Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i dteannta a chéile together
" Tá cultúr an Bhéarla agus an Meiriceánachas róláidir agus bíonn náire ar dhaoine a dteanga féin a labhairt ach amháin nuair a bhíonn siad i dteannta a chéile.
i dteannta a mhná áille, along with his lovely wife,
" Bhí cuireadh faighte aige seinnt ag an bhFéile Pan-Cheilteach i nDún na nGall agus i gClub an Chonartha, agus d’úsáid sé an turas le saoire bheag a ghlacadh i dteannta a mhná áille, Gwen.
i dteannta a chéile all together
" Ní hiad na cluichí féin a mhaireann im’ chuimhne le fírinne, ach an comhluadar is an spraoi, an ceol agus an t-atmaisféar speisialta a chruthaítear nuair atá na Gaeil ó Ghaeltachtaí uile na tíre i dteannta a chéile.
i dteannta a chéile together
" Mhaígh sé go “dtiocfaidh bláthanna galánta as stumpa mo láimh ghonta nuair a chuirfear sochaí neamhdhíoltasach i dteannta a chéile.
i dteannta a chéile together
" Cibé taispeántas a chuireann Tóibín i dteannta a chéile, is cuma an é an aithris scanrúil sin a dhéanann sé ar Bhrendan Behan i mBorstal Boy, nó an tráchtaireacht shóisialta bhinbeach sin ina chuid oícheanta cáiliúla sa Cork Opera House sa 80idí, teilgeann sé pearsa sholasmhar ar an ardán.
leigheas i dteannta a chéile to cure together
" Tagann sé le mála amháin, ach fágann sé le Bean Azaire, Isabelle, ina chuideachta, agus fonn orthu beirt a nganntanas fisiciúil a leigheas i dteannta a chéile mar lánúin.
i dteannta a chéile fé dheireadh together at last
" Chuir sé ceithre leácht beo i dteannta a chéile fé dheireadh, léachtaí sotalacha a dhéanann tóraíocht ar fhreagraí uilíocha do cheisteanna domhanda.
cuireadh i dteannta a chéile gathered together
" an coinbhinsean um chosaint na hoidhreachta cultúrtha neamhábhartha dar cuireadh i dteannta a chéile i bPáras i 2003.
oibríonn siad i dteannta a chéile they work together
" Tagann daoine le chéile agus oibríonn siad i dteannta a chéile d’fhonn fadhbanna comhchoitianta na sochaí a réiteach.
i dteannta a dtaisí siúd beside their remains
" Caithim seal gach cuairt i dteannta a dtaisí siúd freisin - ainniseoirí ón Parramatta Lunatic Asylum, ó Mhonarcha na mBan, ó Otharlann an Erysipelas, ón ‘Invalid Establishment’.
i dteannta a chéile together
" Áibhéil, dar ndóigh, ach nach minic an áibhéil agus an spórt i dteannta a chéile? Buaiteoirí ===== Maidir le cén fhoireann/tír a bhuafas an comórtas, níl aon tuairim agam féin ach amháin go measaim go mbeidh dhá cheann de na tíortha láidre, na tíortha a bhíonn san áireamh de ghnáth, sa chluiche ceannais: An Bhrasaíl, an Airgintín, An Ísiltír, an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil.