Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aimsíodh an fhianaise the evidence was discovered
" Ach ní i mí an Aibreáin a aimsíodh an fhianaise seo sa Chartlann Náisiúnta agus ní hé Michael Heney a d'aimsigh í.
fhianaise evidence
" Ach fós níl aon fhianaise ann go bhfuil an nós an Béarla a úsáid go minic seachas an Ghaeilge ag athrú.
fhianaise evidence
" Ní bhaintear úsáid as an phionós báis chun cosaint a chur ar fáil do dhaoine dubha nó do ghrúpaí mionlaigh eile sa tsochaí agus níor baineadh riamh as ar an chúis seo (níor cuireadh aon fhianaise ar fáil go dtí seo go gcosnaíonn sé an tsochaí ar chor ar bith).
fhianaise evidence
" "Am amú," a dúirt gaol amháin tar éis fhianaise Mrs Shipman, áfach, mar "ní cuimhin liom" an freagra a thug sí an chuid is mó den am.
fhianaise evidence
" Bíonn trácht leanúnach sna nuachtáin thablóideacha ar an fhiosrúchán agus ar an fhianaise agus bíonn daoine ar bís le níos mó eolais a fháil.
fhianaise fhiúntach worthwhile evidence
" Cé go gcuireann sé sin leis na deacrachtaí, is dóigh gurb é an deacracht is mó ná a theacht ar fhianaise fhiúntach a bhaineann leis an gcás agus d'fhéadfadh sé nach é an méid ama atá imithe an chúis a bheadh leis sin.
fhianaise stairiúil historical evidence
" "Níl aon fhianaise stairiúil ann gur thug Michael Collins cuairt riamh ar Nua-Eabhrac," a scríobhann Dermot McEvoy i mbrollach a úrscéil nua, *Terrible Angel*.
fhianaise evidence
" Ach níl aon fhianaise ann go bhfuil poblachtánaigh réidh lena leithéid de ghníomh a thionscnamh agus tá an oiread sin diúltachais i gcaint an DUP gur lú an seans, má bhí seans riamh ann, go ndéanfadh an IRA iarracht an DUP a mhealladh.
a bhailigh an fhianaise who gathered the evidence
" Bhí muid ag caint leis an gharda a bhailigh an fhianaise ansin, a bhí iontach cróga.
fhianaise evidence
" Theastódh an chos mar fhianaise lá na cúirte lena chruthú nach raibh an fear gonta ar leathchois roimh an timpiste.
fhianaise evidence
" Cé go ndeirtear sa Bhéarla, "A rising tide lifts all boats" níl aon fhianaise ann gur thug an Tíogar Ceilteach spreagadh ar bith do thionscal iascaireachta na hÉireann.
le tacú leis an fhianaise to support the evidence
" De réir an Ollaimh le Dlí in Ollscoil Uladh, Fionnuala Ní Aoláin, bhí trí ghné ag baint leis na trialacha ollbhrathadóra a chothaigh deacrachtaí: de ghnáth, ní raibh aon fhinné eile ann le tacú leis an fhianaise a thug na brathadóirí, agus chaith an tslí ar mealladh daoine le fianaise a thabhairt, mar aon le carachtar na mbrathadóirí féin, amhras ar an fhianaise a thug siad.
fhianaise evidence
" Cá bhfuil an fhianaise do ráiteas mar sin? Fir *agus *mná a shaothraigh an traidisiún.
fhianaise evidence
" Ní gá ach féachaint ar na riachtanais chórais a mholtar do PC a ritheann clár ar nós Adobe Premiere chun an fhianaise de seo a fheiceáil.
fhianaise evidence
" Ar an chlár "Prime Time" le gairid taispeánadh meamram ón Gharda Síochána inar dúradh nach raibh aon fhianaise acu siúd a thacódh le líomhain an aire maidir le maoiniú Shinn Féin.
