Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag rith i dtreo an chúil running towards the goal
" Is é sin, in ionad imreoirí peile a thaispeáint ag rith i dtreo an chúil, d'fhéadfaí leagan moillithe a thaispeáint, agus anailís a dhéanamh ar an eachtra sin sa chluiche.
i dtreo na bhfaitheas towards the heavens
" Tagann comhartha an euro anois go súile Kalle nuair a ardaíonn an ghaoth! Tá na muilte seo ar fud mhachairí móra fairsinge Ostfriesland, ag síorshiosarnach agus iad ag ag síneadh i dtreo na bhfaitheas.
ag síneadh i dtreo na spéire extending towards the sky
" Faoi dheireadh na míosa seo, beidh spíce caol ard, a bheas sé huaire níos airde ná Ardoifig an Phoist, ag síneadh i dtreo na spéire ar Shráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath.
stánadh i dtreo na bhflaitheas stare towards heaven
" Beidh na mílte turasóir agus cuairteoir tuaithe a thiocfaidh chun na príomhchathrach ábalta stánadh i dtreo na bhflaitheas ar feadh cúpla soicind agus a rá leo féin, "Nach iontach an mhíorúilt innealtóireachta é seo?".
ar mian leo an t-aos óg a mhealladh i dtreo na teanga who want to attract the young people to the language
" Is fada múinteoirí ag gearán faoi chomh deacair is atá sé déagóirí a spreagadh ó thaobh na Gaeilge de, ach tá "Ros na Rún" ina chuidiú mór anois acu siúd ar mian leo an t-aos óg a mhealladh i dtreo na teanga.
i dtreo na margaíochta dírí ionsaithí towards aggressive direct marketing
" Is gá bheith amhrasach faoi fhigiúr chomh híseal sin bheith á lua, agus tá sé soiléir go mbeadh cóid phoist, agus an t-amas margaíochta is féidir a dhéanamh leo, mar chéim eile i dtreo na margaíochta dírí ionsaithí.
i dtreo na ndumhcha towards the dunes
" Rith siad go gasta i dtreo na ndumhcha, áit ar troid siad lámh go lámh leis na Gearmánaigh.
i dtreo na margaíochta dírí ionsaithí towards aggressive direct marketing
" Is gá bheith amhrasach faoi fhigiúr chomh híseal sin bheith á lua, agus tá sé soiléir go mbeadh cóid phoist, agus an t-amas margaíochta is féidir a dhéanamh leo, mar chéim eile i dtreo na margaíochta dírí ionsaithí.
i dtreo neamhspleáchais agus aontais towards independence and unity
" An t-am seo, ní bheadh siad “ag cur a mbeatha i mbaol mar óglaigh de chuid an IRA ach mar ghníomhaithe i ngluaiseacht náisiúnta i dtreo neamhspleáchais agus aontais.
i dtreo na hiriseoireachta cogaidh in the direction of war journalism
" ” Ba scannán a sheol Fisk i dtreo na hiriseoireachta cogaidh, ainneoin nach maith leis an téarma sin.
i dtreo na gile towards brightness
" Tá casadh na bliana thart agus is i dtreo na gile atá muid ag dul anois.
i dtreo na sprice sin towards that target
" Tuigeann an GPA nach féidir íocaíocht ar son imeartha a éileamh faoi láthair ach tá siad ag obair i dtreo na sprice sin.
do do shracadh thar n-ais i dtreo na sráide being pulled back towards the street
" Bhí na sluaite ag doirteadh amach agus an líon céanna daoine ag iarraidh brú isteach ag an am céanna, rud a d'fhág gur dheacair uaireanta bheith cinnte an ag baint na ngeataí amach nó do do shracadh thar n-ais i dtreo na sráide a bhí tú.
mheall siad daoine i dtreo na hamhránaíochta Gaeilge they attracted people towards Irish language singing
" An fáth a measann daoine iad a bheith tábhachtach ná gur mheall siad daoine i dtreo na hamhránaíochta Gaeilge ar dhóigh nach bhféadfadh saothair níos traidisiúnta a dhéanamh.
ag bogadh i dtreo na polaitíochta moving towards politics
" Bhí Sinn Féin ag bogadh i dtreo na polaitíochta agus mhothaigh sé go raibh sé ina éan corr.
trasnú a dhéanamh i dtreo na Canóna. to make a crossing towards the Canon.
