Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gáifeacha terrible
" Bhí sé dodhéanta fiú leamhgháire a bhaint as a ghnúis mhaorga mhairgiúil 'fhad is a bhí na cláracha gáifeacha teilifíse agus na pictiúir léanmhara ag teacht amach, ceann i ndiaidh a chéile.
gáifeach sensational
" Dá dtiocfadh an crú ar an tairne, agus mura mbeadh a dhath ar bith eile agam le cur síos a dhéanamh air, thiocfadh liom amharc ar *Lá *lá ar bith den tseachtain agus bheadh an scéala gáifeach eisiach is úire agam faoi Mheánscoil Feirste.
múrphictiúir gháifeacha flamboyant murals
" Tá na múrphictiúir gháifeacha sa dá áit; tá fir ann a chaitheann bríste géine agus a bhfuil a gceann bearrtha; tá cailíní óga ann a chaitheann éadaí tanaí dlútha agus a mbíonn a leanaí leo i bpramanna.
gháifeach sensational
" ” Seans gur chuir peannairí Mhoscó dreach sibhialta ar líne gháifeach an *Irish Daily Star*: “BUTCHERED IN REVENGE” – ar an bpríomhleathanach.
ealaín gháifeach flamboyant art
" Bhí Hirst bainteach leis an ghrúpa YBAs (Young British Artists), grúpa a raibh sé mar chuspóir aige ealaín gháifeach a chruthú a rachadh i bhfeidhm ar an phobal trí chéile.
iompar gáifeach flamboyant behaviour
" Agus Gorgeous George? Bhuel, bhí an-cháil go deo air mar iomrascálaí blianta fada sula raibh a leithéid de rud agus The World Wrestling Federation ann, Hulk Hogan agus an gheáitsíocht dhrámata ar a dtugtar iomrascáil inniu! Ba eisean a chuir tús an “iomrascáil” seo, lena iompar gáifeach sa chró.
aistear aisteach gáifeach strange perilous journey
" Ach ar aghaidh leis na ceisteanna! Balor: Dá mbeifeá i do Thaoiseach ar an tír seo, cad é a dhéanfá chun muid a tharraingt amach as an phuiteach ina bhfuil muid? Beairic: Bhuel, is léir domsa, agus mé ag féachaint isteach ón taobh amuigh, go bhfuil an tUasal Cowen ag dul an bealach ceart; agus go bhfuil an Tánaiste ag cuidiú go mór leis ar an aistear aisteach gáifeach seo.
ghránna gháifeach ugly, horrendous
" Gonorrhoea Lectem an t-ainm atá ar an ghalar teagmhálach seo (fuaimnithe mar ‘gonna re-elect ’em’, cé nach bhfuil baint dá laghad ag an ghalar le cúrsaí polaitíochta ná toghcháin – i ndáiríre! i ndáiríre píre!) Faightear an galar seo go furasta agus tá mórán daoine ag fulaingt cheana féin ón drochaicíd ghránna gháifeach seo.
gáifeach flamboyantly
" Beagánín grástúil, beagánín garbh, beagánín gáifeach, beagáinín gasta, beagáinín grianmhar.
gáifeacha ostentatious, gaudy
" Ní bhaineann seisean úsáid as straitéisí cliste gáifeacha margaíochta lena shaothar a chur i láthair an mhargaidh agus gí go n-aithníonn sé tábhacht na beirte sin ó thaobh cúrsaí ealaíne de, leanann sé a bhóthar féin.
gáifeacha ridiculous
" Tráthnóna, ámh, bíonn cláracha cainte acu le láithreoirí mar Bill O'Reilly, Seán Hannity, agus Alan Colmes, tráchtairí béalscaoilte gáifeacha den eite dheis, a phléann cúrsaí an tsaoil ó dhearcadh na heite deise.
mála gáifeach ostentatious bag
" Is fánach an duine a bheidh de bhrabach aige uaireadóir galánta nó mála gáifeach de dhéantús clúiteach i ndiaidh a chónaithe in A Coruña.
amharclann gháifeach a flashy theatre
" Ócáidí ceithre lá is ea na coinbhinsiúin, le cainteoirí cáiliúla agus amharclann gháifeach a tharraingíonn aird na meán agus suim na vótóirí.
fiú an gáire gáifeach ar strus even a guffawing laugh, against stress
" Is frithnimh chumhachtach é an gáire, fiú an gáire gáifeach ar strus, ar bhreoiteacht chorpartha agus intinne agus ar an teannas a bhraithimid ar bhonn laethúil i réimse na hoibre agus sa tsochaí aisteach uirbeach iar-nua-aoiseach seo a bhfuilimid go léir ag streachailt léi i gcónaí.
An Chulaith Gháifeach the gaudy dress
" An Chulaith Gháifeach ======= Is í Annette Hill a bhí i mbun eagrú an chomórtais seo ‘Universal Royalty Beauty Pageant’ agus in agallamh an tseachtain sin, bhí sí á chur i gcomórtas leis na feiseanna damhsaí a bhíonn againn in Éirinn ina bhfuil an bhéim curtha ar chuma na culaithe gáifí atá lán de ghealra agus drithle.
na daoine gáifeacha the ostentacious people
" Chun teacht chomh fada le comhrá fiúntach beidh ort treabhadh tríd na daoine gáifeacha ar fad nach bhfuil suim acu in aon duine seachas iontu féin, ach a mbíonn a méaracha greamaithe do chnaip an chroí ionas go mbeidh a fhios acu cé a bhronn croí orthusan.