Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gafa le Gaeilge taken up with Irish
" “Féachann go leor i gConamara orm mar dhuine atá gafa le Gaeilge, nach bhfuil spéis aige in aon rud eile.
a gabhadh le Brian who was arrested with Brian
" Ach, de réir buachalla eile a gabhadh le Brian ag an am, Anthony O’Sullivan, ba é an t-aon rud a bhí ag cur as do Bhrian de thairbhe an bhascaithe, sular gabhadh é, ná an phian a thagann ó dhá shúil dhubha.
a gabhadh le Brian who was arrested with Brian
" Ach, de réir buachalla eile a gabhadh le Brian ag an am, Anthony O’Sullivan, ba é an t-aon rud a bhí ag cur as do Bhrian de thairbhe an bhascaithe, sular gabhadh é, ná an phian a thagann ó dhá shúil dhubha.
gafa le sacar into soccer
" Bhí an-chairdeas eadrainn – muid beirt gafa le sacar.
gafa le healaín an cheoil taken up with the art of music
" Conas, mar sin, a rabhadar ag súil le saol duine a chaith a shaol ar fad gafa le healaín an cheoil a ríomh? Conas, mar sin, a rabhadar ag súil le saol duine a chaith a shaol iomlán ag seinnt le roinnt de na bannaí is tábhachtaí i stair cheol traidisiúnta na hÉireann a ríomh? Ní féidir, dar ndóigh, agus mar a dúras do theip go hiomlán ar an gclár.
go bhfuil siad an-ghafa leis na fadhbanna éagsúla atá tagtha chun cinn le gairid. that they are very busy with the various problems which have come up recently
" B’fhéidir gurb é is cúis lena n-easpa gnímh i dtaca le polasaithe a athrú ná go bhfuil siad an-ghafa leis na fadhbanna éagsúla atá tagtha chun cinn le gairid.
gabhadh leithscéal le Gerry Adams! Gerry Adams was issued with an apology!
" Cén tionchar a bhí ag alt Squinter? Baineadh an t-alt de shuíomh gréasáin an *Andersonstown News* agus gabhadh leithscéal le Gerry Adams! The Andersonstown News accepts that the tone and the timing of the Squinter article last week, during a period of community mourning, was inappropriate and unnecessary and apologises to Gerry Adams and our readers for any hurt caused – Ed.
gafa le caught up with
" Ná hiarr orm aon dualgas eile a thógáil orm féin an lá sin, mar beidh mé gafa le figiúirí a mheas, a scagadh is a chíoradh.
gafa le caught up/engaged with
" ” Níor cheart do dhaoine, óg nó aosta, a cheapadh nach fiú a bheith gafa le ceisteanna dá sórt nó nach féidir linn aon ní a dhéanamh fúthu.
gafa le engaged with
" Níl le déanamh ag an té atá gafa le cultúr na gceiliúrán ach dul ar líne le teacht ar ainmneacha na ndaoine cáiliúla ar bronnadh urghairí orthu.
Ghabh sé buíochas le he thanked
" Ghabh sé buíochas le Comhairle na Cathrach, a sholáthair suíomh don leacht.
gafa le caught up in
" Faoin am ar thosaigh sé a chuid staidéir i nDámh na nDán i bPrág bhí Jan Palach gafa le gnóthaí agóide na mac léinn, an dream ba mhó díograis i bhfeachtas na n-easaontóirí.
gafa le engaged in
" Ní rud neamhchoitianta é i gcás daoine atá gafa le spórt thar thréimhse ama, go mbraitheann siad faoiseamh, frithbhuaic fiú, thar aon bhrath eile nuair atá an turas tagtha chun chríche.
a bhí ag dréim le heolas ar thailte gafa who expected information on occupied lands
" Ba bheag an tuiscint a bhí acu sular thug siad aghaidh amach agus ba lú, is léir, a bhí acu nuair a léirigh siad a gcuid grianghraf do dhaoine ar ais in Éirinn a bhí ag dréim le heolas ar thailte gafa agus ar chaighdeán maireachtála daoine sa Mheán Oirthir.
ghabhann le deonú saoránachta granting of citizenship
" Is é an tAcht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 1956 a leagann síos na coinníollacha a ghabhann le deonú saoránachta agus rinne an Breitheamh tagairt don chuid den Acht a deir gur “dá rogha féin amháin” a bhronnfaidh an tAire deimhniú eadóirseachta ar iarratasóirí.
gafa le dream darb ainm involved with a group
" Lonnaithe i sibhialtacht an “*Culture*” tá an chuid is mó de na leabhair gafa le dream darb ainm “*Contact*” atá mar rannóg faisnéise Culture.
bhíos gafa le I was caught up with
" Taobh amuigh d’uaireanta oibre, bhíos gafa le hobair Chearta Síbhialta na Gaeltachta ar fud Conamara.
gafa le rudaí gearrthéarmacha ag am toghcháin caught up with short term matters at election time
" Bíonn daoine gafa le rudaí gearrthéarmacha ag am toghcháin, ach chonaiceamar go raibh polaiteoirí sásta seasamh amach agus snámh in aghaidh an easa ar cheist an ghinmhillte agus ba bhreá liom labhairt leo.
ngabhfaidh tú leithscéal le you apologise to
" Sin mar a bheas an scéal go dtí go ngabhfaidh tú leithscéal le Brennan go poiblí i d’alt sa liarlóg sin a mbíonn tú ag scríobh di.
gafa le hobair eile caught up in other work
" Bheadh sé i gceist go n-úsáidfí an t-am sin le go bhféadfadh muínteoirí freastal ar chruinnithe éagsúla, ar chúrsaí oiliúna, cruinnithe le tuismitheoirí agus seasamh isteach do mhúinteoir a bheadh tinn nó gafa le hobair eile, gan cur as don amchlár teagaisc.
Gabh muid buíochas le we thanked
" Gabh muid buíochas le fear an tí nuair a bhí muid ag imeacht.
gabhadh buíochas le was thanked
" ” Thug mé faoi deara gur gabhadh buíochas le Pádraig Ó Cíobháin sa leabhrán eolais a cheannaigh mé féin, ach bhí iontas orm a chloisteáil ó Paul Buttle gurb é an scríbhneoir cáiliúil, údar an iliomad leabhar ar nós ‘An Grá Faoi Cheilt’ (Coiscéim 1992) atá i gceist.
daoine éirimiúla gafa le hobair leadránach talented people caught in boring jobs
" Tá tagairtí go leor ann agus fiú, Máirtín Ó Direáin, faoin saol leadráin a bhí ag daoine, daoine éirimiúla gafa le hobair leadránach.
a gabhadh le déanaí who were recently arrested
" Tá an chuma ar an scéal go ndaorfar chun báis cuid de na hAstrálaigh a gabhadh le déanaí i mBali agus hearóin ina seilbh.
gafa le tae agus gafa hard to please
" Tá Balor gafa le tae agus gafa gan é ag trácht ar an Aire Éadóchais, ar Bhanríon na hÉireann agus ar an Norriseach, Davidus, Seanóir Choláiste na Trioblóide.