Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go dtarlóidh sé luath nó mall that it'll happen sooner or later
" Dar leis go dtarlóidh sé luath nó mall.
go mall réidh slowly, steadily
" D'éirigh na mogaill ar shúile Joan go mall réidh agus níor dhúirt sí focal ach lámh Aifric a fháisceadh.
go meileann muilte CLG i bhfad níos moille ná muilte Dé that the GAA's mill grinds a lot more slowly than God's mill
" Feiceann siad go meileann muilte CLG i bhfad níos moille ná muilte Dé go minic! *Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
sular shleamhnaigh tarraiceán go mall as before a drawer slid slowly from it
" Sa seomra suí chrom sé go staidéarach os comhair an chórais cheoil, an oiread sin cnaipí le casadh agus le brú, focail greanta os a gcionn, fuinneoigíní breactha le figiúirí beaga—bhain sé scil as tamall sular shleamhnaigh tarraiceán go mall as agus log ciorclach ann, áit ar leag sé an dlúthdhiosca go cúramach.
ag séideadh tharainn go mall blowing slowly over us
" Bhí sé fuar an Chéadaoin sin, agus bhí sneachta tirim ag séideadh tharainn go mall ar an mbóthar agus gach aon rud thart orainn ciúnaithe dá réir.
go mall béasach slowly and politely
" Uair amháin ghlaoigh sé isteach chugam is sheas go sollúnta i bhfráma an dorais, aghaidh liath dháiríre air, súile faiteacha, a chrúca sínte amach, lán le pinginí an lae, agus dúirt go mall béasach mar ba dhual dó: ‘Luach dhá phunt ochtó naoi de do *hash* is fearr, led’ thoil.
séidim go mall réidh, I blow slowly and smoothly,
" Agus gach lá ar feadh leathuair an chloig ar a laghad séidim go mall réidh, seinnim go cúthaileach.
Seinntear chuile phíosa go mall, each piece is played slowly,
" Seinntear chuile phíosa go mall, ar luas atá feiliúnach don bhfoghlaimeoir agus ansin seinntear arís iad ar ghnáthluas seisiúin.
go mall sollúnta slowly and solemnly
" Cad a bhí aige ina lámha? Cén saghas croise a bhí á cur aige timpeall air féin? Agus cén fáth go raibh a lámha ag bogadh an t-am ar fad? Agus cad é an fhuaim dhiamhair sin a bhí ag teacht astu? Lacha? Coilleach? Gé? Ceol? Labhair an píobaire go mall sollúnta ach bhí gáire ina shúile agus bhí sé soiléir go raibh gean aige ar na páistí.
go mall san oíche. late in the night.
" Imíonn an chéad eitilt go han-luath ar maidin, agus filleann an t-eitleán deireanach go mall san oíche.
Tá an samhradh ag sleamhnú uainn go mall, The summer is sliding from us slowly,
" Tá an samhradh ag sleamhnú uainn go mall, tá an daorchluiche ag druidim chun deiridh, agus tá lucht na peile Meiriceánaí amuigh ar an bpáirc imeartha arís.
toisc go bhfuil an tseirbhís iontach mall because the service is terribly slow
" Is crá croí é guthán soghluaiste a úsáid chun brabhsáil ar an idirlíon faoi láthair toisc go bhfuil an tseirbhís iontach mall agus na scáileáin an-bheag – ach tá sé sin ar fad chun athrú leis an chéad ghlúin eile de ghléasanna.
go mall tríd an trácht, slowly through the traffic
" Chomh maith leis sin, má shiúlann duine – duine beag ach go háirithe – amach díreach roimh thiománaí leoraí agus é ag tiomáint go mall tríd an trácht, tá seans ann nach mbeidh sé ábalta an duine a fheiceáil mar go bhfuil sé thuas sa chábán.
is fearr go mall ná go brách. it is better late than never
" Tá go leor daoine ag cur ceiste cén fáth nach raibh ard-ghobharnóir mná san Astráil i bhfad roimhe seo, ach is fearr go mall ná go brách.
go mall slowly
" Ar an ócáid seo, nuair a bhí an t-amhrán curtha díom, d'osclaíos mo shúile go mall agus an bualadh bos béasach ar siúl.
Má mheileann muilte an daonlathais go mall if the wheels of democracy are slow
" Má mheileann muilte an daonlathais go mall in aon tír amháin, is measa fós an scéal nuair a bhíonn scaifte mór tíortha i gceist agus iad ag iarradh teacht ar aon intinn maidir le fadhb mhór.
a thagfadh chun an bhaile go mall who’d come home late
" " Pobal Measctha ===== Sa tsráid a raibh Muintir Uí Eára ina gcónaí ann, bhí idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh, ball de na B-Specials a thagfadh chun an bhaile go mall san oíche agus raidhfil .
bheidís á leasú go mall de réir a chéile they’d improve it with deliberation
" Thógfaidís bonneagar cumarsáide a mhairfeadh tríocha bliain, agus ar feadh an ama sin bheidís á leasú go mall de réir a chéile.
mheil siad go mall they didn’t happen all of a sudden
" Bhí an nuáil ar siúl cinnte, ach má mheil muilte na teicneolaíochta an t-am sin, mheil siad go mall.
go mall slowly
" Thosaigh sé ag siúl go mall idir an dá bhealach ag meá na ceiste.
go measartha mall fairly slowly
" Ní raibh aon Google Translate an t-am sin agus b’éigean domh suí agus dul tríd go measartha mall, ach d’aithin mé gur scéal suimiúil a bhí ann.