Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
feicthe seen
" Tá a lán áiteanna feicthe agam i Meiriceá.
an bhfuil ár sáith feicthe againn have we seen enough
" Ainmhithe picilthe, leapacha neamhchóirithe, cac eilifinte, spásanna bána agus solas lom iontu … An bhfuil rud ar bith fágtha amuigh ansin i saol na healaíne chun scannal a chur orainn nó an bhfuil ár sáith feicthe againn? Tá am Dhuais Turner tagtha arís agus an rírá agus ruaille buaille a théann leis.
feicthe ann seen there
" Dúirt siad go raibh tuairiscí faighte acu go raibh scairdeitleán Meiriceánach a úsáideadh chun daoine a fhuadach feicthe ann ó am go chéile.
tá mo dhóthain feicthe agam I've seen enough
" In ainneoin gur beag a fheicim agus a chloisim de na cluichí peile agus iomána agus mé i mbun mo chuid oibre, tá mo dhóthain feicthe agam de na cluichí agus míreanna tráchtaireachta cloiste agam ar Raidió na Gaeltachta agus ar RTÉ le mé a choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn na gcontaetha éagsúla.
go raibh rud éigin uafásach feicthe acu that they had seen something terrible
" Leathbhealach tríd an pharáid, bhrúigh beirt acu isteach sa pharáid go tobann agus shíl mé go raibh rud éigin uafásach feicthe acu i measc na siúlóirí.
feicthe seen
" Go mbeadh an oiread sin fonn ar cholúnaithe an drochrud a rá, cuid acu gan an stáisiún a bheith feicthe acu, cuid acu sular thosaigh an stáisiún ag craoladh.
ní raibh sé feicthe agam I hadn't seen him
" Chuala mé go bhfuair sé bás ach ní raibh sé feicthe agam le blianta, blianta fada.
nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, which was hitherto unseen,
" Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.
nach bhfuil Sabine feicthe agam that I haven't seen Sabine
" Tá an ghné sin den chás á fhiosrú ag mo dhlíodóir faoi láthair, ach is é bun agus barr an scéil ná nach bhfuil Sabine feicthe agam le breis agus ceithre bliana.
feicthe seen
" ) Tugtar an Red Centre ar lár na hAstráile agus is minic atá an lár dearg feicthe agam.
feicthe have seen
" Tá sé feicthe go minic cheana agam.
feicthe seen
" Tá an claonadh seo feicthe arís agus arís eile ag gníomhaithe éagsúla.
feicthe seen
" Ní raibh an sórt seo misnigh nó dóchais feicthe ag an óige le fada agus is cinnte nár mhothaigh siad a leithéid faoina dtír féin le caimiléireacht a bpolaiteoirí agus le ‘tarrtháil’ CAI na tíre.
a leithéid feicthe aige having already seen such
" Ach mo chapaill, a leithéid feicthe aige na mílte uair roimhe agus an córas ar eolas aige, lasc sé leis faoi luas ina diaidh.
feicthe sa bunshaothar seen in the original work
" Is dócha go ndéanfaidh na moltaí seo leas agus go gcuirfear béim níos mó ar aoir Uí Nualláin atá feicthe sa bunshaothar, ach go háirithe, an líne cháiliúil i litríocht agus ar uaigh Uí Chriomhthain, “Mar ná beidh ár leitheidí arís ann”.
feicthe saw
" Mar ní mise an t-aon duine a raibh an fógra feicthe aige sa *Radio Times*.
nach raibh feicthe aige he had not seen
" Anois bhraith sé fann folamh ar chuile bhealach i n-éis a raibh is nach raibh feicthe aige sa tsaol agus bhí an t-anam ann a thiomáineann an duine chomh folamh leis féin.
a bhfuil feicthe againn of what we’ve seen
" Ina theannta san, i bhfianaise a bhfuil feicthe againn le bliain go leith anuas, is geall le gluaisneoir dochloíte í foireann seo na hardchathrach, go háirithe i bPáirc an Chrócaigh.
Tá scannáin feicthe againn go léir we’ve all seen films
" Tá scannáin feicthe againn go léir agus an turnaimint giústála á léiriú iontu.
cloiste agus feicthe heard and seen
" Tá go leor rudaí suimiúla cloiste agus feicthe ag Liz Curtis ó thosaigh sí ag obair mar rúnaí sealadach i mBéal Feirste.
feicthe seen
" Tá Donncha Ó hÉallaithe agus a chairde ag déanamh bealaigh ar an bhfarraige mhór ó thuaidh ach ní hí an aimsir is fearr atá feicthe acu ó d’fhágadar Gaillimh ina ndiaidh leis an Íoslainn a bhaint amach.