiúchán samhlaíoch gearrscéalta anseo ó Mhícheál Ó Ruairc, a chéad chnuasach do dhaoine fásta, ina gcaitheann sé súil spraíúil, ghrinn ar cheisteanna na linne ina bhealach éagsúil, áibheileach féin: canablacht agus ciníochas, gliúcaíocht agus fealsúnacht, dílseacht agus grá, feall agus éad, fir mná agus muca - lón machnaimh agus pléisiúir don té a thabharfaidh faoi.
fheall treachery
" Má tá Lynch agus a chomhleacaithe ciontach as an fheall sin a imirt, rinne Charlie McCreevy amhlaidh nuair a d’fhógair sé go gcaithfeadh sé a raibh aige.
líon na bhfeall number of fouls
" Dhá fhocal scoir ======= Ar dtús, d’fhéadfadh an CLG foghlaim ó na cluichí iománaíochta/camanachd agus dhá chúilín a bhronnadh ar phoc saor a chuirfí thar an trasnán – laghdódh sé ar líon na bhfeall dar liom.
feall deceit
" I mbunú an pháirtí úrnua seo, tá cinneadh críochnúil déanta againn scaradh go deo le seanpháirtí na teipe; nach bhfuil d’oidhreacht fágtha aici ach an tubaiste agus an feall.
Is mór an feall a imríodh a great injustice was wroth
" Is mór an feall a imríodh ar an teanga fosta mar nár cuireadh inniúlacht inti san áireamh do phostanna sinsireacha a mbeadh tionchar acu ar an fhreastal a dheintear ar chainteoirí Gaeilge ina gcaidreamh leis an státchóras.
d’fhill returned
" Agus a sheal rite leis an gclub sin, d’fhill Giles ar Éirinn i 1977, agus chuaigh ag imirt agus ag bainistiú le Ruagairí na Seamróige go dtí 1983.
D’fhill returned
" D’fhill Tom Crean ar ais go Abhainn an Scáil i 1916, áit ar oscail sé, lena bhean chéile Ellen, The South Pole Inn.
feall foul
"feall á dhéanamh ag an mbeirt chosantóirí, Noel Hickey agus JJ Delaney, ar an Seanachánach a bhfuil ceithre lámh na beirte timpeall a mhuiníl, gan an sliotar le feiceáil.
fhill sé he returned
" Níor luaigh sé, áfach, go raibh ElBaradei ina bhall de bhord an International Crisis Group—eagraíocht neamhrialtasach a bhunaigh agus a mhaoinigh Soros—go dtí gur fhill sé ar a thír dhúchais ar 27 Eanáir, dhá lá i ndiaidh tús na n-agóidí.
d’fhill siad they returned
" Ach ina áit sin, d’fhill siad ar an sean-nós, agus thacaigh siad le Fine Gael nuair a bhí siad tuirse de Fhianna Fáil.
d'fhill siad they returned
" Ach bhí an chuid is mó den bhuíon tuirseach faoin am sin agus d'fhill siad síos ar ais.
D’fhill returned
" D’fhill sé ar Mheicsiceó sna 20í agus bhí sé ina bhall de ghluaiseacht múrmhaisiú Mheicsiceó, gluaiseacht ealaíonta intleachtach a thug tacaíocht don fheachtas ar son comhionannais do mhuintir dhúchais na tíre.
D’fhill muid we returned
" D’fhill muid ar an Oileán Fada an tráthnóna sin, áit ar chaith muid beagnach seachtain ag ligean scíthe.
D’fhill an teaghlach the family returned
" D’fhill an teaghlach go Beijing arís i 1975 agus is dócha go ndeachaigh an tréimhse seo go mór i bhfeidhm air, mar gur bheartaigh sé seasamh a ghlacadh ar son na saoirse.
feall déanta orainn we’ve been wronged
" Mar sin, nuair a fhaighimid amach go bhfuil laoch spóirt dár gcuid gan a bheith foirfe agus níos measa ná sin, é a bheith ina chladhaire nó ina rógaire, ina fhalcaire nó ina scabhaitéir, bíonn díomá agus fearg orainn, braithimid go bhfuil feall déanta orainn.
is é an feall it’s an aweful shame
" Nuair a tháinig deireadh le fiannas Fhórsaí Cosanta na hÉireann i ndeisceart na Liobáine, is é an feall nár féachadh leis an chomhthuiscint agus an tsaintaithí sin a fuair oifigigh na hÉireann sa Mheán-Oirthear a chur i bhfeidhm ar mhaithe le comhthuiscint idirnáisiúnta.
feall ar betrayal
" Nuair a dhéanann dlíodóir feall ar chliant is beag faoiseamh a fhaigheann an cliant seo ó Dhlí-Chumann na hÉireann.
fhill muid we returned
" Cúis eile ná gur fhill muid ar an óstán i ndiaidh an Aifrinn agus bhí tine chraosach ar lasadh sa bheár, leamhacháin fágtha in aice leis dá mba mhian leat iad a róstadh.
d'fhill an teaghlach the family returned
" D'fhreastail sí ar an bhunscoil taobh thiar den séipéal, ach nuair a fuair a deirfiúr bás, agus ansin a máthair, i 1919, d'fhill an teaghlach go Muineachán, áit ar chaith Owen seal leis an fheirmeoireacht.
d’fhill sé ar he returned to
" Cuireadh dul chun cinn agus pleananna Dhaithí ar gcúl áfach de bharr gortú láimhe agus d’fhill sé ar Choláiste Eoin chun staidéar a dhéanamh don Ardteistiméireacht.
d’fhill mé ar I returned to
" Bhí an fhéachaint fuaime ar siúl nuair a d’fhill mé ar an teach ar ball.
