Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go feirc to the hilt
" B'in an seans do Ghascar féin agus thapaigh sé an deis críoch a chur le clampar an fhathaigh shalaigh; sháigh sé a chlaíomh go feirc ina cheann agus thit an Broím Soghluaiste marbh go doicheallach.
ag sá na scine go feirc turning the knife
" In ainneoin a ndúirt an tAire ar Raidió na Gaeltachta le gairid, bhí sé molta ag a Roinn go mb’fhéidir go mbeadh Enterprise Ireland freagrach i dtaobh fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht! Tá an chuma ar an scéal go bhfuil Roinn atá ceapaithe a bheith freagrach as an nGaeltacht ag sá na scine go feirc san aon áisíneacht Ghaeltachta atá againn.
sáfaidh sé go feirc an réiteoir bocht he’ll sink the knife in the poor ref
" Cad is brí leis an aidiacht sa chás seo? An é go bhfuil scian síos i stoca an imreora agus go bhfuil baol ann go sáfaidh sé lánchúlaí na foirne eile, nó níos measa ná sin, go sáfaidh sé go feirc an réiteoir bocht os comhair na mílte daoine? Is minic leis le linn na tráchtaireachta ar chluiche go dtugtar le fios go bhfuil an liathróid féin contúirteach.