Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i lár na tiúine in the middle of the tune
" Is cuimhin liom an seisiún a fheiceáil ar an teilifís tamall ina dhiaidh sin agus shíl mé go mba iontach an bodhránaí mé agus mé in ann mo gheansaí bán Árann a bhaint díom i lár na tiúine agus gan buille amháin rithime a chailliúint! Mhair an chuimhne sin i bhfad i mo chloigeann.
i lár an aonaigh where everyone will notice them
" Cinnte is féidir a rá go bhfuil Seachtain na Gaeilge ag briseadh thar teorainn amach leis an gceolchoirm seo, ag cur bannaí ceoil na Gaeilge i lár an aonaigh! Beidh an banna iontach *reggae* Gaeilge, Bréag as Béal Feirste, ag seinm agus ina ndiaidh beidh *Cajun* agus *Tex-Mex* againn ón Máimín Cajun Band.
i lár an chosáin in the way
" "Níl siad ach i lár an chosáin.
seo Mark isteach i lár an tí Mark landed, arrived in the house
" "Bí i do thost," arsa Ruth agus bhris gáire uirthi, agus bhí siad mar sin nó seo Mark isteach i lár an tí.
i lár a staraíochta doilsí in the middle of his sorrowful story-telling
" 'Stop! Stop!' a scairt na moltóirí agus an t-amhránaí i lár a staraíochta doilsí.
i lár an phráta leathbhruite the half-boiled potato
" Níor tharla mórán ach gur gealladh an ghrian agus an ghealach don phobal dá gcuirfidís an rialtas céanna ar ais i gcumhacht, agus nach bhfuair muid ach an ghealach - an ceann a bhíonn istigh i lár an phráta leathbhruite atá i gceist agam! Tá gach aon rud ar ais mar a bhí, le cúpla hathrú: is leis na *Stickies *Lucht Oibre anois - is fíor-Pháirtí na nOibrithe anois iad.
i lár an phráta leathbhruite the half-boiled potato
" Níor tharla mórán ach gur gealladh an ghrian agus an ghealach don phobal dá gcuirfidís an rialtas céanna ar ais i gcumhacht, agus nach bhfuair muid ach an ghealach - an ceann a bhíonn istigh i lár an phráta leathbhruite atá i gceist agam! Tá gach aon rud ar ais mar a bhí, le cúpla hathrú: is leis na *Stickies *Lucht Oibre anois - is fíor-Pháirtí na nOibrithe anois iad.
i lár cogaíochta in the middle of warfare
" Cultúir bhriste ======= Agus tú ag caint le Gearóid, is léir go bhfuil gortú ann, an gortú a bhaineann leis na glúnta a chaith bunús a saoil i lár cogaíochta anseo in Éirinn, nó in áiteanna eile sa domhan a bhfuil cultúir bhriste iontu.
mo leathshúil i lár chlár m'éadain my one eye in the middle of my forehead
" Nuair a chonacthas mo leathshúil i lár chlár m'éadain cuireadh fáilte romham.
i lár na nóchaidí in the mid-1990s
" D'éirigh sé as a bheith ag imirt i lár na nóchaidí de bharr brú oibre, ach tá sé i gceist aige imirt d'fhoireann pheile an FDNY gan mhoill.
i lár na nóchaidí in the mid-Nineties
" Bhí an-bhorradh faoi chúrsaí Gaeilge sa Bhruiséil nuair a bhí Gearóid Ó Cléirigh, file, mar Ambasadóir na hÉireann sa Bheilg i lár na nóchaidí.
i lár an aonaigh in the middle of everything
" Thabharfadh sé an-dóchas do dhaoine as todhchaí na Gaeilge an teanga a bheith i lár an aonaigh, i gcuideachta na Laitvéise, na Máltáise, agus an fiche teanga eile a bheas aitheanta go hoifigiúil.
i lár an tsráidbhaile in the middle of the village
" " Ag am lóin théimis go dtí an caife beag breá atá mar chuid den mhúsaem i lár an tsráidbhaile.
i lár an ghoirt at the cutting edge
" "I gcomparáid le ranna eile Gaeilge, go deimhin i gcomparáid le ranna eile anseo, tá scoláirí den scoth againn, a bhfuil míle leabhar curtha ar fáil acu, atá i lár an ghoirt maidir leis an nGaeilge féin.
