Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go cruinn exactly
" Ní fios go cruinn cé mhéad duine atá ag labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht ar bhonn rialta, ach ní dócha go mbeadh sé míchruinn a mhaíomh go bhfuil níos lú ná 30,000 duine as an 80,000 de dhaonra an limistéir oifigiúil ag úsáid na teanga go laethúil.
go raibh a bhfíricí cruinn that their facts were accurate
" I go leor tíortha eile, tá reachtaíocht ann chun iriseoirí agus foilsitheoirí a chosaint nuair a chuirtear clúmhilleadh ina leith ach iad a bheith ábalta a chruthú go raibh siad i ndáiríre ar thóir na fírinne agus go ndearna siad gach iarracht a chinntiú go raibh a bhfíricí cruinn.
go cruinn exactly
" Ní cuimhin liom go cruinn cathain a thosaigh mé ag éirí fiosrach faoin Ghaeilge agus faoin náisiún féin.
go cruinn accurately
" "Ach ní raibh na paidreacha laethúla ná ranna páistí ar eolas acu as Béarla agus, dá thairbhe sin, bhí "Ár nAthair", "Sé do Bheatha Mhuire" agus "Bó na Leathadhairce" go cruinn ag mo mháthair go lá a báis - agus mhair sí an céad!" Bhog muintir Whitaker go Droichead Átha i 1922.
go cruinn accurately
" Bíonn líon éagsúil picteilíní ag saghsanna éagsúla ceamaraí, agus tá sé tábhachtach go mbeadh líon ard picteilíní ag ceamara chun go ndéanfadh sé radharc a thaifeadadh go cruinn.
go hiomlán cruinn totally round
go dlisteanach cruinn diligently and accurately
" Chuir siad ceisteanna a d’fhreagair Dónall agus Máire go dlisteanach cruinn.
go cruinn agus go beacht accurately and precisely
" Ar nós na Gaeilge, is féidir iomáint a fhoghlaim, ach is beag duine a thugann leis/léi na scileanna (an teanga) go cruinn agus go beacht taobh amuigh den cheantar ina gcleachtaítear an traidisiún go laethúil.
go cruinn accurately
" Ní oibríonn sé go cruinn i gcónaí, ach má bhíonn tú foighneach go leor, tagann léarscáil ó Google chun cinn ar an scáileán agus is féidir íomhánna satailíte den cheantar a fháil freisin.
áireamh go cruinn to estimate accurately
" Is deacair a líon a áireamh go cruinn, ach meastar go bhfuil corradh is 3 milliún de na Carainn i mBurma féin chomh maith leis na céadta míle díobh sa Téalainn, ceann de chúig cinn de thíortha atá le taobh Bhurma.
go cruinn exactly
" Cé go bhfuil an Conradh casta agus deacair a léamh, cuireann sé síos go cruinn don chéad uair ar fheidhmiú an Aontais agus ar na hinniúlachtaí a bheidh aige.
go cruinn accurately
" Leis an gcumas a bhí i bhfearaibh na hAlban an sliotar a thiomáint ón talamh go fada, go hard agus go cruinn, bhíodar in uachtar sa chéad leath.
go cruinn accurately
" Ní miste ar dtús an beartas a scrúdú go mion agus go cruinn, agus féachaint céard iad na giotaí de a bheidh le caitheamh i dtraipisí… **Balor: “Ach, a Thaoisigh, dúirt tú ó thús go raibh an beartas sin daingean dobhogtha do-athraithe; ach tá tú ag rá linn anois go mbeidh píosaí de le caitheamh amach?”** Enda: “Tá an ceart ar fad agat, a Bhaloir.
go cruinn exactly
" Deir gach éinne a bhí beo i 1963 gur cuimhin leo go cruinn ala an ama ar chuala siad faoi dhúnmharú an Uachtaráin John F.
go cruinn accurately
" De réir an chórais nua, beidh ar dhlíodóirí costais a fhógairt go cruinn roimh ré.
méar a leagan go cruinn ar to point out precisely
" Mura bhfuiltear in ann méar a leagan go cruinn ar ar tharla in intinn na nÉireannach le sé glúin anuas, is cuma ar bhealach.
chuireann síos go cruinn precisely describes
" Tháinig Mac an Oilc ar an Fhód ============== De réir Philip Coggan (eagarthóir ar Mhargaí Caipitil le The Economist agus údar an leabhair cháiliúil Paper Promises a chuireann síos go cruinn ar stair an airgid agus ar chúiseanna na géarchéime domhanda), tá dhá chúis mhóra le fás millteanach an airgeadais, mar atá, deireadh an chórais Bretton Woods i dtús na seachtóidí agus idé-eolaíocht Thatcher agus Reagan sna hochtóidí.
go bhfuil sé teoranta go maith mar chruinne that it’s fairly limited as a globe
" Cé nach raibh sé i bhfad siar ón domhan, bhí sé soiléir go bhfuil sé teoranta go maith mar chruinne.
go cruinn exactly
" Rinneadh gach rud i gceart agus de réir próisis a bhí leagtha amach go cruinn.
a luacháil go cruinn eolaíoch or value it accurately and scientifically
" Má deir beirt chara leat go bhfuilid i ngrá, abraimis, an féidir leatsa an grá s’acu a thomhas nó a luacháil go cruinn eolaíoch d’fhonn grá na beirte a chur i gcomórtas lena chéile? An bhfuil aon chóras sásúil ann a léireoidh go bhfuil tosaíocht ag an ngrá atá ag duine amháin acu ar an ngrá atá ag an duine eile? Níl.
cruinn go maith fairly accurate
" Agus maidir leis féin, Carl JUNG? Ciallaíonn sé sin ‘óg’ agus bhí an-spéis ag Jung i dteoiric na hathbhreithe! Déanfaidh an dream seo anailís ar do chéadainm duit: Bhíodar cruinn go maith, is dóigh liom, maidir leis na tréithe a bhaineann le ‘Gabriel’.