Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
priontáilte go soiléir clearly printed
" Mar sin, nuair atá suíomh gréasáin á dhearadh is fearr i gcónaí gach eolas tábhachtach (agus fiú amháin na nascanna ó áit amháin ar an suíomh chuig áit eile) a bheith priontáilte go soiléir sa phríomhchuid den téacs ar an leathanach.
go soiléir clearly
" Deir sé amach go soiléir gur daoine muid le coinsias atá ag súil le rudaí níos fearr ar an domhan seo.
go soiléir clearly
" Bhí go leor taithí againn nuair a bhunaigh muid an comhlacht agus thuig muid go rímhaith an obair a bhí ar bun againn agus bhí ár spriocanna leagtha amach go soiléir againn.
go soiléir clearly
" Bhí sé sin le feiceáil go soiléir ag an gceiliúradh neamhspleáchais le gairid nuair a thug banna as an Indinéis coirm cheoil saor in aisce a mheall na sluaite.
nach léiríonn go soiléir who doesn't show clearly
" Mhínigh sé go gciallaíonn sé seo nach ceadmhach do Chaitliceach ar bith vóta a thabhairt d'aon pholaiteoir nach léiríonn go soiléir go bhfuil sé glan i gcoinne an ghinmhillte i ngach uile chás, cuma cén seasamh atá acu ar an chogadh san Iaráic, ceisteanna comhshaoil, daoine gan dídean, fadhb an bhochtanais nó aon cheist eile.
go soiléir clearly
" Murab ionann agus formhór Stát-Rúnaithe Thuaisceart Éireann, leithéid Mates, Mayhew, agus Mandelson, tá an tUasal Hain tar éis a léiriú go soiléir nach bhfuil aon ghrá aige don seanchóras impiriúil ná d’oidhreacht na himpireachta sa lá inniu.
an-soiléir go deo very clear indeed
" “Déarfadh pobal na Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste nach raibh baint agam riamh leo ó tháinig mé anseo! Tugann cuid acu ‘*snob* na Gaeilge orm’! Bíonn siadsan ag rá nach féidir leo mé a thuiscint ach sílim go bhfuil Gaeilge an-soiléir go deo agam.
le brath go soiléir to be felt clearly
" Ar an bpáirc tar éis an chluiche bhí an t-áthas agus an gliondar croí le brath go soiléir, go háirithe i measc na múinteoirí agus na dteagascóirí a mhúin scileanna na hiomána do na buachaillí a rinne gaisce ar an bpáirc nóiméid roimhe sin.
go soiléir glé clearly
" Nuair atá an t-ealaíontóir ar an anás agus ag fulaingt cruatain, sin an rud a fheictear go soiléir glé ina shaothar agus is é an t-ionracas lom neamheaglach seo an tréith is mó a théann i bhfeidhm ort agus tú ag breathnú ar a chuid pictiúr.
Léiríonn na staitisticí é sin go soiléir. The statistics show that clearly.
" Léiríonn na staitisticí é sin go soiléir.
go soiléir clearly
" Bhíos ag iarraidh an mothúchán agus an ceol sin a léiriú go soiléir do lucht éisteachta nua, daoine nár chuir suim sa sean-nós roimhe seo b’fhéidir, agus shocraigh mé go mba mhaith an rud é ceol a chur leis na hamhráin.
go soiléir clearly
" Toisc go bhfuil an staid chomh beag, bíonn na leantóirí an-chóngarach do na himreoirí agus bíonn siad in ann an liathróid dhearg a fheiceáil go soiléir san aer geal agus iad ina suí inti.
rud a thugann le fios go soiléir something which implies clearly
" ”Aon uair a luann Myers Sinn Féin i rith an agallaimh, nascann sé an IRA leo - rud a thugann le fios go soiléir cén dearcadh atá aige ina leith.
is soiléire dom go mbeidh sé amhlaidh. the more it is clear to me that it will be that way
" Dá mhéad a smaoiním air, is soiléire dom go mbeidh sé amhlaidh.
go soiléir, clearly
" Ní hamháin sin, ach is beag contae eile a bhfuil an bua sin acu – cé is moite de Thír Eoghain sa pheil agus Corcaigh agus Port Láirge san iomáint, ach tá laigí eile ag baint leis na contaetha sin nach bhfuil ag baint, go soiléir, le Ciarraí nó ag Cill Chainnigh.
