Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag tabhairt neamhairde ar an fhírinne lom ignoring the harsh realities
" Is fadhb chasta í seo, agus bheadh aon duine a mhaífeadh gur seo peaca eile de chuid na heaglaise ag tabhairt neamhairde ar an fhírinne lom.
agus an fhírinne shearbh, lom a insint and to tell the bitter, whole truth
" Ach is minic go mbíonn ealaíontóirí ábalta éalú ón laincis sin agus an fhírinne shearbh, lom a insint.
an fhírinne lom seo a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann to instill this bare truth into the people of Ireland
" An dúshlán atá roimh an rialtas anois ná an fhírinne lom seo a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann.
an fhírinne lom the bare truth
" Is í an fhírinne lom a chuireann casadh aigne orainn: is duine cosúil linn féin é an t-ainbheartach oilc seo.
fhírinne lom the bare facts/ truth
" Agus siúd Brian Ó Lionnacháin inniu agus an chuma air go bhfuil an fhírinne lom á insint aige dúinn.
An fhírinne lom to tell the truth
" An fhírinne lom, chuir rialtas Blair agus Brown an-díoma ar lucht na heite clé de bharr gur thug siad tús áite do chomhoibriú leis an ‘mhargadh’ agus go ndearna siad neamhaird den tsoghluaiseacht shóisialta.
An Fhírinne Lom bare truth
" An Fhírinne Lom ======== Is é an trua nár inis aon urlabhraí An Fhírinne Lom: ní chruthóidh an rialtas post ar bith as seo go ceann cúig bliana, agus ní cóir go gcruthódh.
fhírinne lom the truth of the matter
" Is caoithiúil tuismitheoirí a spreagadh i leith an tumoideachais an tráth seo bliana, san am a mbíonn fuadar faoi cén scoil sa cheantar a rachaidh ár naíonán ag deireadh an tsamhraidh? Ní miste an fhírinne lom a inse, gur i dtuilleamaí na haon teanga amháin a bhíonn gasúir i gcóras scolaíochta an Bhéarla.
an fhírinne lom the real truth of the matter
" Níl a fhios ag mórán daoine é seo, ach seo í an fhírinne lom: thángthas, ar na mallaibh, ar phaiste cothrom féarach idir Baile Thoir agus Baile Thiar.
an fhírinne lom the whole truth
" Ar mhiste leat do dhearcadh a mhíniú dom, le do thoil?” “Á a Bhaloir, ní chreideann tú gach rud a léann tú sna nuachtáin, an gcreideann? Caidé atá siad ag rá fúm anois? Nó caidé atá Enda ag cur i mo leith anois?” “Níl ann ach an fhírinne lom, a Angela.
ar an fhírinne lom the undeniable truth
" Beidh siad aireach fosta ar an fhírinne lom, gur beag buíochais a fhaigheann an páirtí is lú i gcomhrialtas nuair a caitear vótaí sa tír seo.