Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a leithéid de shaibhreas agus de ghalántacht such wealth and luxury
" Ba mhisniúil a chloisint gur ó ghluaiseacht naíonraí Gaelacha na hÉireann a fuair lucht Saterfriesisch an smaoineamh! Ach, a leithéid de shaibhreas agus de ghalántacht ní fhaca mé le fada.
ghalántacht glamour
" " Lena chois sin, rinne Fürst údaráis Bheirlín a cháineadh go géar de bhrí gur eagraigh siad an taispeántas agus dúirt sé go raibh sé suaite ag an "easpa tuisceana i measc údáras cultúrtha Bheirlín, ar léir go bhfuil an ghalántacht a bhaineann leis an airgead mór agus réimse ollmhór an bhailiúcháin tar éis iad a dhalladh agus a dhéanamh dearmadach.
bréag-ghalántachta false grandeur
" Bean fhuar brúite faoi í Mimi, ag sodar de shíor i ndiaidh na bréag-ghalántachta.
na bréag-ghalántachta false grandeur
" Cuireann bodacht, mímhúinteacht agus maistíneacht Waltz alltacht ar a bhean Winslet, agus chuir riamh, ach nár fhéad sí é sin a chur in iúl go dtí gur thug an chogaíocht bhinbeach go léir agus na taoscáin fuisce misneach di; tiomáineann géilliúlacht agus filistíneacht Reilly a bhean mhóiréiseach Foster thar imeall na foighne freisin ; pléascann Reilly chomh maith céanna – scread príomhordúil an fhir chéile, an *‘regular guy’* ar beagán oideachais ag cur suas thar na blianta fada le mustar, soncanna beaga agus tón ardmhórálta na soithe ardnósaí a phós sé fada siar, céastóir néaróiseach a bhíonn de shíor ag sodar i ndiaidh na barántúlachta agus na bréag-ghalántachta araon.
ní luaitear sin i lúib na galántachta that’s not mentioned in polite society
" Is é Prince Philip a col ochtair trí *Queen Victoria*, gan trácht ar an bheirt acu a bheith ina gcol seachtair fosta trí ríshliocht na Danmhairge! Tá finscéal eile a bhaineann le Naitsithe, le dúnmharú Diana, le hairgead agus go leor eile ceangailte leis na Windsors (d'athraigh siad an t-ainm ó Saxe-Coburg Gotha i 1917) ach ní luaitear sin i lúib na galántachta.
Rud tobann ab ea í an ghalántacht beauty was something sudden
" Rud tobann ab ea í an ghalántacht ina phrós agus ní foláir nó gur fhoghlaim Wallace an tseift seo uaidh.