Bhí sé soiléir go it was clear
" Bhí sé soiléir go raibh Barry cleachta le bheith ag déileáil leis na hÉireannaigh agus iad sa Spáinn, agus bhí muid ag caint agus ag gáire taobh istigh de chúpla nóiméad.
rud atá le sonrú go soiléir something that comes across clearly
" Cé go bhfuil breis agus ceithre scór bainte amach ag na daoine ar fad a bheidh le cloisteáil faoi agallamh i gcaitheamh na sraithe seo, tá siad uilig fós an-ghníomhach agus tá siad lán fuinnimh, rud atá le sonrú go soiléir sna hagallaimh.
soiléir go leor clear enough
" Cé gur cabhair éigin é leabhrán an Choimisiúin Reifrinn, ní féidir a rá go bhfuil sé soiléir go leor le sinn “a chur ar an eolas chun cinneadh oilte a dhéanamh”, mar a mhaíonn an Coimisiún féin ar chlúdach tosaigh an leabhráin.
go soiléir clearly
" Is cinnte go bhfuil pobal láidir Polannach i mBaile Átha Cliath agus ar fud na hÉireann, agus bhí sé seo le feiceáil go soiléir ar an eitilt ó Bhaile Átha Cliath go Craców.
go soiléir clearly
" Tá Raidió Mhanann ar fáil go soiléir ar chósta an oirthir ar na meántonnta agus d’éistinn le *Claare ny Gael*, clár na MANAINN: FÍRICÍ Tíreolaíocht: I lár Mhuir Éireann, idir Éirinn agus an Bhreatain.
léiríonn sé go soiléir it clearly shows
" Ach léiríonn sé go soiléir go bhfuil foinsí eile de dhíth chun fís fhadtéarmach a thabhairt i gcrích.
gur chóir dóibh a fhógairt go soiléir that they should announce clearly
" Ach thar aon rud eile, mholfainn don rialtas gur chóir dóibh a fhógairt go soiléir go ndéanfaidh siad gach rud atá ar a gcumas acu lena chinntiú go mbeidh an cháil ar an tír seo arís mar thír atá láidir ó thaobh easpórtála de.
greanta go soiléir clearly etched
" Fillfidh mé ar an bhaile go luath le heachtraí na bliana seo greanta go soiléir ar mo chuimhne.
go soiléir clearly
" Is mar sin atá i gcás córas lofa na mbanc sa tír seo, agus tá sé léirithe go soiléir ag Tuarascáil Murphy gur mar sin a bhí is atá i gcás na hEaglaise Rómhánaí sa tír seo chomh maith.
molta go soiléir advised distinctly
" Ar an gcéad cheann, tá sé molta go soiléir go n-aithneofaí ‘Géarchéim Inmharthanachta na Gaeltachta’ sa Straitéis don Ghaeilge.
go soiléir clearly
" Ach an aimsir a bheith in arraíocht, beidh cion siocrach an ainm, fad an tsléibhe, le tabhairt faoi deara go soiléir.
go soiléir clearly
" Tá stíl láidir uathúil ag Rivera, rud atá le feiceáil go soiléir sa taispeántas cuimsitheach seo.
go soiléir clearly
" Bhí fásra mara agus an mhórsceir le feiceáil go soiléir faoin uisce freisin ach níl cead ag na turasóirí lámh a leagan orthu toisc a leochailí is atá siad.
