Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go fairsing on a widespread basis
" Ach níl aon duine ag rá fós go mbeidh carranna ar nós Nuna II nó Aurora le feiceáil go fairsing ar na bóithre.
go fairsing widely
" Chuidigh a bpátrúnacht le stádas ealaíontóra a ardú agus tháinig na mórealaíontóirí ar nós Ghiberti, Michelangelo, Donatello, Masaccio, Piero della Francesco, Botticelli, Uccello agus Leonardo da Vinci chun cinn faoina gcoimirce agus, ar an dea-uair do chuairteoirí, tá an saothar álainn a d’fhág réaltaí móra seo na hAthbheochana ina ndiaidh le feiceáil go fairsing i ndánlanna agus in eaglaisí ar fud na cathrach.
á imirt go fairsing being played on a widespread basis
" Tugann seo le fios, ar ndóigh, go raibh an cluiche ann i bhfad sula raibh Abner Doubleday ar an saol, agus táthar in amhras anois go raibh baint ar bith ag an uasal Doubleday leis an gcluiche! Cé acu in Éirinn, Sasana nó Meiriceá a thosaigh an chluiche, ámh, níl argóint ar bith ach go raibh an cluiche á imirt go fairsing ar fud Shasana Nua ó na 1850í amach ar bhonn foirmeálta, le rialacha dochta agus sraithchomórtais áitiúla.
go bhfuil fáil níos fairsinge ar amhráin de chuid na gceantar éagsúil that songs from the various areas are more readily available
" An bhfuil cúis ar leith leis sin? An mbíonn sé deacair iad a fhoghlaim? LMacM: Is dócha go bhfuil fáil níos fairsinge ar amhráin de chuid na gceantar éagsúil anois ná mar a bhí, agus bím ag éisteacht le hamhránaithe iontacha ó chuile cheantar den tír, ní hamháin ón tréimhse seo, ach ón aimsir atá thart chomh maith má tá taifeadadh déanta díbh.
go fairsing tríd an Eoraip widely throughout Europe
" Scaipeadh na scéalta faoi iad a bheith bainteach le polagamas go fairsing tríd an Eoraip – agus trí Mheiriceá féin, go deimhin – mar gheall ar leabhar dar teideal *A Study in Scarlet* ón tsraith *Sherlock Holmes* a scríobh ag Arthur Conan Doyle in 1887.
go fairsing aplenty
" Bíonn ócáidí spóirt go fairsing freisin, agus bhí rás mór na mbád seoil, rás Volvo, tagtha chuig cathair na dtreabh agus na mílte duine bailithe timpeall ar dhuga na Gaillimhe chun na báid a fheiceáil agus taitneamh a bhaint as an atmaisféar.
go fairsing widely
" Nárbh é Rialtas na Breataine céanna a bhí taobh thiar den obair léarscáile in Albain? Is deacair dom a chreidiúnt gur ordaíodh don dream a bhí ag plé le logainmneacha in Éirinn, gan feidhm a bhaint as logainmeacha i nGaeilge in aon chás agus gur ceadaíodh glacadh in Albain leis an leagan Ghaeilge go fairsing? An bhfuil fianaise ann gur dúradh leis an saineolaí ar na logainmneacha, a bhí fostaithe ag an Suirbhéireacht Ordanáis, John O Donovan, nach bhféadfadh sé an leagan Ghaeilge a úsáid, nó an amhlaidh gur shocraigh O Donovan gur mar sin a bheadh? Is dócha nár cheart a bheith róghéar ar an Donnabhánach.
raibh na gutháin shoghluaiste fairsing go maith mobile phones were fairly common
" Is cuimhin liom féin go raibh na gutháin shoghluaiste fairsing go maith in Éirinn faoi dheireadh na nóchaidí fad is nach raibh na Meiriceánaigh ach ag tosaigh leis an chaint ar na “cell phones”.
cloisteáil go fairsing audible far and wide
" Baineadh sult as an cheol a bhí le cloisteáil go fairsing ar achan sráid agus choirnéal.
go fairsing widely
" Is mórócáid cheoil, rince, amhránaíochta agus cumadóireachta í an Fhéile Pan-Cheilteach ach, chomh maith leis sin, bíonn deis ag gach tír sain-taispeántas a dhéanamh ar a saíocht féin agus bhí sé seo le feiceáil agus le cloisteáil go fairsing ar shráideanna Dhoire i rith na seachtaine.
ar fáil go fairsing widely available
" De thairbhe go bhfuil leithéidí GPS, GoogleMaps agus Loopt ar fáil go fairsing, níl aon leithscéal agat a bheith caillte a thuilleadh.