Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go gcuirtear i bhfeidhm go hiomlán iad that they are fully implemented
" Beidh orainn dul i ngleic leis na moltaí seo agus féachaint chuige go gcuirtear i bhfeidhm go hiomlán iad.
dhiúltaigh siad go hiomlán they totally refused
" Ach dhiúltaigh siad go hiomlán rud ar bith a rá dom.
dírithe go hiomlán aimed entirely
" Go deimhin, tá deacrachtaí ag daoine de gach aois PC a úsáid agus i gcás teaghlach áirithe baintear úsáid i bhfad níos mó as ríomhairí atá dírithe go hiomlán ar an margadh baile ar nós an Sony PlayStation nó Microsoft Xbox.
tugtha go hiomlán don chluiche totally taken with the game
" Deis a bhí ann dom faoiseamh a fháil ó leadrán an Domhnaigh ar dtús ach níorbh fhada go raibh mé tugtha go hiomlán don chluiche.
go hiomlán bán totally white
" Ar an chéad dul síos, níl sé go hiomlán bán, ach buí agus bán.
tiomnaithe go hiomlán totally dedicated
" Má bhí an rilleán thuas riamh ag déanamh tinnis duit, nó má bhí tú riamh fiosrach faoi fhir na léinte dubha (nó dearga nó buí) tá deis iontach anois agat freagra agus tuiscint níos fearr a fháil ar mar scéal mar tá leabhar nua ar an margadh atá tiomnaithe go hiomlán do réiteoirí an Chumainn Lúthchleas Gael.
scartha go hiomlán completely separated
" Thuig mé an focal "dúchas" den chéad uair, agus go leor againn de bhunadh an domhain thuaidh anseo san Astráil inár gcónaí sna cathracha móra, agus sinn scartha go hiomlán ó dhúchas agus ó bhundúchasaigh na tíre seo.
ag maireachtáil ar an gcláirseach go hiomlán making a living entirely from the harp
" AÓF: An bhfuil tú ag maireachtáil ar an gcláirseach go hiomlán anois nó an bhfuil post eile agat, "post ceart"? CDeB: Bhí post agam sa teilifís.
athchóirithe go hiomlán totally renovated
" Tógadh an foirgneamh féin san 18ú haois agus anuas trí na blianta tá sé athchóirithe go hiomlán, chóir a bheith, ag Eoin agus a chairde.
go hiomlán dall totally blind
" Tá Ed go hiomlán dall, ach tá tréad gabhar aige agus tugann sé aire dóibh.
faoi cheilt go hiomlán totally hidden
" Tá sé chóir a bheith faoi cheilt go hiomlán ag an duilliúr agus tá féar ag fás ar an díon freisin.
gafa go hiomlán leis totally taken with
" "Tá mise gafa go hiomlán leis an cheol traidisiúnta - tá a fhios agam sin anois agus ní fiú a bheith á throid!" Ag breathnú siar ar Choláiste Cholm Cille, áit a bhfuair sé a chuid oideachais dara leibhéal, tugann sé ardmholadh do na múinteoirí agus do na daltaí a bhí sa scoil.
a ndiúltóinn go hiomlán dul ar ais chuige that I would totally refuse to go back to
" D'oibrigh mé i seacht n-áit éagsúla, agus níl ach post amháin a ndiúltóinn go hiomlán dul ar ais chuige.
ag brath go huile is go hiomlán depending totally
" Leis an gcaint ar fad ar spásárthaigh ag dul go Mars le cúpla mí anuas, cheapfadh aon duine go raibh an réalteolaíocht ag brath go huile is go hiomlán ar roicéid agus róbónna.
nílim tar éis teacht chun réitigh go hiomlán leis I haven't totally figured it out
" Agus dob ait liom ar fad é agus nílim tar éis teacht chun réitigh go hiomlán leis.
tástáilte go hiomlán fully tested
" Is beag rud atá i gcoiteann ag an trealamh i liosta Aer Lingus, agus tá an chuma air go bhfuil siad den tuairim gur fearr aon ghléas nua nach bhfuil tástáilte go hiomlán a sheachaint más féidir.