" An aidhm atá agam leis sin ná trasnú a dhéanamh i dtreo na Canóna.
i dtreo na gréine. towards the sun.
" Seinnim an fonn agus samhlaím Pádraig agus cailín, pé cailín ar mian leis, lena thaobh ag máirseáil lámh le lámh i dtreo na gréine.
sa streachailt i dtreo Éireann aontaithe, in the struggle towards a united Ireland,
" Bhí luach leis an ghníomh agus leo féin mar dhaoine sa streachailt i dtreo Éireann aontaithe, dar leo.
ag claonadh a chloiginn i dtreo na gréine inclining his head towards the sun
" Bhraithfeá gur duine é atá ag éirí amach as trinsí an teagaisc agus atá ag claonadh a chloiginn i dtreo na gréine den chéad uair le fada.
i dtreo an chairr. towards the car.
" Shíl mé go raibh an tiománaí ag lorg treoracha, agus shiúlas i dtreo an chairr.
chas neart paisinéirí i dtreo na málaí páipéir plenty of passengers turned to the paper bags
" Agus tonnta dhá mhéadar ann, chas neart paisinéirí i dtreo na málaí páipéir agus muid ar bord loinge.
i dtreo na heite clé barraíocht. to far to the left.
" Léiríonn sé go bhfuil muintir na Poblachta in amhras faoi pholaitíocht atá i dtreo na heite clé barraíocht.
Bhrúigh sin mé i dtreo na Gaeilge níos mó. That pushed me more towards Irish.
" Bhrúigh sin mé i dtreo na Gaeilge níos mó.
iompaithe i dtreo an phobail sin, turned towards that public,
" Má osclaítear amach gach ceann díobh i bhfianaise an phobail, agus má leagtar ceann i ndiaidh a chéile ar an mbord agus iad iompaithe i dtreo an phobail sin, beidh ar chumas an lucht féachana sa halla grianghraf an-chruinn d’fháil ar an mballóid ach nótaí a thógaint.
i dtreo cnoc nocht. towards a bare hill.
" Ag deireadh an bhóthair, tá cosán a théann i dtreo cnoc nocht.
a mhealladh i dtreo na hoibre to attract to work
" Mar atá ráite ag Sir Reg Empey, an tAire Fostaíochta agus Foghlama ó thuaidh, tá go leor fadhbanna ag baint le daoine atá ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh a mhealladh i dtreo na hoibre gan a bheith ag baint airgid uathu le tabhairt do mhuintir Londan agus na gContaetha Baile.
ag titim i dtreo an iarthair setting towards the west
" Bhí deireadh an lae ag teannadh linn agus an ghrian ag titim i dtreo an iarthair os cionn an Hudson.
i dtreo na gairme sin. towards that profession.
" Diaidh ar ndiaidh, bhí an mhúinteoireacht ag feabhsú mar shlí bheatha agus deis ag pobail bhochta tuaithe – fiú pobal Rann na Feirste – daoine a chur i dtreo na gairme sin.
Imíonn siad leo i dtreo na gréine. They head off towards the sun.
" Imíonn siad leo i dtreo na gréine.
i dtreo na farraige in the direction of the sea
" Shocraigh Tauhara agus Putauaki go rachaidís i dtreo na farraige le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine, ach b'éigean dóibh bogadh in aon oíche amháin.
chlaonadar i dtreo na rialacha nua. they began to in the direction of the new rules.
" Thaitin na rialacha láimhsithe, chomh maith leis an liathróid ubhchruthach, le cuid mhaith de na hollscoileanna Meiriceánacha freisin, agus chlaonadar i dtreo na rialacha nua.
stiúraim an bheirt eile i dtreo an chréamatóiriam. I direct the other two to the crematorium.
