Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an tuiseal gairmeach the vocative case
" Téir faobhar na faille siar tráthnóna gréine go Corca Dhuibhne, Is chífir thiar ag bun na spéire ag ráthaíocht ann An Uimhir Dhé, is an Modh Foshuiteach, Is an tuiseal gairmeach ar bhéalaibh daoine: Sin é do dhoras, Dún Chaoin fé sholas an tráthnóna, Buail is osclófar D'intinn is do chló ceart.
a chomórann gairmeacha áirithe which celebrate certain professions/occupations
" Chomh maith leis sin ar fad, bíonn laetha speisialta ann i rith na bliana a chomórann gairmeacha áirithe, ar nós lá na múinteoirí, lá na ndochtúirí nó lá na dtógálaithe.
réimse leathan gairmeacha, a wide range of careers,
" Bhí cúrsaí athnuachana á reáchtáil san institiúid do dhaoine a bhain le réimse leathan gairmeacha, oibrithe sóisialta, múinteoirí agus daoine a bhí ag plé leis an leigheas ina measc.
gairmeacha beatha spreagúla agus fiúntacha stimulating and worthwhile careers
" Tá freagracht orainn a chinntiú go mbeidh gairmeacha beatha spreagúla agus fiúntacha ar fáil don chéad ghlún eile iarchéimithe, an dream sin atá díreach tar éis foirmeacha an CAO a chomhlánú.
ina gcuid gairmeacha. in their careers
" Dáréag atá i gceist, ar mná ar fad iad - mná a raibh ardoideachas orthu, mná de chuid na meánaicme, mná a raibh roghanna acu agus mná atá, den chuid is mó, níos sine ná daichead bliain d’aois agus socair ina gcuid gairmeacha.
sna gairmeacha. in the professions
" Ní hamháin sin, ach is iarrthóir tarraingteach é do liobrálaithe na gcathracha, go háirithe dóibh siúd sna gairmeacha.
gairmeacha taitneamhacha dúshlánacha enjoyable challenging careers
" Tá iarchéimeanna lán-Ghaeilge Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, deartha le forbairt leanúnach ghairmiúil agus le scileanna praiticiúla agus acadúla na rannpháirtithe a threisiú agus iad a ullmhú do na gairmeacha taitneamhacha dúshlánacha atá ar fáil dóibh.
gairmeacha professions
" Is iarsma é Seanad Éireann den dearcadh a bhí coitianta sna 30í a dhearbhaigh go bhfuil tábhacht ar leith ag na gairmeacha agus gur chóir go mbeadh guth acu sa chóras pholaitiúil.
gairmeacha professions
" Adhlacóir, i measc gairmeacha eile, a bhí i Mícheál Ó Duibhir.
gairmeacha professional
" Leis an líon beag d’aisteoirí gairmeacha le Gaeilge atá ann, agus cuid mhór acu feicthe go minic cheana ar an scáileán, bhí an baol ann gur cosúil le radharc samhlaíoch as Ros na Rún a bheadh sa scannán seo.
Tuiseal Gairmeach vocative case
" Agus ba cheart dúinn Tuiseal Gairmeach na Banríona Eiblíse a chur ar théip chuig chuile polaiteoir, mac léinn agus saoránach sa tír seo ar son glaine a cuid gramadaí.
iliomad gairmeacha innumerable professions
" Tá dúnta airm, airfoirt, bailte beaga agus móra, innealltóirí, dearthóirí, lucht oibre, lucht freastail, agus an iliomad gairmeacha eile ag saothrú a gcoda ar an slad seo.
gairmeacha beatha professions
" Lig sé air féin go mba phíolóta aerlíne Pan Am é, go mba dhochtúir leighis é, go mba abhcóide é – i measc gairmeacha beatha eile.
ar ghairmeacha ardluacha on highly esteemed professions
" Dúirt sé go bhfuil ganntanas oibrithe oilte ag cur isteach ar fhorbairt i réimsí áirithe an gheilleagair agus go bhfuil an scéim SMP bunaithe ar urraíocht na bhfostóirí, ar riachtanais na tuaithe agus ar ghairmeacha ardluacha.
do ghairmeacha beatha to proffesions
" Tá tagairtí sa leabhar seo do ghairmeacha beatha a raibh an fhánaíocht ag baint leo go minic agus atá dearmadta le fada – lucht déanta sreangáin agus díoltóirí tae agus tobac, coirpigh agus striapacha, oibrthe lása, gréasaithe, súdairí, déantóirí folt bréagach, agus déantóirí pinn.
ghairmeacha agus araile professions and so on
" “Bhí suim riamh agam san eolaíocht agus ní raibh a fhios agam cé acu na heolaíochtaí nó an ceol a dhéanamh ach d'aithin mé gurbh fhéidir an ceol a sheinm taobh amuigh den scoil ach nach dtiocfadh an eolaíocht a dhéanamh taobh amuigh di, agus ar ndóigh, bhí na múinteoirí ag cur na gceisteanna is éigean dóibh a chur faoi phostanna agus ar airgead a dhéanamh, ar ghairmeacha agus araile.
ag lorg ainmneacha, seoltaí agus gairmeacha beatha seeking names, addresses and professions
" Tá sí ag lorg ainmneacha, seoltaí agus gairmeacha beatha na ndaoine a léirigh spéis i gcomhaltacht trí phróiseas poiblí a bhí á reáchtáil tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
gairmeacha éagsúla various professions
" Sílim go bhfuil ag éirí measartha maith le gairmeacha éagsúla, go háirithe i measc iad siúd a bhfuil cáilithe maith orthu, fad is atá rudaí deacair go leor ag daoine nach bhfuil oideachas maith nó oiliúint ar leith orthu.
an tuiseal gairmeach the vocative case
" A Bhaloir: sin an tuiseal gairmeach.