Pota Focal Intergaelic
asp | gamp | gap | gas | gasc
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i ndeireadh na preibe at the last gasp
" Ainneoin bholscaireacht a gcairde sna meáin tá an Páirtí Daonlathach i ndeireadh na preibe.
sna smeacharnaigh dheireanacha taking my last gasps
" "Thiocfadh liom a bheith i mo luí anseo sna smeacharnaigh dheireanacha agus dheamhan lá truaighe a dhéanfá domh.
sna smeachanna deireanacha. taking its last gasps.
" Titfidh cúraimí tábhachtacha uirthi, ní hamháin mar thánaiste, ach san aireacht Fiontair, Trádála is Fostaíochta chomh maith mar gheall ar an Tíogar Ceilteach a bheith sna smeachanna deireanacha.
ar an dé deiridh giving its last gasp
" Bhí an stíl ar an dé deiridh an uair sin, gan aon duine óg á chleachtadh.
ga sea ar in its last gasp
" Tá an ga sea ar Ghaeltacht Mhaigh Eo mar a mheabhraigh Máirtín Mac Donncha, fear Raidió na Gaeltachta i gCaisleán an Bharraigh, dúinn cúpla bliain ó shin.
tharraing sí anáil she gasped
" * Go tobann, tharraing sí anáil: - *I have no present to give you!* - *But why should you give us a present?* Dúirt sí dhá fhocal leis na deirfiúracha agus thosnaigh siad uilig ag ransadh a gcuid pócaí.
i ndeireadh na feide giving their last gasp
" Láimh leis an Bhás ======= Caithfear a thuiscint go raibh na marthanóirí brúite in aice leis na daoine a fuair bás, páistí ina measc - chuala siad iad ag scairteadh amach, chonaic siad dreach an uafáis ar a n-aghaidheanna, mhothaigh siad a gcoirp ag streachailt, bhí siad taobh leo nuair a bhí siad i ndeireadh na feide, ag druidim leis an éag, agus ansin nuair a d’fhill siad abaile chuala siad ó na meáin chumarsáide go raibh an locht orthu féin, d’ainneoin a gcrógacht ar an lá.
cnead cumha as an tslua a gasp of sadness from the crowd
" Bhain scéala Louise Ní Fhiannachta faoi Pháidí Ó Sé cnead cumha as an tslua nuair a mhínigh sí go mbeadh Páidí 59 bliana d’aois an lá sin, dá mairfeadh sé, beannacht Dé leis.