" Siúlaimid linn go tapa thar na beairicí codlata agus stiúraim an bheirt eile i dtreo an chréamatóiriam.
i dtreo na coireachta towards crime
" Chuaigh cuid mhór acu i dtreo na coireachta le hairgead a fháil, agus thosaigh siad ag tógáil drugaí mar fhaoiseamh ón leamhthuirse agus ón dubhachas a bhain leis an dól.
i dtreo na cathrach, in the direction of the city,
" Tá an M50 ar cheann de na fadhbanna is mó, ach bíonn plódú mór tráchta gach maidin ar gach príomhbhóthar i dtreo na cathrach, agus sa treo eile um thráthnóna.
an ghluaiseacht i dtreo neamhspleáchais the movement towards independence
" Ach tá cúis eile go bhféadfadh go n-éireodh leis an ghluaiseacht i dtreo neamhspleáchais an iarraidh seo – dearcadh na Sasanach ina leith.
i dtreo iarrthóra in the direction of a candidate
" D'fhéadfaimis casadh cinntitheach a fheiceáil sa toghchán in Iowa, mar sin, i dtreo iarrthóra nár chualathas mórán faoi go dtí seo.
ag treabhadh leo i dtreo an bhua. ploughing away towards victory.
" Tá siad anois san áit a shantaigh siad, lámh acu ar stiúir na cumhachta – i gcuideachta a gcomhghleacaithe – agus iad ag treabhadh leo i dtreo an bhua.
i dtreo na gaoithe a shéideann in the direction of the wind that blows
" Is coimisiún é a bhogann i dtreo na gaoithe a shéideann ó Oifig Thuaisceart Éireann (OTÉ), agus faoi láthair, ba mhaith le OTÉ brú a chur ar an DUP glacadh le haistriú cumhachtaí póilíneachta agus cirt ó Westminster go dtí an Tionól, ar mór-éileamh é de chuid Shinn Féin.
ag casadh i dtreo na nDaonlathach agus an liobrálachais turning towards the Republicans and liberalism
" Más ea, ámh, tá an léarscáil ag athrú agus tá cuid de na stáit tuaithe ag casadh i dtreo na nDaonlathach agus an liobrálachais – Colorado, Nua-Mheicsiceo agus Nevada, cuir i gcás.
i dtreo na gcúinní towards the corners
" Measaim féin go gcaithfidh foireann iarracht a dhéanamh an cluiche a imirt ar bhealach nach bhfeilfidh sé do Chill Chainnigh - an sliotar a choinneáil ag gluaiseacht go híseal agus go tapa ó thaobh go taobh agus i dtreo na gcúinní agus síos fan na gcliathán, nó, mar a rinneadh ó am go ham cheana, imreoir a thógáil as na tosaithe agus a chur ag imirt taobh thiar dá leathchúlaí láir mar a rinne Áth Cliath i gcoinne Chill Chainnigh le déanaí.
i dtreo na heite deise to the right wing
" A cháil titithe go mór ar na mallaibh, áfach, de dheasca na tubaiste a bhain le príosún Halla Uí Dhroighneáin a bheith caite i dtraipisí agus faoina chuid claonadh i dtreo na heite deise agus coir an Diamhaslú á dhleathú aige.
i dtreo towards
" Níl aon amhras ach gur tháinig an tuar fán tairngreacht áirithe sin agus tráchtairí ag baint na sála dá chéile anois leis na focail is tarcaisniúla ina bpluic a chaitheamh i dtreo na teanga, agus ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ach go háirithe.
i dtreo towards
" Tháinig na cuimhní cinn chugam ina rabharta: múinteoir a spreag i dtreo na réalteolaíochta mé, oícheanta fuara geimhridh ar chúl an tí leis na déshúiligh, turas ar an réadlann in Ard Mhacha, an corrú a bhíodh faoi mo chroí nuair a thagadh fear an phoist le leabhar úr.
i dtreo towards
" ’ Cé go gcuireann an institiúid síos uirthi féin mar ‘eagraíocht neamhrialtasach, neamhpháirtíneach agus neamhspleách,’ is léir óna cuid foilseachán go bhfuil sé mar aidhm aici an tAE a stiúradh i dtreo bheartas ionsaitheach ar thaobh Iosrael sa Mheánoirthear, mar a d’éirigh leis na nuachoimeádaigh a dhéanamh i rialtas Bush.
mhealladh i dtreo to entice towards
" Súil ar 2014 ======= Is éard a theastóidh ó Marina Silva a dhéanamh anois ná tógáil ar a ‘bua’ gan choinne agus na daoine a thug vóta di an uair seo toisc nár thaitin Dilma Rousseff leo a mhealladh i dtreo shoiscéal na Glaise don chéad toghchán uachtaránachta eile, in 2014.
