Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
íomháú feidhmiúil athshondas maighnéadach functional Magnetic Resonance Imaging (fMRI)
" Fhad is bhí sé sin ar siúl bhí monatóireacht á déanamh ar an inchinn le teicníocht a dtugtar íomháú feidhmiúil athshondas maighnéadach uirthi, a thaispeáin cén chuid den inchinn a raibh breis ocsaigine á úsáid inti nuair a bhí an córas teanga á úsáid.
an beart is feidhmiúla the most effective action
" Is é an beart is feidhmiúla ná go dtabharfaí cúnamh praiticiúil do dhaoine a d'fhulaing nó ar bhain tráma dóibh de dheasca na dtrioblóidí.
feidhmiúil effective
" Is fusa go mór a bheith ag casaoid is ag cásamh faoi rud agus glacadh leis gur mar sin atá an saol, ná éirí amach agus rud éigin feidhmiúil, cuiditheach a déanamh faoi.
fheidhmiúil efficient
" Gan amhras ar bith, fágann na lochtanna seo go gcuirtear an t-uafás airgid amú agus nach gcuirtear seirbhís fheidhmiúil ar fáil don phobal.
go feidhmiúil effectively
" Chomh maith leis sin, tá tuiscint iontach ag Michael ar an pheirspeicíocht líníoch, ar chodarsnacht línte agus ar na marcanna éagsúla a chuireann toin agus uigeachtaí an cheantair i láthair go feidhmiúil.
feidhmiúil effective
" Tá an tuairim aige gur gá córas iompair phoiblí feidhmiúil a chur ar bun agus bonneagar úrnua a thógáil má tá an pobal le dul i ngleic leis an nganntanas breosla feasta.
an-fheidhmiúil very effective
" Ba é Seán Ó Cearúil a bhí i mbun eagarthóireachta agus a rinne obair an-fheidhmiúil ar chúrsaí fuaime an chláir.
feidhmiúil effective
" Caithfidh sé go bhfuil go leor muiníne ag polaiteoirí na tíre sin as GSK vacsaín slán feidhmiúil a tháirgeadh in am.
feidhmiúil effective
" Dealraíonn láithreacht leantach na saighdiúirí agus na bpóilíní eachtrannacha nach bhfuil sochaí shíochánta ná rialtas feidhmiúil bunaithe sa tír go fóill.
is feidhmiúla most effective
" Ní féidir an milleán ar fad a chur ar imreoirí, ar lucht traenála ná ar bhainisteoirí – imrítear an cluiche ar an mbealach is feidhmiúla, dar leo.
feidhmiúil useful
" com ag úsáid gach a bhfuil feidhmiúil arlíne chun pobal a chothú, pobal óg le Gaeilge, go háirithe agus tá siad á dhéanamh ar chostas beag ag úsáid feidhmchláracha gréasáin atá saor in aisce, nó ar a laghad, saor.
níos feidhmiúla more effective
" Tá an polasaí pearsanra níos solúbtha, tá níos mó iomaíochta ag baint leis, tá sé dílárnaithe agus tá sé níos feidhmiúla.
fheidhmiúil effective
" Más éiric a bhí i roghnú Mau mar áit chónaithe áfach, níorbh fheidhmiúil an éiric é ós rud é go bhfuil Ogiek na Foraoise chomh tugtha sin don áit nach bhfuil siad sásta bogadh amach as, de réir mar atá beartaithe ag an rialtas dóibh.
deontas feidhmiúil effective grant
" Lena chois sin beidh deontas feidhmiúil stáit á fháil ag Gaelscéal ó Fhoras na Gaeilge, rud a chuideoidh leo maireachtáil fríd am an ghátair.
feidhmiúil efficient
" Dar leis na húdair, Yves Sciama agus Nicolas Chevassus, go dtí go dtuigtear conas fuinneamh aibhléise a thaisceadh ar bhealach feidhmiúil agus saor, is beag tairbhe iad na muilte gaoithe atá á dtógáil ar fud na hEorpa.
níos feidhmiúla more efficient
" ie/about-us/) Is cosúil gurb é an t-aon réiteach atá againn ar an ngéarchéim fuinnimh go fóill, comhairle a chur ar dhaoine conas gearradh siar ar an méid fuinnimh a úsáidimid, nó conas an fuinneamh seo a úsáid ar bhealach níos feidhmiúla.
