Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fearadh excrement
" Fuarthas amach go raibh draein calctha ag oibreacha cóireála uisce agus seans go raibh fearadh ainmhithe ag dul isteach san uisce dá bharr sin.
cuirtear fearadh na fáilte rompu they are warmly welcomed
" ) "Tagann ceoltóirí as Éirinn fosta, agus cuirtear fearadh na fáilte rompu," a deir Murchadh.
fearadh cogadh trádála a trade war was waged
" Níor íocadh na hAnáidí Bliantúla Talún leis an gCoróin; fearadh cogadh trádála, ní cogadh tine ar an mBreatain.
fearadh na cogaíochta seachas coinneáil na síochána %u2026 waging war rather than peace-keeping
" Ach tá dhá phointe intuigthe cheana: méadófar ar an chaiteachas ar an arm agus is é fearadh na cogaíochta seachas coinneáil na síochána príomhchúram arm Cheanada thar lear feasta.
go gcuireann siad fearadh na fáilte roimh an moladh maidir leis an bpoblacht that the welcome the proposal regarding the republic
" D’eisigh ARM preaseisiúint díreach tar éis na comhdhála thuasluaite inar léirigh siad go gcuireann siad fearadh na fáilte roimh an moladh maidir leis an bpoblacht, agus d'éiligh siad go reáchtálfaí an phobalbhreith tháscach nuair a dhéanfar an chéad olltoghchán eile a ghairm, is é sin, sa bhliain 2010, is dócha.
fearadh na fáilte a hearty welcome
" Aisteach le rá, cé go raibh an-tóir ar na mná óga abhus, níor chuireadh fearadh na fáilte roimh na dílleachtaí ar an Earl Grey, nó roimh a gcomhpháirtithe a tháinig i dtír ní ba dhéanaí sa scéim.
Fearadh fáilte is fiche roimh (the announcement) was heartily welcomed
" Fáilte roimh an deis oibre Fearadh fáilte is fiche roimh an bhfógra ag na rialtais sna ceithre thír thuas.
fearadh fáilte chroíúil given a hearty welcome
" Bhí Amharclann an Stáit ag cur thar maoil, agus murab ionann agus dhá bhliain ó shin, fearadh fáilte chroíúil an dul seo roimh ‘Kino’.
fearadh na fáilte a hearty welcome
" Cuireann na heagrais Ghaeilge fearadh na fáilte roimhe agus iad ag maíomh go bhfuil sé ar cheann de na gníomhartha is tábhachtaí do thodhchaí na teanga ó bunaíodh an Stát.
Fearadh fáilte was warmly welcomed
" Fearadh fáilte roimh a fhógra, cé go raibh daoine go leor abhus den tuairim go raibh sé i bhfad thar am do na húdaráis Astrálacha buíochas a ghabháil leis na haingil.
fearadh na fáilte extend a welcome
" Nuair a d’éirigh leis an pálás a bhaint amach faoi dheireadh, bhí Dermo ag fanacht leis chun fearadh na fáilte a chur roimhe.
ag fearadh extending
" Tá mé ag fearadh fáilte roimh lucht na meán cumarsáide amach ar an phortach Dé Luain seo chugainn (sónraí thíos) le cuidiú beag éigin a thabhairt leis an mhóin a tharraingt abhaile in éineacht le roinnt teaghlach.
ag fearadh offering, standing
" I gcás nach mbeadh an Teachta McGinley ag fearadh toghcháin iarraidh eile, b’fhéidir go mbronnfaí an cúram ar Ghaeilgeoir eile de chuid an páirtí – Fergus O’Dowd.
a fearadh roimhe he was ever offered
" Má shíl Balor gur fáilte fhuar dhoicheallach a fearadh roimhe, níor chuir sé as dó beag ná mór.
fearadh fáilte Uí Cheallaigh roimhe ann he was greatly welcomed there
" Nuair a chuala na lúthchleasaithe Meiriceánacha faoin masla seo, thug siadsan cuireadh dó agus fearadh fáilte Uí Cheallaigh roimhe ann.
cuireadh fearadh na fáilte rompu they were warmly welcomed
" Bhí Daniel O Connell, an Fuascailteoir, go láidir i bhfách le cealú na sclábhaíochta agus nuair a tháinig daoine dubha ó Mheiriceá san 18ú céad le labhairt ar an sclábhaíocht sna hIndiacha Thiar - a chuir go mór le rath phoirt na hÉireann - cuireadh fearadh na fáilte rompu.
ag fearadh céad mílte fáilte welcoming
" An fhad is a bhí cruinniú mór an G8 ar siúl i gContae Fhear Manach, áit a raibh Príomh-Aire na Breataine ag fearadh céad mílte fáilte go hÉirinn roimh cheannairí an domhain agus roimh Thaoiseach na hÉireann féin, bhí Michelle Obama agus a beirt iníonacha i mBaile Átha Cliath.
ag fearadh fáilte is céad roimh scoláirí na seachtaine welcoming the week's scholars
" Bhí sé ina sheasamh ag barr an halla agus é ag fearadh fáilte is céad roimh scoláirí na seachtaine: “Níl ATM ar bith i nGleann,” a dúirt sé, “ach beidh mé féin ag dul chuig na Cealla Beaga maidin amárach.
Fearadh na múrtha fáilte roimh was warmly welcomed
" Fearadh na múrtha fáilte roimh Mhichael Dee nuair a shroich sé Caisleán Windsor.