Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cuirtear i bhfeidhm go tréan í it is strictly enforced
" Tá na húdárais lándáiríre faoin riail seo agus cuirtear i bhfeidhm go tréan í.
atá á chosaint go tréan which is being strongly protected
" Fiafraím díom féin, an bhfuil an "cultúr" Lár-Atlantach (atá á chosaint go tréan ag Bush agus Blair sa "chogadh" seo), an bhfuil an "cultúr" sin ag dul i bhfeidhm ar na hArabaigh? Féachaim ar chréatúr acu.
go tréan strongly
" Cuireadh ina choinne seo go tréan agus bhí daoine ag rá go go ndéanfadh a leithéid an striapachas níos forleithne.
a throid go fada agus go tréan who fought long and hard
" Ba iad sinsear Doherty a chuaigh trasna an Atlantaigh, agus a throid go fada agus go tréan chun áit a bhaint amach sa tsochaí Mheiriceánach.
go tréan strongly
" (Nóta Soiléirithe ón Eagarthóir: I ndiaidh d'ár gcuid dlíodóirí amharc go cúramach ar athscríbhinn an ráitis udaí tá muid sásta anois gurbh é a dúirt an Taoiseach go gcuireann sé go tréan leis an MHOLADH sin!)
ag treabhadh leis go tréan going strong
" Go dtí le gairid, bhí tionscal na turasóireachta ag treabhadh leis go tréan san Astráil, agus méadú rialta ag teacht ar an líon daoine a bhí ag triall ar an tír as tíortha eile.
go tréan i gcoinne strongly against
" Bhíodh ciorruithe i bhfad níos mó á lorg ag an gCoimisinéir Talmhaíochta Franz Fischler in earnáil na déiríochta, mar shampla, ach chuir airí talmhaíochta na hÉireann agus na Fraince go tréan i gcoinne na gciorruithe sin.
ag iomaíocht go tréan competing intensely
" Bímid ag iomaíocht go tréan agus ag déanamh ár seacht míle dícheall an bua a fháil.
go tréan strongly
" Ach tá curtha go tréan ina éadan seo ag lucht agallamh beirte agus lúibíní.
go tréan intensely
" Ba é Smith, ar ndóigh, an chéad Chaitliceach a sheas d’uachtaránacht na Stát Aontaithe agus chuir na biogóidí ina choinne go tréan agus é i mbun a fheachtais.
séanta go tréan strongly denied
" Staid bhreosla a thug orthu tuirlingt agus tá sé séanta go tréan ag an rialtas go raibh aon chime á iompar acu.
ag tacú go tréan supporting strongly
" Mar shampla, siocair go mbíonn Ó Caoimhnis ag tacú go tréan le Contae na Gaillimhe sa pheil agus san iomáint, agus siocair go mbíonn sé ag caint faoi mhuintir na Gaillimhe sa chéad phearsa uimhir iolra, tá Baile Átha Cliath méadaithe go mór ar an léarscáil, agus in ionad ainm na cathrach tá scríofa *Áit Bhreithe Éamoin Úi Chaoimhnis* – ar eagla go ndéanfadh sé dearmad, mar a dhéanann go minic is léir.
screadaíl go tréan screeching loudly
" Drochfheadóg stáin, agus gob dearg air, i measc tríocha feadóg eile, ag screadaíl go tréan.
screadaíl go tréan screeching loudly
" Drochfheadóg stáin, agus gob dearg air, i measc tríocha feadóg eile, ag screadaíl go tréan.
go tréan strongly
" Agus cuirfidh Caoimhín My Erse agus Éanna na Gruaige Finne agus a gcairde go tréan ina éadan, go dtí go gcluinfidh siad faoi na deontais ar fad a bheas ar fáil.
cé go n-éilíonn sí go tréan although she strongly claims
" Bhí Clinton chomh mór sin ar son an chogaidh nuair a thosaigh sé in 2003 gur deacair di anois dul ar mhalairt treo, cé go n-éilíonn sí go tréan nach vótálfadh sí don chogadh dá mbeadh a fhios aici ansin a bhfuil ar eolas aici anois.
