Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
I ndeireadh na dála when all is said and done
" Tháinig an smaoineamh seo chun cinn go deireanach i 1992 agus dóbair gur ghlac John Bruton leis, ach I ndeireadh na dála chuaigh an Lucht Oibre isteach le Fianna Fáil cibé.
i ndeireadh na preibe at the last gasp
" Ainneoin bholscaireacht a gcairde sna meáin tá an Páirtí Daonlathach i ndeireadh na preibe.
Tá mé i ndeireadh na péice I'm at the end of my tether
i ndeireadh na dála when all is said and done
" Tá a mórchuid bródúil as an teanga agus sásta í a labhairt má thugtar an spreagadh dóibh, ach i ndeireadh na dála is féidir leat a bheith cinnte go bhfaighidh tú fáilte is fiche anseo, is cuma cén teanga a labhraíonn tú.
i ndeireadh na dála in the end
" Ná déanaimis dearmad, áfach, ar an éiginnteacht a bhaineann le cúrsaí spóirt agus gur tharla sé cheana go raibh contae amháin chun cinn ar feadh tréimhse fada - Corcaigh '76-'78, cuir i gcás, agus dar ndóigh Ciarraí sa pheil idir '78 agus '86 - agus gur bualadh iad i ndeireadh na dála.
i ndeireadh na seascaidí at the end of the Sixties
" Tháinig sé chun cinn i dtús báire i ndeireadh na seascaidí mar dhuine de na feachtasóirí a d'eagraigh an mórshiúl cearta sibhialta i nDoire ar an 5 Deireadh Fómhair 1968.
faoi mar a tharla i ndeireadh na seachtóidí as happened at the end of the Seventies
" I ndáiríre, murach fhir an iarthair, ba dheacair gan a bheith rud beag éadóchasach faoi dhul chun cinn na hiomána ach, faoi mar a tharla i ndeireadh na seachtóidí, tá iománaithe na Gaillimhe tar éis dúshlán na “mbuachaillí móra” a thabhairt.
I ndeireadh na dála, at the end of the day
" I ndeireadh na dála, ámh, níl i gceist le Cácas Iowa ach toghchán a bheas ag feidhmiú mar shlat tomhais.
i ndeireadh na dála at the end of the day
" Bíonn damhsóirí idir naoi mbliana déag agus 90 bliain d'aois ag glacadh páirte iontu, idir fhir agus mhná, agus is leor a rá go raibh cinneadh níos fusa le déanamh ag Meryl Streep sa scannán sin *Sophie's Choice *ná mar a bhí le déanamh agamsa mar mholtóir!**Mealltach** Ach is é an buaiteoir is mó i ndeireadh na dála ná muidne.
go raibh sé cráite i ndeireadh a shaoil ag lucht na dtéipthaifeadán. that he was dogged at the end of his life by people with taperecorders
" Deirtear go raibh sé cráite i ndeireadh a shaoil ag lucht na dtéipthaifeadán.
i ndeireadh na dála at the end of the day
" Ach i ndeireadh na dála ní hiad sin na rudaí is tábhachtaí.
i ndeireadh na dála when all is said and done
" B’fhéidir i ndeireadh na dála, go mbeidh ceart is cóir le fáil ar shlí na mbréag do na truáin atá imithe romhainn ar shlí na fírinne.
i ndeireadh na dála when all is said and done
" É greannúr agus cliste, admhaím, ach i ndeireadh na dála, ní haon Woody Allen é Mendes, go fiú le tacaíocht Eggers agus Vida.
i ndeireadh na dála after all
" Agus ní hé go bhfuil lá aiféala orainn gur mar sin atá cúrsaí mar, i ndeireadh na dála, is fearr linn an tiomáint a fhágáil faoi dhuine éigin eile agus muid chomh cóngarach sin don chathair.
i ndeireadh na Dála at the end of the day
" Tabharfar deis dóibh iad féin a chruthú, tabharfar gach tacaíocht dóibh, ach i ndeireadh na Dála, is faoi na pobail féin a bheidh sé plean a chur le chéile agus a fheidhmiú má tá stádas Gaeltachta uathu.
i ndeireadh na dála eventually
" Bhí ceithre dhuine dhéag a'm mar fhaisnéiseoirí sna trí oileán ar fad i ndeireadh na dála.
i ndeireadh na dála eventually
" Measaim go ndéanann duine smaoineamh dó féin ann agus tharraingíos féin mo chuid tuairimí féin faoi i ndeireadh na dála agus b'shin é.
i ndeireadh na dála eventually
" Mar is gnách i gcásanna mar seo, tá an uile dhuine ag cur an loicht ar an uile dhuine eile, ach tá gach taobh aontaithe go bhfuil praiseach déanta ag NIW - bhuel, seachas Conor Murphy an tAire Forbartha Réigiúnach, a bhfuil freagracht air as cúrsaí uisce i ndeireadh na dála.