Fill Arís return again
" *) Fill Arís === Agus scéalta cosúil le seo á aithris ag Tóibín, cloistear cogar ón bhfile áitiúil Seán Ó Ríordáin.
feall a thug an deis a bad deed which provided the opportunity
" Thacaigh an Eaglais Phreispitéireach le Fuadach nan Gàidheal 1782 – Uileloscadh na hAlban – feall a thug an deis do na Saor-Phreispitéirigh gean agus taca an mhuintir Ghaidhealtachd na hAlban a bhaint dóibh féin.
D'fhill returned
" D'fhill an daonlathas ar an gcuid sin den Eoraip an athuair.
d’fhill returned
" Is dea-chomhartha i gcónaí do thír nuair a thagann fás faoin daonra, cé i gcás na hÉireann, bhí an inimirice comhdhéanta d’Éireannaigh a d’fhill abhaile agus iad siúd as Oirthear na hEorpa a tháinig chugainn ar lorg oibre.
na gníomhartha fill seo these foul deeds
" Ní hé go ndearnadh na gníomhartha fill seo in aon chúinne amháin den tír ach an oiread mar gheall gur shínigh na láithreacha coire fud fad na tíre ó München, Heilbronn agus Nürnberg i nDeisceart na Gearmáine, go Dortmund agus Kassel in iarthar agus i lár na tíre, síos go Hamburg agus Rostock sa taobh ó thuaidh.
d’fhill returned
" Nuair a bhí an t-ualach beagnach crochta agam, d’fhill cuid de na ceoltóirí.
d’fhill returned
" Caint aonair atá ann, le Leanne Best ina Sal, Éireannach den dara glúin a d’fhill ar ais go Oileán Dairbre, Co.
D’fhill sé ar he returned to
" D’fhill sé ar a thír dhúchais i 1992, ach bhí fáilte chomh croíúil ag an slua roimhe gur chuir an rialtas thar teorainn ar an iasacht arís é ar fhaitíos na réabhlóide.
d’fhill siad they returned
" Láimh leis an Bhás ======= Caithfear a thuiscint go raibh na marthanóirí brúite in aice leis na daoine a fuair bás, páistí ina measc - chuala siad iad ag scairteadh amach, chonaic siad dreach an uafáis ar a n-aghaidheanna, mhothaigh siad a gcoirp ag streachailt, bhí siad taobh leo nuair a bhí siad i ndeireadh na feide, ag druidim leis an éag, agus ansin nuair a d’fhill siad abaile chuala siad ó na meáin chumarsáide go raibh an locht orthu féin, d’ainneoin a gcrógacht ar an lá.
Is é an feall it’s an awful pity
" Is é an feall nach dtugann an dream óg atá thuas sa saol anois cuairt ar na daoine eisceachtúla sin.
aon chruthúnas ann go ndearna na póilíní feall ar any proof that the police played foul
" Cuireadh an fhianaise nua thuasluaite faoi bhráid an athbhreithnithe bhreithiúnaigh, ach chinn an breitheamh go raibh an fíorasc bunúsach iontaofa de bharr nach raibh aon chruthúnas ann go ndearna na póilíní feall ar an seisear, in ainneoin a n-iompar coiriúil i gcásanna eile.
d’fhill mé ar I returned to
" An chéad uair a d’fhill mé ar an mbínse, ní raibh deoraí romham.
D’fhill sé ar he returned to
" D’fhill sé ar Londain ina dhiaidh sin is bhain slí bheatha amach mar fháidh.
D’fhill returned
" D’fhill Hijmans ar Éirinn chun a leabhar nua Splancanna ó shaol eile a chur chun cinn, agus bhuail suaitheadh na hathsaíochta seo abhus é.
d’fhill sé ar an aclaíocht he returned to activity/ training
" An scéal céanna le Colm O Neill ar fhoireann Chorcaí, ar mhí-ámharaí an tsaoil rinneadh ciseach dá ballnasc croiseach tosaigh faoi trí agus is annamh a tharlaíonn sé faoi trí! An tríú huaire a tharla sé ná i mí Mhárta anuraidh agus d’fhill sé ar an aclaíocht i mí Eanáir i mbliana.
d’fhill sé ar leigheas ársa he returned to an ancient cure
" Cé nár réitigh na seanfhreagraí polaitiúla agus stairiúla le de Fréine agus aghaidh á thabhairt aige ar shochaí níos sláintiúla ná sochaí a linne, fé dheireadh d’fhill sé ar leigheas ársa.
Feall na Teicneolaíochta technology’s treachery
" Feall na Teicneolaíochta =========== Sin é an rud faoin teicneolaíocht: téann sé i bhfeabhas agus i gcumhacht gan stad gan staonadh.
Filleann an feall ar an bhfeallaire what goes around comes around
" Filleann an feall ar an bhfeallaire.
ag iarraidh feall a imirt orainn trying to do us a bad turn
" An ligfidh nádúr an chine daonna dúinn riamh an chéim mhór chun tosaigh a thógáil a fhad is a bhfuil grifters, is sharks, is con-artists amuigh ansin ag iarraidh feall a imirt orainn? De réir an tsaineolaí slándála Bruce Schneier, táimid ag éirí níos drogallaí in aghaidh contúirtí de réir a chéile toisc ár n-in-oiriúnachta.
a d’fhill ar mhargadh na hÉireann i n-éis which returned to the Irish market after
" Bhí Daragh Ó Tuama ag tiomáint ar feadh seachtaine carr as an gCóiré a d’fhill ar mhargadh na hÉireann i n-éis cúig bliana de shos díolaíochta.