Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
giolcacha reeds
" Iad i luíochán sna giolcacha ag faire creiche.
le giolc an éin with the chirping of the bird
" Fear maith sionnach a mharú ba dh'ea an Céideach, siúráilte, é amuigh le giolc an éin lena ghunna.
giolc mention, tweet, chirp
" Agus creid é nó ná chreid, tá ‘bot’ cruthaithe ar Twitter, Tea_robot, a bhailíonn gach giolc faoin deoch tae agus bí cinnte de go mbíonn lucht spiaireachta ag na comhlachtaí tae ag faire is ag saibhseáil a leithéide.
giolc twitter
" Is Meiriceánach í a dhéanann an-chuid taistil ina cuid oibre le comhlacht mór idirnáisiúnta teicneolaíochta – nach méanar di! Thug mé faoi deara giolc áthais uaithi lá amháin ag rá go raibh Foursquare tagtha go Baile Átha Cliath.
ngiolcacha twitters
" De réir na ngiolcacha a léigh mé ar *Twitter* ar an oíche, bhí an-am ag cách sna trí ionad agus cnuasaíodh an-chuid airgid.
giolc twitter
" Ní dhéanaim mórán poiblíochta ar “*The Rosie View*” ach fós tá éisteoirí dílse againn nach gcailleann clár riamh agus a fhágann tráchtaire nó a chuireann giolc chugam nó chuig Rosemary chun chur in iúl dúinn gur éist siad agus gur éist siad go géar.
cludaithe le giolcacha covered in reeds
" Nuair a chonaic Philipsz picitiúir de Luxemburg agus í cludaithe le giolcacha, smaoinigh sí ar an amhrán seo.
giolc a fháil chuile uair to receive a tweet on the hour
" Twisst === Ar mhaith leat giolc a fháil chuile uair a mbeidh an Stáisiún Idirnáisiúnta Spás ag trasnú na spéire gar duit? Ar bhonn rialta faighim giolc <https://twitter.
shroicheadh leis an ngiolc seo to reach with this tweet
" ” Chun lucht léitheoireachta níos fairsinge a shroicheadh leis an ngiolc seo, d’fhéadfá #Irish nó #IrishLanguage a chur i ndiaidh na habairte fosta.
Má ghiolctar am if time … is tweeted
" Má ghiolctar am, dáta agus an haischlib seo le ceachtar den dá bhialann, tá seans ann go bhfaighfear béile do bheirt in aisce, má bhíonn bord ar fáil.
Ghiolc mé ceist chucu I tweeted a question to them
" Ní fheadar an dtarlóidh sin riamh i gCromghlinn, Baile Atha Cliath? Ghiolc mé ceist chucu faoin bhfadhb seo ach am scríofa an ailt seo agus tá mé ag fanacht le scéal go fóill.
tar éis giolc a bheith curtha chun cinn having (seen) a tweet which was sent
" an seanbhealach, i siopa, le siopadóir) tar éis giolc a bheith curtha chun cinn a fheiceáil.
Má giolcann siad if they tweet
" Má giolcann siad, nó má fhreagraíonn siad giolc a bhfuil nasc go Amazon ann agus an chlib #AmazonCart leis, rachaidh an táirge luaite ann isteach ina gcart siopadóireachta.
giolc mention, tweet, chirp
" Gheofar gach eolas, beag agus mór, leis an ngiolcaireacht.