feidhmiúil effective
" Ceann de na mórchonstaicí a bhí roimh fheidhmiú feidhmiúil an pholasaí Ghaeilge go dtí seo ab ea an dúbailt oibre idir eagraíochtaí éagsúla na Gaeilge.
is feidhmiúla most useful
" Agus d’fhéadfaí an chuid is feidhmiúla agus is iontaí de shaol nua na mbailte a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta (monarchana, teilifís, cumarsáid).
feidhmiúla practical
" Mhaígh Ó Tuathail sa chúirt go bhfuil sé intuigthe sa Bhunreacht go bhfuil sé de cheart ag cainteoir Gaeilge as an Ghaeltacht a chás a chur i nGaeilge os comhair coiste a mbeadh Gaeilge acu, ach deir an Stát go mbainfeadh deacrachtaí feidhmiúla le sin.
go feidhmiúil practically
" Tá cuid de na hacmhainní tonnfhuinnimh is fearr ar domhan ag Éirinn, agus de réir taighde atá déanta ag Fuinneamh Inbhuanaithe na hÉireann / *Sustainable Energy Ireland*, SEI, is féidir, go feidhmiúil, 2.
feidhmiúil practical
" Tugann Muiris Ó Laoire bréagnú feidhmiúil don tuairim sin ina leabhar ‘Athbheochan na hEabhraise: Ceacht don Ghaeilge?’ (lch.
feidhmiúil practical
" Léiríonn Gopnik go dtuigeann an leanbh dhá bhliain d’aois an difríocht idir rialacha a bhfuil bun mórálach leo (‘ná déan dochar do leanbh eile’) agus rialacha nach bhfuil ach oiriúnach, nó feidhmiúil (‘bain na bróga díot ag an doras’).
feidhmiúil effective
" Dá mbeadh sé chomh feidhmiúil agus bhí na déantóirí ag dúil leis, bheadh an buama a réab tríd an Grand Hotel i mBrighton ag 2:54rn ar an 14 Deireadh Fómhair 1984 ar cheann de na hionsaithe ba mhó tionchar ar stair na hÉireann riamh.
feidhmiúil effective
" Íomhá thar a bheith feidhmiúil atá ansin, i measc a lán meafar neamhghnách eile sa scannán tríd síos.
go feidhmiúil practically
" Beidh le feiceáil againn gan mhoill cé chomh dáiríre agus cé chomh radacach a bheas an Rialtas seo, ach níl aon amhras ach go gcaithfear gníomhú go luath agus go feidhmiúil le todhchaí pobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht a chinntiú do ghlúin eile.
tionchar feidhmiúil practical effect
" Bhí na Gearmánaigh sásta tacú le haon duine a bhí i gcoinne na bhFrancach, ach ní raibh mórán tionchar feidhmiúil leis an ngluaiseacht seo.
ní ba fheidhmiúla more effective
" Chuirfí reachtaíocht ní ba chruinne agus ní ba fheidhmiúla i dtreo ach an Seanad a bheith á mionscrúdú.
ní cur chuige feidhmiúil é it’s not an effective approach
" Agus fiú más intuigthe féin an foréigean scaití le teann éadóchais agus frustrachais, ní cur chuige feidhmiúil é, dar leis an údar.
feidhmiúil practically
" Molaim sin ar an tuiscint gurb é dúnghaois an Stáit an t-aos óg a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ar bhealach cruthaitheach agus feidhmiúil chomh minic agus is féidir.
eolas feidhmiúil practical information
" Ach anois tá an-iomarca tuisceana ar algartam *Google* agus tá an t-inneall seo faoi ionsaí ag na seoltóirí turscair is na scrábaire scáileáin agus is minic nach bhfaightear aon eolas feidhmiúil go dtí an dtríú nó an ceathrú leathanach.
riarachán feidhmiúil effective administration
" Tá a chion féin déanta aige in imeacht na mblianta ar son eagraíochtaí carthanacha abhus agus thar lear, ag cuidiú leo riarachán feidhmiúil a chur ar bun lena seirbhísí a fheabhsú.
feidhmiúil effective
" An bhfuil an córas feidhmiúil dar leat?** A.
is feidhmiúla most effective
" Ag am toghcháin ní bhíonn ann ach na páirtithe polaitíochta ag maíomh gur acusan atá na mionbheartais is feidhmiúla agus an cumas bainistíochta is fearr.
