Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i bhfoisceacht deich míle dínn within ten miles of us
" Bheadh a fhios ag chuile dhuine sa gceantar gur ciúin onórach a bheadh an ceiliúradh sa Lodge ach ó tharla nach raibh aon teach ósta eile i bhfoisceacht deich míle dínn, shíl mé go mbeadh cúpla seanriadaire eile cosúil linn féin ag triall air.
i bhfoisceacht within
" Tá nasc déanta ag Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad le Ráth Cairn agus cuireann siad cúrsaí teastais oíche ar siúl i rith an gheimhridh do dhaoine a bhfuil Gaeilge acu atá ina gcónaí i bhfoisceacht fiche míle den cheantar.
atá i bhfoisceacht 7-10 gciliméadar which is within 7-10 kilemetres
" Cosnóidh an bóthar féin €680 milliún - é sin á chaitheamh agus caoi á cur ar an M2 atá i bhfoisceacht 7-10 gciliméadar den M3 nua.
i bhfoisceacht scread asail den tigh anywhere near the house
" a thaiscemy dear geallúintípromises ag maíomh as an ngadhar nuaboasting about the new dog breitheamhjudge gadaíthief i bhfoisceacht scread asail den tighanywhere near the house ag drannadhsnarling ag tafannbarking go béasachpolitely ó chianaibha while ago tíosachsparing caifeachwasteful saoiwise man agus go mbraithfidh tú ag baileand that you'll feel at home púicfrown malaíeyebrows maitheasgood gléas ceoilmusical instrument coinneappointment táillefee trí bhonn airgidthree coins as do mheabhairmad breitheamhjudge tinneas fiacailetootache tolgcouch barróghug deinin dearmad ar an bpianI forget the pain
i bhfoisceacht an bhláir near the field
" Thar na trí lá a chaitheamar i bhfoisceacht an bhláir, chonaiceamar scórtha de na daoine seo ag máirseáil, ag campáil, ag druileáil, agus ag déanamh gach rud eile a dhéanadh an gnáthshaighdiúir aimsir an chogaidh chathartha.
i bhfoisceacht cúpla cúilín do na Cait within a few points of the Cats
" Ní den chéad uair, choinnigh pocanna fada saora Sheáinín Mhic Mhathúna na Cláirínigh i bhfoisceacht cúpla cúilín do na Cait, ach níor leor sin agus Annraoi Siobhláin i mbarr a réime agus a chumais agus é ina rí ar Pháirc an Chrócaigh.
nach dtiocfadh i bhfoisceacht scread asail do bheith ina réabhlóidí. who wouldn't come remotely close to being a revolutionary
" Ach is dóigh liomsa gur duine coimeádach é an t-Uasal Rudd, nach dtiocfadh i bhfoisceacht scread asail do bheith ina réabhlóidí.
i bhfoisceacht within
" De thaisme a cailleadh Empress of Ireland ar 29ú Bealtone 1915 nuair a bhuail sí bád guail ‘Storstad’ as an Iorua, agus í i bhfoisceacht ceithre míle de chósta Quebec, Ceanada.
i bhfoisceacht within
" In imeacht ceithre bliana go leith, ní raibh ach cruinniú amháin idir feidhmeannaigh ón dá eagraíocht faoin ábhar cé go raibh a gcuid ceannáras lonnaithe i bhfoisceacht cúpla céad méadar dá chéile.
i bhfoisceacht trí mhí dá chéile within three months of each other
" Níos Airde ná Spíce na hArdchathrach ============= Deineadh an dá chinneadh sin i bhfoisceacht trí mhí dá chéile agus léiríonn siad go paiteanta easpa chomhsheasmhachta na n-údarás pleanála ina gcuid cinneadh i leith muilte gaoithe.
i bhfoisceacht 50 slat within fifty yards
" B’fhéidir nach mbeadh an port céanna ag an Aire dá mbeadh sé beartaithe tuirbíní móra a thógáil i bhfoisceacht 50 slat dá theach féin i gCluain Dolcáin.
i bhfoisceacht nearby (to)
" Ní feas dúinn, áfach, líon na mílte eile atá caite i gcarn ar a chéile i bhfoisceacht maithe na leac.