Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ga gréine sunbeam
" Géaga ag trasnú ar a chéile, patrúin gheoiméadracha, mar a bheadh líníochtaí de chuid Paul Klee, scrábáil páiste, dlúithe an duilliúir agus ansan, ar an imeall, duilleoigín léi féin, scoite amach ar ghéag lom, éan cuideáin… torthúlacht, éagsúlacht agus neamhbhuaine an tsaoil, ciorcal na beatha, na ceithre ráithe… ga gréine, scáth… agus na clocha is na carraigreacha arís, a ndath, a n-uigeacht, a gcruth.
ag scaipeadh gha gréine, solais agus lúcháire casting a ray of sunshine, light and joy
" Spéirbhean - nó spéirfhear - ag scaipeadh gha gréine, solais agus lúcháire timpeall na cathrach.
na gathanna teo gréine the warm rays of sun
" Bhí an ghrian ag taitneamh ar an lá i mí an Aibreáin ar thóg mé an GHF go Majdanek ach ba bheag a rinne na gathanna teo gréine chun gruaim dhosheachanta na háite a mhaolú.
gathanna na gréine rays of the sun
" Mo cheannín maol i mbaol a dhóite ag gathanna na gréine – aimsir Manhattan fíorthé go deo.
ga gréine ray of sunlight
" Is dolmen faoi leith é Maen ar Boudiged (i bhFraincis La Roche aux Fées; Leacra an tSlua Sí), i ngar do Raozhon/Rennes, atá leagtha amach mar Bhrú na Bóinne le ga gréine na ngrianstad a cheapadh isteach isteach trína lár.
gathanna gréine shafts of sunlight
" “*We’ve never played in a bombed-out church before - they are few and far between!*” Is é an míbhuntaiste is mó faoin eaglais ná easpa díon, ach bhí an t-ádh ar na hUltaigh, agus cé go raibh ceathanna troma i rith an lae, bhí sé deas geal tirim don cheolcheoirm agus tháinig gathanna gréine tríd na frámaí fuinneoige mar spotsolas draíochtúil ar an ardán.