neamhspleách go hiomlán totally independent
" Tháinig an tacaíocht seo ó thriúr ball den pháirtí Batasuna (a bhfuil seisear ball ar fad acu sa Pharlaimint Bhascach) aniar aduaidh ar gach tráchtaire polaitiúl, ós rud é go raibh sé ráite ag Batasuna go soiléir gur tréas don phobal Bascach é Plean Ibarretxe, mar nach bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh Tír na mBascach neamhspleách go hiomlán ón Spáinn.
díriú go huile is go hiomlán anois to concentrate entirely now
" Thug an Taoiseach féin sonc cliathánach dó ar fhoilsiú Thuarascáil Quigley nuair a dúirt go raibh súil aige go mbeadh an tAire Cullen ábalta díriú go huile is go hiomlán anois ar na nithe uilig atá faoina chúram, mar gur cinnte go raibh neart oibre le déanamh.
sáite go huile is go hiomlán totally immersed
" Marc: C *Seán Ó Tuairisc (FF)* Oibrí crua agus fear macánta ach sáite go huile is go hiomlán sa pholaitíocht áitiúil.
go hiomlán cruinn totally round
a scriosadh go hiomlán which was totally destroyed
" Chonaiceamar an áit a ndearnadh an chéad ionsaí gáis; Wyteschagte, an baile ina raibh Hitler lonnaithe le linn an chogaidh; baile Ypres, a scriosadh go hiomlán ach a rinne muintir na háite a atógáil go foighdeach thar tréimhse daichead bliain.
ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge functioning entirely through Irish
" An ndéanfar cinneadh ar deireadh rogha a thabhairt do thuismitheoirí Gaeltachta a bpáistí a chur chuig scoil amháin sa cheantar atá ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge? An gcuirfear taisteal ar fáil do na páistí sin agus an bhféachfar le córas scolaíochta ar nós na Gaelscolaíochta a fhorbairt sa Ghaeltacht? Mary Harney ======= Tá Harney faoi bhrú mar go bhfuil daoine i scuainí i ngach cearn den tír ag fanacht le seirbhísí ospidéil.
ag feidhmiú go huile is go hiomlán functioning totally
" Cé go mbíodh an Roinn Oideachais ag feidhmiú go huile is go hiomlán trí Ghaeilge tráth den saol, tá siad i ndiaidh a admháil le déanaí nach bhfuil ach 3% dá bhfoireann riaracháin ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge anois.
ag brath fós go huile is go hiomlán still depending entirely
" Ach is beag éifeacht a bheidh aige ar an bpobal áitiúil atá ag brath fós go huile is go hiomlán ar an bhfarraige, agus a mhaireann gan uisce píoba agus gan leictreachas, agus, bhí an chuma ar an scéal, gan oideachas oifigiúil ar bith.
gur thacaigh an saighdiúir go hiomlán leis an mhisean that the soldier fully supported the mission
" Tá gaolta eile leis i ndiaidh a rá gur thacaigh an saighdiúir go hiomlán leis an mhisean.
dírithe go huile is go hiomlán totally focussed
" Uaireanta croitheann sí a ceann siar lena gruaig fhada chatach a bhogadh óna bogha agus uaireanta eile tagann meangadh áthais chun a béil ach, tríd síos, dírithe go huile is go hiomlán ar an gceol a bhíonn sí.
ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge functioning entirely through Irish
" Bheadh sé ina chéim mhór chun tosaigh dá gcinnfeadh an Roinn Oideachais ar cheann amháin de na coláistí oiliúna a chur ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge.
thit an tóin go huile agus go hiomlán as a shaol. the bottom totally fell out of his life.
" Timpeall an ama a thit a phósadh le Gael-Mheiriceánach rua-ghruagach, as a chéile, chaill sé a phost agus thit an tóin go huile agus go hiomlán as a shaol.
go hiomlán éagsúil. totally different.