i dtreo towards
" Tráthnóna breá Fómhair a bhí ann, geal agus grianmhar go deimhin, agus gaoth mheasartha aduaidh ag séideadh i dtreo na farraige ón gcnoc anuas.
i dtreo towards
" Mar gheall ar ainmniúchán George Bush, tá tromlach cúigear sa naonúr breithiúna atá claonta i dtreo na heite deise.
i dtreo na féimheachta into bankruptcy
" Míchumas seachas mí-ionraiceas a léirigh Brian Cowen agus a chomhleacaithe agus an tír ag sleamhnú go tubaisteach i dtreo na féimheachta.
i dtreo Mheice towards Mecca
" (Samhlaigh mise agus an chearc fhrancach seachtain roimh Lá Nollag - ní fhéadfainn é a dhéanamh!) Cuirtear an t-ainmhí ina luí ar an talamh, a aghaidh i dtreo Mheice, agus gearrtar a scornach in ainm Allah.
i dtreo towards
" Rugadh í san Ómaigh, i dteaghlach Meitidisteach, aontachtach, ach thiontaigh sí i dtreo an náisiúnachais roimh dheireadh an naoú haois déag.
i dtreo towards
" Ach b'fhéidir go gcuirfeadh an ghéarchéim gheilleagair borradh éigin faoin ghluaiseacht i dtreo an oideachais chomhtháite.
i dtreo towards
" Thosaigh Philipsz a saol mar ealaíontóir dírithe ar an dealbhadóireacht ach ba í an tréimhse ama a chaith sí i mBéal Feirste mar iarchéimí an taithí ba mhó a chuaigh i bhfeidhm uirthi agus a chas i dtreo ceoil agus fuaime í.
i dtreo towards
" An Ceardchumannachas ============ **SMM: An bhféadfá a rá go bhfuil mórán an rud céanna ag tarlú sna ceardchumainn sa mhéid go bhfuil an saol ag feabhsú, táimid ag dul i dtreo tionscal an eolais agus go bhfuilimid ag teacht anois chuig an gceardchumann a dtugtar an ‘white collar union’ air, cumainn ar nós Irish Chapel an NUJ agus Amicus (MSF) agus féach go raibh Roger Lyons (MSF) ag labhairt amach go láidir ag an BCTU, ag moladh tacú le Blair nuair a tháinig Blair chun cainte leo roimh ionradh na hIaráice?** SÓhU: Tá fadhb mhór i measc na gceardchumann, pé acu anso, nó sa Bhreatain, nó i dtíortha eile na hEorpa ach ní de bharr go bhfuil athrú ar an lucht oibre.
céim i dtreo a step towards
" Ach do Assange níl ann ach céim i dtreo a cheann sprice - ní inniu ná inné a chrom sé ar a chuid oibre, agus tá snáth láidir le feiceáil ina shaol a cheanglaíonn cúrsaí ar fad.
ag casadh i dtreo turning towards
" Tharla an t-athrú is mó mar gheall go raibh ar dhaoine Fraincis a úsáid san airm, agus leis na hathruithe eile sóisialta ag an am (raidió, aistriú go cathracha in ionad fanacht faoin tuaith), thosaigh daoine ag casadh i dtreo na Fraincise.
i dtreo into effect
" Chuirfí reachtaíocht ní ba chruinne agus ní ba fheidhmiúla i dtreo ach an Seanad a bheith á mionscrúdú.
i dtreo towards
" Thaispeáin a chuid taighde go bhfuil na meáin claonta go mór i dtreo na n-Iosraelach.
i dtreo towards
" Nuair a chuirtear torthaí an mheastacháin 2004-05 i gcomórtas le torthaí an NHS a rinneadh sa bhliain 1995, is léir go bhfuil an claonadh seo i dtreo an iomarca meáchain ag dul in olcas.
i dtreo towards
" Bhí ciall acu, mar lean mé féin, Alan agus Chris siar go Meall a' Bhothain (911), Meall na Creughaich (903m) agus an Carn Ballach (920m) i dtreo Carn Dearg (945m).
