Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gealladh an ghrian agus an ghealach the sun and the moon were promised
" Níor tharla mórán ach gur gealladh an ghrian agus an ghealach don phobal dá gcuirfidís an rialtas céanna ar ais i gcumhacht, agus nach bhfuair muid ach an ghealach - an ceann a bhíonn istigh i lár an phráta leathbhruite atá i gceist agam! Tá gach aon rud ar ais mar a bhí, le cúpla hathrú: is leis na *Stickies *Lucht Oibre anois - is fíor-Pháirtí na nOibrithe anois iad.
gealladh an ghrian agus an ghealach the sun and the moon were promised
" Níor tharla mórán ach gur gealladh an ghrian agus an ghealach don phobal dá gcuirfidís an rialtas céanna ar ais i gcumhacht, agus nach bhfuair muid ach an ghealach - an ceann a bhíonn istigh i lár an phráta leathbhruite atá i gceist agam! Tá gach aon rud ar ais mar a bhí, le cúpla hathrú: is leis na *Stickies *Lucht Oibre anois - is fíor-Pháirtí na nOibrithe anois iad.
ag gealladh promising
" Anois tá caoga ionad *thalassotherapy *ar chóstaí na Fraince, agus iad ag gealladh gur féidir leo chóir a bheith achan easláinte faoin spéir a leigheas.
a gealladh an líne seo that this line was promised
" Ba sa naoú céad déag a gealladh an líne seo i dtosach ach ní raibh aon ráille ó Alice Springs i lár tíre go Darwin go dtí seo.
a gealladh dóibh that they were promised
" Bhí feilméaraí siúcra na hAstráile le ceangal nuair a chuala siad an scéala tar éis an mhéid a gealladh dóibh le blianta.
mar a gealladh dóibh as they were promised
" In áit talaimh thorthúil in aice leis an bhá, mar a gealladh dóibh, bhí cuid mhaith de na deonuithe talaimh níos faide isteach, i measc foraoiseacha dlútha.
a bheag nó a mhór mar a gealladh more or less as was promised
" Tharla cuid den phlean a bheag nó a mhór mar a gealladh – an chuid sin a foilsíodh cheana féin roimh Transport21! Tá ag éirí go breá leis an stáisiún nua i nDuga Spencer i longlann Bhaile Átha Cliath, ach bíonn gearáin sna nuachtáin beagnach gach lá faoi na tramanna Luas bheith róphlódaithe, fiú amháin agus tramanna móra nua dhá urlár á n-úsáid.
gealladh docht daingean a strong firm promise
" Tá mise sásta daoine a dhílárú go Cúige Mumhan agus go Cúige Uladh fosta, agus tá mé sásta roinnt daoine a chur chuig áiteanna áirithe i gCúige Laighean fiú – Biorra, mar shampla – má fhaighim gealladh docht daingean ó na daoine sin nach mbeidh siad ag pilleadh abhaile fá choinne mionócáidí, leithéidí bainiseacha nó tórramh.
Gealladh ar dtús it was initially promised
" Gealladh ar dtús go mbeadh líne ar a laghad leathbhealach go dtí an Uaimh faoi 2006.
Gealladh talamh maith dóibh they were promised good land
" Gealladh talamh maith dóibh ach ní bhfuair siad talamh maith.
gealladh promising
" Agus an Ghníomhaireacht um Slándáil Náisiúnta ag déanamh cluasaíochta ar spiairí Iosraelacha i SAM, mar a scríobh Jeff Stein in Congressional Quarterly ar an 11 Aibreán, chualathas Jane Harman, Feisire Daonlathach, ag labhairt le gníomhaire Iosraelach, agus í ag gealladh dó go gcuirfeadh sí a ladhar isteach leis an Roinn Dlí agus Cirt ar son beirt oifigeach AIPAC, an brúghrúpa ar son Iosrael, a díotáileadh i 2005 maidir le faisnéis rúnaicmithe a thabhairt don ambasáid Iosraelach i Washington.
gealladh was promised
" Arís, gealladh cúiteamh dóibh, go háirithe dóibh siúd sna hísealaicmí.
atá an gealladh are in the assent
" Ar ndóigh, tá faitíos an domhain ar an lucht láir, go háirithe Poblachtánaithe, mar tá toghcháin ar na bacáin, agus is faoi antoiscigh eite dheis an Pháirtí sin atá an gealladh.
gealladh it was promised
" “Folúntais nár líonadh le tamall” a ba chúis le tarraingt na gcos an iarraidh seo ach gealladh go mbeidís i dteagmháil leo arís roimh dheireadh na seachtaine sin.
a gealladh dúinn which were promised to us
" Beidh sí ag coinneáil súil ar an domhan ar do shonsa agus gheobhaidh sí na jabanna a gealladh dúinn, a luaithe a ghoidfear a bhfuil ann amuigh ansin, cibé cén áit.
a gealladh dúinn an tráth sin which was promised to us then
" “Táimid fós ag fanacht leis an daonlathas a gealladh dúinn an tráth sin,” a dúirt sí liom.
mar a gealladh as promised
" Seo iad: (i) go ndéanfaí Acht na Gaeltachta 2012 a athghairm nó é a leasú le go mbeidh ciall teangeolaíoch leis an nGaeltacht, mar a gealladh; (ii) go gcuirfí Bord Oideachais speisialta ar bun le déileáil le gach gné den oideachas sna ceantair Ghaeltachta; (iii) go gcuirfí polasaí soiléir i bhfeidhm tríd an státchóras a chinnteoidh, go mbeifear in ann seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht ‘gan cheist gan choinníoll’, taobh istigh de dhá bhliain; (iv) go mbeadh cúnamh speisialta curtha ar fáil le nuachtán seachtainiúil Gaeilge clóite a chur ar fáil le freastal go príomha ar na ceantair Ghaeltachta; (v) go ndéanfaí bonn daonlathach a chur aríst faoi Údarás na Gaeltachta, sa gcaoi is go mbeidh ionadaithe tofa ag pobal na Gaeltachta ar an mBord.
gealladh fúithi she has promise
" Is bean óg a bhfuil gealladh fúithi í Clíona Ní Chíosáin, as a cuid aisteoireachta mar ‘Aifric’ an chláir theilifíse.
a bhfuil gealladh faoi who shows promise
" Bhuail Tony Birtill le himreoir óg sacair as Contae na Mí a bhfuil gealladh faoi agus atá faoi oiliúint ag Blackburn Rovers i Sasana le bliain.
agus gealladh fúithi le tamall anuas while on the up
" Chas Robert McMillen le cumadóir, ceoltóir agus amhránaí a bhfuil díolamaí seolta aici agus gealladh fúithi le tamall anuas ar dhá bhruach na teiscinne, Julie Feeney as Achréidh na Gaillimhe.
Na timpistí a gealladh nach dtarlódh the accidents which were promised not to happen
" Na timpistí a gealladh nach dtarlódh, ach a tharla, agus na timpistí uafásacha a tharlóidh amach anseo a tharraing aird Chiaráin Mhic Aonghusa.