Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú
They can survive without you
Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú nuair nach mbíonn tú ansin, áfach, mar gur dream neamhspleách iad.
Gan trácht a dhéanamh ar
not to mention
Cén fáth (nó cad chuige/cad ina thaobh) an Pholainn? Cad atá ann? Cá bhfuil sí? An Ghaeilge?! Na créatúir bhochta!
Gan trácht a dhéanamh ar an méid uaireanta a chuala mé an seanphort céanna sin gurb ionann Lublin agus *Dublin* ach litir amháin a athrú.
An amhlaidh gur glacadh cinneadh gan a leithéid a dhéanamh?
is it so that a decision was made not to do it
Dá mba chéim thábhachtach i stair oideachas na hÉireann é foilsiú an churaclaim, mar a dúirt an Micheál Martin ag an am, cad chuige nár shocraigh sé fhéin nó an Roinn Oideachais an próiseas a bhí ordaithe in Alt 30 den Acht Oideachais a leanúint leis an churaclam a fhorordú?
An amhlaidh gur glacadh cinneadh gan a leithéid a dhéanamh? Nó an é go ndearnadh neamart ann?
Tugann an tAcht Oideachais bealaí eile d'airí oideachais le polasaí oideachais na tíre a chur chun cinn agus is dócha go dtiocfadh leis an roinn a rá go dtig le hairí na bealaí sin a úsáid le curaclam a mholadh.
gan machnamh ar bith a bheith déanta air
without any thought having gone into it
Chuir sé díomá ar Bhreandán Delap fosta: “Míofar!” a dúirt sé liom, “caite le chéile
gan machnamh ar bith a bheith déanta air.
Gan seanbhaile a dhéanamh
not to dwell on
Is ann a théann maithe agus móruaisle shaol na Gaeilge agus shaol an cheoil Ghaelaigh ag an am seo gach bliain, agus go hiondúil bíonn an gabhar á róstadh ag na Poncáin – ach i mbliana, an é an gabhar nó an gadhar a bheadh á róstadh?
Gan seanbhaile a dhéanamh den scéal, bhí mé bodhraithe ag an ghleo agus mé fós scór bloc ón suíomh cois Loch Michigan.
gan léiriú a dhéanamh ar
not showing
Níor leor le TP léiriú traidisiúnta a dhéanamh ar radharc, ar an dromchla
gan léiriú a dhéanamh ar an rud a bhí taobh thiar de.
Gan a dhath a dhéanamh
doing nothing
Gan a dhath a dhéanamh nuair a bhíonn an geilleagar lag agus maoiniú a thabhairt do corrthionscnamh ealaíne nuair atá an t-airgead ar fáil, sin dearcadh contúirteach, seanaimseartha, amaideach.
gan a leithéid a dhéanamh droim ar ais
not to do the reverse
D’aontaigh siad gur cheart an taifead a bheith dátheangach ar fad, le gach rud a deirtear sa Bhreatnais a aistriú go Béarla agus gach rud a deirtear sa Bhéarla a bheith dá aistriú go Breatnais, rud nach dtarlódh, is cinnte, i nDáil Éireann, mar a mbítear ag aistriú ó Ghaeilge go Béarla, ach
gan a leithéid a dhéanamh droim ar ais.
gan mórán dochair a dhéanamh
without doing much damage
An Caighdeán a Choinneáil
=============
Cuirfidh sé isteach ar an tseirbhís – beidh orainn athruithe sa sceideal mar fágfaidh daoine an tseirbhís seo, tá mé cinnte agus ní thiocfaidh duine ar bith ina n-áit agus beidh orainn a bheith ag athrú an sceidil agus a bheith ag oibriú thart air, ach caithfimid sin a dhéanamh
gan mórán dochair a dhéanamh do bhunluacha na seirbhíse agus a bheith i gcónaí ag smaointeamh ar an phobal éisteachta.
gan déanta agam ach dhá néal codlata
after just two winks
Agus suí in óstán dhá réalt go mbualfadh an cloigín mallaithe i bpoll na cluaise agus
gan déanta agam ach dhá néal codlata.
ní fhéadfadh sé gan machnamh a dhéanamh ar
he’d have to think about
Agus fear a bhfuil cuid mhór dá shaol caite aige le cúrsaí teangan,
ní fhéadfadh sé gan machnamh a dhéanamh ar logainmneacha i gcás mar seo.
gan a leithéid a dhéanamh
not to do so
Chinn fórsaí al-Assad an t-éirí amach a chur síos trí dul i muinín anmhéid foréigin i gcoinne na gceannairceach, shocraíodar ar na huirlisí troda is troime agus is gránna a úsáid – tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde i gcónaí nach mbeadh drogall orthu uirlisí troda ceimiceacha a úsáid ina gcoinne cé gur thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh
gan a leithéid a dhéanamh.
is deacair gan nasc a dhéanamh
it’s hard not to link
Agus leathscéil, agus fiú cumha, Chruise O Brien á dhíleá sa leabhar seo,
is deacair gan nasc a dhéanamh le staidéar cáiliúil Frank Pakenham ar an gConradh Angla-Éireannach i 1921, Peace by Ordeal.
gan aon fhoréigean a dhéanamh ar
without stretching the ...