I ndeireadh na dála eventually
" Caithfidh nár thaitin fear oirthear Londan leis an mbreitheamh ar údar éigin! Is Binn Béal ===== I ndeireadh na dála, d’éirigh go maith leis na Sasanaigh sa chomórtas Corn Domhanda deireanach sin – fuaireadar áit níos fearr ná mar a bhí tuillte acu – nuair a chuirtear san áireamh na fadhbanna móra a bhí acu ar an bpáirc imeartha agus lasmuigh di.
i ndeireadh na mbeart when all is said and done
" Ach cén fáth gur i gcúinne beag, forimeallach den domhan a tharla forbairt na gcluichí atá chomh hiomráiteach inniu? Is cosúil go raibh tosca fisiceacha, nádúrtha i gceist ach, i ndeireadh na mbeart, gurb iad na tosca daonna - forbairt geilleagair, tionscail agus teicneolaíochta móide eagrú na sochaí agus na polaitíochta – ba thábhachtaí.
i ndeireadh na dála when all’s said and done
" Bheadh Éamó Ó Caoimhnis ar ais… Ach, a deir Balor leis féin… Ach fan bomaite, a deir sé… Nach bhfuil mantóg ar Éamó cheana féin, nuair nach bhfuil cead aige a ghob a oscailt faoi chúrsaí na hEorpa ná faoi chúrsaí airgeadais ná faoin reifreann mór seo? Nach gasta mar a d’fhoglaim Micky Martin a cheird ón Eaglais Chaitliceach? Ach i ndeireadh na dála, nach Caitlicigh mhaithe dhílse iad muintir Fhianna Fáil? Agus nach dílis atá Ó Caoimhnis don pháirtí agus don tír agus don chreideamh - cibé creideamh féin a bhfuil sé dílis dó.
i ndeireadh na dála after all
" Cur isteach ar lá iomlán ceiliúrtha ab ea comórtas seo na caide, ach níor chuir sé sin as dá ndíograis ar pháirc an chatha i ndeireadh na dála! Laghdú Foirne ===== Toisc gurbh é an babhta deiridh de chraobh na bliana seo níor éirigh leis an uile fhoireann an turas a dhéanamh go dtí an Cruinne.
I ndeireadh na n-aitheasc after the orations
" I ndeireadh na n-aitheasc, bíonn gach éinne, an té is díchreideamhaí ina measc fiú amháin, ina seasamh le chéile ag canadh is ag glaoch.
i ndeireadh na feide giving their last gasp
" Láimh leis an Bhás ======= Caithfear a thuiscint go raibh na marthanóirí brúite in aice leis na daoine a fuair bás, páistí ina measc - chuala siad iad ag scairteadh amach, chonaic siad dreach an uafáis ar a n-aghaidheanna, mhothaigh siad a gcoirp ag streachailt, bhí siad taobh leo nuair a bhí siad i ndeireadh na feide, ag druidim leis an éag, agus ansin nuair a d’fhill siad abaile chuala siad ó na meáin chumarsáide go raibh an locht orthu féin, d’ainneoin a gcrógacht ar an lá.
i ndeireadh na dála at the end of the day
" Ach sin ráite, is duine seanfhaiseanta i ndeireadh na dála mé.
I ndeireadh na dála eventually
" I ndeireadh na dála, áfach, theip ar chosaint na saineolaithe úd nuair a thuig an t-aos léinn an leathfhocal Coparnaiceach.
I ndeireadh na dála when all is said an donwn
" I ndeireadh na dála, tá feidhm ag na lipéid seo: le hiompar agus le seasamh polaitiúil daoine a shonrú.
I ndeireadh na dála finally
" I ndeireadh na dála, thug binse fiosraithe a bhí ag plé le gortaithe coiriúla £53,000 di mar chúiteamh agus mar fhaoiseamh.
i ndeireadh na mbeart after all
" Gheall siad “an pholaitaíocht nua” ach ní bhfuaireamar, i ndeireadh na mbeart, ach an chaimiléireacht chéanna.
i ndeireadh na dála when all’s said and done
" Ach i ndeireadh na dála, ní foláir a rá go síolraíonn cumhacht an dráma seo as cúngacht na bpearsantachtaí ilghnéitheacha sa tigh tábhairne.
i ndeireadh na dála in the end
" Chaill sé a shuíochán féin in ollthoghachán 2011, ach bhí dhá shuíochán ollscoile ar fáil dó i ndeireadh na dála.