táthar á sonrú go soiléir it’s certainly being noticed
" Tá athruithe móra tagtha ar an tír seo le blianta anuas, i ngan fhios dúinn, ach táthar á sonrú go soiléir le bliain anuas.
cuid nach beag acu le sonrú go soiléir a sizeable amount of them clearly noticeable
" Bíodh is go bhfuil comhchosúlacht láidir idir an dá thír, tá éagsúlachtaí tábhachtaí ann freisin - cé nach mbíonn cuid nach beag acu le sonrú go soiléir ach amháin do mhuintir an dá thír iad féin.
an scéal a mhíniú go soiléir to explain the matter clearly
" Tá súil agam féin go nglacfar leis an chonradh ach beidh ar an rialtas an scéal a mhíniú go soiléir.
tá na torthaí le sonrú go soiléir the results are clearly seen
" An imríonn Facebook agus na meáin shóisialta eile tionchar mór ar aigne na n-óg agus iad as líne? Imríonn, dar le dhá staidéar a rinneadh sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain, agus tá na torthaí le sonrú go soiléir sa seomra scoile fiú.
Tá sé seo le sonrú go soiléir this is clearly noticeable
" Tá sé seo le sonrú go soiléir dar liom i mbrollach an Bhunreachta áit a maítear gur 'in Ainm na Tríonóide Ró-Naofa is tobar don uile údarás.
le feiceáil go soiléir ann to be seen clearly in it
" Is sampla álainn dá shaothar é Bean le Liúit (1662-1663) agus tá a chuid saintréithe mar phéintéir ardchumasach le feiceáil go soiléir ann.
is soiléir go it’s obvious that
" Anuas ar sin, ainneoin cosc ar nuachtóirí i gcuid mhaith den tír faoi láthair, is soiléir go bhfuil smacht caillte ag an rialtas ar cheantair a bhfuil tábhacht geilleagair agus straitéise leo.
go soiléir clearly
" Is ar thaobh tuaithe na tíre is mó atá na hathruithe le feiceáil go soiléir le tamall anois.
go deas soiléir nice and clearly
" “Labhair go deas soiléir dom,” arsa sé, “beidh mise a rá seo ar an ardán.
soiléir is go cneasta in a kind and clear manner
" Na daoine ar mhaith leo a dtuairim a nochtadh go hionraic, soiléir is go cneasta faoi ábhar, nó faoi ábhair ghaolmhara, na n-alt, déanfar iad a chosaint.
le sonrú go soiléir clearly evident
" Tá seanbhlas agus cur i gcéill an stáit i leith cur chun cinn na Gaeilge le sonrú go soiléir ins an dóigh ar cuireadh mianta tionscal na cógaisíochta chun tosaigh ar chearta phobal na Gaeilge le déanaí, óir tá sé admhaithe anois ag an Roinn Sláinte gurb iadsan a chur tús leis an phróiseas le treoir Eorpach a athrú ionas nach mbeadh dualgas ar chomhlachtaí leighis lipéidí i nGaeilge a chur ar chógais a dhíoltar in Éirinn.
Measaim go bhfuil sé soiléir I think it’s obvious
" Ar ndóigh, má tá sé i gceist agat Yeti a cheannach ar athláimh, molaimse duit dul sa tóir ar cheann leis an gcóras seo inti – tá sé ar fheabhas! Biseach sa Spárán ========= Measaim go bhfuil sé soiléir anois gur maith liom an carr seo! Molaim go mór í.
