Nuair a phléitear cúrsaí sacair na hÉireann agus imreoirí a rugadh in Éirinn, déantar tagairt do dhornán imreoirí
go mion agus go minic agus is iad na hainmneacha céanna a thagann chun cinn sa chíoradh nuair a chuirtear an cheist “cérbh é an t-imreoir sacair ab fhearr a tháinig amach as an tír seo?” Bíonn ainm amháin ar bharr gach goib ag ceann an chomhairimh agus is é sin George Best, imreoir a áirítear i measc an bheagáin sin a bhfuil fíorstádas i measc imreoirí sacair an domhain acu.