i lár caoráin rúnda in the middle of a secret bog
" Síos go dtí lios ar leith i lár caoráin rúnda taobh amuigh de Thulach Mhór a chuir sé laoch na nuachtóireachta le cur síos a dhéanamh ar na Cluichí Cainte a tionóladh ansin ar na mallaibh.
i lár na dtríochaidí in their mid-thirties
" Ba chóir go mbeadh an t-imeoir maith, chomh maith leis an ghnáthimreoir, in ann leanúint ar aghaidh ag imirt go dtí go bhfuil siad i lár na dtríochaidí agus b'fhéidir níos faide.
i lár chlár d'éadain in the middle of your forehead
" I measc na gcomhlachtaí eile ar fiú súil a choinneáil orthu, fiú mura bhfuil agat ach an t-aon súil nimhe amháin i lár chlár d'éadain, tá (www.
i lár an mhargaidh in the middle of things
" Tá an t-ionad ar chúinne príomhshráide, é i lár an mhargaidh agus an Fhraincis ar fáil ann go flúirseach! D'fhéadfaí a leithéid d'ionad a chur ar bun i lár na cathrach don Ghaeilge ach céim mhór mhisniúil amháin a thógáil - cur ina luí ar Ghael Linn, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Glór na nGael coiste idirbhainistíochta a bhunú.
i lár an mhargaidh at the centre of things
" Aithníonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh an Ghaeilge i lár an mhargaidh maidir le cúrsaí idirlín agus, dá bhrí sin, tá an suíomh Gaelport.
i lár an aonaigh at the heart of things
" Bhí sé dubhthinn ag cíoradh bhuntáistí agus mhíbhuntáistí áite amháin thar an áit eile, cé acu a bheadh an teach ósta i lár an aonaigh, agus dá mbeadh cé acu a bheadh sé róchallánach.
i lár an mhargaidh at the centre of things
" Aithníonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh an Ghaeilge i lár an mhargaidh maidir le cúrsaí idirlín agus, dá bhrí sin, tá an suíomh Gaelport.
i lár an aonaigh at centre stage
" Bhí Aindí ar daoraí léi nó, cé gur breithlá Shusaidh a bhí ann, bhí Kate i lár an aonaigh mar ba ghnách.
i lár an scáileáin in the middle of the screen
" Bhrúigh mé an cnaipe agus laghdaigh an pictiúr go dtí spota beag bídeach bán i lár an scáileáin.
i lár báire in the middle
i lár an aonaigh in the thick of things
" Táimid lonnaithe i lár na cathrach, i lár an aonaigh.
i lár an aonaigh in the thick of things
" I gcroílár na contúirte ======= Tá an clú ar Fisk go gcuireann sé tuairiscí níos fearr ar fáil mar go mbíonn sé féin i lár an aonaigh ag na láithreáin uafáis, i gcroílár na contúirte.
i lár an aonaigh in the thick of things
" Táimid lonnaithe i lár na cathrach, i lár an aonaigh.
ag breith ar an liathróid i lár scata imreoirí eile catching the ball in the middle of a crowd of other players
" Is cinnte go mairfidh a chuimhne agus a cháil go ceann i bhfad i measc na ndaoine a chonaic é ag léim go hard san aer agus ag breith ar an liathróid i lár scata imreoirí eile.
i lár na n-ochtóidí in the mid-Eighties
" Léiríonn an suirbhé go raibh caighdeán sásúil i labhairt na Gaeilge ag dhá thrian de dhaltaí bunscoile na hÉireann i lár na n-ochtóidí.
i lár an aonaigh in the thick of things
" Ní minic a bhíonn an Ghaeilge chun cinn ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta de ach bhí sí i lár an aonaigh le déanaí ag Oíche Ghradam Bhlaganna na hÉireann, ceann de na hócáidí teicneolaíochta is suimiúla a tharla le tamall anuas.