Feictear seo go soiléir this is evident
" Feictear seo go soiléir i saothar Jeremy Deller i bpailliún na Ríochta Aontaithe, mar shampla, a dhíríonn súil ghéar ar intinn lucht an airgid agus na cumhachta sa phictiúr aige.
agus a leagfadh síos go soiléir and would clearly lay down
" Dá bhfaighfí réidh leis an Airteagal sin i reifreann bheadh saoirse ansin ag na polaiteoirí reachtaíocht cheart a shocrú a bheadh ag tíocht le riachtanas leighis na mban agus a leagfadh síos go soiléir céard iad na cásanna ina gceadófaí an ghin sa bhroinn a chur ó mhaith.
a chur in iúl go soiléir in ard a nguthanna to let it be clearly known vocally
" B’fhéidir gur bhraith lucht cáinte an scannáin go raibh sé de cheart acu a dtuairim dhiúltach ar shaothar Glazer a chur in iúl go soiléir in ard a nguthanna agus €45 íoctha acu as an ticéad iontrála.
le sonrú go soiléir clearly noticeable
" Táthar ag súil freisin go mbeidh an t-athrú intinne airbheartaithe réamhráite le sonrú go soiléir agus é i mbun a dhualgais mar phríomh-aire ar thír fhorbartha dhaonlathach san aonú haois is fiche.
mar a léiríodh iad go soiléir as clearly shown
" In ainneoin mianta léitheoireachta an phobail, mar a léiríodh iad go soiléir sa phróiséas cuimsitheach comhairliúcháin a reáchtáladh níos túisce i mbliana le fáil amach céard a theastaigh ó phobal na Gaeilge ó thaobh nuachtáin dhó, níl Foras na Gaeilge sásta tacaíocht a thabhairt do nuachtán clóite a thuilleadh! Ghlacas féin páirt sa bpróiséas, mar chuid de ghrúpa fócais a tugadh le chéile ag tús an tsamhraidh ar an gCeathrú Rua.
feiceáil go soiléir clearly visible
" Is cinnte go bhfuil toradh an lipéidithe, ina ghníomh agus ina phointe sainmhínithe seo le feiceáil go soiléir i gcás bheirt ealaíontóirí le deireanas; Ani DiFranco, amhránaí Meiriceánach feimineach, ar tugadh an lipéad ‘chiníoch’ uirthi, agus Miss Panti Bliss, banríon draig Éireannach, atá lipéadaithe mar bhéadchainteóir.
go soiléir clearly
" Ní bheadh mórán d’fhadhb agam leis an gcéad cheist ar an mbileog, a fhiafraíonn de gach iarrthóir an mbeadh sé/sí ag labhairt Ghaeilge ‘go rialta agus mar gnáthchleachtas sa Phairlimint’? Bheadh deacracht agam leis an tarna cheist ar an mbileog: ‘Ceist 2: An bhfuil tú sásta a fhógairt go poiblí mar chuid de d’fheachtas toghchánaíochta gur mian leat go ndéanfaí an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016?’ Mínítear cúlra na ceiste go soiléir ar an mbileog: cé go bhfuil aitheantas san AE ag an nGaeilge ó tús 2007 mar theanga oifigiúil, cuireadh ‘maolú’ faoi dhó ar stádas oifigiúil a chur i bhfeidhm ina iomláine.
le feiceáil go soiléir clearly visible
" Bhí titim 40% ar líon na síntiús ó bhailiúcháin sráide na heagraíochta i mbliana Le sé mhí anuas, tá ceisteanna ann maidir le caiteachas, rialachas agus dar ndóigh tuarastal na n-oibrithe sna 8,500 carthanas atá cláraithe sa tír agus is cosúil go bhfuil tionchar na díospóireachta le feiceáil go soiléir anois.
cloisteáil go soiléir clearly audible
" Agus dianiarracht á déanamh aici gan screadaíl, déanann sí cur síos ar an nglaoch gutháin a fuair sí tar éis bhás an linbh, glaoch ina raibh guth an linbh féin le cloisteáil go soiléir.
léamh féin ar an saol a thabhairt chun soiléire go healaíonta demonstrate in an artful manner his understanding of how life is
" Russell, fear an scannáin American Hustle, in ann a léamh féin ar an saol a thabhairt chun soiléire go healaíonta dar le Pat Butler.