Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fionnán a blonde
" Bhí Bonnie Parker ciardhubh, dála an scéil, níor fionnán ar aon dul le Faye Dunaway í.
fionnán praiseach trashy blonde
" Cruthaigh fionnán praiseach mná ar imeall an trí scór, tabhair miongháire seasta bréige di, cuir tuin chainte isealaicme Astrálach ina béal, agus, mar nod do chur síos Mitterand ar Thatcher, tabhair ‘beola Monroe agus súile Caligula’ di, agus ansin tá mearphictiúr breactha agat, sceitse beag tapaidh den tseanmháthair bhlúsach Janine ‘Smurf’ Cody, matrarc thréad fuilteach mac a dhúnmharaíonn gan taise ná cúis chuile dhuine a thagann idir iad agus a gcraos don maoin éasca, is dá sábháltacht féin, is chun ‘onóir’ tóin-in-airde an teaghlaigh a shásamh.
rugadh deichniúr fionnán i ndiaidh a chéile ten blond kids were born in a row
" Breis is fiche bliain i ndiaidh na tubaiste mhothaigh mé gur bhaist an dochtúir i mo shráidbhaile féin, ‘bliain na bhfionnán’ ar an bhliain i ndiaidh Searnóbail, cionn is gur rugadh deichniúr fionnán i ndiaidh a chéile san áit, a mhac féin san áireamh bíodh go raibh na tuismitheoirí ar fad chomh dubh leis an bhac.