i lár an aonaigh in the thick of things
" Ní minic a bhíonn an Ghaeilge chun cinn ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta de ach bhí sí i lár an aonaigh le déanaí ag Oíche Ghradam Bhlaganna na hÉireann, ceann de na hócáidí teicneolaíochta is suimiúla a tharla le tamall anuas.
i lár na nóchaidí in the mid-Nineties
" Ní mar sin a bhí sé i gcónaí i gcás an fhir thréithigh seo as Brí Chualainn – i ndiaidh dó an scoil a fhágáil i lár na nóchaidí agus cúrsa iar-Ardteistiméireachta déanta aige, bhí sé ag súil go mbeadh sé ábalta leanúint lena chuid staidéir i gceann de na coláistí ealaíne sa phríomhchathair.
a gcuid saothar a chur i lár an aonaigh. to present their works to a wide audience.
" Is mór an deis a thabharfaidh IMRAM d'fhoilsitheoirí agus d'údair na Gaeilge a gcuid saothar a chur i lár an aonaigh.
i lár an aonaigh in the thick of things
" Bhí Marky Beag Ó Durcáin agus Séimí Mór Ó Mealláin ón SDLP (Still Doing Less Party) cuachta isteach i gcoirnéal ag dul fríd charn mór d’eolaithe fóin agus iad ag iarraidh teacht ar dhuine inteacht leis an locht a chur air nó uirthi nach raibh siad i lár an aonaigh ní ba mhó.
i lár nóinín, in the middle of a daisy,
" Ba é an t-ealaíontóir ríomhghrafaice Robert Dixon a rinne an gearán seo leis, ag rá go bhfuil an saothar a rinne Hirst go huile is go hiomlán tógtha ón phíosa líníochta dubh agus bán, *True Daisy,* a rinne seisean agus a d’fhoilsigh Penguin i leabhar i 1991 Tháinig an píosa conspóideach líníochta seo ó staidéar a rinne Dixon ar an phatrún comhlárnach casta atá le feiceáil i lár nóinín, patrún atá difriúil le haon phatrún eile cosúil leis a bheadh coitianta san ealaín nó san ailtireacht.
i lár géarchéime in the middle of a crisis
" ” Go rómhinic, dúirt an tOirmhinneach go raibh na Sé Chontae i lár géarchéime agus ghlac daoine leis gurbh éigean dóibh Caitlicigh a mharú le theacht slán as an “ghéarchéim”.
i lár crann pailme in the middle of palm trees
" Lár na hAstráile Tá sé dochreidte chomh mór, tirim agus dearg is atá lár na hAstráile! Bíonn na réaltaí an-gheal istoíche, tá an t-aer glan agus tá an-chuid cangarúnna, nathracha nimhe agus damhán alla gránna ann ar féidir leo dochar ceart a dhéanamh duit! Ach chaith mé cúpla uair an chloig ar eitleán go Cairns agus bhí mé i lár crann pailme agus an t-aer meirbh agus trom.
agus síol an daonlathais a chur i lár gharraí an Mheánoirthir. and to sow the seed of democracy in the middle of the Middle Eastern garden.
" Ba é plean an Rúnaí Cosanta seilbh a ghlacadh ar an Iaráic go tapaidh, an tír a chur ar ais ar a bonnaí le hairgead ola, agus síol an daonlathais a chur i lár gharraí an Mheánoirthir.
i lár an tsrutha in the middle of the stream
" Uaireanta eile, is i lár an tsrutha atáim.
i lár a gcuid traenála in the middle of their training
" Maidir leis an gcluiche féin, bhí sé sách maith don ócáid, ag cur san áireamh gurbh é an chéad chluiche “ceart” den bhliain úr ag na foirne a bhí i lár a gcuid traenála le haghaidh cluichí móra an tsamhraidh.
i lár Mhanchain. in the middle of Manchester.