go tréan strongly
" Bhí an-oíche agam leo in O’Donoghue’s ar Shráid Bhagóid, i measc aon mheisceoir déag – iad uilig ag amhránaíocht go tréan agus ag éirí níos préachánaí de réir an amhráin agus an phionta.
ag bualadh a mhaide go tréan i gcoinne an urláir. hitting his stick strongly against the ground
" Bhíos sásta le mo chuid amhránaíochta, ach bhíos ní ba shásta fós nuair a chonaic mé athair Dhónail ag bualadh a mhaide go tréan i gcoinne an urláir.
go tréan strongly
" “Bhíothas le cluichí Gaelacha a theagasc i Scoil Ghramadaí Léim an Mhadaidh, ach cuireadh go tréan in éadan," a dúirt sé.
go tréan firmly
" Imtheorannú gan triail, Domhnach na Fola, an tAcht um Sceimhlitheoireacht a Chosc (PTA) agus na hiomraill cheartais a d'éirigh as an dlí sin - chuir Brendan a thuairim in iúl go tréan: "*It is beyond human forgiveness.
tarraingt go tréan draw heavily
" Ina leabhar Capitalising on Culture, Competing on Difference: Innovation and Sense of Place in a Globalising Ireland, maíonn an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin gur cheart d’Éire tarraingt go tréan óna thobar saibhir cultúrtha (an teanga san áireamh) le borradh a thabhairt don gheilleagar.
go tiubh tréan in double quick time
" Scannán a chuireann an dubh ina gheal is an geal ina dhubh agus an liath go tiubh tréan dá phailéad sin.
go tréan vigorously
" ‘*I only have the cúpla focal*,’ ar seisean, ‘*and that’s both of them*!’ Fós ní raibh ceoltóir ná amhránaí ná damhsóir as Éirinn feicthe agam, ach Meiriceánaigh agus Ceanadaigh le Fraincis ag saothrú leo go tréan ar na stáitsí móra, piontaí leanna fágtha ar tháblaí ina aice láimhe acu, agus iad uilig le bodhráin ina nglac agus iad á mbualadh go tréan agus go mírithimeach chun cuma Éireannach a chur orthu féin dar leo.
go tréan big time
" Meas tú, cén áit? Agus ós ag caint dúinn ar ghuí, beidh Máire Ní Chlochráin ag súil go mór agus ag guí go tréan le héirí as an dá phost atá aici agus go gceapfar í ina hAire na Gaeltachta sa chéad suaitheadh eile a dhéanfaidh Biffo ar an chomhaireacht.
go tréan boldly
" Mar cheann de dhá mhórchathracha Mheiriceá ar an gcósta thiar, bhí a haghaidh caite go tréan amach ar an Teiscinn Chiúin, agus rinneadh cathair agus calafort trádála mór di.
go tréan forcefully
" Agus cuirfidh Caoimhín My Erse agus Éanna na Gruaige Finne agus a gcairde go tréan ina éadan, go dtí go gcluinfear faoi na deontais ar fad a bheas ar fáil.
go tréan strongly
" Agus gach uair a dhéanann an t-uachtarán iarracht rud ar bith a dhéanamh chun an meath a stad, cuirtear go tréan ina aghaidh.
go tréan forcefully
" Bua an cheoil sin ná nithe a bheith á gcur abhaile orainn go tréan, nithe nach bhféadfadh an intleacht amháin a chur in iúl go brách: >Cnónna capaill ar chraobh faoi dhuilliúr donn.
ag gabháil go tréan going full blast
" Ag Club na Féile oíche Dé Sathairn seo caite bhí an damhsa agus an ceol ag gabháil go tréan nuair a rinneadh fógra go raibh An Bhanríon Eilís chun fanacht sa halla go dtí go mbeadh an ceol thart, nó gur theastaigh uaithi a bheith i láthair agus gach duine ag ceol Fad Saoil Dár mBanríon Ghrástúil.
ba threise go mór é it was a lot stronger
" Cuimhnímis gur chinneadh rialtais a bhí sa Phlean Chaipitil úd agus ba threise go mór é ná moltaí na dréachtstraitéise.
ar siúl go tréan going full steam
" An raibh aon eachtra amháin i gceist nó ar shraith tarlúintí a thit amach a chinn gur thugais droim láimhe don chreideamh i saol iarbháis, nó don chreideamh ann féin?** SÓhU: Bhíos sna Stáit Aontaithe nuair a bhí an cogadh ar siúl go tréan.
