Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a bhean ghrámhar his loving wife
" D'fhanamar i dTigh na nDonnabhánach i New Hyde Park ar Long Island ar feadh cúpla lá agus chuir Barra, a bhean ghrámhar Delia agus a mbeirt chlainne, Breandán agus Máire, cóir iontach orainn.
grámhar, cabhrach agus flaithiúil loving, helpful and generous
" Tá focal coitianta sa tír, *osadandaula*, a chiallaíonn *hakuna matata* nó “ná bí buartha”, agus sin an cur chuige atá ag muintir na tíre maidir leis an saol! Más gá é a dhéanamh, déan le meangadh gáire é! Is deacair, i ndáiríre, scríobh faoi mhuintir na Maláive, is deacair cur in iúl chomh cairdiúil, grámhar, cabhrach agus flaithiúil is atá siad.
a bpóga grámhara. their loving kisses.
" nz/) chun breathnú ar a gcuid uibheacha agus a bpóga grámhara.
grámhar loving
" Bhuail sé i bPáras leis an Ghiúdach mhná as an Pholainn, Gerda Taro, a bhí ar a coimeád ó na Nazaithe agus thosaigh caidreamh grámhar agus gairmiúil eatarthu.
grámhar loving
grámhar friendly
" Is dócha go maireann an gaol grámhar idir Apple agus na tionscadail cheoil, scannáin is foilsitheoireachta ó maireann an bainistiú cearta digiteacha go láidir tríd iTunes agus an iTunes Store agus ó d’fhógair Jobs go bhfuil cúig cinn de na comhlachtaí móra foilsitheoireachta mar pháirtnéirí acu sa siopa nua iBookStore.
dán grámhar úd that loving poem
" Ní comórtas é a shamhlaím le soineantacht agus nádúr na hóige a raibh Ní Dhomhnaill ag déanamh cur síos air sa dán grámhar úd.
caidreamh grámhar loving relationship
" Dúirt sé go léiríonn an bille go gcreideann an rialtas gur cóir an t-aitheantas céanna a thabhairt do gach caidreamh grámhar idir beirt dhaoine fásta, ach go háirithe i sochaí chuimsitheach fearacht na hAstráile.
an bhéim ghrámhar the fond stress
" Is iomaí gné sa dráma seo a dhéanann nasc daingean idir na haisteoirí agus an lucht féachana: fiacha an dráma féin do thraidisiún scéalaíochta a ritheann ó William Carleton go Séamus Ó Duilearga, an bhéim ghrámhar a chuirtear ar chairdeas leochaileach na bhfear, mar aon le greann tobann na tuaithe.