" Chaith mé seal ar an Aghaidh Thuaidh le gairid, ach ní sna hAlpa a bhí mé ach i lár Mhanchain.
agus go mba chalafort trádála é i lár cuain and that it was a trading port in the middle of a harbour
" Is minic a dhéanann turasóirí dearmad gur oileán atá i Manhattan, croílár Nua-Eabhrac, agus go mba chalafort trádála é i lár cuain i bhfad sular tógadh na droichid agus tolláin a lig don chathair leathnú amach thar uisce go dtí an mhórthír (agus, go deimhin, go dtí oileáin eile sa chuan, mar a tharla le Staten Island).
ar thailte na nIndiach i lár an 19ú haois on Indian lands in the mid-19th century
" ) Is ar thailte na nIndiach i lár an 19ú haois atá an scannán suite agus ba spéisiúil fáil amach cá bhfuair lucht an scannáin an focal.
i lár an Oileáin Thuaidh in the middle of the North Island
" Tá an baile i lár an Oileáin Thuaidh agus ciallaíonn an logainm "dhá loch".
ach bhíos i lár baill ag canadh leo, but I was in the middle of it singing with them,
" Shílfeá go seasfainnse ar leataobh ag breathnú ar an radharc seo go searbhasach – ach bhíos i lár baill ag canadh leo, gan de cheangal agam féin leis an ollscoil ach gur chaith mé seimeastar ag teagasc inti! Éirí na n-íochtaránThosaigh an séasúr i mbliana le dhá dhroch-thuairt d'ollscoileanna móra.
i lár na tíre the midlands
" An rud nár thuigeas ná gurbh as áit éigin i lár na tíre don bhráthair céanna agus gurbh as cúlra CLG dó féin.
má fhágann muid é i lár baill? if we leave it right in the middle?
" Is píosa mór ceoil é, ach conas a thiocfaidh na píosaí úra tríd má fhágann muid é i lár baill? Chomh maith leis sin, bíonn sos de dhíth ar phíosaí ceoil freisin! Bhí na smaointe úd i m’intinn agus mé ag tiomáint ar ais ón bhféile i gCill Chaoi go déanach istoíche.
i lár an aonaigh in the thick of things, in the centre of things
" Bhraith mé, ón leabhar, gur bhain sé taitneamh as dlúthchaidrimh a chothú le muintir Bhéal Feirste, agus gur thaitin sé leis go mbíodh sé i lár an aonaigh in amanna.
i leith mhuintir an Iarthair Láir towards the people of the Mid-West
" Mar a pléadh in eagarfhocal *Beo!* an mhí seo caite, tá fuarchúis an Rialtais i leith mhuintir an Iarthair Láir ina ceist mhór i measc thoghthóirí an cheantair sin.
i lár an raoin! in the way
" Samhlaigh é – duine bocht ag rothaíocht go sona sásta agus go tobann, páirceálann tiománaí éigin a ghluaisteán i lár an raoin! Agus is iomaí rothaí nach leanann rialacha an bhóthair ach an oiread.
bíonn sé i lár báire he is in the middle
" Mar pholaiteoir, bíonn sé i lár báire agus, dá bharr sin, níltear ag súil le hathruithe radacacha.
i lár na gcaogaidí. in the mid-Fifties.
" Chuala mé den chéad uair é ag céilí ar an gCeathrú Rua i lár na gcaogaidí.
i lár an scáileáin in the middle of the screen
" Is éard atá i gceist leis sin ná go dtagann na téarmaí a lorgaíonn tú chun cinn i lár an scáileáin agus ansin tagann focail atá bainteach leo chun cinn timpeall na dtéarmaí sin.
i lár tráchta in the middle of traffic
" Mar sin, má fheiceann tú mé i lár tráchta agus mé ag screadáil liom os ard mar a bheadh amadán orm, cuir an locht ar Nina Simone.
Shíl siad go raibh lúb ar lár ionam i dtosach. They thought I was nuts at first
" Shíl siad go raibh lúb ar lár ionam i dtosach.
i lár na dtríochaidí in the mid-Thirties
" Rugadh Seán i lár na dtríochaidí in aice le Baile an Róba i gContae Mhaigh Eo.
i lár na tolglainne imeachta in the middle of the departures lounge
" Sheas mé i lár na tolglainne imeachta in aerfort Heathrow ag stánadh timpeall orm agus ag mothú go hiomlán caillte.
i lár an chanbháis in the middle of the canvas
" Maraíodh deartháir al-Hamdany faoi réimeas Saddam Hussein agus léiríonn sé an dealbh den deachtóir a leagadh chun talaimh i mBagdad i lár an chanbháis mar chomhartha go bhfuil deireadh tagtha leis an tseanré.
i lár na hoíche in the middle of the night
" Ní hamháin go bhfuil an teas níos airde ná 90 céim F (32 chéim C), fiú i lár na hoíche, tá sé tais an t-am ar fad.
