Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
idé-eolaíocha idealogical
" Dala an té a chuir mé faoi agallamh ar an raidió an uair úd, is fear é Higgins atá an-tógtha leis na ceisteanna móra polaitiúla agus idé-eolaíocha agus braitheann tú gur beag fonn atá air labhairt faoina shaol féin.
deighilt idé-eolaíoch idealogical split
" Chuirfeadh an deighilt idé-eolaíoch seo idir an dá bhloc na ceisteanna ar mian leis an Lucht Oibre a bheith ag caint fúthu i gcroílár an fheachtais toghcháin, ceisteanna ar nós: "Cánacha níos ísle nó seirbhísí poiblí níos fearr?".
taispeántas ollmhór idé-eolaíoch massive ideological display
" Cé go gcuireann tiománaithe Éireannacha greamaitheoirí ar fhuinneoga a gcuid carranna nó ar a dtuairteoirí chun a ndílseacht dá gcontae nó don fhoireann pheile is ansa leo a léiriú, ní faic é seo i gcomparáid leis an taispeántas ollmhór idé-eolaíoch a bhíonn ar an ghnáthfheithicil i Meiriceá.
ar bhonn idé-eolaíoch on an ideological basis
" Is dócha go raibh mé i gcoinne ‘nóisean na gairme’ ar bhonn idé-eolaíoch mar gur bhain mé go láidir le polaitíocht na heite clé – creid é nó ná creid!”Is dócha, mar sin, go n-aontódh Myers le ráiteas cáiliúil Winston Churchill: “If a man is not a socialist by the time he is 20, he has no heart.
céim idé-eolaíoch ar leith a distinct ideological step
" Anglachánaigh Chorn na Breataine, Modhaigh na Breataine Bige, Preispitéirigh, agus Saor-Phreispitéirigh go háirithe, na hAlban, is céim idé-eolaíoch ar leith ar shiúl iad ó chreidimh Londain, Protastúnachas Anraí viii.
Creideamh Idé-Eolaíoch ideological believe
" Seo agaibh an paradacsa, más ea: chreid Bohr i gcreideamh nár chreid sé féin ann! Creideamh Idé-Eolaíoch ========== Baineann an fealsamh Slavoj Žižek earraíocht chliste as an scéal seo d’fhonn an tslí pharadacsúil ina bhfeidhmíonn idé-eolaíochtaí sa tsochaí chomhaimseartha a léiriú.
bainimis an brach idé-eolaíoch dár súile let’s open our eyes ideologically
" An Reitric nó an tAllagar? ============ Ná bíodh aon chorrabhuais orainn feasta agus bainimis an brach idé-eolaíoch dár súile d’fhonn an fhírinne shearbh atá folaithe faoi screamhóg mhullaigh na reitrice poiblí seo a nochtadh.