Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i bhfeighil taking care of
" Léiriú suntasach é seo ar conas nach féidir a thomhas trí bhreathnú agus éisteacht le duine, cé acu an bhfuil sé oiriúnach le bheith i bhfeighil páistí nó nach bhfuil.
dul i bhfeighil to look after
" Iarradh ar de Róiste dul i bhfeighil cuid de na hearraí.
i bhfeighil looking after
" Ar feadh dhá bhliain eile ansin bhí sé i bhfeighil fhoireann sinsear Luimnigh.
i bhfeighil ar in charge of
" Ach i 1982 ní raibh suim ag éinne den lucht traenála ar fud an chontae dul i bhfeighil ar fhoireann na Mí.
atá i bhfeighil na hoifige who is in charge of the office
" Deir Nick Marmion, atá i bhfeighil na hoifige: "Mar gheall ar mheathlú eacnamaíoch na hEorpa agus SAM, tá sé riachtanach go ndéanfadh comhlachtaí Éireannacha margaí nua a aimsiú.
i bhfeighil in charge of
" Is é an drochscéala, áfach, ná nach faoi Hain a bheidh sé cinneadh a dhéanamh cé a bheidh i bhfeighil cúrsaí slándála ó thuaidh amach anseo, ach faoin té ar tháinig sé i gcomharbacht air.
i bhfeighil na talún in charge of the land
" Rinne an fhondúireacht a bhí i bhfeighil na talún achomharc chuig an Chúirt Uachtarach agus chaith siadsan breith na hArd-Chúirte i dtraipisí i mí Feabhra na bliana seo.
i bhfeighil leanaí in charge of children
" Ligeadh do shagairt eile pilleadh ar a bpostanna agus dul i bhfeighil leanaí arís tar éis tréimhse ghairid a chaitheamh i bPurgadóir.
i bhfeighil ar in charge of
" Is cinnte go bhfuil tasc Brian Coady níos éasca ná tasc cibé duine atá i bhfeighil ar fhoireann Uíbh Fháilí, cuir i gcás, toisc go bhfuil i bhfad níos mó imreoirí den scoth i gContae Chill Chainnigh.
i bhfeighil in charge of
" Cuimhnímis go mbíodh an Roinn sin ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge tráth den saol! Ach anois tá an Roinn sin (atá i bhfeighil scoileanna na tíre) tar éis a admháil nach bhfuil aon líofacht teanga ag 97% dá foireann, cé go ndeachaigh siad tríd an chóras scolaíochta.
i bhfeighil na foirne rugbaí in charge of the rugby team
" Chaith sé sé bliana go leith i bhfeighil na foirne rugbaí agus d’éirigh go maith leis, go pointe áirithe.
an cigire a bhí i bhfeighil the inspector who was in charge
" Chuir mé ceist ar Steve Hardy – an cigire a bhí i bhfeighil ar an lá – faoin eachtra ag deireadh na paráide.
Bí ag caint ar shionnach a bheith i bhfeighil na gcearc! Talk about a fox in charge of the chickens!
" Bí ag caint ar shionnach a bheith i bhfeighil na gcearc! Agus é ag caint ar Acht na Gaeilge, dúirt Gregory: "*It is a no-brainer.
i bhfeighil in charge
" Agus ba é fochuideachta ICTS, Huntleigh USA, a bhí i bhfeighil slándála in Aerfort Logan i mBostún, áit as ar fhág dhá eitilt a fuadaíodh ar 11 Meán Fómhair, 2001.
fheighlí linbh child minder
" Ba bhainisteoir i monarcha éadaí i Srí Lanca í agus bhí sí oilte mar láithreoir teilifíse ach thréig sí a tír dhúchais ar son poist mar fheighlí linbh le teaghlach in Éirinn a raibh páiste dhá bhliain d’aois acu.
i bhfeighil air in charge of
" 5% dá foireann riaracháin, cé go ndeachaigh siad tríd an chóras scolaíochta a bhfuil siad féin i bhfeighil air! Mar fhreagra ar Thuarascáil an Choimisinéara, d’eisigh Aire Airgeadais an ama, Brian Cowen, ráiteas ar an 29 Márta, 2006 ag geallúint go ndéanfaí athbhreithniu ar an cheist: “Chun tús a chur leis an phróiseas, tá mé tar éis a iarraidh ar mo Roinn, mar ghnó práinne, dul i dteagmháil le Ranna agus Oifigí eile chun a fháil amach cén gnás atá in úsáid acu agus chun a iarraidh orthu ar chóir é sin a athrú.
i bhfeighil in charge
" An dream daoine atá ag obair ar son na teanga, is iad siúd atá i bhfeighil na Straitéise.
i bhfeighil in charge of
" Fágadh athair Neal, fear a raibh fadhb dhona óil air, i bhfeighil Neal óig agus ní go rómhaith a chruthaigh sé mar thuismitheoir.
i bhfeighil ar in charge
" Bhí cailín óg i bhfeighil ar mhálaí fad a bhí a muintir ina seasamh sa sciúine.
i bhfeighil air in command of him
" Braitheann sé an bás ina theannta agus tosnaíonn sé ag caint go macánta le Stephen, an lieutenant a bhíodh i bhfeighil air thuas ar an ndomhan clár.
i bhfeighil ar theach áitiúil striapachais in charge of a local whore house
" Ghlac an Ministir Andy Cramed le freagracht na sochraide, iarbhithiúnach ó bháid an Mhississippi sular bhuail taom naofachta é nuair a bhí sé i bhfeighil ar theach áitiúil striapachais sa Bella Union.
Agus é i bhfeighil ar while he’s in charge of
" Agus é i bhfeighil ar chlár raidió, roghnaíonn sé seanamhrán áitiúil cáiliúil.
an bainisteoir is faide i bhfeighil the manager longest in charge
" Spéis na nÉireannach ========= I dteannta na mbuanna sin uile, bhain Alex Ferguson go leor gradam eile: an bainisteoir is faide i bhfeighil Manchester United (26 bliain), an bainisteoir is faide ag saothrú sa Phríomhroinn agus ‘Bainisteoir na Bliana’ gnóthaithe níos minice ná aon duine eile.
agus mé i bhfeighil foirne when in charge of a team
" Aigne Foirne ===== Ach an mothú sin a bhí ag John Allen roimh an chluiche, is mothú é a bhraith mé féin ó am go ham agus mé i bhfeighil foirne agus tréimhse thorthúil caite i mbun traenála sna laethanta roimh chluiche mór.
i bhfeighil in charge
" Is ionann O’Keeffe vs Hickey et al agus diúltú na Cúirte Uachtaraí cead a thabhairt di faoiseamh a dh’fháilt ón Stát féin ós rud é ná raibh an Stát sin i bhfeighil de facto ar an gcóras bunscolaíochta a cruthaíodh le cabhair cánacha ginearálta.
i bhfeighil na mainistreach in charge of the monastery
" An sagart atá i bhfeighil na mainistreach, tá an dearg-fhuath aige ar dhomhan an Iarthair.
ina bhfeighil in charge of them
" Tá leabhar díreach foilsithe a thugann deis do roinnt réiteoirí a gcuid tuairimí a thabhairt mar gheall ar eachtraí conspóideacha a tharla le linn cluichí a raibh siadsan ina bhfeighil.