Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a ghéillfeas go héasca d'éilimh na n-iascairí who will easily give in to the demands of the fishermen
" ) Agus ní ceart go bhfágfaí dréachtú an chomhpholasaí nua i lámha ionadaithe an tionscail, státseirbhísigh sa mBruiséil agus polaiteoirí a ghéillfeas go héasca d'éilimh na n-iascairí má cheapann siad go bhfuil vótaí ann.
nach gcloífear go héasca that is not easily overcome/beaten
" Sin galar nach gcloífear go héasca.
go héasca easily
" Ní bheidh aon athrú ar an scéal sin go dtí go mbeidh aon chineál nua cairr le fáil ar phraghas cosúil leis na ceanna atá anois againn, a bheas in ann taisteal go neamhspleách de ló is d'oíche ar a laghad 400 nó 500 ciliméadar sula mbeidh gá le tuilleadh breosla agus go mbeidh sé sin le fáil go sciobtha, go héasca agus ar phraghas réasúnta.
shamhlófá go héasca you'd easily imagine
" Is féidir dul go dtí bruach na habhann agus, toisc nach bhfuil aon fhorbart rómhór déanta ann fós, shamhlófá go héasca gurb é seo an áit inar bhaist sé Íosa Críost.
go héasca with ease
" Níl a leithéid sa Bhéarla, cé go bhfuil siad le fáil i dteangacha eile, agus bhí orm smaoineamh orthu ar feadh na mblianta sular fhéad mé iad a thuiscint agus a úsáid go héasca.
Bhuaigh an Eoraip go héasca. Europe won easily.
a chruthú go héasca to create easily
" Ach tá cúpla tréith nua faoi cheilt taobh thiar den chomhéadan nua casta seo agus an ceann is fearr liom féin ná gur féidir comhaid PDF a chruthú go héasca laistigh de Word – ní gá brath ar chláir ó chomhlachtaí eile chun é sin a dhéanamh.
is féidir iad a bhogadh timpeall go héasca, you can move them around easily,
" Is féidir plandaí agus crainn a chur i do rogha áite agus is féidir iad a bhogadh timpeall go héasca, má theastaíonn uait é sin a dhéanamh.
rangú go héasca easily classified
" Ní féidir na Fíor-Fhionlannaigh a rangú go héasca nó ní bhaineann a gcuid fealsúnachta ar fad le haon eite amháin.
go héasca easily
" Leis an samhradh álainn seo, tiocfaidh glúin nua ainmhithe ar an saol, ach ní fheicfidh tú roinnt de na sinigh seo go héasca, gan cuairt a thabhairt ar an trá.
ag tuaslagadh go héasca in uisce melting easily in the water
" Gaineamhchloch agus aolchloch is mó atá anseo timpeall, an aolchloch ag tuaslagadh go héasca in uisce, rud a fhágann an iliomad srutháin ag rith faoi thalamh, cuid acu sin ag cothú Log na Sionainne mar a bhfuil sruth láidir ag rith go tréan as.
ná rochtain fóin go héasca nor an easy access to a phone
" Is minic cuma neamhchas ar na seomraí a bhfanann rannpháirtithe an tearmainn scríbhneoireachta iontu, cuma na déine, gan teacht ar theilifís ná rochtain fóin go héasca iontu, iad gan cheangal idirlín, go bhfóire Dia agus Chrome orainn.