I lár an chruinnithe in the middle of the meeting
" I lár an chruinnithe, tháinig scairt ó Brains Cowen.
i lár an aonaigh) at the centre of things
" Sraith easurramach ab ea í (bhí carachtair mar Bhrian na mBromanna i lár an aonaigh) agus bhí an-ráchairt uirthi.
i lár an aonaigh. in the thick of thing, at the centre of things
" Mar is gnáth ag ócáidí móra spóirt mar seo, bhí na polaiteoirí i lár an aonaigh.
i lár an aonaigh in the limelight
" "Má bhí mise i m'imreoir riamh, de thaisme a tharla sé," a áitíonn O'Clery, "má bhí mé i lár an aonaigh, tharla sé de thaisme.
i lár an aonaigh the centre of attention
" Agus bígí ag súil le Mícheál Martin d’fheiscint i lár an aonaigh ar chuile ardán raidió agus teilifíse idir an dá linn.
i lár an gheimhridh in the middle of winter
" An chéad uair eile, agus í amuigh i lár an gheimhridh gan ach muinchillí gearra á chaitheamh aici – ‘*I’ve forgotten how to be cold*’.
i lár an aonaigh in the middle of the action
" Tá ceist achrannach lucht iarrtha tearmainn agus dúnghaois inimirce an rialtais araon, i lár an aonaigh arís i gcúrsaí polaitíochta abhus, áfach, i ngeall ar thubaiste a tharla ar na mallaibh.
Mura mbí ach Aire agat, bí i lár an aonaigh leis! If u haven't a foot under u, put ur best foot forward!
" Seanfhocal nach sáraítear: Mura mbí ach Aire agat, bí i lár an aonaigh leis! Balor: Bhuel, a Thaoisigh, ní gá dom dul i muinín na nuachtán le fáil amach go bhfuil slad i ndiaidh a bheith déanta ar Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha, in ainneoin gur iarr tú ar mhuintir na hÉireann díriú ar cheisteanna beaga suaracha áitiúla agus dearmad a dhéanamh den tsáinn ina bhfuil an tír.
i lár an aonaigh centre field
" Is léir gur sochaí shaolta í an Astráil agus, dá bhrí sin, is fíorannamh a bhíonn cúrsaí creidimh i lár an aonaigh abhus.
i lár an aonaigh central
" Ach tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an cumas comhrá i lár an aonaigh sna scoileanna sin.
i lár an aonaigh the centre of attraction
" Measaim féin, cheal aon taighde ar an ábhar, gur meascán de Chumann na bhFiann, coláistí eile agus de dhream na gaelscolaíocht iad, dream iad a dtugann pocán gabhair na Gaeilge i lár an aonaigh, teilifís na Tulaí, misneach agus uchtach dóibh agus go bhfuil siad sásta thar mar a bhí riamh gabháil i lár aonaigh iad féin agus an teanga mar chuid ghníomach dá bpearsa.
i lár an tslua in the midst of the crowd
" com ó d’oibrigh mé féin go dian ar an suíomh sin le blianta agus tuigim an obair chrua a chuireann foireann Chomhdáil Náisiúnta na Gaeilge ann chuile lá: treaslaím leo! Is mór agam gur bhuaigh Arseblog mar ní raibh a fhios conas a bhféadfadh mé féin is mo chomhláithreoir an t-ardán a aimsiú agus an péire againn sáite isteach i lár an tslua agus gan mórán spáis idir na cathaoireacha.
i lár baill smack in the middle
" Táimid i lár baill na *‘Culture Wars’* faoi láthair anseo i Meiriceá.