fhianaise evidence
" D'iarr sé ar Peter Schwartz, comhairleoir de chuid an CIA agus iarcheannasaí pleanála leis an ollchomhlacht ola Royal Dutch Shell, agus ar Doug Randall ón Global Business Network, staidéar a dhéanamh ar fhianaise áirithe atá ag teacht chun cinn le blianta beaga anuas go bhféadfadh athrú tobann tarlú - agus go deimhin gur tharla eachtraí den chineál sin i bhfad siar sa stair.
fhianaise evidence
" An fhianaise don tuairim sin ná chomh haontaobhach is a bhí na cluichí i Laighin le cúpla bliain anuas nuair a bhí Cill Chainnigh ag imirt in aghaidh contaetha eile, agus torthaí na gcluichí sraithe i mbliana.
ag déanamh neamhiontais den fhianaise ignoring the evidence
" Dúirt sé gur bhain an Páipéar Bán geit as agus go raibh John Reid ag déanamh neamhiontais den fhianaise faoi chaitheamh fulangach agus den dea-shampla ó thíortha eile.
fhianaise evidence
" Chomh maith leis na foinsí scríofa, is cuid iontach tábhachtach den fhianaise fuaimniú áitiúil na n-ainmneacha sa lá atá inniu ann.
fhianaise evidence
" Cé go raibh an tatú *"Ulster" *ar a lámh, agus go bhfuair na póilíní a lán paimfléad de chuid an UVF agus an Oird Oráistigh ina theach, agus gur admhaigh Forrest go raibh sé ag iarraidh an carr a chur trí thine, dúirt an Breitheamh Davies nach raibh aon fhianaise ann gur cúrsaí polaitíochta a spreag an choir agus ghearr sé téarma sé mhí *"youth custody" *air! Seo ag am nuair a bhí Seisear Birmingham, Ceathrar Guildford, Annie agus Paddy Maguire, etc.
fhianaise shuaitheach disturbing evidence
" Tá daoine áirithe tar éis gníomhú go tapa ó foilsíodh an fhianaise shuaitheach seo – mar shampla, dúirt David Hart, Rúnaí Ginearálta Chumann Náisiúnta Phríomhoidí na Ríochta Aontaithe gur cheart cosc iomlán a chur ar ghutháin phóca i scoileanna tar éis fholáireamh an Ollaimh Stewart.
fhianaise evidence
" Ach ba é Hanlon an t-aon duine amháin a gabhadh nach bhfuarthas aon airgead, ná aon fhianaise eile a rachadh in choinne, ina sheilbh.
fhianaise evidence
" Is é an leabhar *Paddy Whacked: The Untold Story of the Irish American Gangster *leis an údar Gael-Mheiriceánach TJ English an fhianaise is nua go bhfuil sé sin amhlaidh.
fhianaise evidence
" * Cultúr ólacháin ======= Ní fúmsa atá sé scagadh a dhéanamh ar an fhianaise a chualathas le mí anuas nó buille faoi thuairim a thabhairt faoin mhéid a tharla ar an oíche chinniúnach úd ar maraíodh an trádálaí beithíoch, Richie Barron.
an fhianaise a chualathas the evidence which was heard
" * Cultúr ólacháin ======= Ní fúmsa atá sé scagadh a dhéanamh ar an fhianaise a chualathas le mí anuas nó buille faoi thuairim a thabhairt faoin mhéid a tharla ar an oíche chinniúnach úd ar maraíodh an trádálaí beithíoch, Richie Barron.
fhianaise úrnua totally new evidence
" Agus gur seo, leis, a thug air amhras a chaitheamh go mí-ionraic ar fhianaise úrnua a thug clár ar TG4 faoi dhúnmharú Fullerton (a raibh mé féin bainteach leis) chun solais le gairid.
fhianaise evidence
" * Cultúr ólacháin ======= Ní fúmsa atá sé scagadh a dhéanamh ar an fhianaise a chualathas le mí anuas nó buille faoi thuairim a thabhairt faoin mhéid a tharla ar an oíche chinniúnach úd ar maraíodh an trádálaí beithíoch, Richie Barron.
