Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gráinníní gainmheacha sandy grains
" I ndáiríre píre is idir dhá áit atá sé, nó tá sé ag iarraidh a intinn bhocht a shocrú ar ionad saoire fá choinne cúpla seachtain a chaitheamh ar a shuaimhneas, a bholg bhiata bhlonagach le grian gheal an tsamhraidh, a thóin théagartha thathagach le gráinníní gainmheacha na trá, cúpla galún de shú na braiche áitiúla a bheith lena thaobh, scaifte péas armtha i bhfáinne thart air le cailíní na háite a choinneáil amach óna cholainn fhearga fheiceálach.
gráinníní dramhaíola scraps of waste
" Pawcasso agus a Ré Chrúbach? ======= Má tá tú den bharúil go bhfuil buanna speisialta ag do pheata féin, ba chóir duit roinnt ama a chaitheamh á bhreathnú go grinn le feiceáil an bhfuil na tréithe seo a leanas aige: an ndéanann do chat machnamh ar na marcanna a fhágann sé ina dhiaidh ar a thráidire dramhaíola? an bhfágann sé marcanna ar na ballaí leis na gráinníní dramhaíola atá greamaithe dá chrúba? an scríobann sé ar phíosa troscáin go leanúnach san áit chéanna amhail is dá mbeadh sé ag forbairt saothair? an maith leis a bheith ag amharc ar an teilifis agus an aithníonn sé ainmhithe eile ar an scáileán? Más féidir leat freagra dearfach a thabhairt ar an chuid is mó de na ceisteanna thuas, agus má tá tú go fóill in amhras faoi chumas ealaíne do chait, thig leat triail bheag a chur air a d’fhorbair síceolaithe MONPA, a bhaineann úsáid as ocht gcárta dhéag agus léaráidí orthu.