Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
goirte bitter
" Faoi theacht an tsamhraidh bhí Balor ag maíomh: "Is Eorpach mé ó bhonn mo chrúibe go barr mo bhraoi, ó log m'imleacán go gleann mo thóna!" Bhí cúis aige lena mhaíomh sin agus é ag caoineadh lán a shúile de dheora goirte i ndiaidh do phobal bradach na hÉireann diúltú do chomhairle Bhertie i dtaca le Conradh Nice.
goirt saline, bitter
"goirt ach milis a bhí an t-iasc, é ar snámh sa bhabhla súip.
glasraí goirt field vegetables
" Tá áiteacha ann a bhfuil glasraí goirt ag fás, agus torthaí boga faoi líontán.
i lár an ghoirt at the cutting edge
" "I gcomparáid le ranna eile Gaeilge, go deimhin i gcomparáid le ranna eile anseo, tá scoláirí den scoth againn, a bhfuil míle leabhar curtha ar fáil acu, atá i lár an ghoirt maidir leis an nGaeilge féin.
goirt salty
deoir ghoirt an chumha the bitter tear of parting sorrow
" Bhí oscailt na gcluichí ollásach agus seandiaganta sa mhéid is gur cuireadh Balor giota maith siar ar bhóithrín na smaointe go dtí laethanta a óige féin; bhí na cluichí féin corraitheach agus gríosaitheach sa mhéid is gur bhog tóin tamhanda Bhalor cúpla orlach óna chathaoir theolaí anois is arís le teann fuaiscnimh; agus bhí searmanas an chlabhsúir maoithneach agus rachtúil sa mhéid is gur fháisc sé deoir ghoirt an chumha amach as súil an chioclóp.
dubh le goirt ríse full of rice fields
" Ní fada ó bhí ceantar PuDong in oirthear Shanghai dubh le goirt ríse.
ag obair sna goirt sméar, working in the berryfields,
" Ó bhí sí óg, bhí sí ag díol earraí sna gleannta, ag obair sna goirt sméar, agus ag baint lín.
goirt cultivated fields
" Tá léarscáil eile ann, a rinneadh faoi stiúir William Roy i ndiaidh éirí amach 1745, a thaispeánann ní hamháin lonnaíochtaí sna gleannta, ach goirt freisin.
Goirt anocht bitter tonight
ag damhsa sna goirt dancing in the fields
" Maolaíonn an aimsir leis agus lá na sochraide siúlann muid an míle ó thigh an teaghlaigh chun na heaglaise, faoi ghrian ghleoite bhríomhar an mheán lae agus dathanna an tsamhraidh ag damhsa sna goirt taobh an bhóthair.
na deora móra goirte the big bitter tears
" Ó, a Bhaloir, cad é a dhéanfaidh mé?” D’fhág Balor Séimí an Siúinéir ina leathluí thar an chuntar, na deora móra goirte ag sileadh go fras isteach ina phionta leathólta, agus lean sé lorg doiléir an airgid fholachasaigh gur casadh dó, faoi dheireadh, Diarmuid an Dearthóir Gairdíní.
goirt a fhágáil bán leaving fields fallow
" Baineann an nós seo le cosaint an dúlra agus an talaimh – goirt a fhágáil bán ar feadh bliana le meas a léiriú orthu, cuir i gcás.
an loch goirt the salt lake
" Ó 1846 amach, thaistil corradh agus 70,000 Mormannach thar na Sléibhte Creagacha go dtí an loch goirt a bhí cúpla céad míle ón teorainn.
ghoirt ríse rice fields
" Ag bogadh isteach ón chósta, tagann tú ar ghoirt ríse atá le feiceáil go flúirseach thart timpeall an cheantair agus níos faide ar aghaidh, tagann tú ar chnoic ghlasa atá trom le tae agus cardamam cumhra.
ghoirt salty
" Anois, tá teicníc de shórt inteacht ag an siopa seo – bhí andúil ghoirt mhilis úr orm.
goirt briny
" Nuair a d’fhéach Balor suas ar ghnúis a athar, chonacthas dó deora móra goirt ag sileadh anuas as súil aonair iata a dhaidí.
ag gaoth goirt salty wind
" Bhí dath dubh ar na duilleogaí úra ar na crainnte taobh an bhealaigh ar a rabhas ag siúl: iad dóite ag gaoth goirt na stoirme a d’fhág sáinnithe mé ar fuireach calaidh in Ailt an Chorráin ar feadh seachtaine.
saothrú sna goirt to work in the fields
" Cailleadh den eitinn í, galar nár lig di páistí a theagasc, ná saothrú sna goirt, ná spórt a dhéanamh nuair a bheadh deireadh le lá fada sa kibbutz, galar nach raibh leigheas air ag an am.
dheora goirt briny tears
" agus David Drumm (cé nach Eorpach níos mó é, is cosúil!)” Chaoin sé lán a dhá shúl de dheora goirt nuair a tháinig cuid deacrachtaí airgeadais mhuintir na Gréige chun solais, go háirithe cás a chara mhóir Hercules Unscrupulopulous.
Ghoirt an Óir the gold fields
" Saibhreas na Gaeilge ar Ghoirt an Óir ================== Is léir ón taighde atá déanta ag Noone agus Doyle, chomh maith le staraithe eile, go raibh Gaeilge ag cuid mhaith de na hinimircigh Éireannacha sa naoú haois déag: tá fianaise ann go raibh Gaeilge ag daoine a bhí gar don choirpeach aitheanta Ned Kelly.
an t-allas is goirte the saltiest sweat
" Tá toghchán fíochmhar ar siúl sa Seanad, agus is é seo blár catha na bliana, an áit a gcuirfear an fhuil is deirge agus an t-allas is goirte.
lán le huisce goirt full of salt water
" Ní hamháin go raibh na bóithre go leír dúnta agus an leictreachas ar shiúl ag an gcuid ba mhó de theaghlaigh an stáit, ach bhí nach mór gach tollán cairr agus traenach i Nua-Eabhrac lán le huisce goirt, a bhí cheana féin ag creimeadh pé sreanga leictreachais iontu nár dódh cheana féin.
goirt fields
" Sea, ar feadh an tsamhraidh bhrothallaigh, thoir agus thiar, ó thuaidh is ó dheas, thall is abhus, bhí siad ar na cosáin agus ar na bóithre, sna páirceanna agus sna goirt, ag rith is ag sodar leo, idir óg agus shean agus mheánaosta, mór agus beag, ramhar agus tanaí, gach cruth agus déanamh coirp, cosa gearra nó na spreangaidí fada, na bóracháin, tóin le talamh, tóin le gaoth, tóin in airde, boilg mhóra is bheaga, saibhir agus daibhir, gruagach agus maol, craiceann bán, buí agus daite.
sna goirt in the tilled field
" Ag stánadh ar na feirmeoirí sna páirceanna agus sna goirt a bhí sé agus é ag meabhrú.
i ngleann goirt seo na ndeor in this briny vale of tears
" Bhí Ciara Nic Gabhann ar cuairt chuig taispeántas ealaíne sa Róimh atá bunaithe ar chruas an tsaoil i ngleann goirt seo na ndeor, taispeántas an ghrianghrafadóra Lee Jeffries.