an fhianaise a chualathas the evidence which was heard
" * Cultúr ólacháin ======= Ní fúmsa atá sé scagadh a dhéanamh ar an fhianaise a chualathas le mí anuas nó buille faoi thuairim a thabhairt faoin mhéid a tharla ar an oíche chinniúnach úd ar maraíodh an trádálaí beithíoch, Richie Barron.
fhianaise evidence
" Ach neamhaird a thug an tsraith ar RTÉ ar an chuid is mó den fhianaise nua seo agus, ina áit sin, rinneadh iarracht suí ar an dá thaobh den sconsa.
fhianaise bhailí valid evidence
" Is fíor dó, ach ní dócha go nglacfadh aon chúirt leo mar fhianaise bhailí.
fhianaise evidence
" Níl míniú sásúil ach oiread tugtha ar a mhoille is a bhí sé ag gníomhú, fiú i ndiaidh do dhlíodóir mhuintir Rossiter an fhianaise nua a chur os a chomhair.
fhianaise evidence
fhianaise evidence
" Níl míniú sásúil ach oiread tugtha ar a mhoille is a bhí sé ag gníomhú, fiú i ndiaidh do dhlíodóir mhuintir Rossiter an fhianaise nua a chur os a chomhair.
beag beann ar an fhianaise regardless of the evidence
" Is minic an focal sin “*perception*” luaite i ráitis ó aontachtaithe agus ó dhílseoirí, agus ar an drochuair, ó lucht na n-eaglaisí Protastúnacha, ach cé tá ag cothú na mbraistintí seo? Má tá muinín ag daoine ionat, agus i bhfianaise an olltoghcháin dheireanaigh tá muinín ag an phobal aontachtach sa DUP, má deir tú le daoine go bhfuil siad beagmhaitheasach creidfidh siad tú, beag beann ar an fhianaise.
Ina fhianaise sin go léir in light of all that
" Ina fhianaise sin go léir ní ionadh gurb iontach an brón a tháinig ar mhuintir na Polainne nuair a chuaigh Eoin Pól II ar shlí na fírinne ag 21.
fhianaise evidence
" B’fhéidir go ndearna Sam Smyth iarratas foirmiúil ar an eolas seo; ach cá bhfuil an fhianaise? An bhfuil sé ceart ná cóir go dtabharfaí fabhar faoi leith dó, mar go bhfuil sé mór leis an Aire, agus go mbeadh sé slán ón ghnáthpháipéarachas a bhaineann lena leithéid d’iarratas? Ceist oscailteachta agus trédhearcachta atá ann! Chonaic muid le déanaí i gcás an íde béil a thug sé do Richard Bruton gurb í an chosaint is fearr a bhíonn ag an Aire McDowell ná dul ar an ionsaí.
Ina fhianaise sin go léir in light of all that
" Ina fhianaise sin go léir ní ionadh gurb iontach an brón a tháinig ar mhuintir na Polainne nuair a chuaigh Eoin Pól II ar shlí na fírinne ag 21.
fhianaise evidence
" Mar a déarfadh aon bhleachtaire maith, tá dhá cheist a chuirtear agus dúnmharú á fhiosrú, cé aige a raibh an ceannfháth agus cad is féidir a léamh ón fhianaise.
thángthas ar fhianaise evidence was found
" Go luath ina dhiaidh sin, thángthas ar fhianaise go raibh suíomh mainistreach ann.
mar gheall ar fhianaise bhréagach because of false evidence
" Seo ag am nuair a bhí Seisear Birmingham, Ceathrar Guildford, Annie agus Paddy Maguire agus araile fós sa phríosún le blianta fada mar gheall ar fhianaise bhréagach, a chruthaigh na póilíní.
mar chuid den fhianaise sa triail as part of the evidence in the trial
an fhianaise ina n-aghaidh the evidence against them
" Ach tá na cásanna dlí seo go mór in amhras anois, ó tugadh le fios gur céasadh na ceithre amhrasach déag lena n-admhálacha a fháil, agus nach dtaispeánfar an fhianaise ina n-aghaidh sa chúirt.
