Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aird a thabhairt ar ghuth an phobail to pay attention to the voice of the public
" Bheadh brú fosta ar FF aird a thabhairt ar ghuth an phobail agus glacadh leis gurb é an freasúra atá i ndán dóibh.
in ard a chinn is a ghutha at the top of his voice
" Deirtear gurb í an ócáid spóirt an t-aon áit phoiblí a mbíonn ceadúnas ag duine a bheith ag eascainí is ag scréachach in ard a chinn is a ghutha, agus lán mála maslaí a chaitheamh le daoine eile, bídís ina strainséirí nó ná bíodh, agus go mb’fhéidir nach ndéarfaí leis ach ciall a bheith aige nó a chlab a dhúnadh.
in ard a ngutha loudly
" “Is féidir linn!” a scairt na hÉireannaigh ar ais in ard a ngutha ó Chóbh go Málainn.
ag fógairt orm in ard a gutha calling in a loud voice to me
" Sheas bean bheag os mo chomhair agus í ag fógairt orm in ard a gutha.
a chur in iúl go soiléir in ard a nguthanna to let it be clearly known vocally
" B’fhéidir gur bhraith lucht cáinte an scannáin go raibh sé de cheart acu a dtuairim dhiúltach ar shaothar Glazer a chur in iúl go soiléir in ard a nguthanna agus €45 íoctha acu as an ticéad iontrála.
in ard a ghutha at the top of his voice
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige; míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó; fomhuireáin na Rúise á thionlacan fríd an chriostal agus iad ag blípeáil leo in ard a gcinn; dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn; longa cogaidh na Gearmáine agus na Breataine sa tóir air mar a bheadh an ghaoth Mhárta; slug slag ag an fhaoileán bán ó thosach an bháid go dtí an deireadh; ladrainn Mheiriceá á leanstan agus ladrainn na Rúise á threorú; an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile gur shroich sé cuan agus cladach sa domhan thoir… Chuimil Ciumhais a Churaí de Chladach an Chuain (d’fhonn comhuama) ===================== “In ainm Chroim!” arsa Balor in ard a ghutha, “Níl iontas ar bith nach raibh duine ar bith eile sásta an turas seo a chur de!” Thóg sé a cheann agus d’amharc sé thart air; bhí an drúcht ag méadú agus na clocha ag géarú agus tancanna móra míleata millteanacha na Rúise ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, nuair a chonaic sé grianán beag deas ag bun binne, áit a raibh cúl gaoithe agus aghaidh ghréine agus shuigh sé síos ar a thóin bhreá leathan Ghaelach lena scíth a ligean.