" Ar ndóigh, an chéad rud atá le tabhairt faoi deara faoin bpacáiste nua seo ná go bhfuil an comhéadan go hiomlán éagsúil.
go hiomlán éagsúil le completely different from
" Anois, tá Office 2007 go hiomlán éagsúil le OpenOffice.
ag brath go huile is go hiomlán totally depending on
" Leoga, tá pleananna ann tuilleadh stáisiún ginte leictreachais a thógáil in Éirinn a bheas ag brath go huile is go hiomlán ar bhreoslaí iontaise.
go hiomlán difriúil le saol na hAfraice. totally different to life in Africa.
" Ní raibh mórán ar bun agam an chéad seachtain, ach ag malartú scéalta le mo chairde, ag ní mo chuid éadaí agus ag socrú isteach i saol a bhí go hiomlán difriúil le saol na hAfraice.
dírithe go huile is go hiomlán totally focused
" Cleachtadh ar maidin Roinnt blianta ó shin nuair a bhí cónaí orm in árasán in aice le Sráid Uí Chonaill, chaithinn uair an chloig gach maidin dírithe go huile is go hiomlán ar chanadh.
dírithe go huile is go hiomlán ar a chuid paidreacha. totally focussed on his prayers.
" Tá hata d’éadach garbh ar an tábla taobh leis agus tá sé ina sheasamh agus é dírithe go huile is go hiomlán ar a chuid paidreacha.
ní raibh orm brath go hiomlán ar sheirbhísí aistriúcháin. I didn't have to depend entirely on translation services.
" De bharr gur fhoghlaim mé an Ghaeilge ní raibh orm brath go hiomlán ar sheirbhísí aistriúcháin.
nach bhféadfadh an comhlacht a shásamh go hiomlán that the company couldn't properly satisfy
" Tar éis blianta den díomá agus de ghealltanais neamhiontaofa na bpolaiteoirí, tugadh cead d’Aer Lingus seirbhísí nua a chur ar bun idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe, margadh mór le héileamh turasóireachta nach bhféadfadh an comhlacht a shásamh go hiomlán go dtí anois.
do theip go hiomlán ar an gclár faisnéise a bhí ar RTÉ le déanaí faoi Dhónal Lunny. the documentary on RTE recently about Dónal Lunny failed totally.
" Ar an ábhar sin do theip go hiomlán ar an gclár faisnéise a bhí ar RTÉ le déanaí faoi Dhónal Lunny.
go hiomlán úr totally new
" Bhí an stíl seo le bheith ina comhartha sóirt ar a shaothar sna blianta a bhí le teacht – stíl a bhí go hiomlán úr agus stíl amh fheolmhar a thaitin go mór leis an phobal.
tumann siad isteach go huile is go hiomlán sa saol gnó. they submerge themselves in the business world.
" Cuid de na daoine seo atá ar a sócúlacht, tumann siad isteach go huile is go hiomlán sa saol gnó.
gafa go hiomlán totally tied up
" Bhí sé ar saoire lena chlann agus gafa go hiomlán ó thaobh ama de.
bíonn an chuid is mó acu tumtha go huile is go hiomlán i gcultas na peile. most of them are submerged totally and utterly in the cult of football
" Foghlaimíonn siad na hamhráin, ceannaíonn siad na geansaithe, agus faoi dheireadh na gceithre bliana a chaitheann siad san ollscoil, bíonn an chuid is mó acu tumtha go huile is go hiomlán i gcultas na peile.
go huile is go hiomlán gafa totally and utterly taken up with
" Sna blianta tosaigh, bhíodh Irial ag léiriú agus ag stiúradh na gcláracha, ach anois tá sé go huile is go hiomlán gafa le hobair bhainistíochta – rud nach gcuireann aiféala ar bith air mar gheall ar gur “léiriú ar scála difriúil í an obair so.
go hiomlán cinnte totally certain
" Ba dhoiligh don roinn nó don aire a bheith go hiomlán cinnte go n-éireodh leo sa chúirt dá ndiúltódh scoil ar leith cloí leis an churaclam nó leis an chiorclán faoin luath-thumoideachas.
nach bhfuil sin go huile is go hiomlán fíor. that that isn't completely and utterly true
" ”Cé go maíonn Myers nach mbraitheann sé “searbhas ar bith” mar gheall ar an eachtra anois de bhrí gur “mothúchán amaideach í an tseirbhe”, is léir óna chuid cainte nach bhfuil sin go huile is go hiomlán fíor.
