Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i bhfách le in favour of
" Ainneoin Tuaisceart Bhéal Feirste a bheith i bhfách le cainteanna White agus a chairde le Maskey, tá an scéal ag dul in olcas sa taobh sin den chathair.
i bhfách leis in favour of it
" Tá díospóireacht inmheánach ar siúl taobh istigh de ghluaiseacht na poblachta fán ráiteas, cuid acu i bhfách leis, cuid eile atá glan ina éadan.
i bhfách le in favour of
" " Tá muid uilig i bhfách le "tacaíocht trasphobail" ach ciallaíonn sé go dtig leis na haontachtaithe bac a chur ar chinneadh ar bith nach maith leo - riail an mhóraimh in éide úr, dar le Sinn Féin agus an SDLP.
i bhfách le in favour of
" Níor chuir sé iontas ar aon duine gurb é Sinn Féin an t-aon pháirtí amháin a bhí i bhfách le gearradh siar ar líon na gcomhairlí áitiúla ó 26 go 7 – seachas Francie Molloy, ar ndóigh.
i bhfách le in favour of
" Bhí an SDLP idir dhá thine Bhealtaine – tacaíocht a thabhairt d’éilimh na bpríosúnach ainneoin go raibh siad go daingean in éadan fhoréigean an IRA agus an INLA, nó bheith i bhfách le polasaí Margaret Thatcher.
i bhfách le hinimirce, in favour of, sympathetic to, immigration
" ”Tá sé tábhachtach a lua go ndeir Myers go bhfuil sé go mór i bhfách le hinimirce, ach í a theorannú ionas nach mbeidh “líon criticiúil” d’eachtrannaigh sa tír.
i bhfách leis an chleamhnas a bhriseadh in favour of breaking the relationship
" Lena chois sin, léiríonn pobalbhreitheanna anois go bhfuil tromlach phobal Shasana i bhfách leis an chleamhnas a bhriseadh agus gur mhaith leo tabhairt ar na hAlbanaigh cur lena gcuid olagóin.
i bhfách leis in favour of
" Éileamh eile atá ag Feachtas Rothaíochta Átha Cliath – beartas a bhfuil an Comhaontas Glas i bhfách leis freisin – ná luaisteorainn de thríocha ciliméadar san uair a chur i bhfeidhm i mBaile Átha Cliath.
i bhfách lena leithéid de bheartas. in favour of, sympathetic to, this sort of policy
" ” Agus má dhiúltaíonn Éire do Chonradh Liospóin, cén phlean B atá ag an Aontas? I gcomhthéacs na hEorpa, faraor, tá rian den fhírinne i bhfocail mhagúla Bertolt Brecht ina dhán *The Solution*: “Would it not be easierIn that case for the governmentTo dissolve the peopleAnd elect another?” Is cinnte go mbeadh go leor de pholaiteoirí na hEorpa i bhfách lena leithéid de bheartas.
nach raibh i bhfách leis an chéad lá riamh. who were not in favour of it from the first day.
" Seans, áfach, gur cheart feidhmiú an choinníll a chur faoi chúram áisíneachta neamhspleáiche éigin – Údarás na Gaeltachta nó An Bord Pleanála, cuir i gcás – seachas a bheith ag brath ar na Comhairlí Contae nach raibh i bhfách leis an chéad lá riamh.
a bhí i bhfách leis an fheachtas who was sympathetic (in favour of) the campaign
" Thug mé cuairt ar an áit ar na mallaibh chun blas den earrach a fháil “Cois Mersey”! Tá an t-ionad é féin suite cúig mhíle ó lár na cathrach in Court Hey Park, ar páirc 35 acra í ina raibh teach mór William Gladstone (1809-1898), an príomh-aire Briotanach a bhí i bhfách leis an fheachtas ar son féinrialach a bhí ar siúl in Éirinn ag an am.
i bhfách leis an aidhm in favour of the aim
" Mar chomhtharlú, mar dhea, tá an-chosúlacht idir an moladh seo agus polasaí Pháirtí an Lucht Oibre – an páirtí arb é Kevin Rudd a cheannaire! Le blianta fada anuas, léirigh – agus léiríonn – na pobalbhreitheanna ar tugadh fúthu i leith na ceiste áirithe seo go bhfuil formhór mhuintir na hAstráile i bhfách leis an aidhm go mbeidh duine a rugadh agus a tógadh san Astráil, seachas eachtrannach ríoga, ina cheann stáit.
i bhfách go mór leis an domhandú very much in favour of globalisation
" Ní ba thábhachtaí fós, chuir sé aithne ar David Rockerfeller, an baincéir agus státaire clúiteach atá i bhfách go mór leis an domhandú agus ar garmhac leis an bhfear a bhunaigh Standard Oil é.
i bhfách le in favour of
" An méid sin ráite, bheinn i bhfách le féile eile a bheith ann, an darna féile.
táimse i bhfách leis I'm for this
" Nílimse i bhfábhar mórán dena moltaí atá déanta ag An Bord Snip, ach táimse i bhfách leis an gceann áirithe sin.
i bhfách leis taken with
" In agallamh foirmeálta le Nuacht TG4, thug Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Éamon Gilmore, le fios go neamhbhalbh nach mbeadh sé i bhfách leis an bheartas ábhar roghnach a dhéanamh den teanga i ndiaidh an teastais shóisearaigh.
i bhfách le intent on
" Bíonn náisiúnaithe an tuaiscirt i bhfách le foireann na hÉireann agus iad ag imirt le liathróid ubhchruthach agus fiú nuair is sacair atá ar bun agus an fhoireann dá réir, na 26 Chontae, ach ní ní leo foireann sacair Thuaisceart (sic) Éireann.
