Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iaróga quarrels
" Tá na drogallóirí i ndiaidh an chuairt bhlaintúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach agus táthar i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste ar na hiaróga leis na neasghaolta sa teach.
cuid de na hiaróga some of the complications
" Cuireann Mac Uistín síos ar na heachtraí ba thábhachtaí i saol an Phiarsaigh; pléann le cuid de na hiaróga a bhain leis; tugann léargas gonta ar imeachtaí staire agus ar a chuid scríbhneoireachta agus an cur síos ar fad déanta go réidh.
na hiaróga irritations
" Tá na drogallóirí i ndiaidh an chuairt bhlaintúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach agus tá gach aon duine i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste ar na hiaróga leis na neasghaolta sa teach.
i mbun iaróige argueing
" As ucht Dé, a thug sé le fios, tá an tír ag titim as a chéile agus tá sibhse i mbun iaróige? Fáth na Feirge Tá fearg ar an uachtarán.
iaróga arguments
" Cén fáth gur mar sin a bhíonn? Cén bunús atá leis an rud ar a dtugtar traidisiún agus cén tábhacht a bhaineann leis? An rud é atá ginte sa ghasúr, cuid dá DNA a bheith níos fearr ag an bpeil nó ag an iomáint ná mar a bheadh a mhacasamhail as contae eile? Ceisteanna iad seo nach féidir a fhreagairt ar bhonn eolaíoch, ach is ceisteanna iad a spreagann cur agus cúiteamh agus iaróga bríomhara ar oícheanta dorcha na dúluachra.
iaróg amaideach foolish argument
" Sin críoch le gach tráth na gceist agus le gach iaróg amaideach faoin bpáirt a ghlac Alfeed Hitchcock ina scannáin féin.
ag lorg iaróige looking for a disagreement
" Ní raibh mé ag lorg iaróige leis an stiúrthóir ag an chéad chruinniú, ach bhí orm rud éigin a rá chun mé féin agus an Ghaeilge a chosaint.
imeachtaí iaróige contentious events
" Inné agus Inniu ======= Ach ag breathnú siar ar stair na 26 Chontae, cé a dearfadh go raibh lucht eagair an Chúnaint contráilte fá Riail Dúchais agus Riail na Róimhe? Nach bhfuil an stát ó dheas ag caitheamh uathu le scor bliain anuas na laincisí a chuir Eaglais na Róimhe orthu leis na céadta bliain? Nach raibh an ceart ag Carson agus Craig sa mhéid sin? Sin an fáth go bhfuil na cuimhneacháin atá romhainn ó thuaidh chomh tábhachtach céanna ó dheas is a bheas siad ó thuaidh mar, tá súil agam, fáiscfidh díospóireachtaí astu a threoróidh muid i dtreo tuigse níos doimhne as an stair agus go mbeidh muid ag breathnú ar imeachtaí iaróige, mar a déarfadh TG4, le súil eile.
maidir le hiaróga dhúluachair na bliana regarding deep winter arguments
" Tá lucht an drogaill i ndiaidh an chuairt bhliantúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach, agus tá gach aon duine i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste leis na neasghaolta sa bhaile maidir le hiaróga dhúluachair na bliana.