An fhianaise the evidence
" An fhianaise dó sin ná nár bhuaigh aon chontae an chraobh seachas na contaetha móra – Cill Chainnigh, Corcaigh agus Tiobraid Árann – ó 1998, nuair a bhuaigh Uíbh Fhailí í tríd an gcúldoras.
nach bhfuil aon fhianaise ann that there's no evidence
" Maidir le míniú a thabhairt ar phríomhthorthaí na tuarascála, deineadh amach nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil níos lú suime acu nó níos lú foinn ar dhaoine faoi mhíbhuntáiste a bheith rannpháirteach i gcúrsaí spóirt seachas mar atá i gcás aon dream eile.
saineolaithe ar fhianaise teileachumarsáide experts on telecommunications evidence
" Bhí go leor daoine sa tír den tuairim go raibh siad ina saineolaithe ar fhianaise teileachumarsáide faoin am a bhí an triail sin críochnaithe.
Amharc ar an fhianaise. Look at the evidence.
ina fhianaise sin, in light of that
" Is beag ionadh, ina fhianaise sin, gur ruaigeadh PiS as oifig.
an fhianaise the evidence
" Seo a leanas an fhianaise i dtaobh éiginnteacht dhleathach an Churaclaim: 1.
Tugadh neamhaird fosta ar fhianaise evidence was also ignored
" Tugadh neamhaird fosta ar fhianaise atá ag Gaelscoileanna fadbhunaithe a léiríonn, dar leo féín, nach raibh aon cheist faoi chaighdeán an Bhéarla atá ag a ndáltaí – ach a mhalairt.
ainneoin nach léir go bhfuil aon fhianaise eolaíoch aici despite it being unclear as to whether or not she has any scientific evidence
" Tá sé ráite arís is arís eile aici nach dtiocfaidh sí ar mhalairt intinne faoina ciorclán conspóideach, ainneoin nach léir go bhfuil aon fhianaise eolaíoch aici a thacaíonn lena cinneadh.
mar fhianaise as evidence
" Agus earra bréige déanta aige, bhaineadh se úsáid as an chatalóg sin mar fhianaise lena chruthú gurbh é an t-earra barántúil a bhí ann.
an fhianaise the evidence
" I measc na bhfadhbanna eile a raibh ar an Rialtas dul i ngleic leo le sé mhí anuas bhí an fhianaise “dhochreidte” a thug an Taoiseach, Bertie Ahern, agus é os comhair Bhinse Fiosraithe Mahon.
an fhianaise chuí the appropriate evidence
" Níl i gceist ach cosc sealadach, a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach a tharscaoileadh má éiríonn le feirmeoirí na Brasaíle an fhianaise chuí a chur ar fáil.
gan aon fhianaise without any evidence
" Thug sí foláireamh láidir don Chomhairle Contae go raibh tithe díolta sa Rinn gan aon fhianaise go bhfuiltear ag comhlíonadh an choinníll teanga atá leagtha orthu.
Níl aon fhianaise ann there is no evidence
" Níl aon fhianaise ann gur chuir an córas nua i Sasana aon bhac ar mhic léinn ó theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste.
béim ar fhianaise stress on evidence
" Maidir le “coireanna cogaidh” leagann Ging, an t-abhcóide, béim ar fhianaise.
fhianaise evidence
" Ar aon dul leis na hinnill vótála gan rath nach raibh aon fhianaise ann go gcuirfidís le líon na ndaoine a chaithfeadh vóta, is beag spreagadh a thabharfadh Acht na dTeangacha Oifigiúla do dhaoine an Ghaeilge a labhairt, dar leis.
fhianaise evidence
" Scaoileadh saor an dochtúir Haneef faoi dheireadh nuair nár fritheadh aon fhianaise go raibh baint dá laghad aige leis na hionsaithe.
fhianaise evidence
" ” Airgead, airgead, airgead Ach an bhfuil aon fhianaise ann gur calaois é a rinneadh d’aon ghnó? “*The purpose of a system is what it does*,” a fhreagraíonn Gates, agus é ag tagairt don acrainm, POSIWID, téarma atá ag anailísithe córas le fabhtanna sistéamacha a aithint.