i dtreo in the direction
" Is léir fosta go bhfuair siad, ní hamháin eiseamláir uaidh, ach spreagadh agus spreagadh den chineál is dearfa – é a leanúint i dtreo na péintéireachta ach chan le aithris lom a dhéanamh airsean ach lena n-ealaín féin a fhorbairt.
i dtreo towards
" Nach mé a bhí sásta! Ar theacht go crosbhóthar Scríb dom níos faide anonn sa lá, chas mé siar i dtreo Ros Muc mar a mhol an comhartha bóthair dom a dhéanamh.
i dtreo an chiníochais towards racism
" Agus níl aon fhianaise ann fós go bhfuil muintir na hÉireann ag tiontú i dtreo an chiníochais.
i dtreo na heite deise towards the right wing
" “Ar an drochuair, bhí an Eoraip ag bogadh i dtreo na heite deise agus bhí mise ag dul sa treo eile, mar sin, ní thiocfadh liom an díospóireacht a thionscnamh ar -, mar shampla, cad é ba cheart don Eoraip a bheith a dhéanamh le fórsa a chruthú a bhéarfadh dúshlán fhorlámhas chultúr chósta thiar Mheiriceá?”
 Beith an Duine a Fhorbairt ============ Agus é ag caint i mBéal Feirste an mhí seo caite, labhair Michael D ar thábhacht na n-ealaíon don tsochaí.
i dtreo toward
" Inné agus Inniu ======= Ach ag breathnú siar ar stair na 26 Chontae, cé a dearfadh go raibh lucht eagair an Chúnaint contráilte fá Riail Dúchais agus Riail na Róimhe? Nach bhfuil an stát ó dheas ag caitheamh uathu le scor bliain anuas na laincisí a chuir Eaglais na Róimhe orthu leis na céadta bliain? Nach raibh an ceart ag Carson agus Craig sa mhéid sin? Sin an fáth go bhfuil na cuimhneacháin atá romhainn ó thuaidh chomh tábhachtach céanna ó dheas is a bheas siad ó thuaidh mar, tá súil agam, fáiscfidh díospóireachtaí astu a threoróidh muid i dtreo tuigse níos doimhne as an stair agus go mbeidh muid ag breathnú ar imeachtaí iaróige, mar a déarfadh TG4, le súil eile.
soir i dtreo east towards
" Ní fada go raibh muid ar an mbóthar mór soir i dtreo Łódż.
i dtreo na síoraíochta into eternity
" D’éalaigh na soilse leo ar bharr an uisce i dtreo na síoraíochta.
i dtreo na claise towards the drain
" Thug mé suntas do phlástar a bhí ar snámh go mall i dtreo na claise.
i dtreo towards
" Ach is fearr le lucht tráchtaireachta trí Ghaeilge, nó tráchtairí raidió/teilifíse áirithe darb ainm dóibh Mícheál ar chaoi ar bith, ómós a thabhairt don tsimplíocht agus don ghramadach (‘imeall na cearnóige bige’, ‘i dtreo na cearnóige móire’ agus araile) agus cearnóg seachas comhthreomharán nó dronuilleog a deir siad.
i dtreo towards
" Beidh ar fheidhmeannaigh na gcoistí pobail go leor dá gcuid obair reatha a chur ar leataobh le díriú ar an iarracht pobail a iompú i dtreo na Gaeilge arís.
nádúrach claonta i dtreo naturally inclined towards
" D’oibreoinn in aon teanga os rud é go bhfuil comhlacht le coinneáil ag imeacht agam, ach go bhfuil mé nádúrach claonta i dtreo obair a dhéanamh i nGaeilge.
go balbh i dtreo blindly towards
" Cuid acu ag stánadh go balbh i dtreo an Domhain, nó an áit ina samhlaíonn siad an Domhan a bheith.
i dtreo na Rúise towards Russia
" Is léir go raibh faitíos san AE go gcuirfí "Aontas Eoráiseach" – aontas le hiar-Stáit Shóivéadacha – i mbaol dá mbrúfaí an Úcráin ar ais i dtreo na Rúise.
i dtreo sprioc airgid towards a financial target
" Chun é seo a dhéanamh iarrann an cruthaitheoir suimeanna áirithe airgid (ar scála de ghnáth) i dtreo sprioc airgid.
