Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
idirchontae inter-county
" Tá an club an-tábhachtach ach an dtuigtear go bhfuil an club i mbaol? Sin ceist gur gá aghaidh a thabhairt uirthi i gcomhthéacs na béime a chuirtear ar fhoirne contae agus i gcomhthéacs na cainte faoi ghairmiúlacht agus airgead a íoc le himreoirí idirchontae.
idirchontae inter-county
" Is í mí Eanáir am saoire na n-imreoirí idirchontae.
imreoirí sinsearacha idirchontae senior inter-county players
" Dar ndóigh is aithris ghlan iad réalta peile agus iomána na scoile ar na Gradaim Réaltaí Peile agus Iomána a bhronntar gach bliain ar imreoirí sinsearacha idirchontae Chumann Lúthchleas Gael (GLG).
imreoirí idirchontae inter-county players
" Is tré iarrachtaí na n-imreoirí idirchontae a chuirtear na cluichí sin i láthair an domhain mhóir agus tá aitheantas tuillte acu faoi mar a thuilleann ealaíontóirí agus lucht spóirt ghairmiúil, is é sin aitheantas i bhfoirm faoisimh nó liúntais cánach.
idirchontae inter-county
" Na héilimh atá i gceist ná: ======= Go nglacfaidh CLG le scéim deontais an Rialtais d’imreoirí idirchontae agus go gcuirfidh CLG brú ar an Rialtas an scéim a chur i bhfeidhm láithreach.
an sraithchomórtas idirchontae the inter-county league
" Ba ghá an sraithchomórtas idirchontae a ghiorrú agus an craobhchomórtas a fháisceadh isteach i dtréimhse níos giorra chun go mbeadh deis níos fearr ag na clubanna a gcuid comórtas a rith.
foirne idirchontae intercounty teams
" Cé go n-úsáideann foirne idirchontae saineolaithe éagsúla chun cabhrú leis an ullmhúchán, is ar bhonn páirtaimseartha a tharlaíonn sé sin.
cluiche peile idirchontae an inter-county game
" Is é an t-iontas, ar bhealach, ná gur thosaigh an tsraith seo de chluichí agus Páirc an Chrócaigh lán go doras le cluiche peile idirchontae sa tSraith Náisiúnta Peile idir Baile Átha Cliath agus Tír Eoghain.
cluichí idirchontae inter-county games
" Feictear é ag cluichí scoile, ag cluichí club, ag cluichí idirchontae agus i ngach áit.
foireann idirchontae inter-county team
" Níl foireann idirchontae ar bith de chuid Chumann Lúthchleas Gael (CLG) – nó ceann rugbaí nó sacair – nach bhfuil síceolaí aici mar chuid dá foireann tacaíochta**.
idirchontae intercounty
" Ní nach ionadh, baineann formhór an scéil le tréimhse rathúil Uí Sheanacháin mar iománaí sinsearach idirchontae agus b’fhada an t-achar a chaith sé sa ról sin.
tá cuma níos cothroime ar na foirne iomána idirchontae the inter-county hurling teams look a lot more equal
" B’iontach an speach a thug taispeántais Luimnigh i gcoinne Thiobraid Árann, Uíbh Fháillí agus Átha Cliath i gcoinne Chill Chainnigh agus Laoise i gcoinne na Gaillimhe don chomórtas craoibhe agus don iománaíocht féin agus i ngeall orthu sin tá cuma níos cothroime ar na foirne iomána idirchontae thar mar a bhí le roinnt blianta anuas.
réidh le cluichí idirchontae finished with inter-county games
" Is é an fáth leis sin go dtugtar tús áite d’fhoirne sinsearacha an chontae agus go dtí go mbíonn na foirne sin réidh le cluichí idirchontae bíonn na foirne club gan chluichí cearta comórtais i gcaitheamh an ama.
bheith leo d’aon chuid den bhiaiste idirchontae being with them for any of the inter-county season
" ’ Tá an chuma ar an scéal nach mbeadh trácht ar Gooch a bheith leo d’aon chuid den bhiaiste idirchontae gan trácht ar Chraobhchomórtais Chlubanna na Mumhan.
d’imreoirí idirchontae of inter-county players
" B’fhéidir go bhfuil an ceart aige agus tá go leor daoine eile á rá, agus drogall orthu roimhe, gur céim eile í seo i dtreo na híocaíochta d’imreoirí idirchontae CLG.
idirchontae inter-county
" Measann Colm Mac Séalaigh go bhfuil sé in am ag údaráis an Chumainn Lúthchleas Gael dul i ngleic le fadhb an mhí-iompair i measc na n-imreoirí idirchontae.