Ina fhianaise in light of
" Ina fhianaise sin go léir, ba dheacair gan glacadh leis go bhfuil ábhar casaoide ag na Uígir.
fhianaise evidence
" ” Ní féidir an fhianaise go léir a scagadh anseo, ach ní miste rud spéisiúil amháin a lua.
ina fhianaise sin in light of that
" Ní ionadh, ina fhianaise sin, gur timpeall ar na haibhneacha Tigris is Eofrait i ndeisceart na hIaráice a bhí cónaí ar an muintir seo go stairiúil.
mar fhianaise as evidence
" Luafaidh na heasaontóirí na himeachtaí i bPort an Dúnáin mar fhianaise agus cuirfear tús le tréimhse fhuilteach eile.
fhianaise proof
" ” Cé nach raibh aon fhianaise aige, thug sé le tuiscint go bhféadfaí ábhar eithneach a bheith curtha i bhfolach áit ar bith ar fud na tíre móire sin.
fhianaise evidence
" Níl aon fhianaise ann gur éirigh leis tíocht go hÉirinn riamh agus má tháinig, níl a fhios againn ar fhan sé i bhfad.
Ina fhianaise sin in light of that
" Ina fhianaise sin go léir, ní dhéanfar iontas de go n-áiríonn Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe go bhfuil na hEmberá ar na pobail dhúchais sa Cholóim atá i mbaol a dhíothaithe.
fhianaise evidence
" Ar an drochuair, tuigtear go soiléir anois (agus bhí daoine a rá ag an am) go raibh an fhianaise i leith Hussein rólag.
fhianaise evidence
" ’Rabhadar pósta dáirire uair amháin? ’Raibh mac acu? Tá orainn brí nua a shamhlú agus athbhreithniúnas leanúnach reatha a dhéanamh ar fhianaise ár súl agus ár gcuimhne.
fhianaise evidence
" Ach fós nuair a ciontaíodh é, níor gearradh ach fíneáil AU$2100 air, mar dúirt an breitheamh nach raibh aon fhianaise ann gur chuspóirí mailíseacha a bhí ag Assange, ach a mhalairt ar fad – nach raibh i gceist aige ach fiosracht intleachtúil amháin.
fhianaise evidence
" Tugtar an reachtaíocht seo mar fhianaise go minic, go dtéann an aontumhacht i bhfad siar, ach i ndáiríre, ní thugann sé le fios ach gur chreid miondream cumhachtach go raibh an staonadh tábhachtach.
fhianaise evidence
" Ba é an port oifigiúil a bhí ag CLG ná nach raibh aon fhianaise ar fáil go raibh daoine á n-íoc agus narbh fhéidir leis an gcumann dada a dhéanamh dá bharr sin.
fhianaise evidence
" Agus níl aon fhianaise ann fós go bhfuil muintir na hÉireann ag tiontú i dtreo an chiníochais.
fhianaise evidence
" Ó thuaidh, deirtear go raibh rialtais Aontachtacha sna 50 bliain ina mhair a réimeas níos faide ar an eite dheas ná Atilla the Hun, agus tá an fhianaise ann.
fhianaise evidence
" Ní raibh fágtha ach málaí agus ábhair scoile na ndaltaí mar fhianaise go raibh siad riamh ansin …an fhirinne curtha i bhfolach leis an bholscaireacht a rinne an stát faoi.
fhianaise ghrianghraf photo evidence
" Rachaidh an fhianaise ghrianghraf i bhfeidhm orthu, nó b’fhéidir go mbuailfidh siad le roinnt de na híospháirtithe féin a bheas amach sna déaga faoin am sin.
fhianaise evidence
" Rinne siad beag is fiú de thairbhe na n-athruithe, ag maíomh nach raibh aon fhianaise ann a léirigh go n-éireodh leo líon na gcaiteoirí a laghdú.
ar fhianaise on the strength (of)
" Níl faic eile feicthe agam ó shamhlaíocht ná ó lionsa Lee Chang-dong, ach beidh ‘Secret Sunshine’ (2007), ‘Oasis’ (2002), agus ‘Peppermint Candy’ (2000) á gcuardach agam ar DVD, ar fhianaise ‘Poetry’.