Tá sé go huile is go hiomlán ar mire. it is completly and utterly nuts.
" Tá sé go huile is go hiomlán ar mire.
comhlachtaí fóin a sheachaint go hiomlán to completely avoid the mobile phone companies
" Faoi mar a luadh ag comhdháil de chuid Fondúireacht Eolaíochta Éireann (FEÉ) a bhí ar siúl le déanaí, is cuid den speictream é seo a chabhródh le leithéidí Google comhlachtaí fóin a sheachaint go hiomlán agus iad ag dul sa tóir ar an margadh soghluaiste, agus tá comhlachtaí Meiriceánacha ag teacht anseo chun an teicneolaíocht nua a thriail.
ná nach n-oireann siad go hiomlán they don't suit entirely
" Ach is é an fhadhb a bhaineann leo siúd uilig, ámh, ná nach n-oireann siad go hiomlán do chosmhuintir an pháirtí.
go hiomlán difriúil leis an sórt ruda totally different from the sort of thing
" Chuir Páidí ceist orm cad é a bhí go maith nó speisialta faoi na cláracha agus dúirt mé gur sraith a bhí inti faoi dhaoine a raibh Gaeilge líofa acu, a raibh jabanna suimiúla acu, agus a bhí gafa le rud éigin a bhí go hiomlán difriúil leis an sórt ruda a raibh cáil orthu mar gheall air.
go hiomlán i gcodarsnacht leis an ríogachas. totally contrasting to royalism
" Tá an poblachtachas go hiomlán i gcodarsnacht leis an ríogachas.
dearmadta go hiomlán totally forgotten
" Tháinig freagra ar ais chugam in imeacht lae – é ag rá go raibh sé chun aistriúchán a sheoladh chugam go luath i Sacs-Bhéarla! *** Mé sa charr ar shráideanna fliucha dheisceart na cathrach – rithim agus drumadóireacht amhrán Timbaland agus an ceol in Adam’s dearmadta go hiomlán agam.
ag mothú go hiomlán caillte. feeling completely lost
" Sheas mé i lár na tolglainne imeachta in aerfort Heathrow ag stánadh timpeall orm agus ag mothú go hiomlán caillte.
ag tacú go hiomlán supporting completely
" Ó shin i leith, cinntíonn ceannairí na bpáirtithe nach mbíonn le feiceáil ag na coinbhinsiúin ach daoine dearfacha atá ag tacú go hiomlán le hiarrthóir amháin.
go hiomlán sáite completely into
" Tá cara eile liom fós go hiomlán sáite i muzu.
go hiomlán entirely
" Sílim go raibh an ceart go huile is go hiomlán aige.
tréigthe go hiomlán entirely forsaken
" Cá háit eile a dtosódh sé ach i Sráid na Cathrach – chan sráideanna na cathrach móire atá tréigthe go hiomlán ag na hÉireannaigh – a gcuid tithe agus a gcuid árasán díolta i bhfad ó shin le muintir na Baváire – ach an baile beag sin i gContae an Chláir, áit a gcruinníodh na scaiftí móra ag tús mhí Iúil gach bliain le sult agus pléisiúr a bhaint as Willie Week (mar a thugadh na ceoltóirí air), nó Veak Villie (mar a thugann lucht óil na Gearmáine air – iad siúd nach bhfuil i dtaithí ar an Guinness).
go hiomlán áiféiseach entirely ridiculous
" Tá an cinneadh seo i ndiaidh easaontas agus achrann a spreagadh i measc cuid mhaith daoine go háirithe James Dean Bradfield, ceoltóir de chuid na Manic Street Preachers, a dúirt gur shíl sé go raibh an scéal ‘go hiomlán áiféiseach’.
go hiomlán entirely
" Ní bhíonn aon leisce ar thiománaí cairr corchasadh contúirteach a dhéanamh le leircín a dhéanamh de bhuaf chána! Is léir go raibh muid an-rathúil sa tír seo ó thaobh dhíothú na ndúl dúchais de, ach theip go huile is go hiomlán orainn go n-uige seo a dhéanamh amhlaidh do oiread is ceann amháin de na cuairteoirí andúchasacha atá ag déanamh dochar uafásach don chomhshaol.
