Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go ciúin, modhúil quietly and modestly
" Ní hamháin go raibh sí ag freastal ar ranganna Gaeilge - agus tá go fóill - ach tá sí ag obair go ciúin, modhúil le blianta fada lena fear céile David le síocháin a bhaint amach in Éirinn.
ag sleamhnú go ciúin slipping quietly
" Shamhlaigh mé iad, gorm agus liath, ag nochtadh ar feadh soicind agus ag sleamhnú go ciúin ar ais isteach sa choill.
ag scige go ciúin leis féin, giggling quietly to himself,
" Ansin, agus é ag scige go ciúin leis féin, dúirt sé.
go ciúin foighneach quietly and patiently
" Shuíodar go ciúin foighneach – bhíodar ag fanacht ar phíobaire.
suite go ciúin ag éisteacht go grinn sitting quietly listening intently
" Ní raibh radharc na súl aige ach d'fheicinn i gcónaí é ag ócáidí Slógadh, suite go ciúin ag éisteacht go grinn le gach aon nóta a canadh nó a seinneadh le linn an chomórtais.
go ciúin quietly
" “Bhí rún agam an páirtí a fhágáil go ciúin nuair a tháinig an ghéarchéim (marú Moffett).
go ciúin díograiseach quietly with intent
" Ní tharlódh a leathchuid de na himeachtaí seo murach ollamh amháin sa léann Éireannach in Ollscoil Chathair Nua-Eabhrac, Tomás Ó hÍde, atá ag treabhadh leis go ciúin díograiseach le deich mbliana anois ag cur an léinn Éireannaigh chun cinn ar gach slí is féidir.
ag breathnú go ciúin ar an leic nua looking quietly at the new stone
" Bhí scata beag againn ag breathnú go ciúin ar an leic nua nuair a dúirt fear go borb linn go raibh an focal “dúnmharfóir” in easnamh ag barr na leice.
mhothaigh go ciúin leo féin felt in their quiet way
" Gabhaimid buíochas leis na daoine a scríobh chugainn ag gearán, agus fosta leis na daoine nár scríobh ach gur mhothaigh go ciúin leo féin buille na feille ón chorrdhuine chladhartha.
go ciúin agus múchta iontu féin looking grim
" Chaolaíodar leo i ngan fhios don tsaol, duine ar dhuine amach an doras a bhí foscailte ag Jim dóibh, agus iad go léir go ciúin agus múchta iontu féin.
ag cogarnach go ciúin whispering quietly
" Deir Putin gurb é mian a chroí é féin agus Panti a bheith ar muin capaill agus iad beirt droimnocht; eisean ar chúl agus Panti chun tosaigh, ag sodar go bog trí mhachairí báite na hÉireann, agus Putin ag cogarnach go ciúin isteach i gcluaisín *Miss Panti*.
Go ciúin on the qt
" Go ciúin, rinne sé comhoibriú éigin le liobrálaithe an stáit.
go ciúin béasach quietly and politely
" Cé gur fear lách séimh é Stevens a labhraíonn go poiblí is go ciúin béasach, ní hintleacht chiúin atá aige ach a mhalairt.