fhianaise evidence
" Is cosúil go raibh éadaí fuilteacha ag Davis, ach níorbh fhéidir iad a thástáil mar thóg na póilíní iad ó theach a mháthar go mídhleathach, agus b'éigean iad a chaitheamh amach mar fhianaise.
fhianaise evidence
" Cinnte nach bhfuil aon fhianaise ann níos laidre ná taisteal go dtí taobh eile domhain chun bheith i mo bhuacaill bó.
fhianaise evidence
" Ar an 21 Feabhra, an lá céanna go raibh Shimon Peres ag magadh faoi chruachás Qaddafi, chuir 70 eagraíochtaí neamhrialtasacha litir chuig Uachtarán Obama, Ard-Ionadaí an AE Catherine Ashton, agus Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe Ban-ki Moon ag éileamh go gcuirfí dúnghaois “Freagracht chun Cosanta” (nó “R2P” i mBéarla) i bhfeidhm maidir le Libia bunaithe ar fhianaise chlostráchta ón gComhairle Idirthréimhseach Náisiunta (CIN) go raibh Qaddafi ag déanamh áir ar a mhuintir féin.
fhianaise evidence
" Fiú da mbeadh David Cameron i bhfách le fiosrúchán poiblí - agus níl aon fhianaise ann go bhfuil "an fear neamhonóra seo", mar a thug Geraldine Finucane air, i bhfách lena leithéid - bheadh na fórsaí thart air róláidir aige.
Níl aon fhianaise ag tacú leis there’s no proof to support
" Níl aon fhianaise ag tacú leis na bhfigúirí seo, áfach, agus ardaíonn sé ceist maidir le bunús an áitimh i gcoinne an fheachtais.
aon fhianaise any evidence
" Maidir leis na contaetha eile, bhí an-choimhlint idir Tiobraid Árann agus Corcaigh agus cé gur bhuaigh Tiobraid Árann bhí cuma dheas ar fhoireann Chorcaí a bheas ag teacht in inmhe de réir a chéile más aon fhianaise an taispeántas a thug siad sa chluiche sin.
fhianaise evidence
" Cuireadh faoi thriail iad agus ciontaíodh an bheirt acu mar gheall ar fhianaise fhóiréinseach na bhfinnéithe saineolacha.
an fhianaise is sine ar marthain the oldest surviving evidence
" Is iad cairteanna agus catalóganna ón Éigipt is ón mBabalóin ón gcúigiú haois déag RC an fhianaise is sine ar marthain, rud a léiríonn ní hamháin an spéis ach an tábhacht a bhain lena leithéid i saol na ndaoine ársa seo.
in éagmais aon fhianaise in light of no sign
" Gá le hAthchaighdeánú ========== De bharr fiosruithe ón bpobal agus caitheamh ama le linn cruinnithe ar phointí éiginnte gramadaí agus in éagmais aon fhianaise go raibh eagrán athbhreithnithe á réiteach ag Rannóg an Aistriúcháin, bheartaigh an Coiste Téarmaíochta i 2002 tabhairt faoi chúpla pointe a shoiléiriú.
do fhianaise a tugadh trí mheán na Gaeilge on evidence given in Irish
" Mar thoradh ar an eachtra, tharla ceann de na cásanna ba mheasa de shéanadh cearta teanga ar chlár an domhain nuair nár tugadh cothrom na Féinne do fhianaise a tugadh trí mheán na Gaeilge agus nuair a crochadh fear san éagóir dá dheasca.
Cuireadh an fhianaise seo faoi bhráid fhear ionad na Banríona this evidence was sent to the Viceroy
" Cuireadh an fhianaise seo faoi bhráid fhear ionad na Banríona in Éirinn, an Iarla Spenser, (sin-seanuncail leis an Bhanphrionsa Diana), ach thug sé an chluas bhodhar don achainí.
nach bhfuil aon fhianaise ann there’s no evidence
" Mar shampla sa tuarascáil faoin teideal ‘Craoltóirí mar Mhúinteoirí’ deirtear go bhfuil ‘craoltóirí Gaeilge den tuairim láidir nach bhfuil aon fhianaise ann in aon áit ar leas rathúil a bheith bainte as na meáin chun teanga a mhúineadh ná chun cur leis an líon cainteoirí’.
