Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
de réir fhigiúirí an daonáirimh according to census figures
" Dúirt daoine liom gur chuimhin leo grúpaí a raibh baint acu leis an Eaglais Chaitliceach, leithéidí Ridirí Colambanus, ag moladh do Chaitlicigh a gcreideamh a líonadh isteach sna foirmeacha ar an ábhar, dar leo, go raibh an Stát athraithe agus gur measadh riachtanais maidir le seirbhísí oideachais, sláinte agus cultúir de réir fhigiúirí an daonáirimh.
meallta sna figiúirí disappointed in the figures
" Cinnte, bhí náisiúnaithe iontach meallta sna figiúirí a nochtadh sa daonáireamh, Sinn Féin ach go háirithe.
lena bhfigiúirí with their figures
" Ní aontaím lena bhfigiúirí ná lena gcinneadh.
figiúirí féachana viewing figures
" Tá an chosúlacht ar an scéal go mb'fhéidir go bhfuil baint ag figiúirí féachana agus ag brú lucht fógraíochta le roghnú na gcluichí seachas cothromaíocht idir peil agus iomáint.
de réir na bhfigiúirí oifigiúla is deireanaí according to the latest official figures
" Ní nach ionadh mar sin, de réir na bhfigiúirí oifigiúla is deireanaí, go bhfuil 4,176 duine fásta agus 1,405 páiste ina gcónaí ar shráideanna an stáit seo.
figiúirí beachta accurate figures
" Níl figiúirí beachta ag Roinn Cosanta na Breataine ach i bhfreagraí éagsúla a tugadh don House of Commons, tuairiscíodh i 1999 go raibh 155,000 saighdiúir ar dualgas sna Sé Chontae ar a laghad uair amháin; in 2001, áfach, tuairiscíodh gur chaith 330,000 tréimhse sa chúige.
a mheall figiúirí arda which attracted high ratings
" Ach d'éirigh linn sraith den scoth - a mheall figiúirí arda - a dhéanamh taobh istigh de na teorainneacha airgeadais a leagadh síos.
fhigiúirí cruinne accurate numbers
" Ar ndóigh, tá sé dodhéanta teacht ar fhigiúirí cruinne.
bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh based on census figures
" Ní chuirfear an cóimheá idir cainteoirí Gaeilge agus Béarla i gceantair Ghaeltachta as a riocht mar go mbeidh an céatadán de thithe a chuirfear ar leataobh do Ghaeilgeoirí bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh i leith líon na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar.
bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh based on census figures
" Is chuige sin atá an choinníoll teanga de dhíth mar go mbeidh an céatadán de thithe a chuirfear ar leataobh do Ghaeilgeoirí bunaithe ar fhigiúirí daonáirimh i leith líon na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar.
fuinneoigíní breactha le figiúirí beaga little windows covered in small figures
" Sa seomra suí chrom sé go staidéarach os comhair an chórais cheoil, an oiread sin cnaipí le casadh agus le brú, focail greanta os a gcionn, fuinneoigíní breactha le figiúirí beaga—bhain sé scil as tamall sular shleamhnaigh tarraiceán go mall as agus log ciorclach ann, áit ar leag sé an dlúthdhiosca go cúramach.
léiríonn na figiúirí the figures show
" Arís eile, léiríonn na figiúirí an forás as cuimse atá tagtha ar Ghaeltacht na Gaillimhe le hais na nGaeltachtaí eile.
trí bhreágfholt feamainn a chur ar na figiúirí, by placing sea-weed wigs on the figures,
" Dála a gcomharsana i Newcastle, a ghléas "Angel of the North", saothar eile de chuid Gormley, i ngeansaí peile Newcastle United, ghlac roinnt Scousers an deis lena mbarúil féin a chur in iúl trí bhreágfholt feamainn a chur ar na figiúirí, agus aisteach go leor, péint bhuí a chur ar a gcuid magairlí! Ní raibh i gceist ag an tús go mbeadh na figiúirí suite ar an trá ar bhonn fadtéarmach ach nuair a tháinig deireadh leis an chonradh le Gormley le déanaí, thosaigh feachtas áitiúil le iad a choinneáil ann go buan.
go bhfuil tuigbheáil ag cuid mhór daoine do na figiúirí stuama aonaracha seo that a lot of people appreciate these steady solitary figures
" Ach is léir go bhfuil tuigbheáil ag cuid mhór daoine do na figiúirí stuama aonaracha seo agus go spreagann siad machnamh agus tuairimí éagsúla.
na figiúirí meirgeacha seo these rusty figures
" Nuair a bhíothas ag bailiú tuairimí ón phobal i rith na conspóide dúirt duine amháin go bhfuil idir uaigneas agus ríogacht ag baint leis na figiúirí meirgeacha seo ar an trá agus go bhfuil níos mó i gceist ná ealaín amháin.
ard-draoi na bhfigiúirí, the high druid of the figures,
" Sruth leanúnach de na páipéir chéanna á dtabhairt ag reathairí sealaíochta chuig “an gCeann Tallaí”, ard-draoi na bhfigiúirí, suite lena *acolytes* os comhair altóir na teicneolaíochta.
ar fhigiúirí díolacháin on distribution figures
" Tá meath leanúnach tagtha ar fhigiúirí díolacháin na nuachtán ar fud na cruinne le scór bliain anuas, mar shampla.
cuirim figiúirí uamhnacha uafáis de ghlanmheabhair. I learn dreadful dreadful statistics of horror off by heart.
" Súim isteach an t-atmaisféar duairc, cuirim figiúirí uamhnacha uafáis de ghlanmheabhair.
ansmacht na bhfigiúirí díolacháin oppression of sales figures
" Tá *Lá* ag strácáil riamh anall le hansmacht na bhfigiúirí díolacháin agus ní dócha gur i bhfeabhas atá siad ag dul.
De réir na bhfigiúirí díolacháin is deireanaí according to the most recent sales figures
" De réir na bhfigiúirí díolacháin is deireanaí atá eisithe ag an Audit Bureau of Circulation (ABC), díoltar ar a mheán 160,000 cóip den *Irish Independent* gach lá; 118,000 cóip den *Irish Times*; 107,000 cóip den *Irish Sun*; 103,000 cóip den *Irish Star*; 83,000 den *Evening Herald* agus den *Belfast Telegraph* araon; 73,000 den *Irish Mirror*; 56,000 den *Irish Examiner* agus 49,000 den *Irish News*.
figiúirí faofa approval in the ratings
" Nuair a thugadh sé ceann, rud a tharla go fíorannamh, thiteadh a chuid figiúirí faofa láithreach.
figiúirí measta estimates
" Cé nach dtugann údaráis Mheiriceá figiúirí measta ar shlógaí níos mó, meastar go neamhoifigiúil go raibh cúpla céad míle duine i láthair ag an slógadh úd, a thugtaí ‘Restoring Honor’, nó ‘Athghabháil an Mheasa’ air.
Léiríonn figiúirí oifigiúla official figures show
" Léiríonn figiúirí oifigiúla go bhfuil an dífhostaíocht giota maith níos airde i measc na gCaitliceach ná mar atá sé i measc na bProtastúnach agus is ceantracha Caitliceacha iad 16 as an 20 bardas is mó atá faoi míbhuntáiste ó thuaidh ach tá aontachtaithe ag craobhscaoileadh na bréige go bhfuil gach "lamháltas" á thabhairt do Chaitlicigh, agus buanú na deighilte "iad" agus "muid".