Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fheisire poblachtánach republican MP
" Tháinig John Mitchell ar ais go hÉirinn in 1874 agus toghadh é mar fheisire poblachtánach i dTiobraid Árann ach ní raibh cead isteach aige go Westminster, fiú nuair a atoghadh é in 1875.
fheisire MP
" Agus sin ráite, buille mór in éadan fheisire Bhanna Uachtaraí a bhí sa chruinniú deireanach.
an dá fheisire Eorpacha the two MEPs
" Maidir leis an bhfreasúra, mhéadaigh vóta Fhine Gael 5%, agus d'fhan an Lucht Oibre agus An Comhaontas Glas thart ar an leibhéal céanna (cé gur chaill na Glasaigh an dá fheisire Eorpacha a bhí acu).
Fheisire Eorpach MEP
" Marc: C+ *Seán Ó Neachtain (FF)* Thit sé idir dhá stól ó ceapadh ina Fheisire Eorpach é.
chuig an fheisire áitiúil to the local MP
" Chuir mé féin comhad fianaise chuig an fheisire áitiúil agus chuig an National Audit Office i Londain agus tá siad ag fiosrú an scéil anois, ach tá sé rómhall – tá an damáiste déanta.
fheisire MP
" Fuair Fowler tacaíocht fosta ón fheisire Tom Pendry, aire spóirt cúil Pháirtí an Lucht Oibre.
an t-aon fheisire ó mhionlach eitneach the only MLA from an ethnic minority
" Mar shampla, tá dílseoirí ag eagrú máirseála in éadan Anna Lo, an t-aon fheisire ó mhionlach eitneach atá sa Tionól.
mar fheisire neamhspleách as an independent MP
" Toghadh bean darb ainm Pauline Hanson, iarbhall den Pháirtí Liobrálach, mar fheisire neamhspleách san olltoghchán céanna.
fheisire Parlaiminte Member of Parliment
" Bhí sé ina fheisire Parlaiminte i Hull, Yorkshire, ar feadh 40 bliana (1966-2005).
Fheisire MP
" “Mná Oireachtais 1918 – 2008” ba theideal don ócáid, ba é 1918 an chéad uair a bhí ceart ag mná vóta a chaitheamh agus ba ansin a toghadh an Chuntaois Markiewicz, an chéad bhean a toghadh ina TD nó ina Fheisire.
Fheisire MP
" Tá cuid mhór cainte sa bhlagasféar go bhfuil oilbhéim réidh le pléascadh fá Fheisire Ghleann an Lagáin, ach ní fhacthas a dhath sna nuachtáin go fóill.
fheisire an MP
" Sular chaill sé a shuíochán san olltoghchán trí bliana ó shin, ba é an t-aon duine amháin de shliocht bundúchasach a bhí ina fheisire sa pharlaimint náisiúnta.
fheisire representative
" Mhol an t-aon fheisire de chuid an Pháirtí Ghlais, Adam Bandt, an rún, a d’iarr ar a chomhghleacaithe sa teach dhá rud a dhéanamh: a thabhairt faoi deara go raibh pósadh comhghnéis dlite i dtíortha go leor eile, agus ceist an phósadh chomhghnéis a spíonadh leis an lucht vótála ina gcuid toghcheantar.
fheisire MP
" Nuair a toghadh Bobby Sands ina fheisire i bhFear Manach/ Tír Eoghain Theas ar 9ú Aibreán 1981 le líon níos mó vótaí (30,493) ná an méid a fuair Margaret Thatcher i Finchley (20,918 san olltoghchán i 1979) , bhí muid ag súil le athrú mana ó ‘mháthair na bparlimintí’, áit a mbíodh síorchaint faoin daonlathas agus síorchaint ar sceimhlitheoireacht ann gcónaí.
Fheisire representative
" Bhí sé ina Aire Stáit ins na nóchadaí agus anois tá sé ina Fheisire Eorpach iontach éifeachtach agus gníomhach.
fheisire MP
" Bhí an t-aon fheisire de shliocht Bundúchasach i dTeach na n-Ionadaithe sa pharlaimint náisiúnta, Ken Wyatt, ar an gcoiste freisin.
Deirfiúr cleamhnais an fheisire a sister-in-law of the MP
" Deirfiúr cleamhnais an fheisire David Ervine nach maireann agus bean Brian Ervine, iarcheannaire an PUP, bhí Linda Ervine, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Misean Oirthear Bhéal Feirste ag caint leis an Chéad Aire Peter Robinson le linn ceiliúradh 60 bliain den scoil a raibh sí ag obair inti, Ashfield Girls’ High School.
fheisire MP
" ”* Labhair Francie Molloy atá ina fheisire ag Sinn Féin in Ulaidh Láir.
fheisire Pairliminte an MP
" ) Tá eolas ar Gladstone in Éirinn ós é a bhí ina Phríomh-Aire ar chríocha na Breataine nuair a bhí Charles Stuart Parnell ina fheisire Pairliminte agus cúis na hÉireann á brú chun cinn aige.
lena n-áirítear an t-aon fheisire bundúchasach amongst whom are the only native M.P.
" Labhair baill áirithe pháirtí Abbott in éadan an leasaithe freisin, lena n-áirítear an t-aon fheisire bundúchasach i dTeach na n-Ionadaithe, Ken Wyatt, a thug le fios go raibh sé ar intinn aige urlár an tí a thrasnú le vótáil ina choinne.