go hiomlán entirely
" Foinse Maoinithe - Foinse Easaontais Is é an tsiocair ghearáin a bhí acu, go dteastaíonn ó Madame Pécresse, dar leo, nach mbeidh na huachtaráin ollscoile ag brath go hiomlán ar mhaoiniú an stáit mar atá siad faoi láthair agus, dá thoradh sin, go mbeidh neamhspleáchas níos mó acu i bhforbairt cúrsaí agus i gcaiteachas caipitil.
go hiomlán entirely
" Tá roinnt den eolas go hiomlán indiúscartha, ach tá roinnt an-úsáideach.
go hiomlán entirely
" Ó tharla lánchosc a bheith ar earcaíocht sa státsheirbhís agus sa tseirbhís phoiblí (cé is moite d’eisceachtaí áirithe), tá tobar na fógraíochta folúntais tráite go hiomlán.
go hiomlán entirely
" Tá an tríú leath scriosta ag Éamonn Dunphy, nó náirigh sé é féin go hiomlán, beo ar an teilifís, nuair a dúirt sé focal moltach faoi dhuine inteacht ar na mallaibh.
theip go huile is go hiomlán failed entirely
" Tá ag éirí go hiontach linn in áiteanna áirithe, abair, i gCeatharlach mar shampla, tá an-ráchairt ar na cúrsaí ansin, agus ansin theip go huile is go hiomlán orainn i Muineachán.
beagnach go hiomlán almost entirely
" * Tá ceist an daonra fite fuaite le dúnghaois inimirce mar go bhfuil fás an daonra ag brath beagnach go hiomlán ar inimirce, ní hionann is an ráta beireatais atá ag titim san Astráil le fada an lá.
go hiomlán entirely
" Dúirt sé go raibh ag teip go hiomlán ar an chur chuige atá againn faoi láthair mar nach mbíonn na scileanna bunúsacha teanga ag go leor d’aos óg na tíre ar fhágáil na scoile dóibh, ainneoin go gcaitheann a bhformhór acu ceithre bliana déag á foghlaim.
go hiomlán entirely
" Tá eagar na habairte éagosúil go hiomlán agus is gá dearmad a dhéanamh ar theangacha eile chun í a fhoghlaim.
go hiomlán entirely
" Táim féin chun triall a bhaint as: is fiú sin a dhéanamh faoi láthair mar tá sé go hiomlán saor in aisce le linn na tréimhse beta.
go hiomlán entirely
" Chuir an CAI agus an AE isteach ar riaradh geilleagair na tíre go tobann, ach i gcás na hÉireann níl siad ag plé le tír a bhfuil teipthe go hiomlán uirthi.
go hiomlán trína chéile entirely mixed up
" Tá an scéal ag teacht as an tSualainn go hiomlán trína chéile, gan an leagan cruinn ag aon duine fós – ach taispeánann sé ar a laghad gur duine tútach é, agus seans go dtaispeánann sé tréithe i bhfad níos measa fós aige.
go hiomlán entirely
" Déanann an dán scigaithris ar fheirmeoirí atá ag plé gnóthaí aimsire, ar dhuine amháin ach go háirithe darb ainm Hanrahan, a bhíonn go hiomlán diúltach.
go hiomlán fully
" Ar an taobh sóisialta de, tá *Quora* go hiomlán nasctha le *Twitter*, *Google* agus *Facebook* tríd a nApi-anna agus is féidir leat do chairde ar na gréasáin sin atá ag úsáid Quora a leanúint gan stró agus is féidir ceisteanna is freagraí a roinnt ar na gréasáin sin freisin.
go hiomlán entirely
" I nDeabhaidh Lainne =========== Is amhlaidh a bhí an múnla traidisiúnta ar aon nós, ach tá teicneolaíocht na cumarsáide ag forbairt chomh tapa sin gur féidir a áitiú go bhfuil teicnící na bhfeachtas ó fiú cúig bliana ó shin anois go hiomlán as feidhm.
go hiomlán entirely
" Tá obair mhór déanta againn maidir le caighdeáin an Ghaeloideachais a ardú le go bhfeicfidh tuismitheoirí, ní hamháin gur Gaelscoil atá i gceist, ach gur scoil mhaith í atá go hiomlán dírithe ar leas an pháiste.