iontach feidhmiúil very useful
" "Níl ann ach comhartha" thig leat a rá, mar is fíorbheagán an méid Albannach le Gaeilge, go mór mór in aice leis an teorainn, ach do shléibhteoirí is comhartha maith é mar sna Garbhchríocha tá beagnach gach logainm i nGaeilge, cuid mhaith acu ag cur síos ar an tírdhreach - rud atá iontach feidhmiúil má bhíonn tú ag lorg, cuirim i gcás, Cnoc Fada.
go feidhmiúil ar fad really very practical
" Bheadh fillteán gramadaí mar seo go feidhmiúil ar fad, ní hamháin do scoláirí meánscoile agus tríú leibhéal mar aon, ach do mhúinteoirí agus do dhaoine atá ag iarraidh an cuidiú chun cruinnis sa chaint agus sa scríobh a bheith ar aghaidh boise acu.
aon cheo feidhmiúil anything useful
" Bíonn sé ag póirseáil trí bhruscar daoine eile, féachaint an bhfuil aon cheo feidhmiúil fágtha ann.
obair fheidhmiúil practical work
" 
Ní theastaíonn próifíl ard uainn mar ní hionann sin agus obair fheidhmiúil.
go bhfuil an eagraíocht feidhmiúil that the organization is effective
" Silim féin go bhfuil an eagraíocht feidhmiúil - níor cuireadh éinne a tháinig anseo, ag cuardach cúnaimh nó comhairle, ó dhoras.
córas feidhmiúil meánscolaíochta an effective secondary school system
" Le córas feidhmiúil meánscolaíochta do na Caitlicigh mheánaicmeacha faoi cheannas na hEaglaise agus le greim docht coinnithe ag sagairt ar theagasc na fealsúnachta agus na socheolaíochta sna hOllscoileanna Náisiúnta, ní hiontas ar bith é nach raibh mórán glacadh sa stát nua ‘neamhspléach’ sna 26 Contae, le smaointí réabhlóideacha polaitíochta ná le liobrálachas maidir le cúrsaí gnéis.
gceannairí feidhmiúla effective leaders
" Níl aon chuma ar an scéal, áfach, go mbeidh lucht na polaitíochta ina gceannairí feidhmiúla agus muid ag tabhairt aghaidh ar an bhóthar crua atá romhainn.
feidhmiúil effective
" Cé go dtuigfimid ón tús gur duine righin, tirim, imníoch atá fréamhaithe sa stair é agus é ag iarraidh léacht a thabhairt i gcuimhne ar a athair iomráiteach, mórthaibhseach, GB Ó Ceallaigh, laoch sa seanmhódh agus údar mór Gaeilge, tá ‘an fear’ ina abhcóide láidir, feidhmiúil in ann a phléadáil go paiseanta i nguth ioróineach, searbhasach faoi chúrsaí agus faoi staid na Gaeilge mar atá sí inniu.
an-fheidhmiúil very effective
" com/node/18114221> Tá an teicneolaíocht seo ar obair le blianta cheana féin ar bhealach an-fheidhmiúil fá choinne fréamhshamhlú, rud a ligeann do cruthaitheoirí uirlisí nua tabhairt faoin bpróiséas le níos lú dramhaíl agus le costas níos lú.
go feidhmiúil is go rafar effective and successful
" Níl fanta go feidhmiúil is go rafar sa cheird anois ach an mionlach.
feidhmiúil useful
" Go bunusach, is buntáiste mór é sna Garbhchríocha Gaeilge a bheith agat mar tuigfidh tú rudaí simplí mar Cnoc Fada, rud atá feidhmiúil mar gur ag lorg cnoc atá fada atá tú, cuirim i gcás.
Is feidhmiúil a leithéid such (upper houses) are efficient
" Is feidhmiúil a leithéid i dtíortha eile ar an bhonn gur fiú go mór go ndéanfadh daoine le saineolas uathúil scagadh níos doimhne ar reachtaíocht de chuid na Parlaiminte.
feidhmiúla capable
" Más gá marbhna a scríobh ar stair ildánach an tigh, cuimhneofar ar Sheanadóirí feidhmiúla ar nós an Dr Noel Browne, T.
feidhmiúil effective
" Ní raibh trealamh riaracháin an stáit feidhmiúil.
riaradh go feidhmiúil administer effectively
" Cuireadh in iúl dúinn go pianmhar le déanaí fosta nach raibh sé ar chumas ár gcórais stiúrtha geilleagair ná polaitíochta an tír a riaradh go feidhmiúil.