Léigh Cruise O Brien téacsanna údarásacha na Náisiún Aontaithe agus bhain sé teachtaireacht ar leith astu,
gan aon fhoréigean a dhéanamh ar na téacsanna céanna.
comhrá a dhéanamh i nGaeilge gan imní a bheith orthu
to converse in Irish without being worried
Sílim gur mian le daoine a bheith in ann
comhrá a dhéanamh i nGaeilge gan imní a bheith orthu faoi bhotúin ghramadaí.
gan tagairtí a dhéanamh do chine
not to mention race
Má bhí, ámh, tá sé foghlamtha ag na daoine fásta
gan tagairtí a dhéanamh do chine go poiblí.
gan dochar éigin a dhéanamh
without doing some harm
Nuair a dhéanann duine achainí ar chúirt reacht éigin a chrosadh ina iomlán, tugtar ‘*facial challenge*’ nó “gearán ginearálta” ar sin agus cuirtear iachall ar an nduine a dhéanann an gearán a thaispeánt ná féidir an reacht sin a chur i bhfeidhm riamh
gan dochar éigin a dhéanamh.
ní féidir liom gan beagán airgid a dhéanamh
it’s inevitable that I make a little bit of money
Ag an bpointe sin,
ní féidir liom gan beagán airgid a dhéanamh: €2 má bhíonn scór ann agus thart ar €20 mura mbíonn.
gan adhradh a dhéanamh ar bhonneagair dhleathacha na hÉireann
without adoring Ireland’s legal structures
Is deacair don bhreitheamh tábhachtach seo aon rud a scríobh
gan adhradh a dhéanamh ar bhonneagair dhleathacha na hÉireann.
gan ceiliúradh a dhéanamh ar
without celebrating
Mhínigh sé i Temple Street v D and Anor (2011) go raibh teorainn chinnte ag baint le cearta grúpaí creideamhach a gcuid prionsabail a chur i gcrích, ach ní fhéadfadh sé an cheist seo a scagadh
gan ceiliúradh a dhéanamh ar charthanacht fhairsing an Bhunreachta:
“*Article 44.
gan tagairt ar bith a dhéanamh
not to mention at all
Ach is léir óna chuid giolcanna nach bhfuil smaoineamh dearfach ina chloigeann aige ach milleán a chur ar dhaoine eile
gan tagairt ar bith a dhéanamh d'éagóracha Protastúnacha/aontachtacha/ dílseacha, do pheacaí PUL.
gan cónaí déanta ag ceachtar acu
neither of them having lived
Céard is teanga dhúchais ann más ea? Fear óg a rugadh sa mBreatain Bheag, mac le Gaeilgeoir nach de chuid na hÉireann é, agus
gan cónaí déanta ag ceachtar acu in Éirinn riamh: nach cuid dá ndúchas san atá i dteanga Chéitinn agus Aogáin Uí Rathaille ach oiread le beirt ar bith as Dún Chaoin nó as Oileán Thoraí? Is ea, sa saol atá i ndán, sílim.
nó gan é a dhéanamh
or not to
I ndeireadh an lae is cinneadh pearsanta é do dhaoine a gclann a thógaint le Gaelainn
nó gan é a dhéanamh.
gan dearmad á dhéanamh fiú ar
not even forgetting
Sciob an ailse a chuid gruaige,
gan dearmad á dhéanamh fiú ar an ngruaig a d’fhásadh laistigh dá shrón, éagmais a chuireadh slaghdán air gach maidin.
gan nasc a dhéanamh le saothar
without making a link to the work
” Is deacair na sleachta frithrómánsúlacha seo a léamh
gan nasc a dhéanamh le saothar Mháirtín Uí Chadhain, ach go háirithe a úrscéal *Cré na Cille*, áit a ndearna sé iarracht cur ina luí ar a chuid léitheoirí nach “ridirí muid.
gan tada a dhéanamh faoi dhriopás
not to rush matters
Is í a chomhairle feasta
gan tada a dhéanamh faoi dhriopás, go háirithe ag 6000m.
ag iarraidh orainn gan dearmad a dhéanamh
not to forget
Tá Mícheál Ó hAodha
ag iarraidh orainn gan dearmad a dhéanamh ar roinnt den aos ealaíne a chuaigh romhainn.