Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Sea go deimhin yes, indeed
" Bhí oíche airneáin ann ceann de na hoícheanta, agus ba muide an bheirt dheireanach a d'fhág an chistineach fháiltiúil sin le dul abhaile ag leathuair tar éis a seacht ar maidin! Agus ar ndóigh cé a bhí ar an gcéad bheirt a shroich an baile an lá dár gcionn le haghaidh tuilleadh den scléip chéanna? Sea go deimhin, an bheirt cheannann chéanna! As áit darb ainm Bun Dorcha do Shéamus, cúpla míle taobh amuigh de Chluain Cearbán, áit atá luaite san amhrán "Bruach na Carra Léith": *Is chuala mé a Bhideoigín go raibh do chleamhnas réidh, Le Búrcach as Bun Dorcha, is go deimhin ní maith liom é.
Go deimhin indeed
" Go deimhin, deir na saineolaithe gur cur amú ama é bheith ag tathant ar pháistí meáchan a chailleadh nó cleachtadh coirp a dhéanamh, má fheiceann siad a dtuismitheoirí ag alpadh siar bia agus ag luí thart go leisciúil ar an tolg.
Go deimhin indeed
" " Go deimhin, le blianta beaga anuas, tá roinnt tionscadal ardaidhmeannach scríbhneoireachta pleanáilte ag McEvoy, ina measc an leabhar a thiocfaidh i ndiaidh *Terrible Angel*, ina bhfuil Collins seolta ar mhisean eile, go Baile Átha Cliath roimh thús an Dara Cogadh Domhanda.
Bíonn go deimhin It is indeed
" ón gcéfrom the quay ag éalú ó Sergioescaping from Sergio bhí dul amú uirthishe was wrong láithreachimmediately díomádisappointment ón mbriseadh croífrom the heart-break spriocannatargets, ambitions santachgreedy craosvoracity matáinmuscles a chúl leathanhis broad back N'fheadar an fear séimh éI wonder if he's a gentle man ceachtlesson dainséarachdangerous pónairíbeans ar bhonn páirt- nó lánaimsearthaon a part-time or full-time basis grástúlachtgracefulness gníomharthaactions friochtánfrying-pan gluaiseachtmovement rinceoirdancer le fáil go fliúrseachplentiful ag taitneamhshining go hainnismiserable nuair a bhíonn na líonta folamhwhen the nets are empty Bíonn go deimhinIt is indeed a chuid pleidhcíochtahis fooling around Ní bhaineann sin leatMind your own business ró-áthasachto happy Gabhaim pardún agatI apologise fiosrachinquisitive castacomplicated conas a chríochnóidh cúrsaíhow things will finish up mo mhuinínmy trust ar teitheadh uaidhfleeing from him ionraichonest mímhacántadishonest deoratears déistindisgust mórthimpeall orthuaround them ag soilsiúshining ná bac leisdon't bother with him
Go deimhin indeed
" Go deimhin, ó Nua-Eabhrac go hiarthar na hÉireann, tá ceann de na cuntais is fearr agus is géarchúisí sa chéad phearsa ag Nicholson, dar le go leor daoine, ar na hÉireannaigh ar an dá thaobh den Aigéan Atlantach, ag am a raibh ar an tír dul i ngleic leis an dúshlán ba mhó a bhí riamh aici, b'fhéidir.
go deimhin indeed
" Ach *tá* siad ag rá go bhféadfadh siad tarlú agus, go deimhin, go bhfuil fianaise láidir eolaíoch ann go bhfuil muid ar thairseach na dtarlúintí seo - go bunúsach, go bhfuil olltubaiste dhomhanda i ndán dúinn uaidh seo go ceann 20 bliain, go scriosfar codanna móra den phlainéad agus go gcaillfear na milliúin dá bharr.
go deimhin indeed
" Is in áiteanna atá breá grianmhar atá roinnt de na gléasanna is fearr na laethanta seo - agus, go deimhin, tá an teileascóp Hubble féin i bhfithis timpeall an domhain chun nach gcuirfeadh an t-atmaisféar isteach air.
go deimhin indeed
" Thug an *New York Times *cuireadh do pháiste ó Manhattan píosa beag péintéireachta a dhéanamh chun go bhfeicfeadh siad an raibh bua Marla neamhghnách nó, go deimhin, le feiceáil an dtiocfadh le páiste ar bith péint aicrileach agus buidéil citsip lán péinte a láimhseáil chomh héifeachtach céanna.
go deimhin indeed
" Is minic nach dtuigeann siad ach oiread, is léir, saothar agus díograis an Gharda Síochána i gcásanna drugaí agus, go deimhin, tarlaíonn sé uaireanta go bhfágtar na gardaí lasmuigh de na tithe cúirte agus na mangairí drugaí ag magadh fúthu.
Go deimhin indeed
" Go deimhin a mhalairt atá fíor i gceantair áirithe.
go deimhin indeed
" Gach lá ar an raidió, ar an teilifís, sna nuachtáin agus go deimhin ar an idirlíon bíonn duine éigin, áit éigin ag caint faoi Google.
go deimhin indeed
" Gach lá ar an raidió, ar an teilifís, sna nuachtáin agus go deimhin ar an idirlíon bíonn duine éigin, áit éigin ag caint faoi Google.
