Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
greanta inscribed
" Is de shliocht agus de shíol an bhandé Duibhne (Dovinia) - ainm atá greanta ar chlocha oghaim na leithinise - iad muintir Chorca Dhuibhne.
greanta engraved
" Ach is cosúil nach raibh an seanchas sin greanta ar an gcloch feasa.
greanta graven
" Is leagan nua-aimseartha é seo d'úsáid cailce agus páipéir chun an scríbhneoireacht atá greanta i gclocha (i reilig, mar shampla) a dhéanamh níos soiléire.
greanta graven
" Tá clú ar an iarsmalann sin de bharr na gcloch Piochtach atá inti, agus comharthaí rúndiamhra greanta iontu.
greanta i gcloch inscribed on stone
" Anuas air sin, tá sé greanta i gcloch anois ag an Bhord Pleanála go bhfuil dualgas ar gach Comhairle Contae coinníollacha a chur i bhfeidhm lena gceantair Ghaeltachta a chosaint.
greanta graven
" Tá níos mó fear buí greanta ar chomharthaí in iarthar na tíre ná mar a bhíonn i nDroim Chrí i mí Iúil.
greanta etched
" Nach bhfuil do chuid amhrán greanta in aigne agus i gcroí na tíre?” “Tá sin uilig maith go leor,” arsa Christy, “ach caithfidh tú grá a bheith agat duit féin.
greanta i m’aigne engraved in my mind
" Sheol sí caiséad chugam dár gceol oíche tar éis dom filleadh abhaile – tá an caiséad fós agam agus an ceol fós greanta i m’aigne.
greanta engraved
" Sa seomra suí chrom sé go staidéarach os comhair an chórais cheoil, an oiread sin cnaipí le casadh agus le brú, focail greanta os a gcionn, fuinneoigíní breactha le figiúirí beaga—bhain sé scil as tamall sular shleamhnaigh tarraiceán go mall as agus log ciorclach ann, áit ar leag sé an dlúthdhiosca go cúramach.
greanta i gcloch engraved in stone
" Agus 5,000 bliain greanta i gcloch sa cheantar, idir thuamaí cúirte agus thuamaí ursanacha, is áit an-suimiúil í do na daoine ar mo chúrsa siúl sléibhe agus bíonn siad i gcónaí sásta sos a ghlacadh ón siúl le hamharc ar na hiarsmaí Neoiliteacha.
greanta carved
" Ait mar a fhanann ainm ón mbunscoil greanta chomh domhain sin i d’aigne.
greanta go soiléir clearly etched
" Fillfidh mé ar an bhaile go luath le heachtraí na bliana seo greanta go soiléir ar mo chuimhne.
greanta carved
" ’ ‘Coinnigh Cuimhne ar an nGorta Mór’ atá greanta ar an leacht cuimhneacháin i Learpholl i dteanga nach raibh/bhfuil againn, de réir an Dochtúra Belcham.
greanta carved
" Ach beidh bhur n-ainm scríofa i mo chroí agus beidh bhur gcuid vótaí uimhir a haon greanta in aice le mo ghnúis sciamhach scanrúil ar na páipéir bhallóide atá i mo chroí fosta; agus ní dhéanfar dearmad de sin.
greanta carved
" Scríobhtaí Conall mar ‘Conoval(os)' i ré an oghaim, mar a bhí greanta ar inscríbhinn oghaim i mBreatain Choirn.
greanta in eibhir carved in granite
" Bhí an beartas cúig phointe greanta in eibhir, scríofa i bhfuil mo choirp chaoimh féin, (go meafarach, a Bhaloir! Go meafarach!).
chomh greanta as polished
" B’í *‘Penelope Longstreet’* an té ba fheargaí díobh uile, ach mar gur thosaigh sí amach ar leibhéal rótheann, ró-ard, ró-righinbhéalach, ní raibh aon ealó aici ó dul thar fóir sa taispeántas, corr nach rabhas ag súil leis ó aisteoir chomh greanta, de ghnáth, le Jodie Foster.
ngréasán greanta a cuid filíóchta the carved web of her poetry
" Is iomaí gné a shníonn ina chéile i ngréasán greanta a cuid filíóchta; tá an teanga, an dúchas, an béaloideas, an litríocht, a taithí saoil agus meabhrach; tá an cumas éachtach sin trína n-éiríonn léi an meafar bíogach soilseach a chruthú, ag fí na ngnéithe sin ar a chéile go healaíonta gan d'ornáidíocht ach maise na háille.
nach bhfuil aon ní greanta i gcloich nothing is carved in stone
" Níor mhiste a rá, áfach, nach bhfuil aon ní greanta i gcloich go fóill agus tá neart ama ag na heagrais Ghaeilge agus ag tuismitheoirí gur cás leo an t-oideachas lán-Ghaeilge a chur ina luí ar an Aire Quinn agus ar a gcuid iondaithe tofa go bhfuil a mhalairt de shlí ann.
anró an tsaoil greanta ar cheannaghaidh hardship carved on the (facial) features
" Tá caighdeán ardghléine le feiceáil in achan phortráid agus anró an tsaoil greanta ar cheannaghaidh agus i súile achan duine iontu.
greanta i gcloich carved on a stone
" In áit an algartaim chasta seo, nárbh fhearr i bhfad an logainm Gaelach a bheith greanta i gcloich mar atá i gCois Fharraige mar shampla? Tar éis an tsaoil, is fusa i bhfad duine a bheith á threorú go Baile an tSagairt ná a rá leis casadh ar dheis ag an L10352! Anuas ar sin, is dócha go bhfuil lucht cliarlathais thar a bheith bródúil fosta as na comharthaí atá crochta acu ar dhroichid anois – leithéidí GC-R344-009.