de thoradh an chórais fheidhmiúil leanúnaigh as a result of the effective system in place
" Tá sé curtha sa reilig chéanna anois lena mhuintir de thoradh an chórais fheidhmiúil leanúnaigh ó shin.
feidhmiúla effective
" Tá moltaí agus slite diúideacha éasca agus feidhmiúla ann chun do rian coise a laghdú agus do lámhlorg a mhéadú.
go feidhmiúil effectively
" Ní raibh an scéim gan locht, Bhí sé ag obair go feidhmiúil leis an nGaeilge a neartú mar theanga baile agus mar theanga scoile.
go feidhmiúil dá huireasa effectively without it
" tChítear domsa dá réir sin nach bhfuil an cumas céanna ag na Gardaí tabhairt faoina gcuid gnóthaí go feidhmiúil dá huireasa.
oibriú go feidhmiúil operate effectively
" Chinnteodh sé sin go mbeadh baicle Gardaí ag teacht amach as an Teampall Mór achan bhliain a bheadh in innimh oibriú go feidhmiúil i ndúiche ar bith ina bhfuil limistéar Gaeltachta.
an taobh feidhmiúil the practical aspect
" Téann na téacsanna i ngleic leis an mbunábhar teoiriciúil agus leis an taobh feidhmiúil sa réimse: an éagsúlacht, na pobail urlabhra, an antraipeolaíocht teanga, an t-ilteangachas, malartú teanga, códmheascadh agus criólú, coincheapa na pleanála teanga, caighdeán agus caighdeánú, stádas reachtúil na Gaeilge sa tír, an Ghaeilge sa chóras oideachais, sainiú na Gaeltachta, ceist na féiniúlachta agus an dearcadh náisiúnta, na meáin agus na heagrais teanga.
go feidhmiúil practically
" An Bhfuil A Leigheas Déanta? ============== B’fhéidir go bhfuil leigheas na nÉireannach déanta, ach nach bhfuil sé chomh feiceálach go fóill, go feidhmiúil sa saol, mar is ábhar é an t-anam nach féidir a mheá ná a thomhas.
Tá comhairle fheidhmiúil practical advice
" Tá comhairle fheidhmiúil le fáil don réaltóg úr ar an suíomh seo <http://www.
chomh feidhmiúil is ba chóir daofu a bheith as effective as they ought to be
" An bhfuil siad chomh feidhmiúil is ba chóir daofu a bheith nó an gcaitear acmhainní maithe amú go ciotach ar roinnt acu? Tá mé ag cuimhneamh ar dhream a fuair maoiniú le taisteal go hIosrael agus a phill le léaráidí powerpoint díofu féin ag caitheamh gainimh na trá sa mhullach ar a chéile ar ‘lá breá te sa tsamhradh’, lá a chaith siad ag déanamh bolg le gréin, go bhfóire Dia orainn.
Tá leigheas feidhmiúil sa racht gáire a burst of laughter is an effective cure
" Tá leigheas feidhmiúil sa racht gáire, sa scigireacht chiúin, nó fiú sa mheangadh séimh.
beartais feidhmiúla eile lasmuigh other practical plans outside
" ”* Téann Donal Flynn céim níos faide ná seo sa mhéid is nach measann sé go bhféadfadh beartais feidhmiúla eile lasmuigh den chóras oideachais an uaillmhian seo a bhaint amach ach an oiread: *“There can be no pragmatic steps for a project that is not itself pragmatic.
chun aon rud a chur i gcrích go feidhmiúil ar líne to complete anything efficiently on-line
" Bíonn tionchar ag hipirtéacs ar an léamh (Caibidil 7), an caidreamh atá idir ár ngníomhaíocht ar líne agus ár gcumas cuimhnimh (Caibidil 9) agus féith an lámhchleasaithe iltascálaigh atá ag teastáil chun aon rud a chur i gcrích go feidhmiúil ar líne (Caibidil 7).
a chur i gcrích go feidhmiúil to enforce practically
" Do thug Ard-Rúnaí Sualannach na Náisiún Aontaithe, Dag Hammarskjöld cuireadh do Chruise O Brien forálacha éagsúla na Náisiún Aontaithe a chur i gcrích go feidhmiúil in Katanga.
leigheasanna feidhmiúla effective remedies
" Dar leis an gComhairle um Inimircigh na hÉireann gurb é sásra den chineál seo an tslí is fearr chun trédhearcacht, nósanna imeachta córa agus leigheasanna feidhmiúla a chinntiú d’inimircigh in Éirinn.