Go deimhin, Indeed,
" Go deimhin, bhí an tAire Mary Hanafin féin ar an eolas faoin scéal ó Mheitheamh na bliana 2006 ann.
Go deimhin indeed
" Go deimhin, deis iontach atá ann do lucht maorlathais na hEorpa a chosmhuintir a chur ar an eolas faoi fheidhmiú an Aontais agus faoi na luachanna agus aidhmeanna atá aige.
go deimhin indeed
" Theastaigh go mór uaim a bheith ag seinm leis ach níor mheas mé go raibh mé maith go leor leis sin a dhéanamh, agus go deimhin *ní raibh* mé maith go leor.
go deimhin ba mhinic a bhí muid bocht go maith. indeed it was often that we were quite poor
" Bhí sé an-dian, ní raibh muid ag éirí saibhir agus go deimhin ba mhinic a bhí muid bocht go maith.
go deimhin indeed
" com/watch?v=E_BXG7HdaYk ) Namhaid as an Nua Tuigeann, go deimhin, an chuid is mó den dream de bhunadh Éireannach an fáth go bhfuil fáilte romhainn le déanaí - is iad na Moslamaigh an namhaid mór anois acu (Beo, eagrán 6, Deireadh Fómhair 2001).
go deimhin indeed
" Saol, go deimhin, nach bhfuil cuimhne chruinn againn ar na laethanta dorcha roimhe.
go deimhin certainly
" Ní hé Russian Hill an cnoc is airde i San Francisco, ach go deimhin, tá ceann de na radharcanna is áille sa chathair uaidh, seanduganna na cathrach, an Embarcadero, le feiceáil thíos, chomh maith leis an oileán cáiliúil Alcatraz, leath míle amach sa chuan.
Go deimhin indeed
" Go deimhin ní raibh súil leis go n-éireodh le hiarrthóir an Pháirtí Ghlais oiread vótaí a fháil is a fuair.
ná go deimhin nor even
" Lena bheo ní raibh ócáid i gConamara, i nGaillimh ná go deimhin in Éirinn fré chéile nach raibh a léirmheas dána féin tugtha ag an bhfile air: forbairtí conspóideacha tithíochta, imeachtaí polaitiúla náisiúnta agus áitiúla, corrscannal anseo agus ansiúd.
Go deimhin indeed
Go deimhin indeed
" Go deimhin, tháinig bláth agus rath ar gheilleagar na tíre.
go deimhin indeed
" Ag croílár an scannáin tá pobal Ros Dumhach agus cúigear fear a chaith 94 lá sa phríosún toisc gur dhiúltaigh siad gan cur isteach ar an ollchomhlacht idirnáisiúnta ola Shell agus iad ag iarraidh píplíne gháis ardbhrú a leagan ar leic an dorais acu, go deimhin, an píopa a leagan tríd a gcuid talún.
Go deimhin indeed
" Go deimhin, beidh sé níos deacra do na lusanna i mbliana tar éis an gheimhreadh nimhneach fuar a bhí againn in Éirinn.
Go deimhin indeed
" Go deimhin, chaill na Daonlathaigh oiread sin gur tugadh smacht iomlán 25 stát don pháirtí Poblachtach, an páirtí atá lucht an *Tea Party* ag iarraidh a ghabháil.
go deimhin indeed
" uk> *(Scottish Avalanche Information Service)* agus bhí, go deimhin, Rabhadh Dearg ar Chreag Meagaidh.
go deimhin definitely
" "Muise," arsa bean tí béalscaoilte na bialainne a rabhamar ag ithe ann, agus í ag caint linn faoin chathair, "is deas an áit í go deimhin más féidir leat neamhaird a dhéanamh de na dúnmharuithe!" Ábhar machnaimh go cinnte agus muid ag siúl ar ais go dtí an t-óstán sa dorchadas.
Go deimhin indeed
" Go deimhin, is ar an gcaoi sin a tháinig Wellington Menezes de Oliveira ar a ghunnáin.
Go deimhin indeed
" Go deimhin, rinneadh clár iomlán sa tsraith teilifíse *"30 Rock"* faoi seo le déanaí, nuair a thiteann tinneas clainne ar charachtar an-choimeádach agus í i gCeanada.
Go deimhin indeed
" Go deimhin, is ábhar spéise an méid saothair chriticiúla a chíorann litríocht na hÉireann sa naoú haois déag agus san fhichiú haois agus nach dtagraíonn don Ghaeilge ar chor ar bith.
go deimhin indeed
Go deimhin indeed
" Go deimhin, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil feachtas ar bun ar an idirlíon le dúshlán a thabhairt do na horduithe gobáin agus leis na séala dlíthiúla a scaoileadh.
go deimhin indeed
" !) Agus ar bhrú cnaipe is féidir teacht ar léirmheasanna, grianghrafanna, sainsuíomhanna, blagmhíreanna agus ar eolas beo go deimhin trí *Twitter, Flickr, Instagram, Facebook* agus a leithéid eile.