Pocán Gabhair i Lár an Aonaigh the best foot forward
" Pocán Gabhair i Lár an Aonaigh =============== Tar éis dúinn teip go tubaisteach sa dá olltoghchán deireanach, dúirt na tráchtairí polaitiúla nár éirigh linn 'ár dteachtaireacht a dhíol.
i lár an gheimhridh in the middle of winter
" Ní luaitear na samhraí a chaith sí i gCloch Cheann Fhaolaidh ag foghlaim na Gaeilge, ná na laindéir dhraíochta a thaispeáin sí do pháistí scoile i mBéal Átha an Ghaorthaidh, ná na camchuairteanna a thug sí timpeall na tíre, i lár an gheimhridh, chun saol na ndaoine a lasadh lena laindéir dhraíochta agus chun airgead a bhailiú do Chonradh na Gaeilge.
i lár a léargais centre stage
" Fear amháin acu, tá an geilleagar á chíoradh aige, ach tá an Ghaeilge i lár a léargais.
mo chroí istigh i lár mo chléibh the heart in my bosom
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
i lár an chlaochló seo in the midst of this change
" ”* De réir an ailt sin, tá rud éigin briste sna meáin chlóite agus in ainneon tábhacht, gá agus lárnachas na meán céanna, níl aon fhreagra le fáil againn i lár an chlaochló seo, ar an gceist “Céard tá i ndán do na meáin?” Scríobhann sé san alt seo faoin leabhar le Elizabeth Eisenstein faoin tréimhse réabhlóideach nuair a cruthaíodh na meáin chló agus faoin am a mbíodh siad forleathan san Eoraip.
I lár báire in the middle
i Lár an Aonaigh centre stage
" Go Feiceálach, i Lár an Aonaigh ================== **SMM: An bhfeiceann tú tábhacht le feiceálacht na Gaeilge i saol na Galltachta, nó iar-Ghaeltacht más fearr leat?** BNC: Ceapaim go bhfuil an rud feiceálach, - go mbíonn tionchar an-mhór aige ar an duine, ar an nGaeilgeoir agus ar an té nach labhraíonn í.
i lár a héadain in the middle of her forehead
" Tá cuma mhaorga bheannaithe uirthi agus, i lár a héadain, tá mionphortráid dá fear céile, Diego.
i lár an aonaigh centre stage
" Imirt an Dráimh ag an Mámh =============== Go tobann bhí an fothaispeántas i lár an aonaigh, le Trump ag spalpadh a scéil ar gach clár teilifíse a ghlacfadh leis.
i lár abairtí midsentence
" Ba ghnách linn códmheascú a dhéanamh i lár abairtí agus shíl muid go raibh sé iontach greannmhar ar fad! Ag an aois óg sin, bhí a fhios againn go raibh rudaí éagsúla ar siúl.
i lár an mhargaidh front stage, to the fore
" Cathain a smaoinigh tú dul amach ar an mbóthar leis an gclár raidió seo an chéad lá? **Cliodhna Ní Anluain** Shíl mé go mbeadh sé oiriúnach, b’fhéidir, clár beo a dhéanamh ach theastaigh uaim é a dhéanamh i gcomhthéacs ina n-aithneodh daoine an clár agus nach rachaimid amach linn féin ach go rachaimid amach i lár an mhargaidh i bhféile éigin agus shíl mé go mbeadh Lios Tuathail feiliúnach dó sin, mar tugann Lios Tuathail aird ar údair nua agus ar mhórúdair agus ar ábhar.
luíonn i lár baill dá chuid a central element of his
" Cuireann an faobhar speisialta sin a luíonn i lár baill dá chuid siamsaíochta Corkery i gcuimhne go minic, ach go háirithe an cur síos gonta cáiliúil sin aige ar Chathair Chorcaí nuair a bhaist sé ‘inneall cealgach’ uirthi.
i lár an aonaigh center stage
" Bhí na liarlóga agus na comhairleoirí meáin chumarsáide i lár an aonaigh.
i lár an lae ghil in broad daylight
" Scaoileadh le gach duine de na híospairtigh san aghaidh i lár an lae ghil agus na gunnadóirí gan ach cúpla slat uathu.
i lár an aonaigh the centre of attention
" Tá an cheist chéanna i lár an aonaigh i gcúrsaí polaitíochta abhus go rialta ó shin i leith, agus í ina hábhar achrainn idir na páirtithe móra.
i lár páirce at centre-field
" ” Imríonn Darach i lár páirce le *Rovers*.