gur beag an leas feidhmiúil a bheas aici that it shall have little practical benefit
" Más riachtanas é Béarla a bheith ar do thoil agat le bileoga eolais faoi tháirge leighis a léamh cén teachtaireacht a thugann sé sin faoi sheasamh agus faoi stádas na Gaeilge? Agus tá ceist níos leithne ag eascairt ó chás seo: cén mhaitheas stádas oifigiúil a bheith faighte ag an Ghaeilge mar theanga oibre de chuid na hEorpa má tá an rialtas féin i mbun socruithe faoi choim lena chinntiú gur beag an leas feidhmiúil a bheas aici?
len iad féin a chur in iúl go feidhmiúil for them to effectively speak
" An taobh eile den scéal, ní dóigh liom go bhfuil a dhóthain inniúlachta ar an nGaeilge ag go leor de na daoine óga thart orm len iad féin a chur in iúl go feidhmiúil sa teanga áitiúil.
an dóigh is feidhmiúla the most effective way
" Má tá an saol i bhfad níos fearr anois ná mar a bhí glúin nó dhó ó shin, tá ceisteanna móra ann atá le réiteach, cuirim i gcás, an comhshaol, an bochtanas domhanda, an dóigh is feidhmiúla leis an gheilleagar a stiúradh, an neamhionannas, agus rath an daonlathais féin.
nuair a bhaintear earraíocht fheidhmiúil aisti when it’s put to practical use
" Bíonn an reitric beag beann ar an bhfírinne ana-mhinic, áfach, agus nuair a bhaintear earraíocht fheidhmiúil aisti, ní mór dúinn a thuiscint nach coinníoll riachtanach í fírinne sa reitric pholaitiúil.
an tslí is feidhmiúla the most practical way
" Comhghuaillíocht Spriocdhírithe =============== An córas mímhorálta é córas na bhFuipeanna sa Dáil? Tá an córas réamhluaite préamhaithe sa tuiscint gurbh í an dlúthpháirtíocht pholaitiúil an tslí is feidhmiúla chun clár oibre an pháirtí a chur chun cinn go feidhmiúil.
chur chun cinn go feidhmiúil to push forward effectively
" Comhghuaillíocht Spriocdhírithe =============== An córas mímhorálta é córas na bhFuipeanna sa Dáil? Tá an córas réamhluaite préamhaithe sa tuiscint gurbh í an dlúthpháirtíocht pholaitiúil an tslí is feidhmiúla chun clár oibre an pháirtí a chur chun cinn go feidhmiúil.
len é a dhéanamh níos feidhmiúla to make it more effective
" Tuigim go dteastódh reifreann le sin a dhéanamh ach nach bhfuil reifreann le bheith againn agus nár cheart an rogha sin a thabhairt do na daoine chomh maith? An Seanad Mídhaonlathach =========== Deir campa atá ag iarraidh an Seanad a choinneáil go mba cheart é a athnuachan, len é a dhéanamh níos feidhmiúla agus níos daonlathaí.
níos feidhmiúla ó thaobh breosla de it’s more effective from the point of fuel
" Ní hamháin sin, ach tá an D-4D níos feidhmiúla ó thaobh breosla de – dónn sí níos lú dé-ocsaíd charbóin (CO2).
ní fhéadfainn a shéanadh chomh feidhmiúil I couldn’t deny how effective
" Braithim go bhfuil rud éigin caillte agam anois le teacht an Kindle i mo shaol, ach ní fhéadfainn a shéanadh chomh feidhmiúil is atá an uirlis bheag seo agus, ar ndóigh, tá ceann uaim féin anois.
I bhfad níos feidhmiúla a lot more useful
" I bhfad níos feidhmiúla ná mo dheartháir is dócha! Ach de réir taighde déantóirí an H2O IQ, níl a leithéid de chóras de dhíth ar gharraíodóirí mar is é an t-uisciú ceann de na dualgais is ansa leo agus mar sin cruthaigh siadsan córas a fhógraíonn ar an ngarraíodóir faoi easpa uisce sa chré.
níos feidhmiúla more practical
" Dul san Iomáint ======= **Colm: Cén uair a cuireadh tús leis an iománaíocht?** Aodán: “Nuair a bunaíodh Na Gaeil Óga ceapadh go raibh sé níos feidhmiúla céim amháin a ghlacadh ag an am agus beartaíodh tosú le foireann peile ach bhí sé i gceist go gcuirfí foireann iomána ar bun ina dhiaidh sin.