Is treise go mór fada is stronger by far
" Is treise go mór fada an tOireachtas ar ndóigh ach tá gnéithe de shaíocht na Gaeilge, an amhránaíocht, an fhilíocht, an léann srl.
go tréan unabatedly
" An ar leas na teanga a bheadh sé, mar shampla, dá mbeadh an 220 post úd in Indreabhán líonta ag daoine a bheadh ag teacht anoir ó chathair na Gaillimhe, a bheadh ag Béarlóireacht go tréan agus gan de bhuntáiste le fáil ag an ghéilleagar áitiúil uathu ach corrcheapaire agus líotair artola i Siopa an Phobail? Mura gcuirtear an tionchar a bheas ag forbairt faoi leith ar staid na teanga sa cheantar san áireamh, tá an baol ann go gcaillfear raison d'être na heagraíochta.
ag greadadh leabhair go tréan energetically pounding books
" Cuireann siad na cruinnithe athbheochana i gcuimhne dom a chonaic mé uair nó dhó i bpubaill faoin tuaith i dtuaisceart Éireann, le ministéirí ag greadadh leabhair go tréan agus ag gríosadh na n-éisteoirí chun gnímh.
caithfear cur ina aghaidh go tréan it shall have to be strenuously opposed
" Tá a fhios agam go maith céard a chiallódh sin ó thaobh iompar teanga dhó agus caithfear cur ina aghaidh go tréan.
ag cóilíniú go tréan colonizing intensely
" Thosaíodar mar sin ag ceannach oibrithe as an Afraic, áit eile a raibh na hEorpaigh ag cóilíniú go tréan ag an am.
an imirce go tréan emigration going strong
" Bhí ocras ar an tír sna daichidí, bhí an imirce go tréan sna caogaidí, fuaireamar faoiseamh beag sna seascaidí, ansin bhí géarchéim an ola sna seachtóidí agus phléasc tuaisceart na hÉireann.
mar a bhfuil sruth láidir ag rith go tréan as which has a strong stream running out of it
" Gaineamhchloch agus aolchloch is mó atá anseo timpeall, an aolchloch ag tuaslagadh go héasca in uisce, rud a fhágann an iliomad srutháin ag rith faoi thalamh, cuid acu sin ag cothú Log na Sionainne mar a bhfuil sruth láidir ag rith go tréan as.
go tréan in éadan díolúine strongly opposed to an exemption
" Chuir tAire Seirbhísí Poiblí, John Boland, go tréan in éadan díolúine ón chosc ar earcaíocht a thabhairt do Bhord na Gaeilge nó don Roinn leis an Phlean a chur i bhfeidhm.
le sonrú go tréan strongly noticeable
" Tá anáil na gcultúr as ar eascair a muintir le sonrú go tréan ar an ghlúin seo agus is chun tairbhe na tíre an éagsúlacht seo a chothú.
go tréan i gcúlra to great extent in (the) background
" Má áirtear gur duine homafóbach nó ciníoch an té atá i gceist, cén chaoi a ndéantar sainmhíniú agus bainistiú ar lipéid den sórt sin? Agus cé leis na lipéid sin? An t-íospartach nó an t-úsáideoir? Cé hé ‘réiteoir’ chluiche na lipéad? Tá cumhacht na teanga in úsáid mar uirlis shóisialta agus mar bhuthal aithneachtála go tréan i gcúlra na ceiste seo; go ndéantar daoine ar leith a aicmiú de réir iompair, tuairimí agus de réir chur i láthair.
cuireadh go tréan le beartais frith-Shunnaíocha anti-Sunni policies were increased
" Faoi stiúir Núrí al Malící, príomhaire Siach na hIaráice, cuireadh go tréan le beartais frith-Shunnaíocha sa tír, agus d’fhás an cairdeas idir a rialtas agus an Íaráin.
go tréan to a great extent
" Tá Tony Birtill ag cuimhneamh siar ar bheirt a d’imigh uainn ach a d’fhág lorg a láimhe go tréan ar an ghlúin ina ndiaidh.