Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
réimsí gaolmhara related areas
" Den chéad uair riamh beidh clár cuimsitheach forbhartha chun taighde idirdhisciplíneach a dhéanamh ar an Stair, an Léann Ceilteach agus Litríocht na hÉireann agus na hAlban, an Béaloideas, Staidéar Cultúrtha, an Ultais, Tíreolaíocht Chultúrtha chomh maith le réimsí gaolmhara eile.
gaolmhar related/akin to
" Mo mháistir *renku* (saghas nascvéarsaíochta atá gaolmhar leis an haiku) i mo theannta, an tOllamh Shinku Fukuda - is ball mé de Chumann Renku Bhealach na Bó Finne, dála an scéil - agus ball eile den ghrúpa idirnáisiúnta renku, Fusako Matano, inár dteannta.
ainmneacha gaolmhara related names
" com céim níos faide, agus baintear úsáid as stórchiste chun ainmneacha gaolmhara a mholadh.
ghaolmhara related
" Na sé theanga ghaolmhara bheith ar a dtoil ag ár mbaill.
scéal gaolmhar related story
" Cé go raibh na drochscéalta seo mar cheannteidil sna meáin chumarsáide, bhí scéal gaolmhar as an ngnách eile sna meáin le déanaí freisin.
i dtaobh na n-ábhar gaolmhar ar fad about all the related subjects
" Cabhraíonn an saghas seo cuardaigh ghrafaigh go mór le duine agus é ag iarraidh taighde a dhéanamh ar ábhar go tapa toisc go bhfaigheann sé eolas láithreach bonn, ní hamháin i dtaobh an ábhair atá á chuardach aige ach i dtaobh na n-ábhar gaolmhar ar fad chomh maith – agus ní gá go mbeadh an t-úsáideoir eolach ar na hábhair ghaolmhara roimh ré.
eolach ar na hábhair ghaolmhara roimh ré. knowledgeable about the related subjects in advance.
" Cabhraíonn an saghas seo cuardaigh ghrafaigh go mór le duine agus é ag iarraidh taighde a dhéanamh ar ábhar go tapa toisc go bhfaigheann sé eolas láithreach bonn, ní hamháin i dtaobh an ábhair atá á chuardach aige ach i dtaobh na n-ábhar gaolmhar ar fad chomh maith – agus ní gá go mbeadh an t-úsáideoir eolach ar na hábhair ghaolmhara roimh ré.
Más gaolmhar ní cosúil there’s no comparison despite the relationship
focail ghaolmhara cognates
" Nuair a bhí muid óg, d’imríodh muid cluichí teanga le focail ghaolmhara.
chostais ghaolmhara related costs
" 5 billiún, sea, B(illiún), in aghaidh na bliana, idir íocaíocht as cúram sláinte, tháirgiúlacht laghdaithe agus chostais ghaolmhara eile nach iad a eascraíonn as caitheamh tobac.
ar chúiseanna gaolmhara ach neamhspleách ar a chéile for similar but unrelated but reasons
" Tháinig borradh mór i réimsí an aistriúcháin, na téarmaíochta agus na foclóireachta thart ar an am céanna ar chúiseanna gaolmhara ach neamhspleách ar a chéile – Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tionscadal téarmaíochta focal.
an reachtaíocht ghaolmhar the relevant legislation
" Thug an Geographic Board de chuid na Nua-Shéalainne, nó Nga Pou Taunaha o Aotearoa, tacaíocht don fheachtas tamall de bhlianta ó shin, ar an gcuntar go rithfeadh leasú ar an reachtaíocht ghaolmhar.
atá chomh gaolmhar lena chéile which are so close to each other
" Más í an Mholdáiv an tír is boichte san Eoraip, agus an tuaisceart ar chúige chomh saibhir lena bhfuil in Éirinn, ní heol dom dhá thír eile atá chomh gaolmhar lena chéile ó thaobh teangacha agus polaitíochta de.
Ritheadh leasú ar an reachtaíocht ghaolmhar an amendment to related legislation was passed
" Ritheadh leasú ar an reachtaíocht ghaolmhar sa pharlaimint in NSW tar éis na trialach le toirmeasc a chur ar úsáid a leithéide.
tá feachtais ar siúl ag eagrais ghaolmhara various related organizations have a campaign afoot
" Max Bromson, nach Maireann =========== Tá deis ag eagrais agus daoine aonair aighneas a chur faoi bhráid choiste de chuid an tSeanaid faoin mbille i láthair na huaire agus tá feachtais ar siúl ag eagrais ghaolmhara i bhfabhar agus i gcoinne an togra.