é a sheachaint go hiomlán to avoid it entirely
" Tá sé ar bhóthar eadarstáit 95, an mótarbhealach a ritheann ó cheann ceann an cheantair seo, an bóthar is mó trácht sa tír, nach mór, agus tá na tranglaim tráchta chomh dona air go moltar anois tiomáint air i lár na hoíche agus é a sheachaint go hiomlán i rith an lae! Más ea, bhuaileamar bóthar i lár an lae mar sin féin, agus mar a tuaradh, chaitheamar seacht n-uaire an chloig ar an mbóthar seachas an trí go leith a thógfadh sé gan trácht.
sheachaint go huile is go hiomlán to entirely avoid
" Éiríonn leis na húdair béarlagair traidisiúnta na gramadaí a sheachaint go huile is go hiomlán sa *QuickGuide™ Irish Grammar*.
chosc go hiomlán to stop entirely
" Tá athruithe dlí a d’éascódh úinéireacht ghunnaí a thuilleadh curtha ar athló sa Bhrasaíl agus tá reifreann nua á mholadh faoin gceist ar cheart díolachán arm tine a chosc go hiomlán.
tumtha go hiomlán immersed entirely
go hiomlán entirely
" Cuireann na meáin chumarsáide sa tír seo dallach dubh orthu féin i gcónaí faoi chearta sibhialta anseo - creideann siad gur máthair na bparlaimintí atá i Westminster agus go bhfuil an tír go hiomlán daonlathach - bíonn cos ar bolg i dtíortha thar lear, ní bhíonn anseo.
ag brath go hiomlán depending entirely
" Is é barúil choiteann na ndaoine abhus go bhfágadh an mhuintir dhúchais gach uile shórt faoin chinniúint agus go mbíodh a mbeathú ó lá go lá ag brath go hiomlán ar an méid a bhíodh le fáil gan dua sa dúiche ina mbídís ina gcónaí.
go hiomlán macánta entirely honest
" “Is bréaga iad na ráflaí atá ag cur inár leith nach bhfuilimid go hiomlán macánta ó thaobh an airgeadais de, nó nach bhfuil comhlacht neamhspleach ag déanamh iniúchadh ar chuntas an chomhlachta.
nuair a bhí a leithéid go hiomlán when such was entirely against
" Thosaigh Luciano, léachtóir staire i gceann d’ollscoileanna Salvador, ag ól Santo Daime breis is scór go leith bliain ó shin, nuair a bhí a leithéid go hiomlán i gcoinne an dlí.
go hiomlán lochtach entirely erroneous
" Bunaíodh coimisiún ríoga leis an gcás a scagadh agus léiríodh ann go raibh an fhianaise fhóiréinseach thuas go hiomlán lochtach.
rite go hiomlán run entirely
" Theastódh go mbeadh na ‘cúrsaí’ speisialta atá i gceist agam á reáchtáil as baile do chuile dhuine orthu agus go mbeadh siad rite go hiomlán tré Ghaeilge le riail na Gaeilge á cur i bhfeidhm, mar a dheineann cuid de na Coláistí Gaeilge is fearr: duine ar bith nach raibh sásta an Ghaeilge a úsáid mar theanga chumarsáide ar an gcampa, chaithfidís slán a fhágaint lena gcomrádaithe agus leis an gcraic.
ag brath beagnach go hiomlán ar depending almost entirely
" Lagan Fianaise ====== Ní raibh an fhoireann ionchúisimh in ann fianaise aigéad dí-ocsairibeanúicléasach a chur faoi bhráid choiste na cúirte ag triail Stokes, agus bhí siad ag brath beagnach go hiomlán ar fhianaise Mc Laughlin dá bhíthin sin.
d'imigh sé go hiomlán as smacht it went completely out of control
" Thosaigh an dá dhream ag stróiceadh mionnaí móra ar a cheile ach d'éirigh sé níos measa agus d'imigh sé go hiomlán as smacht agus Gearóid Ó hEára i lár an aonaigh.