Go deimhin indeed
" Go deimhin thug an Tiarna Roy Hattersley "the most successful direct action in British history" ar an eachtra ollfhoghla a tharla ar Kinder Scout sa bhliain 1932.
Go deimhin, is furasta, i ndáiríre well it’s easy, really
" Nach furasta muintir na Gaeilge a shásamh? Go deimhin, is furasta, i ndáiríre.
go deimhin indeed
" Ar fud na mór-roinne, agus ar fud na cruinne go deimhin, cés moite de Mheiriceá Theas b’fhéidir, tá teanga Sheáin Bhuí ag scuabadh roimpi ina maidhm bháite.
go deimhin indeed
" Iompar ainmhithe é fiacail a shá in ainmhí eile, plaic a bhaint as ainmhí eile agus go deimhin béilí a dhéanamh d’ainmhí eile.
nó go deimhin bóithre nor indeed, roads
" Ní gá go mbeadh muilte gaoithe aon dath níos gránna ná mar atá cuaillí aibhléise, nó go deimhin bóithre.
Is fada go deimhin it’s a long time indeed
" Tinreamh Ard agus Teas Ard ========== Is fada go deimhin ó bhí samhradh chomh breá is a bhí againn go nuige seo i mbliana.
micrea-phobail go deimhin micro-communities indeed
" Ba dhóigh leis an bpainéal go bhfuil dhá leagan ann feasta ar na teangacha Ceilteacha éagsúla, an leagan traidisiúnta agus an leagan nua; ba dhóigh leo nach dtiocfaidh ceann ar bith de na teangacha Ceilteacha i réim ina dtír dhúchais féin arís; ba dhóigh leo gur teangachaí mionphobail – micrea-phobail go deimhin – a bheas iontu amach anseo, seachas teangacha mionlaigh.
go deimhin indeed
" Léirítear sa saothar seo, go deimhin, mórchuid na gcúiseanna atá leis an achrann sóisialta a thosaigh sa tír sin le déanaí.
Go deimhin indeed
" Go deimhin, má leanann rudaí mar atá ní bheidh aon fhoilseachán Gaeilge againn le cur síos a dhéanamh ar bhás na bhfoilseachán Gaeilge! An mhí seo caite, d'fhógair an nuachtán Foinse ar Twitter go raibh deireadh ag teacht le foilsiú an nuachtáin i bhfoirm cló agus gur ar an idirlíon amháin a bheas fáil air feasta.
Go deimhin indeed
" Is dócha gur chuala sibh, nó go bhfaca sibh, ar fad SsangYong ar na bóithre, ach an raibh a fhios agaibh nach raibh siad ar díol anseo in Éirinn ó 2008? Go deimhin tá siad ar ais anseo in Éirinn agus tá an chraobh Éireannach den chomhlacht anois faoi stiúir Harris Hino, atá lonnaithe cóngarach do bhóthar an Náis anseo i mBaile Átha Cliath.
go deimhin indeed
" An beagán iarsmaí san iarthuaisceart i gceantar Białystok agus go deimhin i gcríocha na Liotúáine san áit a bhfuil mionlach Polannach beo leo ón tseanaimsir, ní ceart neamhaird a dhéanamh díobh, ach is léir gur le ceathrú an oirdheiscirt a bhaineann an traidisiún anois.
Go deimhin indeed
" Go deimhin is minic a bhíonn clubanna ag brath ar thrí nó ar cheithre theaghlach le foireann a bheith acu.
Go deimhin indeed
" Go deimhin, is é an focal 'compord' an focal deireannach a shamhlófá leis an duine a labhrann sa stíl staccato animato a bhíodh ag a athair roimhe, na focail ag deifriú amach as a intinn sa chaoi is gur minic go mbíonn an dara abairt tosaithe sula mbíonn an chéad cheann críochnaithe aige.
Go deimhin indeed
" Go deimhin, agus mórchuid phobal an stáit ina gcónaí i bhfobhailte in aice Nua-Eabhrac agus Philadelphia, leagann siad an-bhéim ar aontuilleamaí.
go deimhin indeed
" Agus muna gcuireann sin ina luí ort fiúntas na teicneolaíochta seo, go deimhin, ní lá fós é.
Go deimhin indeed
" Go deimhin is sna ceantair sin is mó a fhaightear Afra-Mheiriceánaigh go fóill i gcorrán mór leathan a shíneann ó oirthear Texas soir go Georgia agus ó thuaidh as sin go Virginia.
Go deimhin indeed
" Go deimhin níl sé chomh fada sin ó bhíos féin ag breathnú ar chluichí craoibhe iomána agus peile, cluichí ceannais na hÉireann san áireamh, agus mé ar saoire thar lear.
Go deimhin indeed
" Go deimhin, bhí Teachta amháin le Sinn Féin, Sandra Mc Lellan, ag bogchaoineadh a scéal le ceann de na nuachtáin arú anuraidh.
Go deimhin indeed
" Go deimhin, tá go leor de shaineolaithe na teanga ag admháil go ciúin anois nach ann don straitéis a thuilleadh.