Ní hionadh, ina fhianaise sin no wonder in light of that
" Ní hionadh, ina fhianaise sin, go bhfuil neamhréireachtaí sna hiarratais ar athaontú teaghlaigh a nglactar leo agus na cinn nach nglactar leo.
a ndeachaigh an fhianaise a bhain leis evidence pertaining to him went
" Fiosrú faoi Dhomhnall Ó Lubhlaí =============== **SMM: Cén tuairim a fuair tú i measc mhuintir Shinn Féin ar cheist Dhomhnaill Uí Lubhlaí a bheith ag taobhú is ag faire ar Ghluaiseacht na Poblachta agus maítear gurbh shin é an fáth a ndeachaigh an fhianaise a bhain leis ar throigh gan tuairisc?** TÓC: Tá mé ag fiosrú an scéil sin.
ina fhianaise sin in light of that
" Ní hionadh, ina fhianaise sin, an litir ghearáin a scríobh sí agus í fillte abhaile.
nár leor an fhianaise there wasn’t enough evidence
" Fógraíodh i mí Iúil anuraidh nár leor an fhianaise chun an triúr fostaithe nó G4S féin a ionchúisiú agus tá an obair chéanna ar siúl ag an triúr fostaithe sin le comhlacht eile anois.
Tugann an fhianaise le fios the evidence shows
" Tugann an fhianaise le fios nach n-athróidh na corparáidí móra seo béasaí as a stuaim féin.
Ní hionadh, ina fhianaise sin no wonder then
" Ní hionadh, ina fhianaise sin, gur ghairid go raibh táirgeadh siúcra i lámha comhlachtaí Meiriceánacha.
a thaithí pearsanta mar fhianaise aige who has his personal experience as evidence
" Tá cúlra an scéil seo le fáil i Language, Resistance and Revival, leabhar úr le gníomhaí Gaeilge as Béal Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh agus a thaithí pearsanta mar fhianaise aige.
Ina fhianaise sin go léir in light of all that
" Focal Mór agus Droch-Chur leis? ============= Ina fhianaise sin go léir, an fiú a bheith dóchasach go ndéanfar aon dul chun cinn le linn an dara Idirphlé Ardleibhéil de chuid na NA a bheidh ar siúl 3 – 4 Deireadh Fómhair? Tá an tÉireannach Peter Sutherland ina Ionadaí Speisialta de chuid Ard-Rúnaí na NA um Imirce agus ba eisean a mhol bunú an GFIF i 2006.
taispeánann an fhianaise evidence shows
" B'fhacthas do roinnt finnéithe go raibh duine éigin ar scaradh gabhail os cionn duine eile a bhí ina luí ar an talamh, agus taispeánann an fhianaise gur buaileadh cloigeann Zimmerman in aghaidh na talún, gur briseadh a shrón, agus go bhfuair sé dhá shúil dhubha.
an fhianaise atá curtha i dtoll a chéile acu the evidence which they’ve gathered together
" An Rock Bar ===== Ó cháipéisí a d'fhoilsigh an Historical Enquiries Team (HET) a bhailigh údar Lethal Allies, Ann Cadwallader agus foireann ó Ionad Pat Finucane, an fhianaise atá curtha i dtoll a chéile acu le cuidiú na dteaghlach, lucht dlí agus iarphóilíní de chuid an RUC féin.
aon fhianaise any evidence
" I dtuairisc a d’eisigh an Rapporteur Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna Imirceach níos luaithe i mbliana, cáineadh an borradh a bhí tagtha faoin gcoinneáil mar uirlis i mbainistiú na hinimirce san Aontas Eorpach cé nach bhfuil aon fhianaise go ndéanann an choinneáil a n-uchtach a bhaint de na daoine a dteastaíonn uathu triall ar an Eoraip.