Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fheidhmiúlacht practicality
" Ins an aitheasc thuasluaite, mhaígh an Coimisinéir Teanga gurb é “an rud atá le déanamh anois ná dul tuilleadh den bhóthar ón reitric, ón teoiric agus ón teibíocht agus díriú níos mó ná riamh ar an réaltacht, an fheidhmiúlacht agus an ghníomh; feoil a chur ar an gcnámh; bearta a dhéanamh de réir na mbriathra.
fheidhmiúlacht chostais cost efficiency
" Ba léir nach mbeadh an moladh seo sásúil ar na saolta deireanacha seo agus an-bhéim á cur ar fheidhmiúlacht chostais.
faoi fheidhmiúlacht agus faoi fhreagracht carthanais regarding effectiveness and charity responsibility
" Thug an *American Institute of Philanthropy* (eagraíocht a sholátraíonn eolas faoi fheidhmiúlacht agus faoi fhreagracht carthanais) grád F do *Planet Aid*, ag rá nach gcaitheann sé ach 34% de na cistí a bhailíonn siad ar charthanacht.
faoi fheidhmiúlacht an Fheidhmeannais about the Executive’s effectiveness
" Maidir leis an pholaitíocht, tógann sé ceisteanna faoi fheidhmiúlacht an Fheidhmeannais sa ghéarchéim geilleagair ó thuaidh, an tAire Airgeadais Sammy Wilson agus a choiste airgeadais.
feidhmiúlacht efficiency
" Ach d’éirigh leis an eite dheis smaointe a bhaineann le “feidhmiúlacht” agus “dreasachtaí” a chur ina luí ar an phobal.
Cheistigh sé feidhmiúlacht he questioned the efficiency
" Cheistigh sé feidhmiúlacht agus líon na n-eagras Gaeilge: ‘*It calls into question the need for such organisations and for their funding in a time of extremely scarce public resources.
as feidhmiúlacht in the efficiency of
" An Conradh ==== Cé go mbeadh an-mhuinín agam as cumas agus as feidhmiúlacht Ard-Rúnaí an Chonradh, Julian de Spáinn, tá an CnaG ag iompar a dhóthain meáchain, le structúr millteanach místuama á choinneáil siar: 31 ball ar an gCoiste Gnó, i bhfad an iomarca le bheith feidhmiúil; na céadta craobh san eagraíocht, scór acu liostáilte i gContae na Gaillimhe amháin, ach fíorbheagán acu gníomhach.