coróin i lár báire a crown in the middle
" Bunaithe ar bhrat Shasana agus ar bhrat Chuige Uladh, tá coróin i lár báire agus réalt sé-thaobhach, ceann amháin do gach contae sna Sé Chontae ach le 40 bliain, is Oisíní i ndiaidh na Féinne iad lucht leanúna Thuaisceart Éireann agus iad ag smaoineamh siar go dtí laethanta órga *(ahem) Stormont*.
lóchrann i lár anfa a light in the midst of a storm
" I totter upon them everyday’* Tá an leabhar lán le mná láidre a thacaíonn le Donna agus a threoraíonn í chun a leasa, cosúil le lóchrann i lár anfa agus déanann an t-údar léiriú mothálach ar an dlúthpháirtíocht a bhíonn idir mná.
teach leanna i lár an bhaile a pub in the middle of town
" Níor thúisce mise ann ná go raibh an bháisteach throm chugainn, faraor, agus rinneas mo bhealach ar luas lasrach go dtí teach leanna i lár an bhaile chun cluiche iománaíochta a fheiceáil ar an teilifís.
i lár an aonaigh centre stage
" Luaitear aon taispeántas amháin le tosach na ré seo, ré ina bhfuil tóir as cuimse ar chineál damhsa a bhí faoi amhras i gcónaí sa tír seo féin: an léiriú don Chomórtas Eurofíse 1994, mar a raibh Jean Butler agus Michael Flatley i lár an aonaigh.
i lár na Teiscinne Ciúine in the middle of the Pacific
" Nuair a bhreathnaigh mé an charraig lom agus an scáineagán san áit a mbíodh an portach chuir sé ag smaoineamh mé ar scéal Oileán na Cásca, an áit bheag i lár na Teiscinne Ciúine a raibh pobal daoine ann a leag gach aon chrann dá raibh ar an oileán.
i lár na cathrach in the city centre
i lár an aonaigh ann in the midst of it all
" **SMM: Chonaic tú Fleadh na hÉireann sa Chabhán, do bhaile féin, agus an dream óg chomh fuinniúil i lár an aonaigh ann.
i lár mhí na Nollag in the middle of December
" D’fhógair an iris Forbes i lár mhí na Nollag gur éirigh le Whelton agus le triúr Éireannach eile liosta na mboc óg is cumasaí a bhaint amach don bhliain 2012; ina measc bhí Jonathon Cloonan, atá tar éis clú a bhaint amach i réimse na fógraíochta san Áis agus na deartháireacha Patrick and James Collison ó Luimneach atá tar éis cáil a bhaint amach i *Silicon Valley*.
i lár baill in the middle
" ‘Uncle Boonmee (who can recall his past lives)’ le Apichatpong ‘Joe’ Weerasethakul (An Téalainn 2010) New Wave Films NW023 ==================== Is breá liom an ‘Joe’ sin i lár baill thuas! Seo an té a thug cineama na Téalainne chuig nideog-phobal, .
ag siúl i lár na cathrach walking in the city centre
" Bhí mé ag siúl i lár na cathrach i mBéal Feirste cúpla Satharn ó shin, sa tsráid is mó siopaí sa chathair le linn do chorradh le 150 dílseoir siúl i lár an bhealaigh mhóir, ag ceol an amhráin Billy Boys ina bhfuil an líne: *"We're up to our necks in Fenian blood, Surrender or you'll die"* i seanard a gcinn.
i lár an bhealaigh mhóir in the middle of the roadway
" Bhí mé ag siúl i lár na cathrach i mBéal Feirste cúpla Satharn ó shin, sa tsráid is mó siopaí sa chathair le linn do chorradh le 150 dílseoir siúl i lár an bhealaigh mhóir, ag ceol an amhráin Billy Boys ina bhfuil an líne: *"We're up to our necks in Fenian blood, Surrender or you'll die"* i seanard a gcinn.
i lár na cathrach in the city centre
" Fuair sé post mar oifigeach custaim tar éis an RAF agus lean sé ar aghaidh ag seinm i Learpholl, go mór mór ag Club Chonradh na Gaeilge ar Wood Street, i lár na cathrach.