Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gunnadóirí dílseacha loyalist gunmen
" Cad chuige sin? Nach raibh na scileanna ag bunadh Chluain Ard nó an raibh siad dofhoghlamtha acu? Nó an "*an irrational hatred*" a bhí ann nach ligfeadh d'ollfhostóirí mar Mackies gan ach dornán postanna a chur ar fáil do Chaitlicigh? Fiú má bhí ráiteas an Uachtaráin amscaí, tá súil agam go dtosóidh sé díospóireacht fán seicteachas atá chomh beo bríomhar inniu agus a bhí sé nuair a tháinig gunnadóirí dílseacha trasna Shráid Cupar i 1969 le mo chomharsanaigh a dhó amach as a dtithe i Sráid Bombay agus i mo shráid féin, Kashmir Road.
gunnadóir gunman
" Ar an oíche chéanna, scaoil gunnadóir de chuid an LVF David Hanley sa chloigeann cúig huaire.
scáil an ghunnadóra the shadow of the gunman
" Ach tá scáil an ghunnadóra ceangailte leo i dtólamh.
beirt ghunnadóirí two gunmen
" Bhí sé i halla snúcair a bhí ceangailte leis an Devenish Arms i mí na Nollag 2001 nuair a rith beirt ghunnadóirí de chuid an UFF isteach, maisc ar an bheirt acu.
gunnadóirí gunmen
" “Níor phéinteáil mé gunnadóirí riamh; rinne mé iarracht cloí le hábhair chultúrtha agus stairiúla i gcónaí,” a dúirt Ervine.
gunnadóirí óga young gunmen
" Cogaíocht idir gunnadóirí óga Learphoill ba chúis lena mharú, de réir na meán cumarsáide i dtosach, go dtí gur chuir uncail Rhys teachtaireacht ar an idirlíon.
Ach ghread na gunnadóirí leo isteach sa scéal but the gunmen barged into the story
" Ach ghread na gunnadóirí leo isteach sa scéal agus cuireadh tús le tréimhse áir nach bhfuil muid tagtha slán uaithi go fóill.
Gunnadóirí Gunners
" Tacaíonn an buachaill leis na Gunnadóirí agus tacaíonn an cailín beag le Learpholl.
gunnadóir gunman
" Líon na marbh: seachtar, an gunnadóir féin san áireamh.
Thug an gunnadóir fogha faoin the gunman attacked
" Thug an gunnadóir fogha faoin seomra foirne as a dtáinig an bheirt ar dtús, ach d'éirigh le múinteoir amháin an doras a choinneáil dúnta ina aghaidh.
gunnadóir an oilc the evil gunman
" Dar le daoine mar Wayne LaPierre, ní stopfaidh ach gunnadóir maith gunnadóir an oilc.
gunnadóir gunman
" 223 M4 i lámha Adam Lanza, gunnadóir Sandy High, ná a thaispeáin dó conas raidhfil amais dá leithéid a chur i bhfearas.
faoi scáil an ghunnadóra in the shadow of the gunman
" Bíodh sé cóir nó ná bíodh, is beag dul chun cinn atá i ndán do Shinn Féin a fhad is atá siad faoi scáil an ghunnadóra nó a fhad is a chuimhnítear orthu mar pháirtí agóide a chuireann i gcoinne achan bheartas coigiltis.