i bhfách le in favour of
" “Ní chreidim go bhfuil ceann ar bith de na páirtithe san Fheidhmeannas i bhfách le ciorruithe sa chaiteachas poiblí ar bonn ídéolaíochta, ach is beag scóp atá acu clár oibre a thógáil a sheachnaíonn gearradh siar agus dífhostaíocht ollmhór” arsa an tUasal Campfield.
i bhfách leis supports
" * Chuir na meáin agallaimh ar McKeon tar éis an tsearmanais agus dhearbhaigh seisean arís is arís eile go bhfuil sé i bhfách leis an bhratach a athrú.
i bhfách leis are for
" Leoga, is geall le leadóg an dóigh a bhfuil sí ag láimhseáil síorcháineadh na ndaoine atá i bhfách leis an scrúdú aistrithe a choinneáil i réim sa chóras oideachais ó thuaidh - dá mhinice a bhuailtear an liathróid mheafarach a fhad leis an Aire, buaileann sí ar ais í, ach tá Ruane cleachta le bheith ag plé le daoine i bhfad níos diongbháilte na meánaicme na Sé Chontae.
i bhfách for, supporting
" Chuir mé ceist ar Bob Collins, cé leo a raibh sé i bhfách.
i bhfách le desired, interested in
" Fiú da mbeadh David Cameron i bhfách le fiosrúchán poiblí - agus níl aon fhianaise ann go bhfuil "an fear neamhonóra seo", mar a thug Geraldine Finucane air, i bhfách lena leithéid - bheadh na fórsaí thart air róláidir aige.
i bhfách leis cares about
" Mar a dúirt Nesbitt Dé Sathairn: "Ba mhaith liom (an UUP) spréadh amach go dtí gur muid an rogha nádúrtha do gach vótóir atá i bhfách leis an Aontas i dTuaisceart Éireann, ina measc, iad sin a deir go dteastaíonn uathu Éire Aontaithe ach, go príobháideach, a ghlacann leis nach bhfuil fáth amháin fágtha nár cheart dóibh tairbhe a bhaint as an bhallraíocht leanúnach atá againn sa Ríocht Aontaithe.
i bhfách leis in favour
" ======== Tá an comhrialtas DUP/Sinn Fein i bhfách leis an phlean.
i bhfách agus in éadan for and against
" Sin ráite, chuaigh McGuinness – a bhfuil go leor miotas, i bhfách agus in éadan, faoi – go Teach Parlaiminte na Breataine an lá dár gcionn, le cur in iúl d'fheisirí thall go raibh Sasain mar rannpháirtí sa chomhrac ó thuaidh agus nach “réiteoirí neodracha” a bhí iontu.
Bheinnse i bhfách le I’d be interested
" Bheinnse i bhfách le líon na Seanadóirí a laghdú, deireadh a chur le córas vótála na gComhairlí Contae agus athmheas a dhéanamh ar na painéil ghairmiúla as a dtoghtar comhaltaí.
atá i bhfách le breis srianta who support further restrictions
" Tabharfaidh siad lón lámhaigh don lucht frithimirce, do dhaoine a mheasann go bhfuil an iomarca imirceach sa Bhreatain is atá i bhfách le breis srianta den sórt atá á gcur i bhfeidhm le cúpla bliain anuas.
i bhfách leis an iarracht ón tús in favour of the attempt from the start
" Ní raibh Páirtí an Lucht Oibre i bhfách leis an iarracht ón tús agus níor cuireadh i gClár an Rialtais é dá réir.
i bhfách le for
" 9% i bhfách le go bhfanódh na Sé Chontae sa Ríocht Aontaithe agus 6,463 nó 1.
mbeadh tromlach mór i bhfách leis an aontas a great majority would be for the union
" Ar ndóigh, rinne an páirtí (amháin) náisiúnaíoch, an SDLP, baghcat iomlán ar an reifreann ach is cosúil, fiú mura ndearnadh an baghcat, go mbeadh tromlach mór i bhfách leis an aontas.
raibh sé i bhfách go mór leis he was really for
" Dúirt sé go n-amharcfaí arís air dá mba rud é go raibh daltaí ag baint buntáiste as an chóras ach go raibh sé i bhfách go mór leis an phrionsabal go mbronnfaí 40% de na marcanna ar chumas cainte an iarrthóra.
Tá mise i bhfách le I’m all for
"Tá mise i bhfách le leithscéal ar bith chun coisir a reáchtáil, ach tá seo ag dul thar fóir dálta cuid mhór dreamanna eile i stair an domhain, tá na Gaeil á ndíbirt ón taifead oifigiúil.
go láidir i bhfách le very much in favour of
" Bhí Daniel O Connell, an Fuascailteoir, go láidir i bhfách le cealú na sclábhaíochta agus nuair a tháinig daoine dubha ó Mheiriceá san 18ú céad le labhairt ar an sclábhaíocht sna hIndiacha Thiar - a chuir go mór le rath phoirt na hÉireann - cuireadh fearadh na fáilte rompu.
a bhí i bhfách who were for
" Ar ndóigh, caithfidh an rialtas trasna na teorann (cén teorainn?) glacadh leis an mholadh a glacadh le móramh 73% a bhí i bhfách agus 20% ina éadan (Ní raibh an 8% cinnte nó níor léirigh siad aon bharúil).
i bhfách le togra na Ceise Fada supporting the Long Kest project
" (De réir na loighce sin, bheadh aontachtaithe i bhfách le togra na Ceise Fada nó “An Scrín Phoblachtach” mar a thug siad air, rud a mheallfadh níos mó turasóirí ná múrphictiúir bunaithe ar Marvel Comics.