measúnú agus bainistiú feidhmiúil effective management and judgement
" Ansin bhí siad bodhar agus balbh – agus dall fosta – nuair a bhí Enda agus A Lán Shattered ag plé Thuarascáil Bhliantúil na Seirbhíse Promhaidh, go háirithe brollach na tuarascála a bhain le measúnú agus bainistiú feidhmiúil ar chiontóirí agus le hathmheascadh iarchiontóirí.
thar a bheith feidhmiúil really effective
" Tá sé thar a bheith feidhmiúil.
níos feidhmiúla more effective
" Má tá an Conradh le bheith freagrach as ‘ardú feasachta, cosaint teanga’ mar atá leagtha síos dóibh ag an bhForas, an mbeidh aon iachall orthu struchtúr na heagraíochta a dhéanamh níos feidhmiúla, nó an bhfágfar é mar atá sé, le neart craobhacha ar pháipéir ach fíorbheagán acu gníomhach? Tá súil agam go mbeidh an Conradh sách tuisceanach le leanúint leis an obair fíorthábhachtach a bhí ar bun ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus an tIontaobhas Ultach, go sonrach.
le bheith feidhmiúil to be effective
" An Conradh ==== Cé go mbeadh an-mhuinín agam as cumas agus as feidhmiúlacht Ard-Rúnaí an Chonradh, Julian de Spáinn, tá an CnaG ag iompar a dhóthain meáchain, le structúr millteanach místuama á choinneáil siar: 31 ball ar an gCoiste Gnó, i bhfad an iomarca le bheith feidhmiúil; na céadta craobh san eagraíocht, scór acu liostáilte i gContae na Gaillimhe amháin, ach fíorbheagán acu gníomhach.
atá fágtha feidhmiúil which are effective
" Caithfear cinntiú go bhfuil na cinn atá fágtha feidhmiúil, oirbheartach agus ag fáil torthaí.
feidhmiúil effective
" “Níl aon rogha againn ach tabhairt faoin obair chrua le muinín an phobail a chothú arís agus déanfar sin má bhíonn eagraíochtaí trédhearcach, freagrach agus thar aon ní eile, feidhmiúil san obair a bhíonn ar siúl acu”, a deir Loretta Dignam.
Feidhmiúil (an) effective (system)
" Córas *Functioning Bilinguals* Feidhmiúil faoi 2042 AD ========================= De réir an próiseas nua a d’fhógair an tAire i mí Dheireadh Fómhair seo caite, bhí ar gach Roinn rialtais liosta a chur le chéile de na postanna ina mbeidh gá le Gaeilge.
cabhair thuisceanach feidhmiúil practical and sensible assistance
" An Súsa Bán ===== Bunaíodh Féileacáin le cabhair thuisceanach feidhmiúil a chur ar fáil do theaghlaigh a dtagann páiste chun an tsaoil chucu marbh.
feidhmiúil efficient
" An féidir córas aibhléise feidhmiúil glan a chur i mbun seirbhíse in Éirinn?
go feidhmiúil in a practical way
" Tá roinnt ealaíontóirí a bhraitheann go gcaithfidh a saothar labhairt amach go feidhmiúil faoi shaol an duine agus faoina anbhás.
ag cur in iúl go feidhmiúil are letting it be effectively known
" Na céadta bliain i ndiaidh bhronnadh a cairte ar Bhéal Feirste, míníonn Robert McMillen go bhfuil lucht na teanga mionlaithe ag cur in iúl go feidhmiúil gur cuid de fhíochán na cathrach iad féin fosta.
chaitheamh ar mhodh níos feidhmiúla spent in a more practical way
" Creideann Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil airgead á chur amú ar an nGaeilge agus in áit a bheith dhá shéanadh go mba cheart do lucht na Gaeilge a bheith chun tosaigh le moltaí faoin mbealach a bhféadfaí airgead na Gaeilge a chaitheamh ar mhodh níos feidhmiúla sa gcaoi go mbeadh toradh níos fearr.
Léiriú smachta thar aon ní ciallmhar nó feidhmiúil a display of control more so than anything sensible or practical
" Léiriú smachta thar aon ní ciallmhar nó feidhmiúil is ea iompar stáit ár linne i gcoinne na hinimirce.