spreagadh i dtreo to encourage towards
" Dúirt McGuinness roimh an choinne le Banríon Shasana, mar a thug sé uirthi, go raibh sé ag croitheadh láimhe le gach Aontachtaí ó thuaidh ag an am chéanna agus is léir go bhfuil dúnghaois *“hearts and minds”* Shinn Féin le haontachtaithe a spreagadh i dtreo Éire Aontaithe ag dul i dtreis.
maolú siar i dtreo an cheoil to fade back into music
" Caithfear bíogadh ó chainteoir go chéile, maolú siar i dtreo an cheoil agus a bheith ag teannadh isteach is amach le ceamaraí ar chaon taobh le chéinne a choinneáil leat.
soir ó thuaidh, i dtreo northeast towards
" Ansin, áfach, ag fógra a bhfuil ‘Rabhadh’ air (Beo eagrán 113, Meán Fómhair 2010), téann na cipíní soir ó thuaidh, i dtreo Dhíseart Aoidh Mhic Bhricne.
ag luascadh i dtreo swinging towards
" Ach na coinbhinsiúin – is léir go bhfuil an Páirtí Poblachtach ag luascadh i dtreo na heite deise, ach is beag duine ón taobh sin a bhfuil tarraingt aige i measc na cosmhuintire, taobh amuigh de Chris Christie, rialtóir ramhar Nua-Gheirsí.
i dtreo an fhuaráin towards the oasis
" Bhíos beagnach ag rith i dtreo an fhuaráin.
i dtreo na polaitíochta to politics
" " Nuair a tháinig sé amach, chreid sé go diongbháilte "sa streachailt armtha" agus maítear go raibh sé páirteach i líon mór scaoileadh agus buamáil agus admhaíonn sé gur tógadh é corradh le 200 uair, mar sin, cá huair ar iompaigh Ó hEára mar Naomh Pol ar a bhealach go Damaisc, i dtreo na polaitíochta agus ar shiúl ón fhoréigean? "Bhí difir idir muidinne agus muintir Bhéal Feirste cuir i gcás, mar ní raibh traidisiún láidir poblachtachais i nDoire.
tá claonadh i dtreo there’s a trend towards
" Mar is léir ón tsracfhéachaint seo, tá claonadh i dtreo na n-iarrthóirí daonlathacha sa Seanad agus san Uachtaránacht, ach ar bhonn "áitiúil" (na hIonadaithe Comhdála agus na hiarrthóirí stáit, fágaim) tá claonadh i dtreo na bPoblachtánach, gné a léiríonn an bhéim ar áitiúlacht atá á leagan ag an Tea Party.
i dtreo na heasláinte tubaistigh towards chronic ill health
" Aithníonn sí a sleamhnú i dtreo na heasláinte tubaistigh, bris a chuirfidh an saol tóin-in-airde orthu beirt.
acmhainní móra a chur i dtreo na ‘faidhbe’ sin direct large resources at that problem
" Bheadh ar na Meiriceánaigh acmhainní móra a chur i dtreo na ‘faidhbe’ sin.
i dtreo towards
" ” Cothú an Mhisnigh ========= Agus an t-alt macánta seo á dhíleá, is furaist claonadh Mhic Amhlaigh i dtreo an tsóisialachais agus an chumannachais a thuiscint.
i dtreo an stócaigh towards the youth
" Nuair a phléasc leis an bhuachalla a bhí amach romham agus nuair a hiompaíodh den talamh é ag screadaíl ar nós muice, sheas mé in aice leis mar nach dtiocfadh liom a iompar, thiontaigh thart ag caoineadh i dtreo an stócaigh a bhí dár lámhach.
soir i dtreo east towards
" Tháinig an cóiste ar deireadh le mé a thabhairt ar ais chuig an stáisiún mór gaisciúil, agus ní fada go raibh mé ar an Thalys, siúl 250 ciliméadar san uair faoin traein chéanna soir i dtreo Bonn na Gearmáine arís.
tá sé dár dtabhairt i dtreo nua it’s bringing us a new direction
" Is gléas seachráin é an t-idirlíon thar aon ní agus tá sé dár dtabhairt i dtreo nua: tá sé ag athmhúnlú ár n-aigní.
i dtreo na scamall towards clouds
" daoine a fhéachann i dtreo na scamall de réir dealraimh).