go hiomlán trí chéile upset entirely
" Chonaic mé bean bhocht amháin a bhí go hiomlán trí chéile.
gafa go huile agus go hiomlán leis an domhan Ioslamach entirely preoccupied with the Islamic world
" De bhrí go raibh an tUachtarán Bush gafa go huile agus go hiomlán leis an domhan Ioslamach, níor léirigh sé mórán spéise ina sean-namhaid – iar-Chumannaigh na Síne agus na Rúise.
beagnach go hiomlán i gCoiréis almost entirely in Korean
" Is díol spéise an ráth ollmhór atá ar an amhrán in ainneoin go bhfuil go leor daoine nach dtuigeann an liric atá beagnach go hiomlán i gCoiréis ach, mar gheall ar an damhsa barrúil a dhéanann PSY san fhiseán agus an fonn tarraingteach a théann leis an amhrán, tá daoine ar fud na cruinne ar bís le híosluchtú a dhéanamh air arís agus arís eile ó YouTube.
ag brath go hiomlán ar shochar leasa shóisialta depending entirely on social welfare
" Mar bharr ar an donas, ní bheidh cead acu aon obair a dhéanamh agus beidh siad ag brath go hiomlán ar shochar leasa shóisialta dá bhíthin sin.
ag brath go hiomlán ar depending entirely on
" Bíonn Coderdojo ag brath go hiomlán ar shaorálaithe agus tá tuilleadh oiliúna ag teastáil ó mhúinteoirí sa réimse seo, dar léi.
go hiomlán in aimhréidh completely awry
" Ach i ndiaidh iad an lasair a chur sa bharrach lena 40,000 bileog, tá an DUP agus an UUP dóite ag an phléasc a tháinig mar thoradh ar an ghníomh dhíchéillí agus tá siad go hiomlán in aimhréidh, an UUP ach go hairithe faoi stiúir Mike uafásach Nesbitt agus an locht á chur orthu sin ag an aicme oibre as an drochbhail ina bhfuil siad.
go huile is go hiomlán sa chéad seo caite in the last century entirely
" Cén réiteach a bhí ag an gcóras caipitleach ar an bhfadhb seo, más ea? Braithim féin gur athraigh tionscal na fógraíochta an dearcadh coiteann a bhíodh suas i leith an ghrá go huile is go hiomlán sa chéad seo caite.
go huile is go hiomlán gafa leis captivated entirely with it
" Ó shin i leith tá na buachaillí s’againne go huile is go hiomlán gafa leis.
sara raibh mé ar mo shócúlacht go hiomlán before I was really comfortable
" Staid na Gaeilge i gCois Fharraige =============== Thóg sé trí bliana orm i mo chónaí i gCois Fharraige sara raibh mé ar mo shócúlacht go hiomlán leis an dteanga.
go bhfuil mé gafa go huile is go hiomlán I’m completely captivated
" Níl aon amhras ach go bhfuil mé gafa go huile is go hiomlán ag an teicneolaíocht.
feictear dom go réiteodh a leithéid go hiomlán leis an Rianach that’s something I feel Ned would agree entirely with
" Reáchtáiltear an féasta sa seanteach a thóg muintir Uí Riain agus feictear dom go réiteodh a leithéid go hiomlán leis an Rianach.
go huile is go hiomlán entirely
" Deir sé gurbh é an deis a fuair sé freastal ar an Ollscoil i gCambridge an rud a cabhraigh leis scaoileadh leis an ngalar go huile is go hiomlán.
tús go hiomlán úr a new start entirely
Athraíodh an corp go hiomlán the body was change completely
" Athraíodh an corp go hiomlán ar an T250.
a dtáirgiúlacht go huile is go hiomlán their productive capacity entirely
" Mar sin de, níl éinne ag séanadh go bhfuil gá le méid áirithe feirmeacha gaoithe, cé nach féidir a bheith ag brath ar a dtáirgiúlacht go huile is go hiomlán.
rinneadh neamhaird go hiomlán beagnach den almost an entire disregard for
" Ach fós féin, rinneadh neamhaird go hiomlán beagnach den sean-nós.