a sheoladh i dtreo na hoscailteachta to make more open
" Nuair a cuireadh leasuithe “Vatacáin a dó” i bhfeidhm, bhí eite liobrálach san Eaglais a bhí ag iarraidh í a nua-aoisiú agus a sheoladh i dtreo na hoscailteachta.
i dtreo towards
" Higgins, chuaigh mé i dtreo Pháirtí an Lucht Oibre.
agus í ag bogadh i dtreo na poblachta while it moved towards becoming a republic
" Bhí údar teannais eile idir na tíortha le linn thréimhse Kiernan abhus mar go raibh Éire ag cuimhneamh ar dheireadh a chur lena ballraíocht sa Chomhlathas agus í ag bogadh i dtreo na poblachta.
daoine a threorú i dtreo to guide people towards
" Ar ámharaí an tsaoil, b'iomaí uair a bhí mé ar an tsliabh seo agus bhí mé ábalta daoine a threorú i dtreo altán ar shleasa an chnoic a bhí níos fusa agus níos sábháilte le teacht anuas uaidh.
théann siad i dtreo na coiriúlachta they move to crime
" Agus tá sé fíor, ní féidir leat dul ar stailc nuair nach bhfuil post ar bith agat, ach tá sé fíor fosta go gcosnaíonn sé a lán airgid ceithre mhilliún duine a choinneáil dífhostaithe go fadtéarmach, gan trácht ar chostas na mílte a choinneáil faoi ghlas nuair a théann siad i dtreo na coiriúlachta le hairgead a fháil.
gur féidir le haon duine casadh i dtreo eile that anyone can turn another way
" Thuig siadsan gur féidir le haon duine casadh i dtreo eile agus ionsaí dá leithéid a dhéanamh, ní gá gur duine de chuid an Al Qaeda a bheas iontu.
i dtreo an chairr towards the car
" Nuair a sheas mé ag oifigí Škoda, bhuail mé leis an mbainisteoir margaíochta agus thug sé amach mé i dtreo an chairr.
i dtreo towards
" Tá ardghradam ag an mBéarla sa domhan idirnáisiúnta agus má bhíonn Gearmánaigh óga ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa saol, is i dtreo an Bhéarla a rachaidh siad (abairt a chuireann roinnt Éireannach ag dioscán fiacla is dócha).
i dtreo an phoill sin thíos toward that hole below
" Ag teacht amach arís is féidir an abhainn a leanúint ó bhéal na huaimhe trí chlais na Cladaí, siúlóid dheas ann féin, ach bhí mo shúile loscánta casta i dtreo an phoill sin thíos.
i dtreo an tslua toward the crowd
" Fínéagar ==== Shéid an ghaoth an deorghás i dtreo an tslua, isteach in aghaidh na ndaoine ar theastaigh uathu léirsiú go síochánta chomh maith le haghaidh na lucht na troda ar theastaigh uathu bac bóthair na bpóilíní a shárú.
ag sleamhnú síos i dtreo Stasi slipping towards
" Déanann siad monatóireacht ar dhaoine ar fud an domhain, agus fiú sna Stáit Aontaithe féin, agus dá réir sin cás imní is ea iad dóibh siúd a chreideann go bhfuil seirbhísí rúnda na Stát Aontaithe ag sleamhnú síos i dtreo Stasi na Gearmáine Thoir tráth.
i dtreo toradh amháin seachas towards one result rather than
" Tá meáin chumarsáide ann a bhfuil claonadh iontub i dtreo toradh amháin seachas toradh eile agus má dhíríonn siad isteach ar an mionlach ar an taobh eile - gan aon aird a thabhairt ar na ceisteanna nach bhfuil freagraithe ag na polaiteoirí - tá éagóir níos measa ansin.
ag gabháil i dtreo na tuairime coming around to the opinion
" Táim féin ag gabháil i dtreo na tuairime gur chóir bliain a chaitheamh ag obair roimh fhreastal ar an ollscoil, ach níl ionamsa ach an colúnaí teicneolaíochta! Ach má éiríonn leat agus má shocraíonn tú ar freastal ar an tríú léibhéal, ná bac leis an gcarr nua a thairg do thuismitheoirí duit do thorthaí maithe: iarr liúntas teicneolaíochta uathu agus ceannaigh na giuirléidí seo a leanas.